Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éirí as stop
" ' An éiríonn sí tinn de bheith ag canadh na n-amhrán céanna arís is arís eile? Deir sí gur tharla sé seo i gcás an amhráin 'Dúlamán' agus gurbh éigean di éirí as é a cheol ar feadh cúpla bliain.
éirí as an agóid abandon their protest
" Ghearr an Cumann Peile (an FA) fíneáil £5,000 ar Fowler de bharr na heachtra sin, agus thuill Tony Blair drochmheas na ngnáthdhaoine i Learpholl nuair ab éigean do na dugairí éirí as an agóid i mí an Mhárta 1998.
éirithe as retired
thairg mé éirí as I offered to resign
" Ansin thairg mé éirí as (sin an leagan oifigiúil) agus b'in é.
éirí as give it up
" Dar ndóigh cuireadh pionós trom ar an imreoir céanna ach cé a chuirfeadh an milleán ar an réiteoir sin dá ndéarfadh sé leis féin agus le coiste an chontae "bíodh an deabhal aige seo mar obair" agus éirí as.
Gan éirí as not to give it up
" Nuair a thagann an cnag ar an doras is ansan a bhím cantalach! AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar cheoltóir óg? CDeB: Gan éirí as, is cuma cad a tharlaíonn, más aoibhinn leat a bheith ag seinnt.
Nuair ab éigean dó éirí as an gcolún when he had to give up the column
" Nuair ab éigean dó éirí as an gcolún de dheasca breoiteachta, do chuaigh mórán léitheoirí i dteagmháil leis an nuachtán féachaint cathain a bheadh sé ar ais.
atá éirithe as a gcuid oibre who are retired
" Tagann páistí, déagóirí, daoine proifisiúnta agus daoine atá éirithe as a gcuid oibre.
Bhí air éirí as a phost he had to resign his position
éirí as a shuíochán give up his seat
" Teachta Dála agus polaiteoir áitiúil araon is ea Pádraig MacCormack, ach bhí air éirí as a shuíochán ar Chomhairle Chathrach na Gaillimhe faoin reachtaíocht nua a chuireann cosc ar an *dual mandate*.
éirithe as an obair retired
" Ach go minic ní bhíonn fhios ag na freastalaithe go bhfuil ailse orthu go dtí go mbíonn siad sean agus éirithe as an obair.
éirí as give up
" Popcheol Angla-Mheiriceánach atá á chraoladh an t-am ar fad, agus caithfidh tú cur suas leis nó éirí as a bheith ag éisteacht leis an raidió.
ag iarraidh éirí as trying to quit
" "Ní chaitheann 71% de muintir Learphoill tobac agus tá 70% de na caiteoirí tobac ag iarraidh éirí as," a dúirt sí.
ag éirí as a phost giving up his job
" Mar a tharla, an lá a d'fhógair Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Paul Murphy, go raibh sé ar intinn ag Rialtas na Breataine fiosrúcháin phoiblí a bhunú, d'fhógair an Coimisinéir John Stephens é féin go mbeadh sé ag éirí as a phost mar choimisinéir i gceann bliana ach go leanfadh sé air ag fiosrú líomhaintí claonpháirteachais.
déan iarracht éirí as an nós try to give up the habit
" Pointe eile faoin tsláinte: Má chaitheann tú, déan iarracht éirí as an nós.
b’éigean dom éirí as I had to give it up
" Sa deireadh, b’éigean dom éirí as de bharr cúrsaí oibre.
éirí as an scríbhneoireacht to give up writing
" ” Níl aon rún ag Éilís éirí as an scríbhneoireacht.
chinn sí ar éirí as an obair sin she decide to give up that work
" ” Chaith sí beagnach bliain i mbun an ghnó ach ós rud é go raibh ag teip uirthi aon bhrabús a dhéanamh, chinn sí ar éirí as an obair sin.
éirí as a phost to give up his job
" Chomh maith leis sin, thairg sé éirí as a phost san ollscoil mar gur bhraith sé nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige a fheabhas is ba chóir, bhí an méid sin dualgas eile air – bhí sé ina Ardeaspag ar Kraków faoi 1964 agus thagadh sé ó Kraków go Lublin ar thraein oíche le nach gcuirfí a chuid ama amú.
éirí as to give it up
" Dála chuile dhuine eile, rinne mé go leor leor dearmad agus bhí neart deacrachtaí agam agus mé ag foghlaim (go háirithe leis an tuiseal ginideach) ach bhí an fonn foghlamtha agus an grá don Ghaeilge chomh láidir ionam nach raibh sé riamh i gceist agam éirí as.
éirí as a phost to give up his job
" Chomh maith leis sin, thairg sé éirí as a phost san ollscoil mar gur bhraith sé nach raibh a dhualgais á gcomhlíonadh aige a fheabhas is ba chóir, bhí an méid sin dualgas eile air – bhí sé ina Ardeaspag ar Kraków faoi 1964 agus thagadh sé ó Kraków go Lublin ar thraein oíche le nach gcuirfí a chuid ama amú.
éirithe as an obair retired
" Roinnt eile éirithe as an obair agus dúil acu sa saol éasca leamh leisciúil faoin ngrian.
ag éirí as an fhoréigean giving up violence
" Le cois iriseoirí, bhí daoine eile i láthair ar shuim leo an scannán, Danny Morrison, Jim Gibney agus Seana Walsh, an fear a d’fhógair don saol mór go raibh an IRA ag éirí as an fhoréigean, ina measc.
éirithe as retired
" ” Ní haon ionadh, mar sin, go ndeir an Coileánach go mbeidh sé fós ar fáil do mhic léinn iarchéime, fiú agus é éirithe as.
éirí as an tseafóid leanbaí to give up the childish nonsense
" Bhí rún agam éirí as an tseafóid leanbaí sula mbeinn tríocha bliain d’aois agus ba é sin an spreagadh deireanach a bhí uaim.
éirithe as a phost having resigned his position
" ” An locht á chur ar BlairTugann na saighdiúirí “Blair’s War” ar an chogadh agus tá an chuid is mó de na Feisirí sásta leis sin mar, anois agus Blair éirithe as a phost mar Phríomh-Aire, is féidir leo an locht a chuir air.
shocraigh mé éirí as an bpost sa bhanc I decided to give up the job in the bank
" Agus leis sin shocraigh mé éirí as an bpost sa bhanc agus bhog mé go hÉirinn le cabhair ó na hÉireannaigh ar chuir mé aithne orthu.
go bhfuil sé thar am di éirí as post. that it is time for her to retire
" Tá grúpaí agus páirtithe leasmhara timpeall na tíre, mar aon le polaiteoirí áirithe agus daoine a raibh tionchar díreach ag an bpraiseach orthu, ag maíomh go bhfuil sé thar am di éirí as post.
atá éirithe as ó shin. who has since retired
" Seans mór go raibh a fhios ag Irvine fán chomhoibriú rúnda a bhí ar siúl idir an RUC agus an UVF – é sin a d’fhág dáréag ar a laghad marbh dar le Nuala O'Loan, an tOmbudsman Póilíneachta ó thuaidh atá éirithe as ó shin.
ar tí éirí as about to give up
" Labhair mé leis, agus uair éigin in 2002 thosaíomar ar an obair go hiomlán as an nua! Caithfidh mé a admháil gur tharla sé cúpla uair go rabhas ar tí éirí as toisc go raibh sé ag tógáil i bhfad an iomarca ama aon dul chun cinn a dhéanamh.
éirí as a phost, to resign,
" Iarradh ar Teddy éirí as a phost, ach dhiúltaigh sé ar an ábhar gur ceapadh é de réir an phróisis a bhí leagtha síos agus ar an ábhar nach raibh dada as bealach déanta aige.
ag éirí as a phost resigning from his job
" Bhí Kenny mar a bheadh páiste ann agus é ag cur fáilte roimh an nuacht go mbeadh Ahern ag éirí as a phost mar Thaoiseach ag tús mhí na Bealtaine.
léiríonn a chinneadh éirí as an méid sin. his decision to resign shows this
" Tuigeann an chéad fhear a luadh mothúcháin agus tuairimí an phobail – léiríonn a chinneadh éirí as an méid sin.
níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol. he has no intention of retiring from music
" ”Tá Lunny dhá bhliain is seasca anois ach níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol.
éirithe as an pholaitíocht having retired from politics
" Ar saoradh tír ar bith ón daorsmacht lena leithéid de ghníomh suarach? *Jaw-jaw* duine ar bith? ***************** Anois agus Ian Paisley éirithe as an pholaitíocht – rud a rinne sé ag deireadh na míosa seo caite – tá sé le dírbheathaisnéis a scríobh.
éirí as a gcúram to give up their jobs
" Thairg aon dhuine dhéag acu éirí as a gcúram nuair a bhí a líon á gceistiú sna meáin, i dtús na bliana, dá gceapfaí gur ar leas na tíre a bheadh sé.
éirí as a phost resign from his job
" Spreag an clár sin fiosrúcháin rialtais chomh maith le fiosrachán ag Ard-Aighne Nua-Eabhrac agus mar gheall air seo, b’éigean d’Arnie Geller, príomhfheidhmeannach Premier Exhibitions éirí as a phost.
ag éirí as retiring
" Mar a dúirt mé cheana, próiséas fada atá ann - ainneoin nach mbeidh constaic ar bith roimpi ar bhealach an ainmnithe, caithfear fanacht go gcríochnóidh téarma reatha na Cúirte (tá sí ag tógáil áit bhreitheamh atá ag éirí as), agus is beag seans go bhfeicfear deimhnithe í go dtí mí Lúnasa.
éirí as to end
" Tús na n-ochtóidí cuireadh deireadh le AMÁRACH, lean INNIU ar feadh tamall eile, ach sa deireadh, baineadh an deontas den pháipéar agus bhí ar lucht a fhoilsithe éirí as, tar éis seirbhís iontach a thabhairt do lucht na Gaeilge in imeacht na blianta.
éirí as giving up
" Timpeall orm bhí na scórtha ag scaoileadh na mionnaí móra, ag dealú leis an diallait agus á shiúl! Bhí cuid eile ag éirí as ar fad agus ag casadh timpeall! Nuair a thagann tú amach as an mbóithrín arís (atá faoi chrainn), bíonn radharc iomlán nua romhat.
éirí as quit
" “Tá rún agam éirí as an phost seo le Beo Ar Éigean!” a dúirt Balor an Bligeard os ard le haer cumhra na pluaise, “agus sin céad rún na bliana úire seo!” Ansin scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil, agus chinn sé ar chúpla rud a scríobh faoi na rúin a bhíonn aige féin agus ag daoine eile.
éirí as retire
" An aontaíonn tú gur chóir do réiteoirí éirí as ag aois 50 bliain?** A.
uilig éirithe as all retired
" An seachtar a thoisigh, tá siad uilig éirithe as agus tá siad i mbarr a sláinte, buíochas do Dhia.
ag éirí as i mbliana retiring this year
" Sampla maith den choimhlint is ea Wisconsin, áit a bhfuil an Seanadóir ceithre théarma Herb Kohl ag éirí as i mbliana.
tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach having retired as an Irish diplomat
" Tadhall le Naimhde ======= Mhínigh O Brien ina leabhar tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach agus idirnáisiúnta fiú na deacrachtaí a bhaineas leis an ndébhríochas taidhleoireachta: *“the successful wielder of ambiguity has a certain high imperiousness in his attitude to facts and inclines to a magician-like confidence in the overmastering power of language.
i ndiaidh éirí as a phost has retired
" Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
mba chóir dó éirí as he ought to retire
" Focal Comhairle le Barr Measa ============= Bheinnse den tuairim go mba chóir dó éirí as ag an bpointe sin.
rith liom agus mé ag éirí as an leaba occurred to me as got out of bed
" Sin a rith liom agus mé ag éirí as an leaba ag am nuair a ba cheart dom a bheith ag teacht abhaile ón teach leanna.
ag éirí as gné áirithe finishing one aspect
" Tá mé ag éirí as gné áirithe agus as tréimhsé áirithe de mo shaol.
ag éirí leo éirí as succeeding in packing it in
" Sa chlár, bhí mná ag caint ar conas mar atá ag éirí leo éirí as agus, b'fhéidir, ar an gcaoi sin go mbeidh muid in ann cuidiú le duine nó beirt amuigh ansin atá ag dul fríd am an-chrua leis an ól agus atá ag streachailt.
tar éis dóibh éirí as an imirt after retiring from playing
" Íoctar airgead aisteach leis na peileadóirí ach ní maith a théann sé dóibh go minic mar is cosúil go mbíonn 60% de na himreoirí peile bancbhriste taobh istigh de chúig bliana tar éis dóibh éirí as an imirt.
ag éirí as oifig giving up his office that day
" ‘Slán le Seán’ ====== Bhí baint agam leis an máirseáil a eagraíodh i gConamara ar an Domhnach, 23 Feabhra agus líon sé mo chroí le dóchas nuair a chonaic mé an líon mór daoine a tháinig amach ar an lá, le homós agus le buíochas a theaspáint don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin , a bhí ag éirí as oifig an lá sin, ar bhonn prionsabail.
B’éigean dó éirí as an imirt he had to retire from playing
" B’éigean dó éirí as an imirt ag aois seacht mbliana fichead de dheasca a ghortaithe.
ag éirí as retiring from
" Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil céatadán níos airde d’imreoirí óga ag éirí as na cluichí Gaelacha ná mar atá i gcás spórt eile in Éirinn.
Go fiú ní chaithfear éirí as one doesn’t even have to get up
" Go fiú ní chaithfear éirí as chun an clár a athrú” a deir an Dochtúir Ní Anluain.