1-35); nó go dtéitear ag lorg soiléireachta éigin sa leagan comhdhlúite de na Conarthaí Éagsúla Eorpacha mar a leasaítear iad i gConradh Liospóin (foilsithe ag an Institiúid ar Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha agus ina bhfuil 346 leathanach).
”
Agus ós ag caint dúinn ar chéad míle focal, bíodh a fhios agaibh a léitheoirí dílse, go bhfuil Balor Baoth Biatach Blonagach Bomannach Bóiscéalach Borrshúileach chomh glas le duine ar bith sa Chomhaontas Comhdhlúite sin, agus níos glaise.