*
Bhí (agus tá) mórán staire agus beáloidis ag baint le Loch an Iúir, go háirithe le háiteacha mar an tOiléan Séanta, Ailt Mhín an Úcaire, Mín na Scamháil, Reilig na bpáistí gan bhaisteadh, Bealach Cheallaigh, Rinn Uí Dhónaill, An Leachach, Poll an Dubhthaigh agus an seandún ón Chré-Umhaois (deirtear).
Fuarthas lámhdhéantúsáin ón Chré-umhaoisartifacts from the Bronze Age were found
Fuarthas lámhdhéantúsáin ón Chré-umhaois anseo; tá iarsmaí de dhúnta ón Aois Iarainn ar imeall an locha; agus tá cloch snoite ón ré Luath-Chríostaí ar Oileán Mháirtín ag béal an locha.
”
Fuair Derek inspioráid fosta in Ard-Mhúsaem na hÉireann ar Shráid Chill Dara nuair a chonaic sé ealaín charraigeach ón Chré-umhaois ansin; agus gan é ach sé bliana déag d’aois bhí a stiúideo féin aige, i ngaráiste a fuair sé ar cíos ó Agnes Kinsella, máthair Thomas Kinsella, an file agus aistritheoir.