Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá that we'd fall out with our friends in America
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
Bhí éirí in airde i Kate Kate was snobby
" Bhí éirí in airde i Kate a chuir Bríd suas na ballaí, idir sin agus í a bheith ag síorchaint uirthi féin agus a saol breá agus fios maith aici nach raibh pingin rua ag Bríd.
go n-éirí leat thall i Nua-Eabhrac good luck over in New York
" AÓF: Bhuel, go raibh maith agat, a Thaidhg, as ucht labhairt liom agus go n-éirí leat thall i Nua-Eabhrac.
éireoidh le rud ar bith i nGaeilge anything in Irish will succeed
" “Bhí duine amháin nach raibh eolas aige faoin Oireachtas agus dúirt sé, ‘Céard tá i gceist leis an Oireachtas?’ agus chas cailín chuige agus dúirt, ‘Níl ann ach na tseachtain is fearr sa mbliain, *duh*!’ “Sin é mo thaithí thar na blianta: éireoidh le rud ar bith i nGaeilge má tá sé ag líonadh bearna atá ann, nach bhfuil á líonadh i mBéarla.
cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu the pretence that each of them is doing well is chased away
" Gloine ar ghloine, cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu agus sleamhnaíonn an fhírinne shearbh isteach sa scéal nuair a insíonn gach fear acu a scéal truamhéalach féin.
d'éirigh roinnt clubanna as an gcumann peile i Sasana some clubs left the Football Association in England
" Sa bhliain 1871, d'éirigh roinnt clubanna as an gcumann peile i Sasana mar agóid in aghaidh rialacha a thoirmisc láimhsiú na liathróide.
ag éirí as i mbliana retiring this year
" Sampla maith den choimhlint is ea Wisconsin, áit a bhfuil an Seanadóir ceithre théarma Herb Kohl ag éirí as i mbliana.
i ndiaidh éirí as a phost has retired
" Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
D’éirigh leo na beartais seo a chur i bhfeidhm they succeeded in putting these plans into force
" D’éirigh leo na beartais seo a chur i bhfeidhm cionn is gur ghlac an pobal le brí an áitimh a bhí taobh thiar díobh, ’sé sin, go bhfuil calaois go forleathan maidir le sochar leasa shóisialaigh, agus go gcuirtear an-chuid airgid amú ar dhaoine nach bhfuil sásta obair a fháil de bharr gur rathúla ar fad iad gan post a fháil.
ag éirí i bhfad níos tanúla becoming thinner
" Níor thug mé faoi deara fiú amháin go raibh mé ag éirí i bhfad níos tanúla.
ag éirí i mo cheann coming to mind
" ) Ag fágáil na leabharlainne dom bhí fonn an amhráin agus tuilleadh de na focla ag éirí i mo cheann: 'S níl duine dá gcuala mo scéal an uair sin nár shíl gur thrua bhocht é an Caisideach Bán'.
níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, the opposition is not managing to take advantage of those difficulties,
" Tá go leor deacrachtaí ag rialtas na hAstráile ach níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, mar a mhíníonnn Dáithí Ó Colchúin.
an-dóchasach go n-éireoidh leo a mbeatha a thabhairt i dtír very optimistic that they'll manage to make a living
" Tá amhránaí nua agus albam nua ag an ngrúpa traidisiúnta Slide agus iad an-dóchasach go n-éireoidh leo a mbeatha a thabhairt i dtír ag seinm ceoil, mar a mhínigh Daire Ó Breacáin, fidléir an ghrúpa, do Shiobhán Seoighe le déanaí.