Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
achainíocha appeals
" Ansin tagann an bhliain úr agus tosaíonn an rabharta litreacha ag teacht trí dhoras na pluaise: achainíocha ó mhaithe agus ó mhóruaisle na tíre, ag impí orm leanacht leis an dea-obair, ag maíomh gur mise amháin as measc scríbhneoirí na tíre a thugann misneach don phobal - agus géillim arís.
Tugadh neamhaird ar achainíocha na n-íospartach the victims' pleadings were ignored
" Tugadh neamhaird ar achainíocha na n-íospartach agus caitheadh go suarach leo.
achainíocha appeals
" Níor thug rialtas Singapore aon aird ar na hachainíocha sin.
achainíocha requests or pleas
" Léirigh an ministir Preispitéireach, John Dunmore Lang, an cineál meoin a bhí ag cuid de na coilínigh áitiúla nuair a scríobh sé chuig Rúnaí na gCoilíneachtaí i Londain ag impí air “virtuous and industrious Protestants” a chur amach ar inimirce seachas mná Caitliceacha Éireannacha, ar eagla go ndéanfaí an choilíneacht “Tipperarified”! Mar gheall ar na hailt sna nuachtáin, ar na gearráin a rinne mionlach beag de na fostóirí agus ar na litreacha agus achainíocha a scríobh daoine ar nós Lang chuig na húdaráis sa Bhreatain, cuireadh deireadh leis an scéim inimirce sa bhliain 1850.
achainíocha requests
" Tá an tionscal mianadóireachta ar cheann de na fostóirí is mó sa tír agus fuair na feisirí parlaiminte achainíocha go leor ó na daoine ina dtoghcheantair ag impí orthu diúltú don cháin, nó í a ísliú go mór ar a laghad.
achainíocha petitions
" Ó Ross Dumhach go Teamhair na Rí, tá an obair chéanna le feiceáil – ar dtús, seasann an pobal go láidir le cúis timpeallachta nó b’fheidir le caomhnú ionad staire, ag léiriú tacaíochta trí litreacha chuig na meáin, nó trí ainmneacha a fháil ar achainíocha, nó i léirsithe fiú amháin.
ag cur achainíocha le chéile formulating petitions
" “Ach tá meitheal ollúna amuigh ansin ag cur achainíocha le chéile, agus ag cothú mírúin agus míshástachta i measc mhuintir na Gaeilge faoi rudaí nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leo.