Pota Focal Intergaelic
| A | ana | cna | N
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht athbheochan na teanga language revivalists
" Is dócha gurbh é bunú Choláiste na Rinne a shábháil Gaelainn na nDéise ón uaigh; comhfhiontar de shórt a bhí anseo idir muintir na háite agus lucht athbheochan na teanga.
na hearraí the goods
" Tá pacáiste eolais agus liosta áiseanna againn do bhaill nua, á gcur ar an eolas faoi imeachtaí agus faoi na hearraí éagsúla atá ar fáil (leabhair, téipeanna, etc.
na pearsana the people
" (c) Éileamh ar an statchóras, agus na pearsana laistigh de a ghríosadh, le bunseirbhísí a chur ar fáil.
na garrantaí the gardens
" Arae mhuise, nach álainn go deo an rud é an chéad chuach a chloisteáil thar na garrantaí agus í ag fógairt thráthnóntaí breátha fada an tsamhraidh! Agus nach binn agus nach bog an blaoch ag teacht uaithi, an mantra "cu cúú… cu cúú…" á theilgean aici go hard san aer.
Casadh na séasúr The turning of the seasons
" Casadh na séasúr, an nádúir, an dúchais agus an chultúir ina roithleán ar thuirne na beatha! Tá an oiread sin féilte ceoil anois ann is go bhféadfá an samhradh ar fad a chaitheamh ag dul ó cheann go ceann agus tá daoine ann a dhéanann a leithéid.
thuirne na beatha the spinning-wheel of life
" Casadh na séasúr, an nádúir, an dúchais agus an chultúir ina roithleán ar thuirne na beatha! Tá an oiread sin féilte ceoil anois ann is go bhféadfá an samhradh ar fad a chaitheamh ag dul ó cheann go ceann agus tá daoine ann a dhéanann a leithéid.
togha na Gaeilge the best of Irish
" Is anseo a gheobhaidh tú Máire Uí Eaghráin taobh thiar den chuntar, bean uasal a bhfuil togha na Gaeilge aici agus croí mór flaithiúil fáiltiúil.
na hionaid saoire holiday resorts
" Loic daoine orainn cúpla uair - cuireadh turas amháin ar ceal gan míniú ar bith, mar shampla, agus dá bharr sin ní fhaca muid Cayo Largo, oileán beag ar an chósta ó dheas agus ceann de na hionaid saoire is deise i gCúba, deirtear.
bunadh na háite the locals
" Úsáideann bunadh na háite iad ach ní fhaca mé riamh turasóirí orthu.
faoi choim na hoíche under cover of night
" Fuair muid cuireadh dul go teach i gcomhair dinnéir agus chuaigh muid ansin faoi choim na hoíche.
shráideacha na hagóide the streets of protest
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
dínit na tragóide the dignity of tragedy
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
na cathanna céanna the same battles
"na cathanna céanna le troid acu agus atá ag Gaeltachtaí beaga eile lena gcultúr a thabhairt slán, ach tá ag éirí leo é sin a dhéanamh.
gairm na tréidliachta the veterinary profession
" Seo scéal atá á phlé ag gairm na tréidliachta ó rinneadh na margaí níos oscailte sa Chomhphobal Eorpach ag tús na nóchaidí.
Na comharthaí The symptoms
" Na comharthaí a i gcás na gcaorach, níor mhair siad i bhfad - d'imigh an bhacaí agus an fiabhras i gceann lá nó dhó agus go minic bíonn an galar ciúin i measc na gcaorach.
de bharr na péine because of the pain
" Ba chuimhin leis fuaim uafásach na mbó agus iad ag baint smeacha as a liopaí de bharr na péine.
dealbhóireachta saol na dealbhóireachta: the world of sculpture
" In ainneoin go mbaineann a shaothar le cúrsaí faisin agus *haute couture*, tá dlúthcheangal le saol na healaíne agus na dealbhóireachta le brath sa taispeántas seo.
beairic mhór de chuid na bpéas beairic de chuid na bpéas: a police barracks
"beairic mhór de chuid na bpéas díreach os mo chomhair, rud nach bhfuil chomh deas céanna.
na ndugaí the docks
" Os cionn na ndugaí, tá cuid crann tógála mór buí Harland and Wolff le feiceáil.
chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar chuir siad an dlí orthu: they took them to court
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
na comhaid the files
" Anuas air sin, tá na comhaid a ghintear millteanach mór agus níl sé indéanta iad a scaipeadh ach ar ghréasáin le bandaraon leathan, ar nós na gceann "broadband" atá le fáil go forleathan i Meiriceá agus coitianta i measc eagraíochtaí móra san Eoraip.
Spleodar na hóige. The exuberance of youth.
chrannchur na scoile school raffle
" Ach ní ar cuairt a thagaidís go díreach ach is amhlaidh a bhíodh ag díol ticéad le haghaidh chrannchur na scoile nó ag cruinniú airgid do chúis, do cheist nó do chiste éicint.
go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi that she had been well warned
" Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil ar a bhfaca sí riamh.
ar na saolta seo these days
" Níor ghéill cailíní óga d'orduithe ar na saolta seo, thuig sé.
a chuir síolta na críochdheighilte that sowed the seeds of partition
" Ó 1911 ar aghaidh cuireadh ceisteanna faoi chreideamh agus ba é an daonáireamh sin a chuir síolta na críochdheighilte.
fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta the campaign for Civil Rights
" Tháinig cuntas na bliana sin ar shála fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, a dhírigh aird ar an leatrom in éadan na gCaitliceach agus bhí leisc ar naisiúnaithe a gcreideamh a fhógairt ar fhoirm oifigiúil.
athaontú na tíre the re-unification of the country
" Agus sin ráite, thiocfadh leis go ndéanfadh na hathruithe a tháinig nó a thiocfas mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta (nó cibé comharba a bheas air) an cinneadh i bhfad níos éasca, más fíor do Shinn Féin go réitíonn an Comhaontú an bealach d'athaontú na tíre.
stádas na teorann the status of the border
" Tá Sinn Féin ag moladh go mbeadh vótáil ann ar stádas na teorann, rud nach nglacfaidh rialtas na Breataine leis, agus tuigeann náisiúnaithe an chontúirt a bhaineann le móramhachas lom.
lucht lorgtha na fírinne those in search of truth
" 'Bígí ag cuartú faoina bhun, ach ná bainigí sult as!' a chomhairlíonn Balor do lucht lorgtha na fírinne.
lucht cuartaithe na dídine asylum seekers
" 'Tá sibh ag teacht isteach sna leoraithe míchearta,' a chomhairlíonn Balor do lucht cuartaithe na dídine in Éirinn.
de bhunadh na hÉireann of Irish descent
" Ar de bhunadh na hÉireann a mháthair? 'Of Irish parentage' a scríobh nuachtán a linne agus é ag trácht ar Billy.
na gluaiseachta movement
" Tá a lán athruithe tar éis titim amach sna Stáit Aontaithe ó bhí aimsir na gceart sibhialta ann sna seascaidí de bharr obair na gluaiseachta sin.
cothrom na Féinne justice, equality
" Is *melting pot* cultúrtha é Meiriceá, tír atá ar nós cuma liom faoi dhath craicinn daoine, a bhfuil comhionannas deiseanna agus cothrom na Féinne le fáil inti.
le linn na trialach during the trial
" Cén bhaint atá ag seo le cúrsaí? Is é an pointe ar mhaith liom aird a tharraingt air ná gur cuireadh Simpson i gcarcair díreach i ndiaidh dhúnmharú Simpson Brown agus Goldman agus nár ligeadh amach ar bannaí é ag am ar bith le linn na trialach.
Ligeann pobal na Stát Aontaithe a gcoireanna leo they American public condone their crimes
" Ligeann pobal na Stát Aontaithe a gcoireanna leo, ceadaíonn siad iad agus spreagann siad iad.
ná bunadh na háite the locals
" An raibh eagla orthu nach mbeadh a fhios ag daoine, cuairteoirí ná bunadh na háite, go raibh siad i nGaeltacht gan fógra a bheith á chur seo in iúl!? Cuirtear suas fógraí agus comharthaí gnó i mBéarla go rialta sa Ghaeltacht; labhraítear Béarla le custaiméirí i siopaí agus i dtithe tábhairne; is iad na staisiúin Bhéarla raidió a bhíonn ar siúl sa chúlra agus is annamh a chloistear ceol traidisiúnta i dtithe tábhairne ná in áiteanna eile poiblí.
na suíocháin imeallacha the marginal seats
" In olltoghchán na bliana 1997 bhí caint ar na vótaí inaistrithe agus ar na suíocháin imeallacha ach tá a lán cainte an t-am seo faoi míshásamh agus easpa suime na vótálaithe seasta.
na vótálaithe seasta the core voters
" In olltoghchán na bliana 1997 bhí caint ar na vótaí inaistrithe agus ar na suíocháin imeallacha ach tá a lán cainte an t-am seo faoi míshásamh agus easpa suime na vótálaithe seasta.
na Coiméadaigh the Conservatives
" "Ní bhfuair na Coiméadaigh suíochán ar bith in Albain i 1997 agus tá seans ann nach bhfaighidh siad suíochán ar bith sa Bhreatain Bheag ach oiread an t-am seo," a dúirt Kiron Reid, iarrthóir de chuid na Liobrálach Daonlathach i Walton liom.
na tógála construction
" Tá fórsaí an mhargaidh ag obair go tréan san earnáil phríobháideach, go háirithe in earnálacha na tógála agus na teicneolaíochta, agus is cinnte go bhfuil an caighdeán maireachtála ardaithe sa tír ina hiomláine.
straitéis na páirtnéireachta sóisialta the social partnership strategy
" I 1987, nuair a thosaigh straitéis na páirtnéireachta sóisialta, bhí 31% den ioncam náisiúnta ag dul ar bhrabúis, agus faoin mbliain 1997 ba 41% a bhí ann.
na hiomaitheoirí the competitors
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
na ndoladhroichead the toll bridges
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
na Sile Chile
" Tá an Astráil anois ar an gcúigiú tír is mó a onnmhairíonn fíon tar éis na Fraince, na hIodáile, na Spáinne, agus na Sile.
ar son na cúise for the cause
" Ar ndóigh, tá muintir na hÉireann ag déanamh a gcuid féin ar son na cúise - tháinig méadú 322% go £542 milliún ar an méid fíona a díoladh in Éirinn idir 1990 agus 1999 agus is ag fíon na hAstráile atá 28% den mhargadh sin.
na binsí fiosraithe tribunals of enquiry
" Más fíor go sceitheann fíon fírinne, b'fhéidir gur tuilleadh fíona atá ag teastáil ag na binsí fiosraithe atá ar siúl in Éirinn.
tearmann na ndíthreabhach is na manach sanctuary of the hermits and the monks
" Corca Dhuibhne - tearmann na ndíthreabhach is na manach is na luath-Chríostaíochta; Riasc, Cill Mhic an Domhnaigh, Gallarus, Cill Seanaigh; dúthaigh Bhréanainn, Mhaolcéadair, Chuáin, Ghobnait is Mhanacháin.
íor na spéire the horizon
" Ar saoire dhuit, seas ar Bhinn Dhiarmada agus feic dul faoi glórmhar na gréine; seas ag Ceann Sratha agus cífir an Bhrasaoil; seas ar Bharr Chnoc Bhréanainn agus cífir, siar ó dheas uait ag íor na spéire, An Tír Tairngire.
ag fanacht thar fhad na fáilte overstaying my welcome
" Ach nuair a rinne seanbhean mhór mhantach iarracht mé a mhealladh chun a leapa, bhraith mé go raibh mé ag fanacht thar fhad na fáilte.
na feachtais atá á n-eagrú acu the campaigns that they are organising
" ie/)) lán d'eolas faoi na feachtais atá á n-eagrú acu.
na nascanna the links
" Ach tá sé éasca do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh a bheith dall ar na nascanna seo.
na hiodrant dóiteáin water hydrants
" " An siamsa is fearr a bhíonn ag na páistí ná ag oscailt na hiodrant dóiteáin.
na húdaráis the authorities
" " Ní raibh mé róthógtha leis an ábhar seo, ach bíonn sé riachtanach go ndéanfadh daoine an t-eolas seo a roinnt, go háirithe nuair nach mbíonn mórán muiníne agat as na húdaráis.
Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí I'm really fed up with the doctors
" Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí.
shiollaí na gaoithe puffs of wind
" Suite mar atá sí ar chósta thiar na hÉireann, bíonn boladh na farraige agus ceol an chonsairtín ag meascadh le chéile ar shiollaí na gaoithe.
na seisiúin is pléisiúrtha the most pleasant sessions
" Rud eile atá tábhachtach a thuiscint ná go mbíonn na seisiúin is pléisiúrtha ag tarlú san iarnóin go minic, seachas san oíche.
na fonnadóirí the singers
" agus nuair a chríochnaíonn an rud foirmeálta tá sé de nós ag na fonnadóirí bualadh le chéile le haghaidh an fhíorsheisiúin ar chúl Thigh Uí Chléirigh (nó "The Blonde's" mar is fearr aithne air).
scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí the best of musicians and singers
" Bíonn scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí i láthair ag an bhféile seo gach bliain.
shainmhíniú na faidhbe the definition of the problem
" Féachadh ar na Taistealaithe féin mar shainmhíniú na faidhbe.
de réir na n-oideachasóirí gairmiúla according to the professional educators
" Ach i Ráth Caola tá go leor acmhainní breise (múinteoirí breise san áireamh) curtha ar fáil agus, de réir na n-oideachasóirí gairmiúla, níl argóint na n-agóidithe go bhfuil cuid oideachais páistí eile ag fulaingt slán.
na Breatnaigh the Welsh
" Ní mór dúinn dearcadh soir chuig ár gcairde, na Breatnaigh (< Breatain+nach = Prydeinig / Cruithin+neach), gur Cymry (= comh+brú) ó cheart iad! (Céard fúinn féin; an Gaeil gur Éireannaigh sinn, nó an Éireannaigh gur Gaeil sinn?) Ar chuma ar bith, fóireann focal dá gcuid siadsan, Breatnaigh, orainn go seoigh.
faoi bhruach na Life around the banks of the Liffey
" An té a bheadh 'wedi fod yn **yfe**d' (= **ibh**the/ólta), nó 'in**eb**riated', an té a raibh a shá 'imbibed' aige, is dóigh go nglacfaidh sé le teoiric ar bith! Más tugtha don ól é, an duine bocht céanna, b'fhéidir gur Ó Meadhchair/Meachair a bheadh air, tharla go gciallaíonn a shloinne 'cara (na) meá'! Níl mé a rá, áfach, go bhfuil éinne ar m'aithne darb ainm Lifechair Ó Meachair faoi bhruach na Life sa lá inniu.
na hothair the patients
" San am sin, ní dóigh liom gur thuig daoine i gceart go ndearna na haltraí an obair leis na hothair a bhí i mbaol báis go deonach - ní raibh aon íocaíocht i gceist.
ag ceannach na bróige buying the shoe
" I measc na n-abairtí a bhreac sé síos ar an chlár an oíche sin bhí "Tá an fear ag ceannach na bróige".
caighdeán na múinteoireachta the standard of teaching
"caighdeán na múinteoireachta fós an-íseal, áfach, agus níl an chuma ar an scéal go dtiocfaidh athrú ar chúrsaí go ceann i bhfad.
d'íomhá na teanga to the image of the language
" Is mór an dochar a dhéanann sé seo d'íomhá na teanga.
ag fíorú na híomhá sin verifying that image
" Tá na Sé Chontae ag fíorú na híomhá sin atá ag an tsaol taobh amuigh gur duine mire achan uile chréatúr againn.
na hAontachtaithe bunreachtúla the constitutional Unionists
" Tá troid fhíochmhar ar siúl idir na hAontachtaithe bunreachtúla, sprid an ghnáthphobail s'acu in ísle brí (agus is rud an-chontúirteach é seo, rud nach dtug náisiúnaithe a n-aghaidh mar is ceart air go fóill).
de réir na saineolaithe according to the experts
" Daoine idir 18 agus 25 is ea an chuid is mó de na léirseoirí, an t-aoisghrúpa is fuarchúisí ó thaobh vótála de, de réir na saineolaithe.
gur loic na polaiteoirí orthu that the politicians let them down
" Mothaíonn siad gur loic na polaiteoirí orthu," a dúirt sí.
na dílseoirí the loyalists
" I mí Lúnasa na bliana céanna, mharaigh na dílseoirí Sean Lavery (21), mac leis an chomhairleoir Bobby Lavery, nuair a scaoil siad urchair lena theach ar Bhóthar Aontroma.
na nearóga the nerves
" Nuair a chas mé le Máirtín i mBéal Feirste i lár mhí an Mheithimh, d'admhaigh sé go raibh sé dian go maith ar na nearóga a bheith ag obair mar chomhairleoir.
na bhforas trasteorann the cross-border bodies
" Tá siad ar son na bhforas trasteorann.
fhealsúnacht na hagóide the philosophy of protest
" " Albaim Eanáir 1967: The Doors Deireadh Fómhair 1967: Strange Days Iúil 1968: Waiting For The Sun Iúil 1969: The Soft Parade Feabhra 1970: Morrison Hotel Iúil 1970: Absolutely Live Aibreán 1971: LA Woman Samhain 1978: An American Prayer (Filíocht Morrison á haithris le ceol The Doors) Nuair a bhí sé ar an ollscoil, rinne sé staidéar ar chúrsaí ar nós fhealsúnacht na hagóide agus shíceolaíocht na sluaite.
bhunadh na cathrach the inhabitants of the city
" Tá sé mar pholasaí ag an dánlann ó bunaíodh í i 1978 go mbeadh an ealaín le feiceáil taobh amuigh chomh maith le taobh istigh, mar sin tá saothar le feiceáil thart timpeall na cathrach; ní hamháin go músclaíonn an saothar seo suim daoine san ealaín ach spreagann sé díospóireachtaí chomh maith i measc bhunadh na cathrach.
na hábhair the materials
"na hábhair costasach go maith freisin agus na frámaí do na pictiúir.
a sháróidh na laigí which will overcome the shortcomings
" Tá muid ag fanacht ar na déantóirí sa tSeapáin córais a chur ar fáil dúinn a sháróidh na laigí atá ag WAP faoi láthair.
na laigí seo a shárú to overcome these shortcomings
" Tá gach iarracht á déanamh na laigí seo a shárú le cinntiú go mbeidh WAP ina uirlis ríthábhachtach.
na boic mhóra the big bucks
" Daoine a chreid go raibh an ceart ar a dtaobh agus nach raibh sásta géilleadh do na boic mhóra.
na pleanála stráitéisí strategic planning
" Beidh sé mar dhúshlán ag an phríomhfheidhmeannach nua eagraíochtaí mar Chonradh na Gaeilge, Gael-Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Comhaltas Uladh, An tOireachtas, Gaelscoileanna, Cumann na bhFiann, agus cinn eile nach iad, a spreagadh le dul i dtreo na pleanála stráitéisí, le cinntiú go mbeidh an deis ag gach réimse de shochaí na tíre a bheith i dteagmháil leis an Ghaeilge go rialta agus ag daoine í a úsáid gan stró.
na hiarrachtaí the attempts
" Ceann de na dúshláin is mó atá roimh an Fhoras agus a bheas roimh an phríomhfheidhmeannach nuacheaptha ná déanamh cinnte nach n-éireoidh leis na hiarrachtaí atá á ndeanamh stádas na Gaeilge a ísliú sa chóras oideachais.
leabhar na tairngreachta the book of prophecy
" Ach tar éis na scéalta a bhí ag teacht chugam faoi ó fhoinsí éagsúla (ceoltóirí den chuid is mó), thar tréimhse fhada, bhí sé cosúil le seanchas a bhí scríofa i leabhar na tairngreachta a fheiceáil ag tarlú.
cothrom na Féinne fair play
" B'fhearr liom nuacht, nó cothrom na Féinne a léamh, in ionad na ráiméise seo.
bunadh na háite the locals
" Suite i lár na cathrach taobh istigh de na seanbhallaí stairiúla, is cinnte go mbeidh an suíomh lárnach seo an-tarraingteach do chuairteoirí go dtí an chathair chomh maith le bunadh na háite.
cuma na hainnise the appearance of being tight
" Cibé, mar a dúirt Cian, "Níl a dhath níos measa ná cuma na hainnise a bheith ar dhuine.
faoi choim na hoíche under cover of night
" Ar an dara lá de mhí Lúnasa fágfaidh eitilt BD 7905 Aerfort Átha Cliath faoi choim na hoíche agus tuirlingeoidh sí arís uair agus cúig nóiméad níos déanaí ag Aerfort Lorient.
ar na gaobhair in the vicinity
" Mar sin, má bhíonn tú ar na gaobhair ag tús mhí Lúnasa bliain ar bith, buail isteach.
na B-Speisialaigh the B Specials
" "Ó," arsa Burnside, agus aiféaltas air, "caithfidh sé go bhfuil sibh ró-óg le cuimhne a bheith agaibh ar na B-Speisialaigh.
ag cosaint na hAontachta defending the Union
" ag cosaint na hAontachta Ó bunaíodh stát na Sé Chontae, bhí an RUC agus paramílitigh na B-Speisialach sa líne tosaigh ag cosaint na hAontachta in éadán an IRA, a bhí á gcothú i measc na gCaitliceach bradach sin.
ag fuilstin na náire suffering the shame
" Is doiligh gan trua a bheith agat dóibh - tá siad mar a bheadh dornálaí ann a bhris cnámha agus é i mbarr a réime ach atá anois ag dul in aois agus ag fuilstin na náire a d'fhulaing siad sin a dtug sé greadadh dóibh tráth.
na hoibrithe neamh- nó leathoilte the non- or semi-skilled workers
" Is anois a fheicimid an difríocht idir na hoibrithe neamh- nó leathoilte agus iad siúd le hardoideachas atá ag obair i rannóga taighde agus forbartha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta.
na húdair the authors
" Tá flúirse eolais ar a gcuid leabhar ar an suíomh agus is féidir éisteacht leis na húdair ag déanamh cur síos ar a saothar freisin.
Sraith na Seaimpíní The Champions League
" B'fhéidir nach bhfuil chuile shraith san Eoraip láidir, ach tá tíortha "beaga" eile in ann clubanna a chur chomh fada le Sraith na Seaimpíní agus Corn an UEFA, gan iad féin a náiriú.
chaighdeán na himeartha the standard of play
" Is é an smaoineamh atá taobh thiar de seo go mbeidh níos mó foinn ar dhaoine freastal ar chluichí ar thrathnóna deas samhraidh seachas oíche ghruama gheimhriúil, agus go dtiocfaidh feabhas ar chaighdeán na himeartha de bharr go mbeidh na páirceanna ar chaighdeán níos fearr.
cuma na hainnise the appearance of being tight
" Cibé, mar a dúirt Cian, "Níl a dhath níos measa ná cuma na hainnise a bheith ar dhuine.
na ballraíochta the membership
" Tá ionchur agus tacaíocht na ballraíochta iontach tábhachtach.
íospartaigh na dtrioblóidí victims of the troubles
" I mbliana thug sí caint ag cruinniú a d'eagraigh VAST, is é sin grúpa íospartaigh na dtrioblóidí.
gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann All-Ireland Hurling Final
" I 1961 d'imir foireann shinsear Átha Cliath i gcoinne Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann.
na trí Laotha The Three Calf Islands
" Má fhéachtar fós aduaidh ar an oileán, tá dealramh dáimh air, a cheann is a dhroim in airde, ag snámh siar i dtreo Charraig Aonair, agus na trí Laotha ina theannta sa Bhá Thuaidh.