Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Liobáin Lebanon
" Bhí sé mór le Rafiq Hariri a bhíodh ina Phríomh-Aire ar an Liobáin, agus an fear a chuir tús le hatógáil na tíre i ndiaidh an chogaidh chathartha, go dtí gur maraíodh é i mBéiriút i mí Feabhra i mbliana.
in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin in return for freeing American hostages in Lebanon
" An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na *Sandinistas* i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin.
de bhunadh na Liobáine of Lebanese background
" Chuaigh scuainí de bhunadh na Liobáine, más fíor, ag lorg díoltais go gairid tar éis na trioblóide i gCronulla.
i rith chogadh cathartha na Liobáine during the Lebanese civil war
" Chaith sé tréimhsí ag tuairisciú ó ionaid choinbhleachta i rith chogadh cathartha na Liobáine sna hochtóidí agus sa Bhoisnia le linn na nóchaidí.
Liobáin Lebanon
" Chaith an Laoiseach seal in Arm na hÉireann sa Liobáin ag deireadh na 1980í sular aistríodh é go GOAL a bhí ag obair i Ruanda.
Liobáine Lebanon
" Chaith Keenan 1574 lá i mbraighdeanas, é ceilte in áiteanna éagsúla sa chathair agus ar fud na Liobáine, tír a bhí á scriosadh de réir a chéile sa chogadh cathartha idir Hezbollah, na Falangaithe, buíonta Moslamacha agus airm Iosrael agus na Siria i rith na n-ochtóidí.
Liobáin Lebanon
" ‘Incendies’ ====== Nuair a fuair an seanfhaltanas eadarchine agus creidimh an ceann is fearr ar Chríostaithe, Muslamaigh agus Drúsaigh sa Liobáin i 1975, lean ainghníomhartha fuilteacha díoltais ar gach taobh.
ndeisceart na Liobáine southern Lebanon
" Bhíodh na céadta milliún á gcoinneáil siar acu sna hochtóidí nuair a bhí saighdiúirí na hÉireann á marú i ndeisceart na Liobáine ag Hizb Al-Kata’eb, an Falains, lucht cúltaca Iosrael sa Liobáin.
Liobáin Lebanon
" Bhain agus thug sé cuntas do Robert ar chuid dá shaol oibre ón Liobáin go dtí an Chosaiv, go Ruanda agus go Gaza.