Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Roinn Cheilteach the Department of Celtic
" Rannóg inti féin is ea an Roinn Cheilteach laistigh de Roinn an Bhéarla agus bíonn thart ar dheichniúr ag obair anseo gach bliain, idir Pholannaigh agus eachtrannaigh, muid ag múineadh na dteangacha thuasluaite (an tSean-Ghaeilge ina measc), litríochtaí na hÉireann agus na Breataine Bige (a scríobhadh sa dá theanga atá againn), teangeolaíochta agus staire.
miotaseolaíocht na gCeilteach agus na Meánmhara Celtic and Mediterranean mythology
" Cruthaíonn sé drámaí beaga as cré-umha atá bunaithe ar théamaí as miotaseolaíocht na gCeilteach agus na Meánmhara.
ceangail Cheilteacha Celtic ties/bonds
" De bharr go bhfuil an chathair lonnaithe sa Bhriotáin, tuigeann muintir na háite céard is neamhspleáchas ann agus níl dearmad déanta acu ar na ceangail Cheilteacha ach an oiread.
dearadh Ceilteach Celtic design
" Bíonn siad seo iontach compordach i dtithe tábhairne a bhíonn pacáilte agus róthe agus is maith le daoine a bheith ag breathnú ar chosa! Labhair go cneasta le daoine, fiú leis an duine sin sa choirnéal atá ag bualadh róthrom ar an mbodhrán a bhfuil an dearadh Ceilteach ar an gcraiceann! Agus más tú an duine sin, cuimhnigh go bhfuil do sheoladh againn! Léigh muid é ar an taobh istigh den bhodhrán nuair a bhí tú ag an mbeár.
dúnta Ceilteacha Celtic forts
" Is iad na dúnta Ceilteacha atá ar an oileán is mó a tharraingíonn daoine inniu.
an tSraith Cheilteach the Celtic League
" Bíonn comórtas na gclub agus na sraitheanna náisiúnta peile agus iomána á gcraoladh beo ar TG4 agus craoltar an tSraith Cheilteach sa rugbaí.
na Ceiltigh the Celts
" Deirtear gur uaigh Mhéabha an carn sin, cé gur tógadh thart fá 3,000 RC í - sin i bhfad sular tháinig na Ceiltigh go hÉirinn agus sular chum siad scéal Bhanríon Chonnacht.
Cheiltigh Ghlaschú Glasgow Celtic
" Sa bhliain sin, dúnmharaíodh tacaí óg de chuid Cheiltigh Ghlaschú, Mark Scott, i mBridgeton (ceantar "dílis" Ghlaschú, a dtugtar "Little Shankill" air).
an Léann Ceilteach Celtic Studies
" Bhí mé ag déanamh staidéir ar an Léann Ceilteach, Stair na hAlban agus an tSocheolaíocht.
sa Léann Ceilteach in Celtic Studies
" " Céim sa Léann Ceilteach ======= Sin ráite, réitigh an saol cónaithe don chéad leibhéal eile í agus thug sí aghaidh ar Ollscoil na Gaillimhe, áit ar bhain sí céim amach sa Léann Ceilteach.
sna Ceiltigh go háirithe in the Celts especially
" asp) Cuid 1 den alt anseo Is dócha go bhféadfaí an cheist a chur, cén fáth a bhfuil suim chomh mór sin ag na daoine anseo sa Ghaeilge, agus sna Ceiltigh go háirithe? Bhuel, de réir mar a thuigimse, tagann cúinsí stairiúla agus polaitiúla isteach sa scéal.
treibh Cheilteach a Celtic tribe
" Faigheann Bohemia (an cúige is rathúla sa tír agus an cúige a bhfuil Prág ina lár) a ainm ó na Boii, treibh Cheilteach a bhí lonnaithe anseo go dtí an cúigiú haois AD.
Fhéile Cheilteach Scannán agus Teilifíse CelticFilm and Television Festival
" Ach, an tseachtain seo chugainn, beidh mé thiar i nGaillimh agus mé i mbun an ghiúiré don Fhéile Cheilteach Scannán agus Teilifíse.
gréasa Ceilteacha Celtic designs
" An fáth a roghnaigh mé an teach sin ná go bhfuil cúpla geansaí deas agam a bhfuil gréasa Ceilteacha orthu agus tá "*Turnip House*" scríofa ar an lipéad.
ár gcol ceathracha Ceilteacha our Celtic cousins
" Togha na filíochta agus an cheoil Éireannaigh agus Albanaigh, deis casadh le daoine a bhfuil tallann ar leith acu, agus deis feiscint cé chomh beo is atá teanga agus traidisiúin ár gcol ceathracha Ceilteacha.
teacht na gCeilteach the coming of the Celts
" Chuaigh mé ar ais dhá mhíle bliain go dtí teacht na gCeilteach go hÉirinn - agus níos faide siar fiú - ansin tháinig mé ar ais de réir a chéile i dtreo an lae inniu.
Mhisteachas Ceilteach Celtic Mysticism
" Dúirt an file WB Yeats faoi, agus é ag tagairt do na healaíona in Éirinn, go raibh an ghloine dhaite ab fhearr ar domhan déanta ag Harry Clarke (chuir sé in iúl san óráid chéanna gurbh é a athair, dar leis, a rinne an ghloine ba mheasa!) Bhí tionchar láidir ag an Mhisteachas Ceilteach, an Siombalachas, an Rómánsachas Náisiúnta agus an *Art Noveau *ar shaothar Clarke.
luachanna an Tíogair Cheiltigh the values of the Celtic Tiger
" Ach bhí siopa amháin a d'fhan ar oscailt agus atá mar shiombail phaiteanta de luachanna an Tíogair Cheiltigh - Lidl.
bhráithreachas Ceilteach Celtic brotherhood
" De réir an stiúrthóra, Ian Rowlands: "Tá barraíocht ráite faoin bhráithreachas Ceilteach gan smaoineamh ar bith bheith déanta ar an chiall atá leis - má tá aon chiall leis! Is iomaí míthuiscint a bhí ann idir Éire agus An Bhreatain Bheag agus tá súil againn go gcruthóidh an dráma seo 'droichead tuisceana'.
sa Léann Ceilteach in Celtic Studies
" D sa Léann Ceilteach bainte amach aige, nó ceann a chur ar an bhfear as an tuaisceart a bhfuil a dhearcadh sainiúil féin aige ar chúrsaí ansin.
Athbheochan Cheilteach Celtic Revival
" Bhí spéis ar leith aige fosta san Athbheochan Cheilteach a bhí ag tarlú ina thír dhúchais, gluaiseacht a bhí ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar cheisteanna ag baint le féiniúlacht agus náisiúnachas na tíre ag an am.
ceiliúradh na féile ársa Ceiltí the celebration of the ancient Celtic festival
" Agus is féidir dul ann Oíche Shamhna agus sult a bhaint as ceiliúradh na féile ársa Ceiltí, Samhain, a chríochnaíonn le dó fear ollmhór caolaigh.
gáirsiúlacht an Tíogair Cheiltigh the obscenity of the Celtic Tiger
" Tá na turais siopadóireachta seo ag teacht le gáirsiúlacht an Tíogair Cheiltigh.
sa Léann Ceilteach in Celtic Studies
" ” Admhaíonn Muireann nach bhfuil mórán deiseanna fostaíochta ar fáil sa saol acadúil dóibh siúd a bhfuil céim acu sa Léann Ceilteach ach deir sí go bhfuil deiseanna nua tagtha chun cinn le roinnt blianta anuas.
sa Léann Éireannach/Ceilteach in Irish/Celtic Studies
" An caitheamh aimsire í an teanga sa tír seo nó cuid den ghluaiseacht teanga dhomhanda? Céim eile chun tosaigh ba chóir dúinn a thógáil más féidir é, i mo thuairimse, ná ranganna a chur ar fáil sna hollscoileanna do na fochéimithe sa Léann Éireannach/Ceilteach, rud nach bhfuil ar fáil ar chor ar bith san Astráil faoi láthair.
na Ceiltigh the Celts
" Ba é seo an teorainn ab fhaide ó thuaidh a bhí ag na Rómhánaigh – bhí na Ceiltigh i gceannas ar an taobh eile.
na Ceiltigh the Celts
" Ba é seo an teorainn ab fhaide ó thuaidh a bhí ag na Rómhánaigh – bhí na Ceiltigh i gceannas ar an taobh eile.
in ainneoin an Tíogair Cheiltigh despite the Celtic Tiger
" Sin ráite, tá muidne in Éirinn, in ainneoin an Tíogair Cheiltigh, in aice le bun an liosta go hidirnáisiúnta maidir le seirbhísí leathanbhanda.
i bpluais chluthar lánfhostaíochta an Tíogair Chraosmhair Cheiltigh in the comfortable cave of the Voracious Celtic Tiger
" Ní bhfaighfeá an meon sin anois i bpluais chluthar lánfhostaíochta an Tíogair Chraosmhair Cheiltigh.
rath an Tíogair Cheiltigh the success of the Celtic Tiger
" Ábhairín áibhéalach b’fhéidir, ach is é fírinne an scéil ná go bhfuil rath an Tíogair Cheiltigh bunaithe cuid mhór ar an bhorradh atá faoi thionscal na tógála sa tír le dornán blianta anuas.
athair na healaíne Ceiltí the father of Celtic art
"athair na healaíne Ceiltí Sárbhailiúchán eile atá ag Groam House Museum ná bailiúchán ealaíne a rinne George Bain, a dtugtar “athair na healaíne Ceiltí” air.
sa léann Ceilteach in Celtic studies
" Cé a smaoinigh air i dtosach? Dónal de Barra: Mé féin a bhí ag breathnú ar an spéis idirnáisiúnta atá léirithe sa léann Ceilteach le déanaí, go háirithe sa cheol traidisiúnta agus sa bhéaloideas, agus ansin an easpa freastail a bhí á dhéanamh ar na mic léinn sin nuair a tháinig siad ag cuartú na bhfoinsí agus thobar an dúchais sin.
an Tíogar Ceilteach the Celtic Tiger
" Beidh mé ag féachaint go speisialta ar na tionchair shóisialta agus chultúrtha ar an gceol traidisiúnta sa tréimhse seo, ag tosú le toradh an Ghorta Mhóir agus ag críochnú le Riverdance agus an Tíogar Ceilteach! AÓF: Beidh staidéar agus taighde le déanamh agat féin ann freisin, nach mbeidh? Cén treo ina mbeidh do chuid staidéir féin ag dul? TC: Nuair a rinne mé Máistreacht in Ollscoil Luimnigh rinne mé staidéar ar cheol oirthear na Gaillimhe, go speisialta ar cheol Bhanna Céilí Eachroime.
céim sa Léann Ceilteach a degree in Celtic Studies
" ” Thug Ó Ciardha aghaidh ar an chliarscoil i Má Nuad tar éis na hArdteiste, mar ba nós le go leor fear óg a d’fhreastail ar Choláiste Iarfhlatha, áit a ndearna sé céim sa Léann Ceilteach agus MA sa Nua-Ghaeilge ina dhiaidh sin.
Scoil an Léinn Cheiltigh the School of Celtic Studies
" ” Tar éis an MA a chur de, d’éirigh le Ó Ciardha scoláireacht a fháil le taighde a dhéanamh i Scoil an Léinn Cheiltigh san Institiúid Ardléinn i mBaile Átha Cliath.
cén chaoi a bhfuil ag éirí leis na Ceiltigh how Celtic are getting on
" Gan amhras, caitear súil ar chúrsaí in Albain anois is arís le seiceáil cén chaoi a bhfuil ag éirí leis na Ceiltigh thuas ansin, go mór mór nuair a bhíonn siad i gcoinne Rangers.
rath an Tíogair Cheiltigh the success of the Celtic Tiger
" Meastar go bhfuil rath an Tíogair Cheiltigh bunaithe, i measc rudaí eile, ar ráta íseal cánach corparáidí.
sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha. in the branch on the left, the Celtic languages.
" Nuair a bhí mé thart fá chúig bliana déag d’aois thaispeáin múinteoir Laidine léaráid de theangacha na hEorpa don rang agus is cuimhin liom gur chuir mé suim sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha.
sa Léann Ceilteach in Celtic Studies
" bhí céim ag Mícheál sa Léann Ceilteach agus bhí sé féin agus Dáithí Sproule sa bhliain chéanna.
na réigiúin Cheilteacha eile, the other Celtic regions,
" D’oscail an chamchuairt sa Centro Cultural del Conde Duque i Maidrid i 1985 sular bhog sé go dtí an Palacio Municipal des Exposiciones in Corunna, an Ghailís agus ansin go dtí na réigiúin Cheilteacha eile, chomh maith le Sasana.
de bhunús Ceilteach Briotanach of British Celtic origin
" Is gleann gleoite glas é Srath-pheofhair, agus an t-ainm atá ar an abhainn a ritheann fríd ná Peofhar, focal de bhunús Ceilteach Briotanach a chiallaíonn “álainn” agus “lonrach”.
chuig ár gcol ceathracha Ceilteacha. to our Celtic cousins.
" An t-aon turas sall againn an samhradh seo chuig ár gcol ceathracha Ceilteacha.
Céim sa Léann Ceilteach a degree in Celtic Studies
" Céim sa Léann Ceilteach a bhí aige ó Mhá Nuad agus suim mhór i nGaeilge bheo dheisceart Dhoire a mhair le linn a óige féin.
crois Cheilteach Celtic cross
" Tá glacadh le siombailí reiligiúnacha sa Gharda Síochána ó bunaíodh an fórsa; tá crois Cheilteach mar shuaitheantas aige agus caitheann go leor de na gardaí a bhíonn ar dualgas Dé Céadaoin an Luaithrigh luaithreach ar a n-éadan.
in aimsir seo an Tíogair Cheiltigh, in this era of the Celtic Tiger,
" Is iomaí uair a chuala mé an nath go raibh aontachtaithe “more loyal to the half-crown than to the Crown” agus anois, in aimsir seo an Tíogair Cheiltigh, tá an dearcadh sin chun tosaigh.
i ré an Tíogair Cheiltigh. in the era of the Celtic Tiger.
" “Is é an rud ba mhaith liom a chur in iúl ná go bhfuil cúraimí sóisialta orainn anois in Éirinn i ré an Tíogair Cheiltigh.
an Tíogar Ceilteach the Celtic Tiger
" Léimeann an Tíogar Ceilteach ina uaillmhian uaibhreach amach ó na focail ach, ag an am chéanna, mothaíonn tú nach bhfuil achan rud foirfe sa domhan úr seo lán de mhaoin shaolta.
rath an Tíogair Cheiltigh. the success of the Celtic Tiger.
" Is léir mar sin nach dtig caitheamh le hAlbain a thuilleadh mar chúinne beag iargúlta den Ríocht Aontaithe a shamhlaítear le Braveheart, barraí seacláide domhainfhriochta agus Rab C Nesbitt! Is le héad a amharcann náisiúnaithe na hAlban trasna Shruth na Maoile ar rath an Tíogair Cheiltigh.
Tíogar Ceilteach Celtic Tiger
" Cén fáth a bhfuil nós na rothaíochta ag dul i léig? An é gur comhartha eile den Tíogar Ceilteach é? **Suirbhé**In 2004, rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath suirbhé inar cuireadh ceist ar 300 comaitéir arbh iad a ngluaisteáin a bpríomh-mhodh iompair.
sular thosaigh tréimhse an Tíogair Cheiltigh. before the period of the Celtic Tiger started
" Ach bhí mise sa tír seo sna blianta deireanacha sin sular thosaigh tréimhse an Tíogair Cheiltigh.
teangacha Ceilteacha, Celtic languages
" Tá an chaibidil an-ghearr, ach tá go leor eolais inti le tuiscint ghinearálta a thabhairt don léitheoir maidir leis na teangacha as ar eascair na teangacha Ceilteacha, an difríocht idir P-Ceilteach agus Q-Ceilteach (coincheap a raibh deacracht riamh agam leis) agus na tréimhsí stairiúla éagsúla a ndéantar tagairt dóibh agus an teanga á plé i gcomhthéacs acadúil.
seinnt ag an bhFéile Pan-Cheilteach to play at the Pan-Celtic Festival
" Bhí cuireadh faighte aige seinnt ag an bhFéile Pan-Cheilteach i nDún na nGall agus i gClub an Chonartha, agus d’úsáid sé an turas le saoire bheag a ghlacadh i dteannta a mhná áille, Gwen.
ár gcomharsa Cheilteach, our Celtic neighbour,
" Ní fheadar ar shamhlaigh Dolly Parton riamh go mbeadh a hamhrán “Jolene” mar amhrán aitheantais ag dream mar seo? Tar éis na hoíche dheineas mo mhachnamh ar an lagcheangal atá ann idir Éire agus ár gcomharsa Cheilteach, an Bhriotáin.
féile ollmhór, Idir-Cheilteach Lorient, the massive Lorient inter-Celtic festival,
" An iris *Carn* (más ann di go fóill), féile ollmhór, Idir-Cheilteach Lorient, an Fhéile Pan-Cheilteach, bád farantóireachta idir Corcaigh agus Roscoff, eitilt Ryanair idir Port Láirge agus Lorient – níl mórán eile ann, nó sin a bhraitheas ar chuma ar bith.
Tíogar Ceilteach Celtic Tiger
" Ach mar gheall ar an Tíogar Ceilteach agus ar fhorbairt eacnamaíoch a bheith ar siúl sa tír, tá an dúlra faoi bhrú ansin fosta.
Tíogar Ceilteach Celtic Tiger
" “Ní dóigh liom go mbaineann saibhreas na tíre seo leis an Tíogar Ceilteach.
Léann Ceilteach Celtics Studies
" Cogar, céim sa Léann Ceilteach a rinne mise, a Eagarthóir.
Is rud Ceilteach é 'It%u2019s a Celtic Thing'
"Is rud Ceilteach é’, sin an teideal atá ar an taispeántas is déanaí ag Liam agus bhí sé le feiceáil i nGailearaí James Wray i mBéal Feirste an mhí seo caite.
saofacht an Tíogair Cheiltigh the delusion of the CT
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
ré an téagair Cheiltigh Celtic tiger times
" Ní hamháin gur botún bunúsach é, ach sa sampla is fearr a bhí againn den am a raibh sé sin ag tarlú, is é sin, fás an-ard, ré an téagair Cheiltigh, níor bhain sé sin amach riamh é.
líníocht Cheilteach C. design, drawing
" Bhí sé an-mhaith ar an líníocht Cheilteach.
Tá an Léann Ceilteach rólag Celtic Studies is too weak
" Tá an Léann Ceilteach rólag sa nGearmáin áfach leis an traidisiún sin a chaomhnú feasta, agus tá an Béarla róláidir le coinneáil ó dhoras.
d’uaisle na gCeilteach curtha ann of a noble of the Celts buried there
" Sa mbliain 1978 fuarthas uaigh i Hochdorf a raibh duine d’uaisle na gCeilteach curtha ann, maraon le carbad álainn, agus míle rud nach é, coire mór miotail, cuir i gcás, a mbeadh áit seasaimh ann do cheathrar páistí.
ba scéal do na treibheanna Ceilteacha how the Celtic tribes
" Ach oiread le dream más ea, is biseach agus meath ba scéal do na treibheanna Ceilteacha in Hochdorf agus i Trier.
hoidhreacht na gCeilteach C. heritage
" Ach bhí ceist eile ann: cén fáth meath ar an Léann Ceilteach sa nGearmáin nuair atá biseach ar imeachtaí a bhaineann le hoidhreacht na gCeilteach? Fear darb ainm Holga Müller, staraí in iarsmalann Stuttgart, a dúirt an méid seo a leanas liom: ‘Tá fadhb mhór ag lucht an Léinn Cheiltigh ó thaobh margaíochta de.
nach dtiocfaidh ceann ar bith de na teangacha Ceilteacha not one of the C. languages shall
" Ba dhóigh leis an bpainéal go bhfuil dhá leagan ann feasta ar na teangacha Ceilteacha éagsúla, an leagan traidisiúnta agus an leagan nua; ba dhóigh leo nach dtiocfaidh ceann ar bith de na teangacha Ceilteacha i réim ina dtír dhúchais féin arís; ba dhóigh leo gur teangachaí mionphobail – micrea-phobail go deimhin – a bheas iontu amach anseo, seachas teangacha mionlaigh.
as an gceangal Ceilteach of the Celtic link
" Bhí sé go hiontach a bheith a labhairt le cnocadóir atá chomh mórtasach as Gaelainn agus as an gceangal Ceilteach atá ag a cheantar féin i Sasana.
An Léann Ceilteach Celtic Studies
" An Léann Ceilteach ====== **SMM: Ag gabháil siar na blianta, thoisigh tú i ndiaidh na hollscolaíochta i nGaillimh.
mórshiúl ildaite il-Cheilteach a colourful pan-celtic parade
" Cuireadh féasta de rogha gach ceoil agus togha gach rince, cainteanna, comórtais, mórshiúl ildaite il-Cheilteach ar fáil do phobal na cathrach agus do na mílte cuairteoir, ‘Ceiltigh’ agus ‘neamh-Cheiltigh’, a bhí i láthair i rith na seachtaine agus neart ceoil is craic is cuideachta i gClub na Féile agus sna tithe ósta ina dhiaidh sin.
céim sa Léann Ceilteach a degree in Celtic Studies
" Céard a dhéanfadh mac an chait…”

 Ní hiontas mar sin é go ndearna Muireann staidéar ar an teanga ar an ollscoil Bhain sí céim sa Léann Ceilteach amach in OÉ Gaillimh áit ar thaithnigh an éagsúlacht mhór léi, an Ghaeilge, idir Shean-, Mheán- agus Nua-Ghaeilge, stair, seandálaíocht, teangacha Ceilteacha, Béarla na hÉireann agus bhí sí an-pháirteach sna cumainn Ghaelacha fosta, agus sheas an caidreamh agus cairdeas a bhain leo sin léi i gcónaí.
Ionad an Léinn Cheiltigh the Celtic Studies Center
" Bhuail Shane Ó Curraighín le John Gleeson, Stiúrthóir Ionad an Léinn Cheiltigh in University of Wisconsin, Milwaukee agus é in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ar na mallaibh.