Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
údarásach authoritive
" " Eolas ar an idirlíon ======= Chuaigh mé ar an idirlíon ag lorg eolais faoi *cryptosporidium* agus d'éirigh liom suíomh maith údarásach a aimsiú.
údarásach authoritive
" An rud atá i gcoiteann ag na deich bhfocal seo ná nach bhfuil siad le fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill, foclóir údarásach na Gaeilge.
go húdarásach authoratively
" Dúirt Howard go húdarásach mí roimh an olltoghchán: "Ní theastaíonn uaim go dtiocfadh daoine mar sin go dtí an Astráil.
téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge standardised authoritive terminology in Irish
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh é chun téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge a chur ar fáil d'earnáil an oideachais.
ghraiméir údarásacha authoritive grammars
" Le blianta fada - agus mé ag éirí aníos agus chóir a bheith ó shin i leith - bhí trí cinn de ghraiméir údarásacha ann, mar atá, an *Réchúrsa Gramadaí, Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí *agus *Gramadach na Gaeilge - an Caighdeán Oifigiúil.
údarásach authorative
" Níor éirigh leis lámh a leagan ar an Taoiseach i Seomra na Dála: níl aon radharc go fóill uaidh ar an nguth údarásach mar cheannaire an fhreasúra.
údarásach authoritive
" Deirtear sa leabhar údarásach *The Companion to Irish Traditional Music* gurb é atá freagrach as athbheochan an cheoil uirlise in iarthuaisceart Dhún na nGall.
go húdarásach with authority
" Ach cad iad na ceisteanna móra atá na hiarrthóirí ag cur chun tosaigh? Cé aige a bhfuil a fhios? Níl polaiteoirí ná vótóirí na Sé Chontae aibí go leor le tábhacht, tionchar ná todhchaí na hEorpa a phlé go mion agus go húdarásach.
na leaganacha is údarásaí the most authorative versions
" Síleann amhránaithe áirithe gur sna leabhra atá na leaganacha is údarásaí de na hamhráin, agus úsáidtear na leaganacha clóite mar shlat tomhais chun breith a thabhairt ar leaganacha béalaithrise.
leaganacha údarásacha Gaeilge authorative Irish language versions
" Ní raibh leaganacha údarásacha Gaeilge de na logainmneacha ann, agus ar an ábhar sin a bunaíodh An Coimisiún Logainmneacha ar bharántas ón Aire Airgeadais sa bhliain 1946 "chun ceartfhoirmeacha bunaidh Gaeilge na logainmneacha" a dheimhniú agus a chur ar fáil "chun a n-usáidte go hoifigiúil".
údarásach authorative
" An peaca marfach é seo a rá? An bhfuil seans ann go raibh an bealach oibre a d'úsáid Foras na Gaeilge le cúpla mí anuas, agus a chothaigh oiread conspóide, go raibh sé ceart? Nach bhfuil orthu bheith údarásach agus seiftiúil le hathruithe a bhaint amach? Tá na struchtúir chéanna agus na bealaí oibre céanna ag na príomheagraíochtaí Gaeilge le blianta fada anois agus b'fhéidir go bhfuil sé in am don Fhoras iad a spreagadh le hathruithe radacacha a chur i bhfeidhm.
chomh húdarásach sin so authorative
" In aghaidh na hIarmhí bhí an cluiche mar chomórtas thart roimh leath ama toisc go raibh Áth Cliath chomh húdarásach sin ar fud na páirce.
Guth údarásach ciúin a quiet authorative voice
" ) Guth údarásach ciúin atá ag de Barra.
bua éasca, údarásach easy, authoratitive victory
" Nuair a smaoiním ar an bpeil, smaoiním ar an lá úd san Algarve agus an bua éasca, údarásach a bhí ag foireann Chiarraí.
an-údarásach very authoritatively
" Deir sé go dtuigtear dó ar fhoinse an-údarásach go bhfuil formhór na n-eachtraí a bhaineann leis an aistriú láimhe mídhleathach, is é sin, i gcoinne rialacha an chluiche.
údarásach authoritative
" Bhí muid ag brath ar bhlagadóirí agus ar chláracha plé éagsúla, ach dá fheabhas an díospóireacht agus na barúlacha spéisiúla a nochtaíodh orthu, ní raibh iontu i ndeireadh ama ach tuairimíocht seachas tuairisceoireacht, údarásach, neamhchlaonta.
údarásach authoritative
" Tá an tAE chun cinn ar thíortha eile maidir leis an cheist seo: tá tús maith curtha aige leis an obair seo agus bhíothas ag súil go mbeadh guth láidir údarásach an AE ag brú na dtíortha eile chun tosaí sna cainteanna sa Danmhairg.
údarásach authoritative
" Guth foirfe údarásach a thug an Ciarraíoch oilte seo an doras chugainn isteach ón gcéad lá.
guth údarásach an authoritative voice
" Is léir go dtuigeann siad go bhfuil bearna ann agus go bhfuil daoine ag iarraidh guth údarásach chun an bhearna sin a líonadh.
go húdarásach authoritatively
" Nuair a thaispeáin sí an t-urlár dom go húdarásach, thuig mé gurbh ise an suathaire – an masseuse - agus go raibh sé de dhualgas orm luí síos de réir mar a bhí sí féin a mholadh.
foirm údarásach scríofa dá seanchas a written authoritative form of its lore
" I 1996, foilsíodh Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an taos léinn, 1603-1788 de chuid Bhreandáin Uí Bhuachalla, leabhar a rinne iarracht a chruthú gurbh é: ‘a bhí i gceist ag an gCéiteannach nach mbeadh aon ‘luadh ná iomrádh’ ar Éirinn feasta mura gcuirfí foirm údarásach scríofa dá seanchas ar fáil: ní hé go mbáifí Éire nó go rachadh sí ar ceal ach go rachadh sí i ndíchuimhne.
le cúlra údarásach scéil a fháil to come on the authoritative background to a story
" Bhí aithne ag na hiriseoirí ar na daoine "cearta" le dul chucu le cúlra údarásach scéil a fháil - dúnmharú, troid inmheánach, amhrasáin nó dearcadh na bparaimíliteach ar chúrsaí polaitíochta, mar shampla - bíodh siad ina bpoblachtánaithe nó ina ndílseoirí nó mar bhaill de na fórsaí slándála.
go húdarásach with authority, authoritatively
" Caidé mar a bheadh a fhios aici é sin ar scor ar bith? Agus PhD i nDlí na hEaglaise Caitlicí anois ag Íosa Mhic Giolla Mháire, thig léi labhairt go húdarásach faoi rud ar bith ar domhan, nó níl rud ar bith ar chlár na cruinne nach bhfuil baint ag an Eaglais leis agus nach bhfuil an Eaglais sásta labhairt go húdarásach faoi.