Pota Focal Intergaelic
on | cón | fón | lón | N
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ón uaigh from the grave
" Is dócha gurbh é bunú Choláiste na Rinne a shábháil Gaelainn na nDéise ón uaigh; comhfhiontar de shórt a bhí anseo idir muintir na háite agus lucht athbheochan na teanga.
d'imeofá ón tsaol ach you'd rather die than
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
d'imeofá ón tsaol ach you'd rather die than
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár Síle was just about back from the bar
" Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár Síle was just about back from the bar
" Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
dá mbaileodh go leor leo ón tír if plenty of people left the country
" Bhí tromlach den phobal ar nós cuma liom, mar gur mhothaigh siad go mbeadh saol níos compordaí acu féin dá mbaileodh go leor leo ón tír! Tá sé in am díospóireacht cheart, oscailte a thosú i dtaobh cheist na hinimirce sa tír seo.
ón tSín from China
" Tharla an rud céanna do thionscal na fíodóireachta agus na lásadóireachta tar éis an chogaidh freisin, agus luaitear fiú an iomaíocht ón tSín agus ón tSeapáin - ní le déanaí a tháinig an tíogar Áiseach chun cinn! Tá an díospóireacht chéanna ar siúl na laethanta seo faoi mhífheiliúnacht na Gaeltachta do chomhlachtaí ardteicneolaíochta de bharr easpa línte ISDN.
Ar shiúl ón away from
" Ar shiúl ón fharraige, bhí an t-oileán iontach ciúin.
a d'eascair ón gcruinniú which emerged from the meeting
" Agus munar éirigh leo gach a bhí uathu a chur i gcrích, d'éirigh leo an bhrí is an bheatha a shú amach as mórán chuile ráiteas, chuile cháineadh, chuile phlean gníomhaíochta, chuile straitéis a d'eascair ón gcruinniú nach raibh ag teacht lena gclár féin.
a scoireadh ón arm who was dismissed from the army
" Tá sé i gceist ag an Aire Cosanta Michael Smith ráiteas a eisiúint laistigh de chúpla seachtain faoi chás Dhónail de Róiste, a scoireadh ón arm i 1969.
scoite amach ón lárchumhacht isolated from the central power
" Ní bheidh iontas ar éinne, seachas, b'fhéidir, ar chorr-státseirbhíseach thall sa mBruiséal a bhíonn ag plé go teibí le saol oibre na mílte duine, gan aon tuiscint cheart aige ar thoradh a chuid ionstraimí reachtúla sna pobail bheaga iascaireachta atá scoite amach ón lárchumhacht.
daoine óga ón cheantar a mhealladh isteach to attract young people from the area in
" Bhí sé mar chuid den sprioc ag an ghrúpa seo daoine óga ón cheantar a mhealladh isteach chun a bheith ag obair ar thionscadal lena dtimpeallacht a dhéanamh níos deise agus dóchas a chruthú don todhchaí agus don ghlúin atá le teacht.
ón Chorn from Cornwall
" Mar sin, má amharcann muid ar an léarscáil, tá sé breá soiléir cén fáth a ndeachaigh Ceiltigh ón Chorn agus Devon go dtí an Bhriotáin sa chuigiú haois IC.
ón iasacht from abroad
" Ar an gcaoi seo, is féidir le lucht foilsitheoireachta i dtíortha go leor súil a chaitheamh ar leabhra ón iasacht, agus cuid acu a chur á n-aistriú, má thaitníonn siad leo.
ón tsícé on psyche
" Chum sé an téarma *Art Brut*, ealaín amh, mar gur mhothaigh sé gur shaothar é a tháinig díreach ón tsícé agus nach raibh truaillithe ag gnáis an phobail.
ag déanamh brabúis ón chogadh profiteering from the war
" Mhaígh an lucht agóide go raibh siad ag gníomhú i gcoinne na meán agus na gcorparáidí atá, dar leo, "ag déanamh brabúis ón chogadh".
ón mbruach from the brink
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go ndéanfaí Gaeltachtaí na hÉireann a neartú agus go dtarraingeofaí an Ghaeilge ar ais ón mbruach.
ón ghnáthshaol from everyday life
" Shíl mé gur athrú deas a bheadh ann ón ghnáthshaol anseo i Learpholl, agus mheas mé go mbeadh na scileanna úsáideach dom mar go bhfuil mé ag déanamh cúrsa teastais do cheannairí siúl sléibhe geimhridh le Bord Oiliúna Sléibhe na hAlban faoi láthair.
ón seanchóras cumannach from the old communist system
" Taca an ama sin, bhí athruithe móra ag titim amach in oirthear na hEorpa agus bhí an Banc Domhanda ag tabhairt tacaíochta do na tíortha a bhí ag imeacht ón seanchóras cumannach go córas eacnamaíochta an mhargaidh.
i bhfolach ón phobal hidden away from the public
" Ach an ndéanfaidh athruithe sna dlíthe ceadúnúcháin aon difríocht don chultúr ólacháin atá againn in Éirinn? Is cinnte go leanfaidh an t-aos óg orthu ag ceannach dí sna hollmhargaí móra agus á hól sa bhaile nó in áit shábháilte eile, i bhfolach ón phobal.
ón slua from the crowd
" I 1999 bhí mé ag an bhFleadh i mBéal an Átha agus nuair a bhí mé ag siúl síos an bóthar phioc athair Chlodagh amach ón slua mé.
ón gComhairle Ealaíon from the Arts Council
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Faighimid airgead ó Bhord na Leabhar Gaeilge agus ón gComhairle Ealaíon.
díbeartha ón gcluiche sent off
" Imreoirí díbeartha ón gcluiche agus téarmaí fionraíochta bronnta orthu.
ón Bhreatain Bheag from Wales
" Tá Gearóid ag dul go dtí an tSlóvéin ag deireadh na míosa, áit a mbeidh filí ó Thír na mBascach, agus ón Bhreatain Bheag.
scór bloc ón suíomh twenty blocks from the site
" Bhí mé bodhraithe ag an ghleo agus mé fós scór bloc ón suíomh.
ón Ísiltír from Holland
" "Tá grúpa againn ón Ionad Cultúrtha Éireannach i Phoenix, Arizona, agus daoine ó Shasana, ó Cheanada, ón tSeapáin, ón Ísiltír agus ón Ghearmáin.
ón Chóiré from Korea
" Níor fhéach siad siar ar an stair agus ar na ceachtanna a d'fhéadfaí a fhoghlaim ón Chóiré agus ó Vítneam.
samhloidí ón litríocht chlasaiceach imagery from classical literature
" Tá blaisín samhloidí ón litríocht chlasaiceach ann - is carbhad a bhád beag, mar shampla - agus tá macallaí na salm ann freisin.
ón bhfásach from the desert
" An Scéal: Siúlann TRAVIS (Travis) isteach ón bhfásach, é fágtha balbh ag a eachtra, tar éis dó a bheith ar shiúl le ceithre bliana anuas.
idir chinn dhúchasacha agus chinn ón Bhreatain both native and British ones
" Chinnteodh comhairle reachtúil go mbeadh ar gach nuachtán a dháiltear sa stát seo, idir chinn dhúchasacha agus chinn ón Bhreatain, cloí leis na rialacha céanna.
ón chóras oifigiúil oideachais from the official education system
" Ina dhiaidh sin, caithfimid tús a chur leis na príomhimeachtaí oideachasúla don aos óg: campa samhraidh do na páistí bunscoile agus scoil samhraidh do na daltaí meánscoile (le haitheantas ón chóras oifigiúil oideachais).
murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán unlike most of the people from the island
" Ní raibh aithne agam air nuair a bhí mé ar scoil, mar níor Chaitliceach é, murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán, ach chas mé air ag seisiún ceoil Ghaelaigh, mar go bhfuil an traidisiún céanna acu.
faoi bhrú ón Rialtas under pressure from the Government
" An dtiocfaidh an lá go mbeidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe táille ar leith a ghearradh ar dhaoine chun íoc as loiscneoir sa gcontae, loiscneoir nár theastaigh ón gcomhairle ná ón bpobal áitiúil ach a tógadh faoi bhrú ón Rialtas? An rud atá ag tarlú i nGaillimh, tarlóidh sé ar fud na tíre, mar go bhfuil treoir tugtha ag an Rialtas do chuile údarás áitiúil, faoin Acht Pleanála agus Forbartha 2000, airgead a bhailiú chun íoc as na costaisí caipitil a bhaineann le hinfrastruchtúr agus áiseanna thar tréimhse dhá bhliain déag.
ón seanam from olden times
" Ar ndóigh, tá bailte móra ann a bhfuil ainmneacha Gàidhlig orthu, ar nós Gartcosh, Airdrie, Kilcadzow is araile; ach is ón seanam iad na hainmneacha sin, agus níl "seanteanga bhinn na nGael" le cloisteáil sa cheantar níos mó.
ón gComhairle Ealaíon from the Arts Council
" ach tagann an tacaíocht is mó ón gComhairle Ealaíon.
ón earnáil dlí from the legal sector
" Tá ionadaithe ann ó Chonradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Fiontar agus Oideas Gael, mar aon le hionadaithe ón earnáil dlí.
ón tSairdín from Sardinia
" Titeann braon mór anuas ón sconsa sa chistín go rialta - ach is cuma! Tá mé i ndiaidh fanacht ansin anois cúpla uair agus bualadh le roinnt daoine suimiúla ann, ina measc scríbhneoir óg ón tSairdín, a chuir faoi ansin ar feadh cúpla seachtain le roinnt scríbhneoireachta a dhéanamh.
lánúin óg ghealgháireach nuaphósta ón tSlóvaic a cheerful newly-wed couple from Slovakia
" I measc na n-aíonna, bhí lánúin óg ghealgháireach nuaphósta ón tSlóvaic, agus iad ag ceiliúradh mhí na meala.
ón gcé from the quay
" ón gcéfrom the quay ag éalú ó Sergioescaping from Sergio bhí dul amú uirthishe was wrong láithreachimmediately díomádisappointment ón mbriseadh croífrom the heart-break spriocannatargets, ambitions santachgreedy craosvoracity matáinmuscles a chúl leathanhis broad back N'fheadar an fear séimh éI wonder if he's a gentle man ceachtlesson dainséarachdangerous pónairíbeans ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis grástúlachtgracefulness gníomharthaactions friochtánfrying-pan gluaiseachtmovement rinceoirdancer le fáil go fliúrseachplentiful ag taitneamhshining go hainnismiserable nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty Bíonn go deimhinIt is indeed a chuid pleidhcíochtahis fooling around Ní bhaineann sin leatMind your own business ró-áthasachto happy Gabhaim pardún agatI apologise fiosrachinquisitive castacomplicated conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up mo mhuinínmy trust ar teitheadh uaidhfleeing from him ionraichonest mímhacántadishonest deoratears déistindisgust mórthimpeall orthuaround them ag soilsiúshining ná bac leisdon't bother with him
ón mbriseadh croí from the heart-break
" ón gcéfrom the quay ag éalú ó Sergioescaping from Sergio bhí dul amú uirthishe was wrong láithreachimmediately díomádisappointment ón mbriseadh croífrom the heart-break spriocannatargets, ambitions santachgreedy craosvoracity matáinmuscles a chúl leathanhis broad back N'fheadar an fear séimh éI wonder if he's a gentle man ceachtlesson dainséarachdangerous pónairíbeans ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis grástúlachtgracefulness gníomharthaactions friochtánfrying-pan gluaiseachtmovement rinceoirdancer le fáil go fliúrseachplentiful ag taitneamhshining go hainnismiserable nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty Bíonn go deimhinIt is indeed a chuid pleidhcíochtahis fooling around Ní bhaineann sin leatMind your own business ró-áthasachto happy Gabhaim pardún agatI apologise fiosrachinquisitive castacomplicated conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up mo mhuinínmy trust ar teitheadh uaidhfleeing from him ionraichonest mímhacántadishonest deoratears déistindisgust mórthimpeall orthuaround them ag soilsiúshining ná bac leisdon't bother with him
ón iarraidh dheireanach a bhí tú anseo since the last time you were here
" Fan go bhfeice muid cén dochar atá déanta agat ón iarraidh dheireanach a bhí tú anseo.
ón Ísiltír from the Netherlands
" Tá an conradh do na toghcháin áitiúla buaite ag an gcóras Nedap/Powervote ón Ísiltír, agus is léir ón suíomh gréasáin atá acu (http://www.
ón chlochaois from the stone age
" Tá taispeántas ann a léiríonn stair na háite ón chlochaois ar aghaidh.
Bhí an t-ádh dearg liom éalú ón tír I was really lucky to escape from the country
" (Bhí an t-ádh dearg liom éalú ón tír; cuireadh stop le heitiltí isteach agus amach ó La Paz go gairid i ndiaidh dom fágáil!) D'fhéach na saighdiúirí leis na hagóideoirí a chur faoi chois le gás agus scaoil siad leo.
a dhéanfaidh iad a idirdhealú i gcónaí ón gcoilíní that will always differentiate them from their colonizer
" Sa lá atá inniu ann, tá cultúr agus teanga faoi leith acu a dhéanfaidh iad a idirdhealú i gcónaí ón gcoilíní, agus a chinnteoidh nach dtiocfaidh meath go deo ar na nithe a dhéanann difriúil iad ó chultúir eile.
ón ré luath-Chríostaí from the early Christian period
" Is breá liom dul ar thurais, agus is é an rud iontach faoin tseandálaíocht ná go mbíonn na láithreacha ársa amuigh faoin tuath de ghnáth, in áiteanna áille - tá cairn agus ciorcail ghallán neoiliteacha ar thaobh sléibhte, tá ráthanna de chuid na gCeilteach i measc páirceanna, tá mainistreacha ón ré luath-Chríostaí in aice le haibhneacha nó lochanna, agus tá caisleáin ar charraigeacha arda dubha in aice leis an fharraige.
ón Aois Mhéisiliteach from the Mesolithic Age
" Cuireann sé síos ar áiteanna áirithe mór le rá ón Aois Mhéisiliteach go dtí an seachtú haois déag, agus léiríonn sé modhanna taighde fosta, mar shampla dátú radacarbóin agus anailís phailine.
ní féidir staonadh ón iarracht the attempt must not stop
" Ach ní féidir staonadh ón iarracht.
ón gcomhartha raidió from the radio signal
" Níl gá ag na clibeanna le cadhnraí toisc go bhfaigheann siad a gcuid cumhachta ón gcomhartha raidió a chraolann na léitheoirí atá á gceistiú, rud a thugann buntáiste mór dóibh i gcomparáid le teicneolaíochtaí eile atá bunaithe ar ghutháin shoghluaiste.
ón mBaile Meánach from Ballymena
" Nár dheas é, tráthnóna geimhridh, Páirc an Chrócaigh a bheith feistithe i nglas, foireann rugbaí na hÉireann ina seasamh ar aire agus gach duine acu, cuma ón mBaile Meánach nó ó Thrá Lí é, ag canadh amach go mórtasach focla amhrán náisiúnta na hÉireann.
agus an dréimire a chiceáil ar shiúl ón dream a bhí thíos fúthu and to kick away the ladder from those who were below them
" "Bhí siad sásta cibé deontais a bhí ag teacht ón Eoraip agus ón Bhreatain a ghlacadh agus an dréimire a chiceáil ar shiúl ón dream a bhí thíos fúthu.
níos faide ar shiúl ón lámh láidir further away from violence
" Má thig le hAdams agus a chairde bogadh níos faide ar shiúl ón lámh láidir, tá *vista* an-phléisiúrtha rompu, ainneoin iarrachtaí Michael McDowell.
ón gComhaontas Glas from the Green Party
" Ach céard faoi olltoghchán 1997 nuair a theip ar Michael McDowell ón bPáirtí Daonlathach i mBaile Átha Cliath Thoir-Theas? Ní raibh ach 27 vóta idir eisean agus John Gormley ón gComhaontas Glas nuair a toghadh Gormley.
ón gcliabhán from the cradle
" AÓF: Cén chaoi ar thosaigh an spéis seo ar fad atá agat san amhránaíocht agus sa cheol? MNA: Tá sé ón gcliabhán agam.
brabús ón mbeár profit from the bar
" Taobh amuigh de sin, braithimid ar tháillí ranganna, cíos a fhaighimid don Halla Nua agus ó sheomraí an Árais a chur ar fáil do ghrúpaí éagsúla, táillí ballraíochta agus brabús ón mbeár chun ár gcostaisí (iasachtaí ón mbanc san áireamh) a ghlanadh.
ón Aontas Eorpach from the European Union
" Ina dhiaidh sin, d'éirigh liom deontas a fháil ón Aontas Eorpach, agus chaith mé breis is trí seachtaine ar chúrsa in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua i gConamara.
ón ngnáthéisteoir from the ordinary listener
" Ba chóir go mbeadh chuile ní atá ag teastáil ón ngnáthéisteoir le fáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus nár ghá dó éisteacht le haon seirbhís raidió eile.
ón tionscnamh Eorpach from the European initiative
" Dúirt seisean gur léir na buntáistí a fuair saoránaigh na mballstát ón tionscnamh Eorpach - cearta oibre agus taistil, reachtaíocht shóisialta agus chomhshaoil agus mar sin de.
ionchur ón bpobal input from the public
" Tá comhlachtaí príobháideacha tar éis tosú ar an múnla seo a leanúint freisin - mar shampla, chabhraigh ionchur ón bpobal go mór le Google leagan Gaeilge den inneall cuardaigh acu siúd a chur ar fáil (http://www.
ón Eaglais Bhreac from Falkirk
" Alexander Fallon, dhá bhliain is seachtó d'aois, ón Eaglais Bhreac in Albain ab ea é.
ón chloigeann from the head
fothorthaí ón gcógas side-effects from the medicine
" Samhlaigh an créatúr bocht má bhíonn air/uirthi filleadh ar an dochtúir de bharr fothorthaí ón gcógas a bhí sé ag glacadh! Is iad dochtúirí teaghlaigh na tíre a fheiceann daoine mar seo chuile lá, mar sin tá tuiscint mhaith acu ar an scéal.
ón Chairib from the Carribean
" Tá na hÉireannaigh sa dara háit, tar éis daoine dubha ón Chairib, ó thaobh scitsifréine de.
ón Aontas Eorpach from the European Union
" Ach nach bhfuil ceist thruailliú an chomhshaoil i bhfad níos simplí? Cuireadh tús le Scéim Chaomhnaithe an Chomhshaoil faoin Tuath i 1994 agus, idir 2000 agus Meitheamh 2004, fuair 46,000 feirmeoir deontais faoin scéim seo arbh fhiú €420 milliún iad (tháinig 75% den airgead ón Aontas Eorpach).
ón Pháirtí Cumannach from the Communist Party
" Bhí daoine ann ón Pháirtí Cumannach, ón Workers Party.
ón bpobal i gcoitinne from the community in general
" Is rud tábhachtach é go dtiocfadh daoine ó cheantair eile chuig Baile Munna mar tugann sin teachtaireacht nach bhfuil an áit scartha amach ón bpobal i gcoitinne, nach bhfuil sé imeallaithe, ar oileán éigin.
maoiniú ón earnáil phríobháideach funding from the private sector
" "Má ghlacann tú Sinn Fein Féin, mar shampla; bhí Martin McGuinness sásta, agus é ina Aire Oideachais, úsáid a bhaint as maoiniú ón earnáil phríobháideach le scoileanna a thógáil sa tuaisceart.
éalú ón bpionós to escape the punishment
" I bhfocail eile, má thugann tú leathmharú do dhuine ar pháirc na himeartha agus fionraí sé mhí tuillte agat dá bharr, mura bhfuil tú i do "*alien*" amach is amach beidh aithne agat ar dhuine éigin a bheas in ann cuidiú leat éalú ón bpionós atá ag dul duit.
coimisiúnú ón earnáil neamhspleách commissioning from the independent sector
" Baineann a cuid freagrachtaí le léiriú inmheánach, agus coimisiúnú ón earnáil neamhspleách, na gcláracha sna réimsí atá faoina cúram.
ón tSualainn from Sweden
" I measc na bhfoghlaimeoirí fásta seo, tá bean ón tSualainn, mac léinn ón mBriotáin, *patissier* ó Poitiers a bheidh ag aistriú go hÉirinn san athbhliain, ceoltóir a bhfuil an Ghréigis ar a toil aici cheana féin, aistritheoir gairmiúil a bhíonn ag plé le téacsanna i mBéarla na hÉireann, saineolaí uisce Airméanach - Liobánach, múinteoir Béarla a rinne tráchtas ar Brian Friel, agus beirt Éireannach atá i bPáras le fada, atá ag iarraidh cuimhneamh ar an nGaeilge a d'fhoghlaim siad agus í a chleachtadh.
ón doichte chéanna from the same rigidity
" Fiú na leamhgháirí a bhíonn ar ghnúiseanna Joe Mac Dunno agus Maggie Martin, ní bhogann siad riamh ón doichte chéanna agus muid ag fuirseadh fríd leathanaigh *Saol *gach mí: Joe agus Maggie; Maggie agus Joe; Joe gan Maggie; Maggie gan Joe.
ón Chomar from Comber
" Thóg mé an bóthar álainn ón Chomar go Dún Pádraig, ansin chuaigh mé trí Chaisleán Uidhilín, baile beag pictiúrtha atá ag fás go gasta.
A fhad ar shiúl ón áit seo agus a thig leat mo thabhairt As far away from this place as you can take me
" "A fhad ar shiúl ón áit seo agus a thig leat mo thabhairt, a mhic," arsa Deirdre agus léim sí isteach.
ón ré luath-Chríostaí the early Christian period
" Ar an bhealach, thit mé i ngrá le dánta gonta, áille na manach ón ré luath-Chríostaí agus ansin leis na hamhráin ón 18ú haois, atá mar chuid den traidisiún amhránaíochta fós.
chóir a bheith ón tús nearly from the beginning
" Agus, rud a bhí an-tábhachtach domsa, ná gur thosaigh mé ag scríobh i nGaeilge chóir a bheith ón tús.
ardú díreach ón talamh lifting directly from the ground
" Aontaím gur cóir triail a bhaint as an ardú díreach ón talamh ach sílim nár chóir go mbeadh cead dhá lámh a leagan ar an liathróid agus í ar an talamh.
díbeartha ón imirt banished from play
" Is dócha go mbeidh leisce orthu níos mó ná ceathrar, abair, a bheith díbeartha ón imirt ag an am céanna.
ón áit is clúití from the most famous place
" " Níl Hotel Rinascente i bhfad ón áit is clúití i bPisa, an Túr Claonta.
in éagmais tacaíocht cheart ón stát in the absence of proper state funding
" Tá an tIontaobhas ag iarraidh deontóirí eile a aimsiú chun a chinntiú go dtig leo borradh a choinneáil faoin Ghaelscolaíocht ó thuaidh, fiú in éagmais tacaíocht cheart ón stát.
theifeach ón mBoisnia a refugee from Bosnia
" Mar a dúirt mo dhuine i Monty Python, *Now for Something Completely Different *– tá sé díreach tar éis alt a scríobh don *Belfast Telegraph *dar teideal *“Should Camilla be Queen?”! *Tá sraith leabhar d’fhoghlaimeoirí fásta faoi theifeach ón mBoisnia scríofa aige fosta, mar aon le ceithre chnuasach filíochta.
ón bhfíorfhadhb from the real problem
" Tharraing an robáil aird gach duine ón bhfíorfhadhb, is é sin le rá, cinneadh rialtas na Breataine uair amháin eile géilleadh don Dr.
ón mbuiséad iompair from the transport budget
" Caitear an chuid is mó den airgead poiblí ón mbuiséad iompair ar bhóithre nua agus is amhlaidh atá le tamall fada anuas; b’fhéidir, áfach, go bhfuil lag trá na n-iarnród thart tar éis tréimhse fada meathlaithe agus easpa airgid.
ón stát brúidiúil Briotanach from the brutal British state
" DENIS: Huh? MÁNAS: Iad ag éalú ón stát brúidiúil Briotanach agus ag teacht anseo.
ar a sheachnadh ón dlí on the run from the law
" B’fhéidir gurb é Whitey Bulger as Bostún an bithiúnach deireanach Éireannach atá ar a sheachnadh ón dlí.
ón tsaintaithí Ghael-Mheiriceánach from a specifically Irish American experience
" An bua is mó a bhaineann le leabhar English, áfach, ná go n-éiríonn leis an údar a léiriú gur fáisceadh na daoine claonaíocha seo, ar shlí éigin, ón tsaintaithí Ghael-Mheiriceánach ar fhág uafás an Ghorta Mhóir agus an naimhdeas a bhí i gceist sna cathracha móra i Meiriceá a rian uirthi.
deighilte ón tsochaí removed from society
" Le linn dó bheith ag obair i Muinseo, deir Bowler go ndeachaigh “taobh caimileonach daoine” i gcion air, “an tslí a n-éiríonn leo iad féin a chur in oiriúint do na spásanna ina maireann siad, is cuma cé chomh beag agus deighilte ón tsochaí is atá siad”.
ón Ollainn from Holland
" Le mo chois féin, bhí beirt fhoghlaimeoirí eile ann – Henny ón Ollainn, oibrí sóisialta a rinne cúpla siúlóid an-fhada san Afraic ar son na carthanachta, agus Chuck ó na Stáit Aontaithe, a oibríonn le staitisticí agus a chónaigh i bPeiriú agus é níb óige.
deighltear an t-uisce ón ola the water is separated from the oil
" Ina dhiaidh sin, deighltear an t-uisce ón ola agus sa deireadh tagann an ola ghlas álainn amach as sconna.
ón tréimhse réabhlóideach sin from that revolutionary period
" Agus mé ag labhairt faoi seo leis an ghrúpa siúlóirí, ní raibh tuairim agam go mbeadh mo lámh féin ar bhád ón tréimhse réabhlóideach sin roimh i bhfad - agus gur i Learpholl a tharlódh sé! Ní raibh mé i bhfad ar ais anseo nuair a chuala mé go raibh bád Bheanntraí, bád Francach ó 1796, i Músaem Mara Merseyside, áit a raibh John Kearon agus a fhoireann á dheisiú.
ón Nua-Shéalainn from New Zealand
" "Cé go raibh Éire neodrach, go hoifigiúil, sa chogadh, bhí 43,000 duine ón tír sin i bhfórsaí na Breataine, níos mó ná an méid daoine ón Nua-Shéalainn a bhí iontu, agus deonaigh ab ea iad uilig," a dúirt sé.
go dtabharfadh an tionscal is mó sa tír na cosa leis ón ghéarchéim that the biggest industry in the country would recover from the crisis
" Buille an bháis ======= Rinne pobal na tíre seo gnaithe maith aimsir an ghalair crúibe is béile nuair a tharraing muid le chéile lena chinntiú go dtabharfadh an tionscal is mó sa tír na cosa leis ón ghéarchéim.
ón bhaile isteach from the outside
" Moladh é as an mhisneach a léirigh sé thar na blianta; é ag cur i gcoinne *yuppies *ón bhaile isteach a bhí ag déanamh treaspáis ar a chuid talún ar a mbealach go Beann Gulbain.
ón tionscnamh Eorpach from the European initiative
" Dúirt seisean gur léir na buntáistí a fuair saoránaigh na mballstát ón tionscnamh Eorpach - cearta oibre agus taistil, reachtaíocht shóisialta agus chomhshaoil agus mar sin de.
ón Nua-Shéalainn from New Zealand
" I mí na Bealtaine, fógraíodh go mbeadh McDonald’s ag ceannach leath na bhfataí a úsáideann siad san Astráil ón Nua-Shéalainn.
ón chosmhuintir from the ordinary people
" Tá sé “ró-eisiach”, dar leo, agus scarann sé baill an pháirtí ón chosmhuintir.
ón Chré-Umhaois from the Bronze Age
" Go díreach os cionn na páirce tá cnoc darb ainm Berryhill, ar a bhfuil iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois agus imfhálú ón Aois Iarainn.
iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois traces of a Bronze Age hut circle
" Go díreach os cionn na páirce tá cnoc darb ainm Berryhill, ar a bhfuil iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois agus imfhálú ón Aois Iarainn.
imfhálú ón Aois Iarainn an Iron Age enclosure
" Go díreach os cionn na páirce tá cnoc darb ainm Berryhill, ar a bhfuil iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois agus imfhálú ón Aois Iarainn.
ón Aois Mhéisiliteach from the Mesolithic Age
" Tá caife agus siopa ansin, agus scannán a léiríonn scéal drámatúil faoi bheirt pháistí a thaistilíonn tríd an am ón Aois Mhéisiliteach go dtí ré theacht na Críostaíochta.
aistrithe ón mBreatnais translated from Welsh
" Is sliocht é seo as úrscéal le hAled Islwyn, atá aistrithe ón mBreatnais ag **Diarmuid Johnson**.