Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ciceanna éirice penalties
" Sa sacar tá cúl órga agus ciceanna éirice in úsáid ach ní thaitníonn an córas sin le mórán.
le linn na gciceanna éirice during the penalty kicks
" Níor ardaigh aon duine an cheist nuair a bhí Jerzy Dudek ag geáitsíocht mar a bheadh muileann gaoithe ann os comhair Shevchenko ach rith ceisteanna fá chúrsaí cultúir, Éire aontaithe agus an chiall atá leo fríd m’intinn le linn na gciceanna éirice.
in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin in return for freeing American hostages in Lebanon
" An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na *Sandinistas* i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin.
éiric compensation
" Seans fosta go mbeadh éiric ró-ard á cuartú ag na Teachtaí neamhspleácha eile más acu a bheadh cóimheá na cumhachta.
in éiric a bpeacaí. in reparation for their sins.
" Ba ghnách le cuairteoirí ar an eaglais an patrún a shiúl (go minic ar a nglúine) in éiric a bpeacaí.
éiric revenge
" Le héiric a bhaint amach ar na Meiriceánaigh, níor fhreastail go leor de na tíortha cumannacha ar na cluichí a bhí ar siúl in Los Angeles sa bhliain 1984.
in éiric in payment
" Is minic a mhaítear gur in éiric na tacaíochta seo a d’ainmnigh Ahern Harris chun an tSeanaid nuair a atoghadh ina Thaoiseach é in olltoghchán 2007, dearcadh nach n-aontaíonn Harris go hiomlán leis.
éiric penalty
" D'fhoghlaim tú gurb é Texas an stát is mó ar fad a chleachtann éiric an bháis.
éiric penalty, retribution
" Tá stíl Thiobraid Árann ina mhacasamhail den stíl atá ag foireann bhuach na gCat: stíl chrua fhisiciúl a chuireann an duine ag a bhfuil an sliotar faoi bhrú agus a ghearrann éiric ar an té a dheineann botún agus é ina sheilbh.
poc éirice penalty
" Bhí go leor den tuairim, agus aontaím féin leo, gur chinneadh tromchúiseach, cinniúnach é ag an réiteoir poc éirice a bhronnadh ar Chill Chainnigh agus an cluiche ag dul go dtí an dóbair.
éiric redress, repayment
" Níor íocadh aon chúiteamh riamh in éiric an díshealbhaithe seo.
éiric penalty
" Ach anuas ar an tábhacht a bhaineann léi mar dhobharcheantar, is i bhForaois Mau atá cónaí ar thuairim is 10,000 Ogiek, fiagaithe-cnuasaitheoirí ar dhíbir a ndia go Mau iad, de réir an tseanchais, mar éiric as eilifint a mharú.
éiric penalty
" Is cóir, dar liom, éiric an-trom a ghabháil ar imreoir a dhéanfadh a leithéid.
córas éirice penalty system
" Ar a laghad, ba chonradh ceart é Kyoto: chuir sé dualgas ar na sínitheoirí agus bhí córas éirice ag baint leis.
éiric penalty
" Sa chás seo, is é Goldman Sachs an sceilpín gabhair, agus is ar Fabrice bocht Tourre a ghearrfar an éiric.
éiric an bháis the death penalty
" Ba chás cáiliúil eile é *Gregg v Georgia*, 1976, cás inár rialaigh an chúirt nach dtagann éiric an bháis salach ar bhunreacht na stát aontaithe.
Éiric Fuascailte ransom
" Éiric Fuascailte ======= Bíonn an lúbaireacht chainte chéanna ar siúl ag lucht polaitíochta abhus sa Fhrainc chomh maith ar ndóigh.
ina éiric in its place
" ) Bronnfar an duais bhreá sóláis seo uirthi ina éiric ach beidh cinnidh chrua le glacadh aici.
bronntar poc éirice a free is given
" Tarlaíonn tubaiste díreach roimh leath ama: bronntar poc éirice ar an bhfreasúra as calaois a dhéanann duine dár gcosantóirí.
in éiric an chíosa in stead of rent
" Ní airgead a hiarradh orm in éiric an chíosa, ach dhá cheann déag de léinte bána.
héiricí seo these penalties
" Beidh na héiricí seo le leagan ar an mhuintir nach acmhainn dóibh a gcuid morgáistí a íoc de réir na gcoinníollacha dochta daingne a leagfaidh na bainc síos do na créatúir bhochta sin.
d’éiric of a penalty
" Fionraí trí chluiche a leag údaráis an Chumann Lúthchleas Gael d’éiric ar an imreoir a ainmníodh.
chórais éirice na Breataine the British penal system
" Pé rud a tharla do Phoblachtaigh laistigh de chórais éirice na Breataine ar an ‘tír mór’, bhí tionchar an-láidir aige ar aigne an phobail Náisiúnaigh lasmuigh de sin, gné a nascann Trioblóidí na nua-haoise le seantraidisiúin na bhFíníní agus na glúine a tháinig rompu agus ina ndiaidh.
gearradh éiric ar leanaí a labhair as children were penalised who spoke
" Ba é an Béarla an teanga oifigiúil i gcúirteanna is i scoileanna Phórtó Ríce agus gearradh éiric ar leanaí a labhair as Spáinnis ar scoil.
ag maíomh go raibh an éiric as compás claiming that the sentence was over the top
" Nuair a fógraíodh an phianbhreith chuaigh na tráchtairí seo le craobhacha, ag maíomh go raibh an éiric as compás nuair nach raibh i gceist ach ‘coir neafaiseach’.
an éiric sin a ghearradh ar the handing down of that penalty
" Agus é ag iomrascáil le pionós an bháis i Meiriceá, admhaíonn sé go ndearna sé botún tubaisteach i rith an chéid téarma a chaith sé ar an gCúirt Uachtarach i 1976 nuair a thug sé cead dosna caoga stát an éiric sin a ghearradh ar dhúnmharfóirí speisialta dá mba rud é gur chuir na stáit rialacha speisialta i bhfeidhm chun ciontuithe éagóracha a sheachaint.