Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
trí chaighdeán na híomhá a ísliú by reducing the standard of the image
" Mar sin, caitear an méid eolais a laghdú trí chaighdeán na híomhá a ísliú chun go mbeidh sé praiticiúil é a chraoladh.
Ísliú reduction
" Ísliú seachas easpa athraithe, gan trácht ar ardú.
ísliú suntasach noticeable decrease
" Ní nach ionadh go bhfuil ísliú suntasach tagtha ar ioncam an stáit.
a tháillí a ísliú to lower its charges
" Cuireadh brú ar eircom a tháillí a ísliú le déanaí, rud a chabhróidh leis an margadh amach anseo.
ísliú pá pay cut
" Ar achainí beartaíodh go dtabharfaí ísliú pá don bheirt.
ag ísliú getting lower
" "Tá Reg Empey ann, ach cá bhfuil na dlíodóirí, na cuntasóirí, na fir mhóra gnó?" Deir Feeney go bhfuil an caighdeán ionadaíochta atá ag an phobal aontachtach ag ísliú agus ag ísliú an t-am ar fad.
ísliú decrease
" Ach ní léir go bhfuil aon ísliú, sa ghearrthéarma ar a laghad, i ndán do chostas na ngnáth-thithe, costas atá ag méadú in aghaidh na bliana.
ísliú cánach the loweing of taxes
" Ní raibh riamh oiread gá ag an tír seo le díospóireacht, a scrúdódh buncheisteanna ar nós, ar chóir leanúint ag príobháidiú comhlachtaí Stáit; ar chóir go mbeadh ísliú cánach mar phríomhchuspóir i gcónaí; an bhfuil seasamh na tíre seo i leith chogadh na hIaráice mar ba cheart, agus mar sin de.
ísliú decrease
" Nuair a cuireadh scéim cosúil leis an gceann atá molta anseo i gcrích sa Danmhairg, áfach, chonacthas ísliú de 25% ar tháillí fóin phóca.
Ísliú decrease
" Ísliú mhór ab ea é seo ar an 325,000 duine a thug faoina mhacasamhail i 1999.
agus a ghuth ag ísliú leis and his voice was steadily lowering
" “Ar fhulaing sé?” arsa Dónall arís agus a ghuth ag ísliú leis.
ísliú reduction
" Léiríonn an mórthaighde seo go bhfuil ísliú ollmhór tagtha ar chaighdeán Gaeilge daltaí bunscoile le scór bliain anuas.
ísliú reduction
" Deir sí gur tháinig ísliú 32% ar úsáid an Achta idir na blianta 2003 agus 2004.
ag iarraidh an t-ísliú céime a thabhairt dó trying to bring him down a notch
" Dá mbeadh duine eile ag iarraidh an t-ísliú céime a thabhairt dó, ní ghlacfadh sé leis.
ísliú céime demotion
" Ní bheadh sé dodhéanta teacht ar chomhaontú, áfach, agus ní bheadh drogall ar bith ar an Taoiseach ísliú céime a thabhairt do Fahey – nach bhfuil ag barr an ranga faoi láthair ar aon nós.
brú, strus agus ísliú meanman? pressure, strus and lowering of morale?
" Ach an gcaithfear íoc as na rudaí seo le brú, strus agus ísliú meanman? Céard faoinár saibhreas agus forbairt spioradálta? I gceann seachtaine fillfidh mé ar an Maláiv go ceann sé mhí.
pá íosta na Sé Chontae a ísliú. to lower the minimum wage in the Six Counties.
" Tá rún ag Gordon Brown pá íosta na Sé Chontae a ísliú.
ísliú sa ráta Cánach Corparáidí a lowering of the Corporation Tax rate
" Nó thiocfadh leis gur ag cuimilt meala den lucht gnó atá iar-Sheansailéir an Státchiste, le nach mbeidh siad ag gearán barraíocht nuair a dhiúltóidh sé ísliú sa ráta Cánach Corparáidí chuig leibhéal an deiscirt a cheadú do na Sé Chontae.
ísliú lowering
" Níl fáil acu ar na seirbhísí seo in ainneoin go léiríonn taighde gurb iad na fir Éireannacha an t-aon ghrúpa imirceach amháin ar tháinig ísliú ar a n-ionchas saoil i ndiaidh dóibh teacht go Sasana.
an teocht ag ísliú, the temperature falling,
" Tá claisceadal na nduilleog ag tosú, an teocht ag ísliú, tinte á lasadh in athuair.
ísliú pá pay decrease
" Tá cúntóirí ranga, iad sin a chuidíonn le páistí atá faoi mhíchumas, ag rá go bhfuil ísliú pá i ndán dóibh má chuirtear plean úr oibre i bhfeidhm.
glan-ísliú net reduction
" Is ionann sin is a rá go mbeidh glan-ísliú de bheagán os cionn €150,000 i gceist le caitheamh ar nuachtáin Ghaeilge feasta.
ísliú to lower
" Tá sé seo craiceáilte, go speisialta agus muid ag iarraidh an “*carbon footprint*” a ísliú.
ísliú to lower
" Bhí cuid de na ceardchumainn abhus, ámh, glan in aghaidh an chur chuige seo, ag maíomh go mbainfeadh fostóirí áirithe mí-úsáid as le coinníollacha oibre san Astráil a ísliú.
soilse a ísliú dim the lights
" “Ní raibh seans againn suí síos mar theaghlach, na soilse a ísliú, milseog a ithe is féachaint ar na Riordans.
ísliú a lessening
" Dúirt príomhfheidhmeannach an mháthairchomhlachta, British Gas, i mí Eanáir na bliana seo, go mbeidh ísliú fuinnimh sa Bhreatain mura ndéanfar infheistíocht chuí i bhfoinsí in-athnuaite.
ísliú lower
" Cuireadh scairt ar Fhoireann Tarrthála a’ Chairn Ghoirm agus bhí siad ar a mbealach de chois, nuair a nocht bearna sa scamall agus bhí an t-ingearán ábalta ísliú isteach agus James a ghlinneáil aníos 7.
ísliú to lower
" Ní fios go fóill cé a d'eagraigh é, ach táthar ag díriú na méar go forleathan i dtreo Dick Armey, feisire fíorchoimeádach as Texas, agus a eagraíocht FreedomWorks, brúghrúpa a oibríonn thar ceann comhlachtaí chun cáin a ísliú agus gnó an stáit a chur i lámha na hearnála príobháidí.
t-ísliú céime come down in the world
" Is mór an t-ísliú céime é ó chlann mhór Sean-Uladh go mac cime! (http://www.
ísliú ollmhór massive decline
" Fritheadh gur tháinig ísliú ollmhór ar chaighdeán Gaeilge daltaí bunscoile ón uair a deineadh an mórthaighde den chineál chéanna ionann is scór bliain roimhe sin.
lena líon a ísliú to lessen their number
" Meastar go bhfuil corradh is 100,000 crogall inbhir san Astráil faoi láthair, agus tá daoine áirithe den tuairim go bhfuil sé thar am ciorrú de shaghas éigin a chur i bhfeidhm lena líon a ísliú.
ísliú céime demotion
" Ó tharla Barrett a bheith ag dul anonn i mblianta, thiocfadh dó go dtabharfaí ísliú céime dó ag an bhriseadh meántéarma.
deireadh ré, ísliú céime an end of an era, a demotion
" Faoin am seo, mura bhfuil deireadh leis an obair sna háiteacha sin, tá deireadh ré, ísliú céime nó easpa bisigh á dtuar de réir mar atá na hollúna is cáilithe ag dul ar phinsean agus na coláistí éagsúla ag fáisceadh an chreasa.
an t-ísliú ioncaim the lessening of income
" Rinneadh go leor gearán faoin ghearradh ar an liúntas gutháin do phinsinéirí, ach tríd is tríd ó thús na géarchéime, is beag an t-ísliú ioncaim a fuair siad le hais an teaghlach óg a bhfuil cúram leanaí orthu agus, anuas ar chiorraithe an rialtais, a chaill post nó ar gearradh siar ar a dtuarastal.
costais a ísliú to lower costs
" Measann Diarmaid Mac Mathúna go n-aistreofar go leor post in earnáil na ríomhaireachta go tíortha mar an Ind sna blianta atá romhainn mura n-éiríonn linn costais a ísliú sa tír seo.