Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in éagmais without
" Bhuaigh Loch Garman Craobh na hÉireann i 1996 le foireann a bhí sách sean agus i ndeireadh a saoil nádúrtha agus ó shin i leith tá siad ag iarraidh foireann nua a chur le chéile, rud nach bhfuil éasca in éagmais foirne maithe faoi aois.
éagmais lack, absence
" Is ansin amháin a bhíonn seans acu an costas a sheasamh ar rud nach dtig leo seinm ina éagmais - an pionta.
in éagmais in the absence of
" Chaill an Clár i gcoinne Chorcaí agus i gcoinne na Gaillimhe in éagmais Sheáinín agus Chóilín Uí Loingsigh a cuireadh den pháirc freisin.
in éagmais tacaíocht cheart ón stát in the absence of proper state funding
" Tá an tIontaobhas ag iarraidh deontóirí eile a aimsiú chun a chinntiú go dtig leo borradh a choinneáil faoin Ghaelscolaíocht ó thuaidh, fiú in éagmais tacaíocht cheart ón stát.
in éagmais in the absence of
" Ach in éagmais freasúra láidir, ní bheidh stró ar bith ar an rialtas fanacht in oifig.
in éagmais Saddam with Saddam gone
" Ba leor an neamhaird a thug an tUasal Saddam ar chigirí airm na Náisiún Aontaithe a úsáid mar leithscéal don oibríocht; dar leo, agus iad ag lua ailt a scríobh William Kristol sa *Weekly Standard *roinnt míonna roimhe sin, ba riachtanas é fórsaí Mheiriceá a chur ar an talamh sa Meánoirthear, fiú in éagmais Saddam, chun srian a chur ar an Iaráin sa réigiún.
in éagmais in the absence of
" Bhí díospóireacht ann faoi cé acu an féidir le daoine nach bhfuil gluaisteán acu a bheith páirteach i saol na cathrach in éagmais córas maith iompair phoiblí.
in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal. in the absence of a mention being table by the Houses of the Oireachtas to cancel them
" Thiocfadh na rialacháin i bhfeidhm i ndiaidh 21 lá in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal.
ina héagmais. in her absence
" Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn – Nollaig nach bhfeicfidh mé m’iníon lena linn agus Nollaig nach mbeidh mé in ann taitneamh a bhaint aisti ina héagmais.
éagmais a lack, something being absent
" Ní bhaineann sé seo le héagmais nó le huireasa ar bith, ach le giorrúchán den fhocal “easpag”.
dá n-éagmais in their absence
" Mura bhfuil sé d’acmhainn acu nuachtán laethúil den chaighdeán seo a fhoilsiú – agus creidim gur bunriachtanais iad na gnéithe sin thuas nach féidir a bheith beo dá n-éagmais i margadh iomaíoch na nuachtán – b’fhearr éirí as an bhfoilsiú laethúil agus nuachtán seachtainiúil a dhéanamh de *Lá Nua* arís, nó é a fhoilsiú dhá nó uair uaire sa tseachtain, agus díriú ar chúrsaí an Tuaiscirt den chuid is mó.
In éagmais in the absence of
" In éagmais a leithéid de bheart leanfar leis an chur i gcéill.
ina héagmais. in its absence
" Caithfear an mhuinín sin a chothú; ní tharlóidh rud ar bith fiúntach ina héagmais.
arbh fhearrde an ócáid ina éagmais in whose absence the occassion would be better
" An t-aon pholaiteoir mór le rá a bhéas i láthair ag an gcoinbhinsiún ná George Bush, agus faraor do McCain, is eisean an t-aon duine iomráiteach arbh fhearrde an ócáid ina éagmais.
ina éagmais without it
" Is ansin amháin a bhíonn seans acu an costas a sheasamh ar rud nach dtig leo seinm ina éagmais – an pionta.
in éagmais in lieu of, for want of
" Tá an baol ann, in éagmais a leithéid de chíoradh, go gcuirfidh ceisteanna airgid smál ar sheoladh na straitéise 20 bliain atá á ullmhú faoi láthair ag an rialtas don teanga chomh maith lena bplean tarrthála don Ghaeltacht.
in éagmais without
" Ach a bheith go hiomlán in éagmais cairr, tá sé deacair orm ag an bpointe seo é sin a shamhlú.
ina héagmais without her
" Ní féidir liom an scannán seo a shamhlú ina héagmais.
dá n-éagmais without them
" Ba bhoichte an tír dá n-éagmais.
in éagmais in lieu of
" 
Tá scoileanna, idir Chaitliceach agus Phrotastunach, ag eagrú scrúduithe dá gcuid féin in éagmais an 11+ agus tá teannas leanunach idir an tAire agus dreamanna tábhachtacha eile.
in éagmais for want of
" Cé nár bhua den scoth a bhí ann in éagmais an leagan amach ghlan a chinnteodh a leithéid, lean ceiliúradh mór bua Mhic Giolla Chomhaill i measc mhuintir Mhaigh Eo ach go háirithe.
in éagmais aon fhianaise in light of no sign
" Gá le hAthchaighdeánú ========== De bharr fiosruithe ón bpobal agus caitheamh ama le linn cruinnithe ar phointí éiginnte gramadaí agus in éagmais aon fhianaise go raibh eagrán athbhreithnithe á réiteach ag Rannóg an Aistriúcháin, bheartaigh an Coiste Téarmaíochta i 2002 tabhairt faoi chúpla pointe a shoiléiriú.
tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais L.’s literary talents arose from a feeling of absence
" D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais.
in éagmais chórais aibí polaitíochta without a matured political system
" Anuas ar a bhfuil ag titim amach sna nuachtáin, ag Stormont, i Westminster, tá pobail ag bogadh ar aghaidh lena saol in éagmais chórais aibí polaitíochta.
ina éagmais in his absence
" Cad a dhéanfaidh *Western Sydney Wanderers* ina éagmais? Sin ceist nach bhfuil freagra ag éinne uirthi.
Ina éagmais sin in lieu of that
" Ina éagmais sin, beifear i dtuilleamaí an deontais de €300,000 sa bhliain atá á thairiscint ag Foras na Gaeilge.
bhfuil tú sona ina n-éagmais you’re happy without them
" Cén fáth a gcuirfeá rudaí amú nuair nach bhfuil gá agat leo ar an gcéad dul síos agus go bhfuil tú sona ina n-éagmais cíbe ar bith? Ní diúltú iomlán do shaol an lae inniu é - ná diúltú don domhan mar a fheidhmíonn sé faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar an bhfásach iargúlta amhail Ord manach Trapach nó Búdaíoch.
mairfidh a shaothar ina éagmais, his work will last in his absence,
" Stiúrthóir scannán non pareil ab ea Ingmar Bergman agus mairfidh a shaothar ina éagmais, dar le Pat Butler.
dá n-éagmais without them
" Cá mbeimis dá n-éagmais? Na tráchtairí.