Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath DCU
" Tá Fios Feasa bainteach leis an iarchéim MSc i nGnó agus Teicneolaíocht an Eolais a sholáthraíonn Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - is sinne a mhúineann modúl na n-ilmheán sa chúrsa san.
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath University College Dublin
" "A Bhean Mhic an tSaoi," a dúirt sé, "níl d'fhear céile á *hire*áil agam, ach do bheinn faoi chomaoin agat muna mbraithfeá go gcaithfeá an scéal ar fad a insint do na tuismitheoirí!" Seal san ollscoil ======= Tar éis na scoile, chuaigh Máire go dtí An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sí an Léann Ceilteach agus nuatheangacha - Gaeilge, Béarla agus Fraincis.
hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Dublin Institute of Technology
" AÓF: Tá baint agat le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath freisin nach bhfuil, ó thaobh na hamhránaíochta de? ÉÓD: Bhí sé d'ádh orm a bheith ag roinnt amhrán le mic léinn a bhí ag déanamh staidéir ar an gceol san Institiúid le trí bliana anuas.
sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in UCD
" Agus é ina mhac léinn, bhíodh sé ag seinm na fidle ag gigs agus ag léiriú ceirníní don chomhlacht Ceirníní Cladaigh, chomh maith le roinnt léachtóireachta a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
go roinnfí Baile Átha Cliath that Dublin would be divided
" Anuas air sin, cúpla mí ó shin rinne an Taoiseach iarracht tabhairt ar an Uasal Ryan glacadh le socrú go roinnfí Baile Átha Cliath idir thuaidh agus theas, sin le rá gur i ndeisceart na cathrach amháin a dhéanfadh an tUasal Ryan a chuid stocaireachta agus, dá réir, go bhfanfadh an tUasal Brady i dtuaisceart na cathrach.
mór-Ghaeil Bhaile Átha Cliath go léir all the important Irish speakers of Dublin
" Ach, sa deireadh bhí mé tagtha go dtí an pointe go raibh mór-Ghaeil Bhaile Átha Cliath go léir curtha faoi agallamh agam níos mó ná uair amháin.
a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal that Dublin County Council cancelled
" Is bailiúchán é de na físeáin a chuireadar amach leis na singlí, cúpla amhrán as ceolchoirm agus scéal amháin nuachta faoin gceolchoirm a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal – gan aon fáth.
Saoránacht Chathair Bhaile Átha Cliath the Freedom of Dublin City
" I mí an Mhárta i mbliana, bronnadh Saoránacht Chathair Bhaile Átha Cliath air féin agus ar Ronnie Delaney.
sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. in the arts outside Dublin.
" Tá méadú suntasach ag teacht ar líon na n-ionad taispeántais agus ealaíon ar fud na tíre agus tá fás agus forbairt le feiceáil sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. the Dublin Institute for Advanced Studies.
" Rinne sé bunchéim ghinearálta ach chuaigh sé leis an teangeolaíocht ansin agus fuair sé an deis bheith ag staidéar sa Sorbonne i bPáras agus in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, in the north of County Dublin,
" uk/ An seachtú agus an t-ochtú míle 30/6/07 – 1/7/07: Rinceoil, féile don teaghlach ar fad sa Ros i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, ansin taisteal fada romhainn chuig na Cealla Beaga agus féile eile ansin.
Ó dheisceart Bhaile Átha Cliath from Dublin south
" Ach, ní raibh ach 36 uair an chloig againn leis an obair a chur i gcrích! Mar a dúras cheana, amaidíocht! Ó dheisceart Bhaile Átha Cliath an dá bhanna.
líonta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath filled in UCD
" “Bhí an t-ádh liom nach raibh cuóta na mac léinn eachtrannach líonta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus d’éirigh liom áit a fháil ansin.
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Dublin City Council
" Cén fáth a bhfuil nós na rothaíochta ag dul i léig? An é gur comhartha eile den Tíogar Ceilteach é? **Suirbhé**In 2004, rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath suirbhé inar cuireadh ceist ar 300 comaitéir arbh iad a ngluaisteáin a bpríomh-mhodh iompair.
aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin. he was transferred to Dublin at that time
" Bhí Christy ag obair sa bhanc agus aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin.
foireann mionúr iomána Bhaile Átha Cliath. the Dublin minor hurling team.
" Breis agus deich mbliana ó shin tugadh cuireadh dom a bheith i mo roghnóir le foireann mionúr iomána Bhaile Átha Cliath.
Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, Dublin Pride Festival
" Cuirfear tús le Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, atá ar an bhfód anois le cúig bliana is fiche, ar an 13 Meitheamh.
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Dublin City Council,
" Tá muid i ndiaidh dul i ndáil chomhairle le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, leis an Aire (Éamon Ó Cuiv - an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) agus le hailtirí maidir leis an bplean seo.
in iarthar Bhaile Átha Cliath in west Dublin
" Cuir i gcás, Baile an Tíarailigh, An Ongár agus na bailte nua ar fad in iarthar Bhaile Átha Cliath a tógadh le dornán blianta anuas agus a díoladh ar phraghsanna móra.
as Baile Átha Cliath ó dhúchas a native of Dublin
" De bhunadh Éireannach cuid mhaith acu, agus tá siad le feiceáil sa taispeántas buan seo: daoine mar an Ceannaire Paddy O Daire, as Dún na nGall, Paddy Donovan, John Patrick Murphy, James Larkin Jones (Jack Jones), Patrick Brady agus Charlie Martinson, as Baile Átha Cliath ó dhúchas, atá i measc príosúnach sa ghrianghraf a tarraingíodh tar éis Cath Jarama i 1937.
sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath in University College Dublin
" Chaith Jill Ní Chuinneagáin, mac léinn sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, an bhliain acadúil 2001-2002 ag staidéar in ollscoil Bhriotánach faoin scéim Erasmus.
Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, Dublin Pride Festival
" Beidh Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, a ndéanfar ceiliúradh lena linn ar mhórtas phobail Leispiacha, Homaighnéasacha, Dhéghnéasacha agus Thras-inscneacha, ar siúl 13-17 Meitheamh.