Pota Focal Intergaelic
úr | air | búir | púir | úil | úim
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an spóirt is úire the newest sport
" Tá sí i mbun an spóirt is úire ar chlár imeachtaí turasóireachta thíortha lár na hAfraice.
úire newness
" Rinneadh iarracht sa chuid is mó den saothar briseadh ó íomhánna steiréitíopacha agus, in ainneoin go ndearnadh go leor den obair ag tús na nóchaidí, níl aon chuid dá húire caillte aici.
úire freshness, newness
" Nuair a bhíonn an ceadharlach earraigh faoi bhláth bíonn úire san aer.
úire newness
" An tsaoirse is an t-áthas a fuair greim ar mo chroí … Bhí gile sa spéir, bhí úire san aer, bhí guth na cuaiche le clos … Bhí mo *mhagnificat *féin á chanadh agam.
den saothar is úire of the newest work
" Cad é a shílfidh muintir na cathrach, mar sin, den saothar is úire atá le feiceáil ar a gcuid sráideanna? Tá tréad bó i ndiaidh teacht go dtí an phríomhchathair, ní an cineál atá beo, dar ndóigh, ach píosaí dealbhóireachta, múnlaithe mar bha agus maisithe ar dhóigheanna éagsúla.
dhea-rúin na bliana úire new year's resolutions
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú .
builín aráin úir a loaf of fresh bread
" Ar an bhealach, stad ár múinteoir, Franca, ag siopa agus cheannaigh sí builín aráin úir.
a húir gan mhaith you useless hoor
" ?” “*Feck off,* a húir gan mhaith agus ná bí ag cur as dom os comhair lucht m’adhraithe anseo!” arsa Joe leis.
úire newness, freshness
" ” Rinne Éilís céim sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin dochtúireacht sa Bhéaloideas.
úire newness
"úire ag baint leis agus níl sé ar dhóigh ar bith róshnasta, mar a bhíonn go leor dlúthdhioscaí na laethanta seo.
spréach agus úire spirit and newnesses
" Ceannródaithe a bhí i Barbera agus a pháirtí, William Hanna, agus chuir an bheirt acu spréach agus úire i gcúrsaí beochana le cartúin mar *The Flintstones*, *Scooby Doo*, *Yogi Bear*, *The Jetsons *agus *Tom and Jerry*.
faoi thodhchaí na tíre úire seo about the future of this new country
" Go cinnte, is ag smaoineamh faoi thodhchaí na tíre úire seo a bhí bunaitheoirí na tíre nuair a ritheadh an dlí.
mar chathaoirleach na corparáide reachtúla úire. as chairman of the new the statutory corporation.
" Nuair a d’fhógair TG4 go mbeadh an stáisiún neamhspleách ar RTÉ ó 1 Aibreán 2007 ar aghaidh, ba é Peter a roghnaigh an stáisiún le bheith mar chathaoirleach na corparáide reachtúla úire.
ag urrú na duaise úire, sponsoring the new prize,
" An comhlacht cáiliúil vodca Checkout Tescoski a bheas ag urrú na duaise úire, Sciath Rinksi Amscaí.
i leith na sochaí úire as regards the new society
" Cad é a tharla do “parity of esteem”, coincheap agus cur síos a bhí i mbéal gach duine tráth? Bhí sé de dhóchas ag cuid mhór daoine go mbeadh gach dream in ann a fhís féin i leith na sochaí úire a bhaint amach agus an foréigean ruaigthe go buan ó pholaitíocht na hÉireann.
easpa aeir úir lack of fresh air
" Bhreathnaigh mé isteach sa scáthán lá amháin agus bhí m'aghaidh chomh bán le sneachta an gheimhridh mar gheall ar easpa aeir úir agus sholas na gréine.
ag eisiúint a ceirnín úir releasing her new record
" “An mbeidh caife agat le do chuid ceoil?” An mhí seo caite, d’fhógair Madonna go mbeadh sí ag eisiúint a ceirnín úir trí Live Nation, comhlacht a eagraíonn na ceolchoirmeacha is mó i Meirceá Thuaidh.
cathaoirleach an bhoird úir, chairman of the new board
" Tá sé cruthaithe ag cathaoirleach an bhoird úir, Liam Ó Maolmhíchíl, gur fear é a bhfuil cumas ag baint leis.
beidh sé mar dhea-rúin na bliana úire agam it will be a new year's resolution for me
" Mar sin, beidh sé mar dhea-rúin na bliana úire agam tréan-iarracht a dhéanamh gan dul ró-chóngarach do leoraithe agus mé amuigh ag siúl, ar mo rothar nó ag tiomáint.
úire freshness
" An síleann Lunny go bhfuil úire ag baint le ceol an ghrúpa go fóill? “Ceapaim go bhfuil, is ea.
teicneolaíochtaí is úire newest technologies
" D’fheadfaí comórtais a reáchtáil leis na cainteoirí is fearr a aimsiú – leagan Ultaise de X-Factor atá i gceist aige – agus fiafraíonn sé cén fáth nach bhfuil tionscadail dhrámaíochta, scannánaíochta, theilifíse agus raidió á moladh? Cén fáth nach bhfuiltear ag déanamh físeán d’fhilí agus d’aithriseoirí an lae inniu láithreach? Mar achoimre – agus bhí i bhfad ní ba mhó i gceist sa litir ná an méid atá scríofa sa chuntas gairid seo – bhí USAIG i bhfoirgneamh nach raibh fóirsteanach dóibh; bhí fadhbanna acu ó thaobh daoine a earcú le tabhairt faoi na tionscadail; bhí cúrsaí airgeadais – íocaíochtaí agus soláthar – ina bpraiseach agus ní raibh an grúpa ag baint úsáide as na teicneolaíochtaí is úire leis na tionscadail a chur i gcrích.
ag léiriú na tábhachta úire showing the new importance
" **Bogearraí**Táimid dulta i dtaithí ar léarscáileanna a úsáid ar an tslí seo, ach is iad na bogearraí atá ar fáil ar ghléasanna mar an iPhone atá ag léiriú na tábhachta úire a bhaineann le léarscáileanna.
dhea-rúin na bliana úire the nice ruins of the clay year
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú.
úire a novelty, new influence
" Tá an fheadóg mhór, an fhidil, an bosca ceoil an-traidisiúnta mar uirlisí, ach ar an láimh eile, soláthraíonn an mandola agus an bouzouki úire ó thaobh fuaime de.
is úire latest
" Más dian ort an braon fola – nó an galún fola sa chás seo - fan glan ar ‘*Let the Right One In*’, ach caillfidh tú ceann de na haislingí ceallalóíde samhlaíochtúla is úire agus is dúshlánaí ar camchuairt faoi láthair.
Deiseanna úire new opportunity
le húire anew
" A bheith ag teacht aníos le húire, le nuáil, in áit a bheith ag súil le freagra tur ón gcóras féin.
a húir ya hoor
" ‘Amharc orm, a húir!’ arsa mise.
úire freshness
" Tá luas faoin insint a choinníonn aird an léitheora ó thús deireadh, agus tá úire san insint agus sa chur chuige a thaitneoidh go mór leis na daoine óga a bhfuil an leabhar seo dírithe orthu.
úire new
" Is minic aitheantas bainte amach ag Sheila Ó Donnell agus ag John Tuomey as foirgnimh oideachasúla agus cultúrtha a dhearadh, a réitíonn go nádúrtha leis an timpeallacht ina bhfuil siad agus ag an am céanna a chuireann fuinneamh úire agus brí nua sa timpeallacht sin.
is úire latest
" DuaiseannaBeidh cúigear buaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire, a chuimsíonn dhá dhiosca, ó Kíla, dar teideal: The Best of Kíla – Rogha Breis agus fiche bliain de bheith ag bualadh ceoil, seo rogha de na rianta is fearr ón mbuíon shuaithinseach seo.
eisiúint is úire latest release
" **Duaiseanna** Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire ó Fios Feasa, mar atá, CD ROM atá an-tráthúil um Nollaig: Amhrán is Fiche don Nollaig Ar Amhrán is Fiche don Nollaig, tá amhráin traidisiúnta na Nollag as Gaeilge, á rá ag triúr amhránaithe aitheanta ó Ghaeltachtaí éagsúla: Méabh Ní Bheaglaoich, Síle Denvir agus Mairéad Ní Mhaonaigh.
eisiúint is úire latest release
" DuaiseannaBeidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire ón Acadamh, mar atá, an DD Subhóró: Rian 1Ríleanna: Ríl na Mainistreach agus Scléip na hOíche Aréir Banna Tí an Acadaimh2.
úire novelty
" Chreid sí go raibh claonadh *‘macho’* ina gcuid oibre siúd agus lean sí a bóthar féin go dtí go bhfaca an léirmheastóir, Lucy Lippard, a cuid oibre i 1966 agus bhain úire agus éagoitinne a saothair geit aisti.
oiread eolais úir so much new knowledge
" Níl ann ach gach iontas i ndiaidh a chéile – agus beidh a oiread eolais úir ann uaireanta is go gcuirfidh sé mearbhall ort.
úire freshness
" Scríobhann tú faoi ábhar ar chúiseanna éagsúla agus i mo chás-sa, bím ag iarraidh rud éigin a scríobh a bhfuil úire ag baint leis, rud éigin nach bhfuil scríofa cheana sa teanga nó nach bhfuil scríofa go rómhinic in aon teanga, rud éigin a bheadh gar do mo chroí agus gar don chnámh mar a déarfá.
úire na hóige freshness of youth
" Ní minic a thuairiscím léiritheoir a thaispeánann úire na hóige agus gaois na críonnachta mar í san aon chéad scannán amháin.
aeir úir fresh air
" Is é a theastaíonn anois ná ding le cur faoin doras chun é a choinneáil ar oscailt, chun go ligfear roinnt aeir úir isteach san áit mhúisiúnta ghruama dhochma sin – chomh maith le roinnt céille agus réasúin.
na Bliana Úire New Year’s
" Taoiseach Úr na Bliana Úire =============== Do Enda Álainn Aoibhiúil Ó Cionnaith, tá Balor chun ticéad Lotto a cheannach, nó is cinnte go mbainfidh sé an phríomhdhuais.
níos úire fresher
" Ní bhacfaidh mórán de mhuintir Penn ar Bed le hiad a ordú sa mbialann, mar tá a fhios acu gur féidir cinn níos fearr agus níos úire a fháil dóibh féin cois farraige.
cruth na poblachta úire the shape of the new republic
" Ar bhealach, táimidne, ar nós DeValera sa bhliain 1937, ag amharc ar an bhileog ghlan agus muid ag féacháint le cruth na poblachta úire a dhréachtú.
Oileáin Úir America
" Ba dhíol suntais an saothar poiblí a chruthaigh sé agus tá samplaí de le feiceáil sa chuimhneachán ar Shéamas Ó Conghaile agus An Crann Óir atá suite i gcroílár Bhaile Átha Claith, an dealbh a rinneadh do chomóradh 500 bliain na Gaillimhe ar an Fhaiche Mhór, an cuimhneachán ar an Drochshaol i Westchester, Nua-Eabhrac agus ar an imirce chun an Oileáin Úir i nDoire Cholm Cille.
Oileáin Úir America
" Nach ndeachaigh aon chéad caoga duine ó Oireachtas na Gaeilge go Ceanada le haghaidh Oireachtas an Oileáin Úir? Agus níl cuntas ar an airgead a fuair siad ó TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta as na cearta craolacháin ó Chill Airne.
glan ina éadan an chórais úir opposed entirely to the new system
" Tá siad uilig glan ina éadan an chórais úir.
scéalta is úire latest news
" Is áit é le scith a ligean agus leis na scéalta is úire a chloisteáil.
i ndréachtadh na reachtaíochta úire in drafting the new legislation
" Ach is fút féin atá sé anois a chinntiú go mbeidh ionchur láidir ag an Údarás i ndréachtadh na reachtaíochta úire.
díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire stuck into the new year resolutions
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú, a bhriseadh.
bunaithe ar an taighde is úire based on the latest research
" Is é seo rabhadh an údair thuas, Nicholas Carr, rabhadh atá bunaithe ar an taighde is úire sna heolaíochtaí cognaíocha.
an chláir úir cainte of the new talk show
" Is dócha gurb í sin fealsúnacht an chláir úir cainte atá ag Róisín ar TG4, clár dar teideal, er, Róisín.
in áit an fhoirgnimh úir ghalánta as distinct from the magnificent new building
" Tugann sí moladh mór don scolaíocht a fuair sí i mbunscoil Phobal Feirste, an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge sna Sé Chontae, is é sin na seanbhotháin in áit an fhoirgnimh úir ghalánta atá anois ann.
Teachta Eorpach is úire the newest MEP
" Deir sé gurb í an chúis lúcháire is mó atá ag an Teachta Eorpach is úire ná go mbeidh sé ag obair níos gaire d’Amsterdam anois, agus mar sin nach baol dó rith amach as raithneach.
úire newness, originality
" Tá blianta fada caite ag John in ospidéal meabhairghalair agus tá úire ag baint lena shaothar nach mbíonn le fáil chomh minic sin san ealaín.
ag meá na Dála úire estimating the new Dáil
" Bhí fear fochaide BEO, an tUasal Balor Béimeann, ag meá na Dála úire le fear meáite dálaí úire, Bertram Ó Hernia, ID (.
na bréagáin teicniúla is úire the newest techy toys
" Tá gach míniú agus treoir faoi na bréagáin teicniúla is úire in alt seo Roseanne Smith.