Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
smúite dust
" Chuaigh mé síos chuig mo bhricfeasta agus léigh mé an páipéar, ag amharc os a chionn anois agus arís ar bhean an tí a bhí ag tógáil smúite den urlár.
smúite dust
" Dúirt sí seo sa ráiteas a thug sí don fhiosrúchán oifigiúil, The Fennell Inquiry, ach shéan an rialtas go raibh an locht ar an tseirbhís phríobháideach glantóireachta, cé gur thosaigh an tine i measc smúite, snáithíní agus salachair a bhí meascaithe le gréisc faoin straighre beo.
smid smúite a piece of dust/smoke
" Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann: Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.