Tá rianta an dá thír sin fós le feiceáil inti – tá sé cineál ait Gearmáinis a chloisteáil ar chósta iardheisceart na hAfraice! Bhraith mé go raibh atmaisféar difriúil sa Namaib ná mar atá san Afraic Theas, go raibh gach duine agus gach rud ní ba réchúisí.