Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de bhunadh na hIodáile of Italian origin
" Tá sé d’aidhm acu deireadh a chur le réimeas Silvio Berlusconi, a bhfuil géarcháineadh déanta acu air, agus feabhas a chur ar sheirbhísí d’Iodálaigh thar lear, daoine aosta go háithrid, agus cúrsaí Iodáilise a chur ar fáil do dhaoine de bhunadh na hIodáile.
de phobal na hIodáile of the Italian public
" Léirigh pobalbhreith a rinne *The Financial Times*/ Harris anuraidh gur bhraith 75 faoin chéad de phobal na Spáinne, 71 faoin chéad de phobal na Gearmáine, 69 faoin chéad de phobal na Breataine, 68 faoin chéad de phobal na hIodáile agus 64 faoin chéad de phobal na Fraince gur cheart go mbeadh deis acu vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh an chonartha úir.
dála na mac léinn ón Iodáil the same as the students from Italy
" Mar sin, dála na mac léinn ón Iodáil a bhí ar an chúrsa seo cúig bliana ó shin (c.
hIodáile Italian
" Is é Serie A príomhroinn sacair na hIodáile, agus is cosúil go bhfuil cuid mhór de lucht leanúna na sraithe sin ar mire cheart faoi chaighdeán na réiteoireachta, nó an easpa caighdeáin is cirte a rá.
an Iodáil Bheag Little Italy
" Má thosaíonn tú amach ag an phointe is faide ó dheas ar an oileán agus gluaiseacht ó thuaidh fríd an cheantar airgeadais, tiocfaidh tú chuig *Tribeca, Chinatown, Soho*, an Iodáil Bheag, ansin an *Lower East Side*.
Is as an Iodáil a hathair her father’s from Italy
" Is as an Iodáil a hathair cé gur tógadh i Veineasuaile í agus tá na teangacha sin againn.
Tionchar na hIodáile the Italian influence
" Tionchar na hIodáile ======== Tá breis is 50 saothar ealaíne le feiceáil sa taispeántas seo agus iad leagtha amach de réir téamaí i ndeich seomra.
de shliocht na hIodáile of Italian descent
" Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar théama leanúnach aici agus d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta.
le hais seanphór na hIodáile as compared to the older strain of Italians
" Tá na comharthaí sóirt i ngach áit; an t-ollfhuadar tógála, an t-airgead scaoilte, an sruth leanúnach inimearceach ón Áis ag cur fúthu, iarrachtín míchompordach, b’fhéidir, le hais seanphór na hIodáile, na Gréige, na bhFilipíní, agus, ar ball, na Liobáine – iad siúd a tháinig anonn rompu, tonn i ndiaidh a chéile, ó na naoi déag tríochaidí ar aghaidh.
an Iodáil Italy
" (gáire) Is breá liom an Iodáil.