Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go raibh ag éirí go maith le harm na hAontachta that the Union army was getting on well
" Ba chosúil, dar leis, go raibh ag éirí go maith le harm na hAontachta sa chogadh cathartha, agus ba mhian leis altú a thabhairt dá réir.
dá n-éireodh thar barr le stát nó contae, if a state or county got on well,
" Dá mbeadh bliain thar barr ag pobal áirithe, nó dá n-éireodh thar barr le stát nó contae, ghairtí a leithéid mar altú do Dhia as an dearlacadh.
éireoidh le rud ar bith i nGaeilge anything in Irish will succeed
" “Bhí duine amháin nach raibh eolas aige faoin Oireachtas agus dúirt sé, ‘Céard tá i gceist leis an Oireachtas?’ agus chas cailín chuige agus dúirt, ‘Níl ann ach na tseachtain is fearr sa mbliain, *duh*!’ “Sin é mo thaithí thar na blianta: éireoidh le rud ar bith i nGaeilge má tá sé ag líonadh bearna atá ann, nach bhfuil á líonadh i mBéarla.
conas atá ag éirí le cúrsaí. how things are going.
" Cúpla bliain ó shin scríobh mé píosa faoi cad atá i ndán d’iarnróid na hÉireann, agus b’fhéidir gur cheart teacht ar ais chuig an ábhar seo agus féachaint conas atá ag éirí le cúrsaí.
nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga, that no revolution would manage to support twenty languages,
" Is cinnte nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga, cuid acu nach bhfuil ach níos lú ná 200 duine á labhairt.
le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, so they would be able to look out over sunrise,
" Shocraigh Tauhara agus Putauaki go rachaidís i dtreo na farraige le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, ach b'éigean dóibh bogadh in aon oíche amháin.
cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu the pretence that each of them is doing well is chased away
" Gloine ar ghloine, cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu agus sleamhnaíonn an fhírinne shearbh isteach sa scéal nuair a insíonn gach fear acu a scéal truamhéalach féin.
D'éirigh mé aníos le hamhráin Ghaeilge. I grew up with songs in Irish.
" D'éirigh mé aníos le hamhráin Ghaeilge.
maidir leis an dóigh ina bhfuil ag éirí le páirtí, regarding the way in which a party is getting on
" Ach is comhartha láidir é toradh an vóta seo maidir leis an dóigh ina bhfuil ag éirí le páirtí, agus tugann an vóta móiminteam don bhuaiteoir agus é ag tabhairt aghaidhe ar na cácais a bheas ag teacht chun cinn i stáit eile go gairid ina dhiaidh sin.
Má éiríonn le duine pas a ghnóthú sa scrúdú, if a person suceeds in passing the exam
" Má éiríonn le duine pas a ghnóthú sa scrúdú, bronntar teastas air le dearbhú go bhfuil cumas sa teanga bainte amach aige ag leibhéal áirithe.
a éiríonn Lars lách le daoine that Lars becomes more social with people
" Is mar gheall ar Bianca a éiríonn Lars lách le daoine agus a thosaíonn sé ag dul i ngleic lena chuid deacrachtaí.
agus nach n-éireoidh le reifreann and that the referendum won't succeed
" Tá a fhios ag Rudd chomh maith go bhfuil deighilt fós ann idir grúpaí sa ghluaiseacht phoblachtach maidir leis an bpróiseas a úsáidfear agus uachtarán á cheapadh – agus nach n-éireoidh le reifreann mura bhfuil guth aontaithe ag na poblachtaigh go léir.
éiríonn le succeeds
"éiríonn le sin, níor mhiste bainistíocht RnaG agus TG4 a chur ar chúrsa athchóirithe cleamhnais in Oideas Gael.
d'éirigh le succeeded
" Más deacair a thuar ar go maith nó go dona a d'éirigh le Obama go fóill, ámh, níl amhras ar bith ach gur thosaigh sé an rás go breá scafánta.
Éiríonn le succeeds
" Éiríonn le Mac Dhonnagáin an dá thrá a fhreastal idir bhlag gnó is bhlag pearsanta ar bhealach a mhúinfeadh rud nó dhó do bhlagadóirí fud fad na cruinne.
n-éireoidh le shall succeed
" Creidim go n-éireoidh le rialtas Cowen an chéad Cháinaisnéis eile a chur tríd an Dáil ar dhá chúis: (i) ní bheidh na neamhspléaigh ag iarraidh dul sa seans le toghchán agus staonfaidh cuid acu ó vótáil ar chúiseanna tírghrá agus (ii) ní bheadh an freasúra ag iarraidh tíocht i gcumhacht agus Cáinaisnéis uafásach crua a bheith rompu ina céad rud ar an gclár.
d’éirigh le succeeded
" Gan choinne ar bith leis, d’éirigh le hiarrthóir an Pháirtí Ghlais i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle, Marina Silva, nach mór 20% de na vótaí a fháil.
D'éirigh go maith le was successful
" D'éirigh go maith le feisire pairliminte i Sasana darbh ainm George Calvert (< calf+herd, .
n-éireoidh le shall succeed
" Síleann sé go n-éireoidh le comhrialtas Kenny/Gilmore má bhíonn an chumhacht chéanna ag an dá pháirtí s’acu, ainneoin go bhfuil 76 suíochán ag Fine Gael agus 37 ag Páirtí an Lucht Oibre.
d’éirigh le succeeded
" In ainneoin go raibh an galar diostróife mhatánach air, d’éirigh le Donncha barr feabhais a bhaint amach ar an bhfeadóg stáin.
d’éirigh le succeeded
" Anuas ar sin, d’éirigh le iarrthóir an Lucht Oibre, Micheal D.
D’éirigh le succeeded
" Na Buaiteoirí ===== D’éirigh le léiriúcháin teilfíse, raidió agus na meáin úra Ghaeilge ainmniúcháin a fháil ar ghearrliosta iomaíoch na Féile, ina measc, Raidió Fáilte agus Tobar Productions, ach ba iad na forais sheanbhunaithe, RTÉ (teilifis agus raidió) chomh maith le TG4, a thug leo tromlach na ngradam a bronnadh ar léiriúcháin as Éirinn.
Is mó seans go n-éireodh le beartas mar sin there’s a greater chance that a plan like that would succeed
" In áit na hacmhainní ar fad beagnach a chaitheamh ar Bhéarlóirí go príomha, ag iarraidh Gaeilgeoirí a dhéanamh astu, nach fiú iarracht a dhéanamh a ndílseacht don Ghaeilge a dhaingniú i measc na ndaoine óga a bhfuil sí acu cheana? Nach bhfuil sé thar am dúinn, iarracht a dhéanamh na déagóirí a bhfuil Gaeilge acu cheana ar fágáil na scoile dóibh, a choinneáil ag Gaeilgeoireacht agus iad ag dul isteach sna ficheadaí? Is mó seans go n-éireodh le beartas mar sin, im’ thuairimse.
Ní éireodh riamh le muintir na Gearmáine the German people would never succeed
" ”* An Bhrionglóid Seirce ========= Ní éireodh riamh le muintir na Gearmáine ná lena sliocht éalú ón scáth sin dar le máthair Hugo.
d’éirigh le succeeded
" Ba iad na rábálaithe Afra-Mheiriceánacha, Tommie Smith agus John Carlos, comhroghanna na coitiantachta sa rás, ach d’éirigh le Norman críochnú chun tosaigh ar Carlos.
gníomhú le cinntiú nach n-éireodh leis an Iaráin move to ensure than Iran would not succeed
" Dá dtarlódh a leithéid, bheadh ar na Stáit Aontaithe gníomhú le cinntiú nach n-éireodh leis an Iaráin a cumhacht sa réigiún a mhéadú tuilleadh.
d’éirigh le succeeded
" Faoi dheireadh, d’éirigh le San Nioclás bocht Balor a chur ina shuí arís, agus chrom sé ar litir eile a léamh.
níor éirigh ach le céile comhraic díreach amháin just one man marking (Páidí) was able
" In ocht gcluiche ceannais a bhuaigh Ciarraí níor éirigh ach le céile comhraic díreach amháin scór a fháil agus Páidí á mharcáil – éacht go mba dheacair a shárú.
gur éirigh le succeeded
" D’fhógair an iris Forbes i lár mhí na Nollag gur éirigh le Whelton agus le triúr Éireannach eile liosta na mboc óg is cumasaí a bhaint amach don bhliain 2012; ina measc bhí Jonathon Cloonan, atá tar éis clú a bhaint amach i réimse na fógraíochta san Áis agus na deartháireacha Patrick and James Collison ó Luimneach atá tar éis cáil a bhaint amach i *Silicon Valley*.
d'éirigh le múinteoir amháin one teacher succeeded
" Thug an gunnadóir fogha faoin seomra foirne as a dtáinig an bheirt ar dtús, ach d'éirigh le múinteoir amháin an doras a choinneáil dúnta ina aghaidh.
d’éirigh le m’iarratas my application succeeded
" Nuair a d’éirigh le m’iarratas an post seo a fháil, rinne mé rud beag fiosrúcháin faoin áit.
d’éirigh le seandálaithe archaeologists succeeded
" Bhíothas ag súil nach mbeadh éinne in innimh taisí an cheithearnaigh a dhí-adhlacadh as olluaigh go deo, ach d’éirigh le seandálaithe a chnámharlach a aimsiú dhá bhliain ó shin, ag baint feidhme as eastóscadh aigéid núicléasaigh.
dá n-éireodh le should (Mrs. F.) succeed
" An Míthátal ===== Tugann na fírící sin i lár an bhreithiúnais le fios gur cineál aiste reductio ad absurdum aiste na mbreitheamh, aiste a thug rabhadh don tír mar gheall ar thorthaí diúltacha a thiocfadh aniar aduaidh ar an gcomhphobal, dá n-éireodh le Mrs Fleming Bunreacht na hÉireann a úsáid chun poll a chur sa reacht ó 1993, reacht a shrianaigh í ina cuid ainnise.
Is annamh go n-éiríonn le seldom succeeds
" Is annamh go n-éiríonn le gearán mar seo.
le go n-éireodh leis for it to succeed
" Thug Sammy Wilson ón DUP cleachtas ar a thugtar Petition of Concern faoina gcaithfidh móramh aontachtach agus móramh náisiúnaíoch vótáil ar son bhille ar bith le go n-éireodh leis.
ar éirigh go glé geal le duine amháin acu one of those succeeded brilliantly
" Bhí saol crua ag cuid nach beag de na daoránaigh Éireannacha, gan aon agó, ach léiríonn scéal Galong an dóigh ar éirigh go glé geal le duine amháin acu i gceantar ina raibh sé deacair do bheatha a thabhairt i dtír.
ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith in order that no demo would succeed
" Bhí bac curtha ar an mbóthar ag na póilíní ansin, ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith féasta sacair FIFA a mhilleadh.
muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar if the government doesn’t convince
" Agus Corn an Domhain 2014? ============= Cá bhfios cén fhaid eile a mhairfidh an t-achrann sa Bhrasaíl, ach muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar an bpobal go bhfuiltear dáiríre leis na moltaí feabhas a chur ar sheirbhísí iompair, sláinte, oideachais agus póilíneachta, is féidir brath air go dtarlóidh corraíl den chineál céanna le linn Chorn Domhanda na bliana seo chugainn.
orthu gur éirigh le fir na hardchathrach that the men from the big city
" Is é an dearcadh agus an cur chuige sin a sheas do Chill Chainnigh bliain i ndiaidh bliana agus is mór an teist ar bhua Átha Cliath orthu gur éirigh le fir na hardchathrach an lámh in uachtar a fháil don chéad uair ó 1942 ar shár-iománaithe Chill Chainnigh.
a deirim ar ball ag éirí dom le himeacht I said after a while as I rose up to leave
" “B’fhéidir go bhfeicfidh mé anseo arís thú,” a deirim ar ball ag éirí dom le himeacht.
Níor éirigh le didn’t succeed
" Níor éirigh le duine den lucht féachana aon athraithe a aimsiú.
d'éirigh le hathbhreithniú breithiúnach a judicial review succeeded
" Ach cuireadh stop leis an triail nuair a d'éirigh le hathbhreithniú breithiúnach a ghlac foireann dlí Uí Lubhlaí.
d’éirigh thar cinn le was very successful
" As sin amach, d’éirigh thar cinn le Adele.
Ní éiríonn le don’t succeed
" ’* Ní éiríonn le 18% de rannpháirtithe an rás seo a chríochnú.
D'éirigh le seanfhondúirí an the (R. Party) old-timers succeeded
" D'éirigh le seanfhondúirí an Pháirtí Phoblachtánaigh smacht a fháil ar na hantoiscigh faoi dheireadh, agus tharraing an *Tea Party* ar ais ón aill.
ar éirigh le hoibrithe na seirbhíse the service’s workers succeeded
" Léiríonn sé seo an neamhfheidhmiúlacht a tháinig ar an chóras le linn an tíogair, ach léiríonn sé freisin an dóigh ar éirigh le hoibrithe na seirbhíse, idir bhainisteoirí agus ghnáthoibrithe, a gcuid cleachtas a athrú.
nár éirigh le didn’t succeed
" Is dócha nár éirigh le hoiread is ceann amháin de na turgnaimh fisice a rinne ár múinteoir meánscoile.
D’éirigh le succeeded
" D’éirigh le Ó Cuinneagáin a bhealach a dhéanamh go dtí barr an halla i gcás ar bith, áit ar chroith sé lámh leis na haíonna speisialta a bhí ann ina onóir.
D'éirigh thar barr le succeeded magnificently
" Cur i gCéill na Cáilíochta =========== D'éirigh thar barr le Charlton Athletic i gCorn an Domhain i 1990 ach ba bheag duine a bhí sásta a admháil go raibh méid áirthe cur i gcéill i gceist i gcás cáilíochtaí Éireannacha cuid de na himreoirí.
D’éirigh go maith le was a good success
" D’éirigh go maith le Turas Cholm Cille i nGleann Cholm Cille ar 19ú Mí Aibreán (Sathairn Cásca).
ní éiríonn le státchóras (the Irish) state apparatus doesn’t succeed (in translating)
" Smaoinigh ar seo: ní éiríonn le státchóras na hÉireann ach beagán de na doiciméidí dlithiúla ón tír seo a aistriú go Gaeilge, cé gurb í an Ghaeilge ‘an phríomhtheanga oifigiúil’ de réir Alt 8 den Bhunreacht agus cé go bhfuil sé leagtha síos in Alt 25.
D’éirigh thar cionn le was very successful
" D’éirigh thar cionn le ceannaire an pháirtí, François Legault, sna díospóireachtaí roimh an toghchán, agus é ag ionsaí Marois os comhair an phobail ar an teilifís.
níl ag éirí go maith le foireann na cathrach sin the team from that city hasn't been doing too well
" Cé gur cuireadh tús leis an bpeil Astrálach i Melbourne, níl ag éirí go maith le foireann na cathrach sin le roinnt blianta anuas.
má éiríonn le cruinniú áirithe if a certain meeting is successful
" Tá Alan Desmond den bharúil go mb’fhéidir go bhfeicfimid roinnt na córach i réimsí na himirce faoi dheireadh má éiríonn le cruinniú áirithe sna Náisiúin Aontaithe an mhí seo chugainn (DF).