♦
cuireann [A] comhairle ar [B]
♦
[A] advises [B]
[A] gives advice to [B]
♦
chuir sí comhairle mhaith ar na cailíní
♦
she gave good advice to the girls
♦
tugann [A] comhairle do [B]
♦
[A] advises [B]
[A] gives advice to [B]
♦
tugann siad comhairle do chailíní a bhíonn ag súil le páiste
♦
they give advice to girls who are expecting a child
♦
thug sí comhairle an-chiallmhar dúinn
♦
she has given us very reasonable advice
♦
téann [A] i gcomhairle le [B]
♦
ní mór duit dul i gcomhairle le do thuismitheoirí ina thaobh
♦
you should talk to your parents about it
♦
glacann [duine] comhairle
♦
glacaigí mo chomhairle agus bígí san airdeall ar an duine seo!
♦
take my advice and beware of this man!
♦
cuireann [daoine] a gcomhairlí le chéile
♦
[people] put their heads together
♦
chuir siad a gcomhairlí i dteannta a chéile agus dúirt siad gurbh fhearr an duais a thabhairt dó
♦
they put their heads togerther and said that he should be given the prize
♦
tá [A] i gcomhairle le [B]
♦
[A] is in consultation with [B]
♦
bíonn seisean i gcomhairle leis na ginearáil i Moscó
♦
he takes his advice from the generals in Moscow
♦
cuireann [A] [rud] i gcomhairle [B]
♦
[A] asks [B's] advice about [something]
♦
chuir sí an cheist i gcomhairle an tsagairt
♦
she asked the priest's advice on the matter
♦
ar chomhairle Thomáis aontaíodh gan aon rud a rá leis na meáin
♦
on Thomas's advice it was agreed not to say anything to the media
♦
téann [A] thar chomhairle [B]
♦
[A] fails to follow [B's] advice
♦
má mhaitheann tú dom é, ní rachaidh mé thar do chomhairle go deo arís
♦
if you forgive me, I'll never disobey your advice again
♦
tá [duine] ar a chomhairle féin
♦
[somebody] does what he likes
♦
is baintreach mise agus bím ar mo chomhairle féin
♦
I am a widow and I do what I like
♦
déanann [duine] a chomhairle féin
♦
[somebody] does what he likes
♦
is cuma cad a deirim, déanann seisean a chomhairle féin
♦
it doesn't matter what I say, he does his own thing
♦
tá [rud] ar a chomhairle féin ag [duine]
♦
[somebody] has a good command of [something]
♦
níl an Ghaeilge ar a comhairle féin aici
♦
she does not have a good command of Irish
♦
pléadh an cheist ag cruinniú na comhairle
♦
the matter was discussed at a meeting of the council
Foirmeacha gramadaí
Grammatical forms
Iontrálacha gaolmhara
Related entries
♦
bhí mé idir idir dhá chomhairle ar chóir dom fanacht nó imeacht
♦
I didn't know whether I should stay or go
♦
ba léir go raibh tú idir dhá chomhairle maidir leis an fhreagra is oiriúnaí
♦
it was obvious you couldn't decide on the most suitable answer
♦
good advice
advice for your own good
♦
ní raibh tuairim dá laghad orm cad ba chóir dom a dhéanamh, ach chuir sise comhairle mo leasa orm
♦
I had absolutely no idea what to do but she gave good advice
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
Bhí mé idir dhá chomhairle ar chóir dom fanacht nó imeacht.
♦
I didn't know whether I should stay or go.
♦
Bíonn seiseann i gcomhairle leis na ginearáil i Moscó.
♦
He takes his advice from the generals in Moscow.
♦
Ba chloíte an mhaise dom é gan comhairle a thabhairt daoibh.
♦
It was bad of me not to give you advice.
♦
Bhí sé eadar dhá chómhairle cé acu a bhéarfadh sé leis an príosúnach nó a ligfeadh sé a cheann leis. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
He was undecided whether he should take the prisoner with him or let him go.
♦
'Bhfuil a fhios agat goidé mo chomhairlese duit? Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
You know what my advice to you is?
♦
Tá mé thar chomhairle anois. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
rinne mé gearán leis an Chomhairle Contae
♦
I made a compaint to the County Council