Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seachas é a dhaoradh chun báis instead of comdemning him to death
" Díbirt ======= Nuair a stop an troid, gealladh do Dwyer go gcuirfí i gcéin go Meiriceá é, seachas é a dhaoradh chun báis, rud a bhí i ndán do mhórán eile de réabhlóidithe na linne.
a spreag é who encouraged him
" Chuir sé in iúl tráth in agallamh teilifíse gur iarmhúinteoir bunscoile a spreag é le dul i dtreo an fhaisin nuair nach raibh sé ach sé bliana d'aois; bhris an múinteoir seo an nós traidisiúnta a bhí ann ag an am gan cead a thabhairt do bhuachaillí fuáil a fhoghlaim.
an aon ionadh é is it any wonder
" Nuair a chuireann na meáin cúrsaí na sé chontae agus cúrsaí na sé chontae fichead inár láthair mar aonaid ar leith, an aon ionadh é gur mar sin a thosaíonn muid ag smaoineamh? B'fhéidir nach bhfuil an fhadhb chomh holc céanna in áit ar nós Thír Chonaill mar go bhfeiceann an pobal ansin an caidreamh atá eatarthu féin agus an pobal ar an taobh eile den teorainn, caidreamh nár cuireadh stop riamh leis.
Fiuchaim é I boil it
" "Fiuchaim é agus cuirim i mbuidéal sa chuisneoir é.
gur nocht sé é féin that he exposed himself
" Cuireadh ina leith go raibh sé ag eascainí, gur nocht sé é féin go poiblí agus go raibh sé ar meisce.
Fuarthas ciontach é he was found guilty
" Fuarthas ciontach é agus ghearr an Breitheamh Murray Goodman téarma príosúnachta sé mhí le daorobair agus fíneáil $500 air.
in inmhe é seo a chur ar fáil able to provide this
" Tá ardsábháilteacht de dhíth orthu seo ach táthar dóchasach go bhfuil WAP in inmhe é seo a chur ar fáil.
as ar fáisceadh é from which he was bred
" B'ionann é agus laoch de chuid an GAA a bheith dúnmharaithe, ionsaí ar an duine agus ionsaí ar an chultúr as ar fáisceadh é.
is ar éigean gur fiú é a lua it's barely worth mentioning
" Maidir le táille ag an doras, bhuel is ar éigean gur fiú é a lua.
gur toghadh é that it was chosen
" Ach tá clú an Chaitliceachais ar Bhaile an Chaistil agus sin an fáth gur toghadh é don léirscrios seo.
nuair a gabhadh é when he was caught
" Ba phíosa gualainne é den éide chatha a bhí ar Ned Kelly, an ceithearnach coille ba mhó cáil sa tír, nuair a gabhadh é in Glenrowan in 1880.
é a chur ina thost to shut him up
" Nuair a ghabh na Sasanaigh John Mitchell i mí Aibreáin 1848, d'athraigh siad an dlí go speisialta chun é a chur ina thost go deo.
toghadh é he was elected
" Thosaigh sé ag obair go lánaimseartha leis an nuachtán radaiceach *Militant* agus ansin i 1991 toghadh é mar bhall de Chomhairle Contae Átha Cliath.
an té a thuigfeadh é he who could understand it
" Bhuel, ba bhreá an dán é, an té a thuigfeadh é, ach níor thuig mé féin focal ar bith, agus ní raibh mé in ann na focail scríofa agus na fuaimeanna a fhreagairt dá chéile! "Seo do dhúshlán," a shíl mé.
ba shaothar in aisce dom é I was wasting my time
" Bhaineas triail as fón póca ach toisc gur scriosadh roinnt aeróg agus de bhrí go raibh cúpla milliún eile ag iarraidh scairt a chur ar a muintir féin, ba shaothar in aisce dom é.
Dá mba thimpiste é had it been an accident
" Dá mba thimpiste é b'fhéidir go bhféadfaimis ciall de shórt éigin a bhaint as, ach níorbh ea.
Is díobh é he is of them
" Is díobh é, agus is cuid den phobal é.
Nár aifrí Dia orm é may God forgive me for saying it
" Nár aifrí Dia orm é - dheamhan a miste liom.
nach maithfeadh an pobal dóibh é that the public would not forgive them
" Tá a fhios acu go maith nach maithfeadh an pobal dóibh é dá rachaidís isteach i rialtas le Fianna Fáil tar éis geallúint a thabhairt nach ndéanfaidís amhlaidh.
Cheansaigh na sean-Éigiptigh é the ancient Egyptians domesticated it
" Cheansaigh na sean-Éigiptigh é, agus thug na Rómhánaigh go dtí an Eoraip é.
go bhféadfaí é seo a mhéadú go mór that this could be greatly increased
" Deir Fionnuala go saothraíonn Raidió na Life idir £25,000-30,000 sa bhliain ar fhógraíocht ach tá sí den bharúil go bhféadfaí é seo a mhéadú go mór dá mbeadh bainisteoir fógraíochta fostaithe ag an stáisiún (í féin a dhéanann an obair sin faoi láthair).
níl caill ar é seo ina cheann he's not bad at it (i.e. he does it well)
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
go saorfaí é that he be freed
" Baineadh siar as muintir Hyde nuair a ghabh na póilíní Harold Shipman agus shínigh Joyce achainí a chuaigh thart ag iarraidh go saorfaí é.
cad é an teanga is fearr dúinn what language is best for us
" Beidh an rogha againn cad é an teanga is fearr dúinn, agus is cinnte go roghnóimid ár dteanga féin.
agus go muirfí é and that he'd be killed
" Ach bhí a fhios agam dá bhfágfainn san áit a raibh sé go dtiocfadh gluaisteán air agus go muirfí é.
más ar éigean é just about
" Lean mé liom á ghríosú ar ais chun na linne agus d'éirigh liom sa deireadh, más ar éigean é.
sáfaidh mé siar ina ghob é I'll ram/stick it down his throat
" An chéad fhear eile a luafas bréagán bog, sáfaidh mé siar ina ghob é.
Cad é atá ag caitheamh ort? What's bothering you?
" "Cad é atá ag caitheamh ort?" "Ná gabh a gháire anois ach tá an diabhal bronntanas Vailintín seo ag déanamh buartha domh," arsa Tadhg.
amhail is gur aisteoir amaitéarach é as if he were an amateur actor
" Tá sé sásta leis an tacaíocht atá faighte aige ó mhuintir na Gaeilge go dtí seo cé go gcuireann sé díomá air go gcaitear leis uaireanta amhail is gur aisteoir amaitéarach é.
b'éacht é it was an achievement
" Ag an am sin, b'éacht é foclóir mar seo a fhoilsiú, ar ndóigh.
gur earcaíodh é that he was recruited
" Tugaimis faoi deara, ámh, gur earcaíodh é ar chonradh cúig bliana.
sreabhtar é it is streamed
" Nuair a chraoltar fuaim nó fís ar an idirlíon na laethanta seo, de ghnáth sreabhtar é diaidh ar ndiaidh chuig ríomhaire an bhreathnóra.
ar fhile é who was a poet
" An nglacfaí le bainisteoir ar ospidéal nach mbeadh cur amach ceart aige/aici ar an leigheas? Féach ar an bhfeabhas a tháinig ar chúrsaí na n-ealaíon nuair a bhí Aire Ealaíon againn ar fhile é.
gur mhaith an rud é that it would be a good thing
" Am agus dua ======= Ar an gcéad amharc, déarfadh duine gur mhaith an rud é cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag iomaíocht thar ceann na tíre ag leibhéal ard idirnáisiunta i spóirt aonair a mbíonn go leor ama agus dua ag baint leo agus costas go leor freisin.
Cad é faoi Dhia What in God's name ...?
" "Cad é faoi Dhia atá istigh ansin agat?" "Caith thusa sé mhí i gCeanada agus beidh lód chun an bhaile leat fosta.
is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce blood is thicker than water
" Nuair atá deireadh ráite, ar sé leis féin, is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce.
Ní d'aon ghnó a dheineadar é They didn't do it deliberately
" Ní d'aon ghnó a dheineadar é.
mo ghreidhin é the poor fellow
" Á, caithfidh gur Arabach fós é ina chroí istigh, mo ghreidhin é.
Ná habair nár cuireadh ar do shúile é don't say you weren't warned
" Ná habair nár cuireadh ar do shúile é," arsa Lillian.
go dtabharfaidís thar n-ais dom é that they would give it back to me
" Tá mo bhainisteoir ag caint leo agus thugadar a bhfocal go dtabharfaidís thar n-ais dom é ar phraghas éigin.
Is ionann é agus it's the same as
" "Is ionann é agus Rialtas Oliver Cromwell a bheith ag fiosrú cén fáth a raibh na hÉireannaigh imithe go Connachta," a dúirt múinteoir amháin liom.
Ba chúis iontais é it would be surprising
" Ba chúis iontais é ar ndóigh mura mbeadh rian éigin fágtha ar an teanga dhúchasach ag an tionchar sin.
B'ait an mothúchán é seo This was a strange emotion
" B'ait an mothúchán é seo agus bhí sé as an ghnách freisin: bhraith mé thar lear agus sa bhaile ag an am céanna.
is nós míshláintiúil é it's an unhealthy habit
" Agus féach cad a tharla d'fhísithe ar nós Jeanne d'Arc agus Martin Luther King - is nós míshláintiúil é! Tá suíomh gréasáin Aonad na Gaeilge le fáil ag: www.
lámhachadh é he was shot
" Tar éis an chonartha i 1921 bhí Patrick King ina oifigeach san arm náisiúnta, ach d'fhan George King san IRA agus lámhachadh é ar an 6 Feabhra 1923 agus é seacht mbliana is fiche d'aois.
é a ruaigeadh to chase him
" Ba dheacair liom amharc mo shúl a chreidiúint mar go raibh sé socraithe i m'intinn agam nach bhfeicfí sa Lodge arís go brách é ó d'éirigh le Helen is le Dónal a theacht ar shocrú leis agus é a ruaigeadh isteach i dteach banaltrais as a mbealach.
a ruaig siad as seilbh é that they dispossessed him
" É ag grúscán leis féin go friochanta nó gur chroith sé a dhorn go bagrach i dtreo Dhónail, ag maíomh go borb gurbh é féin an t-úinéir agus go gcaoinfidís an lá a ruaig siad as seilbh é.
gur deacair é a sharú that it is difficult to do better
" Is éard a rinne gach duine den cheathrar bainisteoirí atá luaite san alt seo ná an leibhéal traenála a ardú agus a chur ar phlána chomh hard gur deacair é a sharú.
Bhraith mé gur chúis náire é I felt it was a reason to be ashamed
" Bhraith mé gur chúis náire é a bheith dhá bhomaite mall ag casadh le Pádraigín Ní Uallacháin.
a léirigh é who produced it
" Is é an giotáraí Astrálach Steve Cooney a léirigh é agus rinneadh an taifeadadh ina stiúideo i gContae Chill Dara.
Ar éigean é hardly
" Ach ar cuireadh fáilte mhór, chroíuíl rompu abhaile? Ar éigean é.
ionas dá mba é an rud é gur shíl siad go raibh leathchois san uaigh aici as if she they thought she had one foot in the grave
" Bhí achan duine ag cur a tuairisce ionas dá mba é an rud é gur shíl siad go raibh leathchois san uaigh aici.
Díol iontais é it is something worthy of attention
" Díol iontais é gur chuir mé suim i gcúrsaí dátheangachais, cé gur timpeallacht iontach aonteangach a bhí in Varkaus.
é a chur faoi bhráid an Uachtaráin to submit it to the President
" Mar shampla, de réir Alt 27 má chreideann móramh an tSeanaid agus an tríú cuid den Dáil gur chóir tuairim an phobail a lorg ar bhille a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis, tá ar a gcumas é a chur faoi bhráid an Uachtaráin.
ba mhisniúil é it was encouraging
" Bhí mé ar thuras taighde leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, in éindí le mo chomhghleacaithe ó réigiúin eile san Aontas Eorpach ina bhfuil mionteangacha á labhairt agus ba mhisniúil é treallús daoine eile a fheiceáil agus iad ag obair leo ar son a dteangacha féin.
Cothrom nó cothrom é whether it's fair or not
" " "Cothrom nó cothrom é," arsa Síle, "sin mar atá agus féadann tú suí siar agus sult a bhaint as, nó níl a dhath eile fána choinne.
lig sí thairsti é she let it pass
" " Ní róshásta a bhí Siobhán leis sin agus lig sí thairsti é.
cad é a mbarúil faoi what they thought of it
" " An chéad lá sa scoil, léigh an múinteoir Béarla, Tomás Breathnach, sliocht as leabhar agus d'fhiafraigh sé de na daltaí cad é a mbarúil faoi.
é a mheilt to grind it
" " An réiteach atá acu ar an gceist ná glacadh leis an mbia ginchóirithe, ach é a mheilt sula dtugann siad amach é sa gcaoi is nach mbeidh feirmeoirí in ann na síolta a chur.
Ba dhoiligh é a shamhlú it would be difficult to imagine
" Ba dhoiligh é a shamhlú cúpla bliain ó shin ach an mhí seo caite, 13 Lúnasa, bhuail Ardmhéara Sinn Féineach Bhéal Feirste, Alex Maskey, leis an Ulster Political Research Group, grúpa atá ceangailte leis an UDA.
Ní ach nó ach é no buts
" "Ní ach nó ach é, druid an doras agus siúil leat," arsa Frank agus é ag cailleadh foighde.
gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh that it was the most sensitive piece of architecture
" Dúirt an Méara Bloomberg, ag tagairt don saothar, gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh.
gabhadh é he was arrested
" Ach ar fhilleadh chuig a bheairic féin in Áth Luain dó, gabhadh é agus tugadh ar ais go Baile Átha Cliath é, áit, de réir de Róiste, ar deineadh diancheistiú air.
gurb é leas na seirbhíse that it is for the good of the service
" Ar an lá sin insíodh do de Róiste go raibh sé á scor as an arm "ar an gcúis gurb é leas na seirbhíse é a scor".
é féin a chosaint to defend himself
" Bhíothas tar éis de Róiste a chaitheamh amach as an arm gan deis a thabhairt dó é féin a chosaint ná achainí a dhéanamh.
dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach if they thought he was guilty
" Ní raibh sé i measc na ndaoine a gheobhadh ardú céime agus dá bhrí sin ní shamhlaíonn siad boic mhóra ag dul as a mbealach len é a chosaint dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach.
achan iarracht é a sháinniú every attempt to corner/trap him
" Déanann cigire áitiúil na bpóilíní achan iarracht é a sháinniú, ach ní éiríonn leis.
Cé a thógfadh orainn é who would blame us?
" Cé a thógfadh orainn é dá ngéillfeadh muid don bhrú sin? Tá na tuairiscí léite agam, agus scanraíonn siad mé.
nár aifrí Dia orm é may God forgive me
" "Anois, a Áine," ar seisean, "má chluinim go bhfuil an marlachán de dhuine sin fá scread asail den teach, nár aifrí Dia orm é, cuirfidh mé amach ar an tsráid thú.
cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn who knows what will emerge
" Ach má bhíonn mí eile mar mhí Dheireadh Fómhair ann, cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn le linn tríocha lá na Samhna.
é sin a chruthú to prove that
" Más féidir leo é sin a chruthú sa gcúirt ní bheidh an dara rogha ag Rialtas na Breataine ach an mhonarcha seo a dhúnadh.
Níor foilsíodh fós é It hasn't been published yet
ní mian leis é a admháil they don't want to admit it
" Tá a fhios ag an Rialtas é sin, ach ní mian leis é a admháil.
murach é if it wasn't for him
" Cé go bhfuil deamhan déanta ag na meáin de Shipman, deir a lán daoine i Hyde nach mbeadh siad beo inniu murach é.
é a chur ar ceal to cancel it
" Rinne muid coinne a shocrú cúpla babhta ach bhí uirthi é a chur ar ceal de bharr go raibh brú oibre chomh mór sin ar Ó Céidigh.
dá mba mhian leis é a fhorbairt if he wanted to develop it
" Thuig an Céideach taobh istigh d'am gearr go gcaithfeadh sé a chuid fuinnimh ar fad a chaitheamh leis an chomhlacht dá mba mhian leis é a fhorbairt.
é seo a admháil to admit this
" Tá fadhb na n-ionsaithe gnéasacha ar pháistí ar eolas ag na heaspaig le blianta agus fós tá drogall orthu é seo a admháil.
ó bunaíodh é since it was founded
" com toisc go bhfuil aitheantas bainte amach ag an suíomh sin ó bunaíodh é.
gortaíodh go dona é he was seriously injured
" Buaileadh sa bhrollach é agus gortaíodh go dona é.
iompródh sé é féin let it behave
" Más "craoltóir poiblí" é, iompródh sé é féin mar chraoltóir poiblí.
gurb é an margadh an máistir that the market is supreme
" Mar is dual do rialtas den eite dheas, tá sé de nós ag an rialtas a rá gurb é an margadh an máistir agus gur aige atá fuascailt gach faidhbe.
Díol spéise é it is a matter of interest
" Díol spéise é go raibh Ledwith mar dhara rogha na coitiantachta nuair a ceapadh an Cairdinéal Desmond Connell mar Ard-Easpag ar Bhaile Átha Cliath i 1988.
cáineadh é go fíochmhar he was fiercely criticised
" D'fhulaing Jimmy go mór as ucht an bhotúin sin - cáineadh é go fíochmhar sna meáin, i litreacha agus ar an bhfón agus cuireadh isteach air féin, ar a bhean agus ar a chlann.
cé go samhlaím é sin although I imagine that
" B'fhéidir go mbeidh cuid againn níos moille chun iad a cháineadh feasta - cé go samhlaím é sin a bheith deacair uaireanta! Ag deireadh an lae (mar a deir lucht spóirt go minic), is daoine an-tábhachtacha iad na réiteoirí, ní hamháin ó thaobh an jab a dhéanann siad ar an bpáirc Domhnach i ndiaidh Domhnaigh, ach ó thaobh a gcuid tuairimí agus moltaí i leith na gcluichí, bunaithe ar a dtaithí i lár na coimhlinte, mar a déarfá.
deis é a chríochnú an opportunity to finish it
" Tá Colm féin ag obair ar albam aonair le fada, ach tá sé dóchasach go bhfaighidh sé deis é a chríochnú sna míonna atá romhainn.
gan é ag fás ach ar éigean it's barely growing
" Ach le cúpla bliain anuas, tá geilleagar na Gearmáine an-lag agus gan é ag fás ach ar éigean.
cén fáth gurb é leas na hAstráile why it's in Australia's interest
" An rud is mó atá ag cur as don phobal ná nach bhfuil sé mínithe fós ag an rialtas cén fáth gurb é leas na hAstráile dul ag troid.
go gcuirfi ar ceal é that it would be postponed
" Bhí cruinniú de choiste na Comhairle le bheith ann an oíche sin ach dúirt feisire an DUP, Sammy Wilson le bunadh Shinn Féin go gcuirfi ar ceal é le go dtiocfadh leo ómós a thabhairt dá gcomrádaí.
é féin a chur in iúl go héifeachtach go luath express himself effectively soon
" Chun é sin a dhéanamh, áfach, ní mór dó é féin a chur in iúl go héifeachtach go luath, taobh istigh agus taobh amuigh den Dáil.
Cad é a d'fhág ughaim agat orm? How did I get yoked to you?
" Cad é a d'fhág ughaim agat orm?" ar seisean.
dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart if we could handle it right
" "Deinim amach, dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart agus a bheith ana-chúramach ina bhun, ní gá gur ag mealladh daoine ón nGaeilge nó ó na ranna Gaeilge ar fad a bheadh Léann na hÉireann ach ag tabhairt daoine de réir a chéile isteach sa líon, más maith leat.
Sin é a bhraitheas That's what I felt
diúltaíodh faoi dhó é he was refused twice
" Ní fhéadfadh siad cónaí sa chathair féin de bharr go raibh an cíos chomh hard sin, agus diúltaíodh faoi dhó é nuair a ghlaoigh sé ar dhaoine a bhí ag ligean tithe ar cíos i gceantar an Spidéil de bharr go raibh páistí aige.
Is annamh é It seldom happens
má chlóscríobhtar é seo if this is typed
" Anois ní mór teachtaireacht téacs a chur chuig uimhir ghutháin faoi leith chun teacht ar an tseirbhís; seoltar pasfhocal mar fhreagra agus má chlóscríobhtar é seo sa spás cuí ar an suíomh, bíonn an léarscáil le feiceáil.
go mbuafaidh siad é that they will win it
" Muna ngníomhaíonn údaráis an stáit go tapa anois, beidh cath dhá oiread níos deacra acu, cath nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbuafaidh siad é.
molaim duit é a fheiceáil I recommend that you see it
é seo a shamhlú to imagine this now
" Tá sé deacair é seo a shamhlú anois ach bhíodh leithéidí Mundy, Glen Hansard ó The Frames, Mic Christopher ó The Mary Janes, Damien Dempsey, Nina Hynes, Paddy Casey agus daoine nach iad ag seinm ar Shráid Grafton ag an am.
Is é a bheas thíos leis he'll pay for it
" "Is é a bheas thíos leis," ar sí agus tharraing sí uirthi ualach mór páipéir agus níor thóg sí a ceann ar feadh uaire.
b'ionann é it would be like
" Mar theideal, b'ionann é agus Institiúid Síochána agus Athmhuintearais Pol Pot nó Craobh Bertie Ahern d'Ógra Fhine Gael a bheith ann.