Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chomhairle Chathair Bhéal Feirste Belfast City Council
" Nuair a toghadh Alex den chéad uair ar Chomhairle Chathair Bhéal Feirste i 1983, an chéad Sinn Féineach riamh lena áit a ghlacadh i Halla na Cathrach, cuireadh gach bac roimhe, cuid acu dleathach, cuid eile mídhleathach.
Athbhreithniú ar Chomhaontú Bhéal Feirste Review of the Belfast Agreement
" Deir David Trimble nach bhfanfaidh a pháirtí san Athbhreithniú ar Chomhaontú Bhéal Feirste mura ngearrtar pionós ar Shinn Féin.
Phoblacht Phoblachtánach Shóisialach Iarthar Bhéal Feirste the Republican Socialist Republic of West Belfast
" Dá mbeadh údar *The Necessity for de-Anglicising Ireland *beo, seans maith go mbeadh taom croí aige! Níl a fhios agam cad é a shílfeadh An Craoibhín Aoibhinn nó Pádraig Mac Piarais dá bhfeicfeadh siad an t-ómós seo d’fhoireann sacair Sasanach i lár Phoblacht Phoblachtánach Shóisialach Iarthar Bhéal Feirste.
sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste the best efforts of the Belfast Giants
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
de réir Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta according to the Belfast/Good Friday Agreement
" Ach de réir Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta agus Chomhaontú St Andrew’s/The Royal and Ancient, ní miste an Ghaeilge agus an Ultais a bheith ar comhchéim chomh-mheasach.
an eagraíocht atá lonnaithe i mBéal Feirste the organisation based in Belfast
" Le cois na leabhair seo a fhoilsiú, déanann sé féin iad a dhearadh agus canann sé amhráin idir na ceachtanna! Ar bhord dhá eagraíocht Le trí bliana déag anois, tá Risteard ar bhord Iontaobhas Ultach, an eagraíocht atá lonnaithe i mBéal Feirste a bhfuil sé mar sprioc aici an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn traschultúrtha.
Reáchtáladh cruinniú poiblí i mBéal Feirste a public meeting was held in Belfast
" Reáchtáladh cruinniú poiblí i mBéal Feirste an tseachtain seo caite inar cháin poblachtánaigh easaontacha seasamh Shinn Féin go binbeach.
i ndeisceart Bhéal Feirste. in south Belfast.
" Bhíodh muid ag cuartaíocht i dtithe go mbíodh ceol iontu agus ag dul chuig seisiúin lena chéile thart ar cheantar Bhóthar Ormeau i ndeisceart Bhéal Feirste.
ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste, growing up in west Belfast,
" Nuair a bhí mé féin ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste, bhí pacáiste ar fáil do gach gasúr óg – cléireach altóra, ranganna damhsa Gaelach agus Cumann Lúthchleas Gael.
an ruaig a chur ar cheannaireacht an UDA i dtuaisceart Bhéal Feirste to get rid of the leadership of the UDA in north Belfast
" D’éirigh leis an Chomhairle Inmheánach an ruaig a chur ar cheannaireacht an UDA i dtuaisceart Bhéal Feirste agus bhí rún aige an rud céanna a dhéanamh in Oir-Dheisceart Aontroma.
le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste to convince the taxi drivers of Belfast
" I measc rudaí eile, tá feachtas curtha ar bun aige le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste gur chóir dóibh seirbhís níos fearr a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas.
ar chomhéadain Bhéal Feirste. at Belfast's interfaces.
" Toradh drámata ar an deighilt idir na pobail Chaitliceacha agus Phrotastúnacha a bhí san eachtra seo agus in eachtra a thiteadh amach – ar scála i bhfad níos lú – lá i ndiaidh lae ar chomhéadain Bhéal Feirste.
go hOirthear Bhéal Feirste to East Belfast
" Beidh ar an Phápa teach go hOirthear Bhéal Feirste le cairdinéal a dhéanamh de.
gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, that he enjoyed creating intimacy with the people of Belfast
" Bhraith mé, ón leabhar, gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, agus gur thaitin sé leis go mbíodh sé i lár an aonaigh in amanna.
tá urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste dá ainm. His name is revered in Nationalist West Belfast
" Mar sin, cén fáth a bhfuil muid ag rá gur laoch é an fear seo? Níos measa fós, tá urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste dá ainm.
ag eitilt amach as Béal Feirste flying out of Belfast
" Is dócha gurb é an t-aon ábhar sásaimh atá againn ná go bhfuil Aer Lingus ag eitilt amach as Béal Feirste agus tá líon na gceann scríbe ar féidir le turasóirí ó na Se Chontae eitilt chucu ag méadú – rud a chiallaíonn gur tig linn an diabhal áit a fhágáil inár ndiaidh ar feadh dheireadh seachtaine fada!*Is iriseoir leis an* Irish News *i mBéal Feirste é Robert McMillen.
Grúpa Meán Bhéal Feirste Belfast Media Group
" Ach tá *Lá Nua* slán arís, a bhuíochas sin le scairshealbhóirí atá ag dul i bpáirt le Grúpa Meán Bhéal Feirste le tuilleadh airgid a chur ar fáil don tionscadal tábhachtach seo; tionscadal atá ceannródaíoch de bhrí é a bheith ar fáil ar an idirlíon.
cuid de thoghcheantar Iarthar Bhéal Feirste party of the West Belfast constituency
" Is é an páirtí is mó i gComhairle Bhéal Feirste é Sinn Féin agus anuas ar na daoine tofa, tá arm *apparatchik* ag feidhmiú ar a shon – ach ní thig leo a dhath a dhéanamh fán ainriail atá ag scrios cuid de thoghcheantar Iarthar Bhéal Feirste nó infheistíocht fhiúntach a mhealladh go hiarthar na cathrach.
i bpobal gníomhach Gaelach iarthar Bhéal Feirste in the active Irish language community of West Belfast
" Tá an páipéar préamhaithe go hiomlán i bpobal gníomhach Gaelach iarthar Bhéal Feirste agus is cinnte go dtugtar léargas maith ann ar shaol cultúrtha agus ar riachtanais an cheantair sin.
As Béal Feirste from the far side
" ” “As Béal Feirste mise, bíodh a fhios agaibh,” a dúirt Áine Uí Cheallaigh ón Rinn le hiriseoir ón Dungarvan Democrat.
bhfuil driopás ar mhuintir Bhéal Feirste people in Belfast are rushing in panic
" Mar sin, ní nach ionadh go bhfuil driopás ar mhuintir Bhéal Feirste agus iad ag iarraidh theacht ar bhronntanais a bhfuil go leor airgid acu lena gceannacht, ach tá fáth eile ann - tá an cheathrú cuid d’asraonta miondíola i mBéal Feirste druidte.