Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ord Oráisteach The Orange Order
" Bhí 271 póilín ar dualgas ag na paráidí ar an 12 Iúil, ach ní gnó é an tOrd Oráisteach agus mar sin íocann muintir na háite as an chostas seo trí cháin áitiúil.
na bannaí ceoil Oráisteacha the Orange bands
" Feiceann muid na bannaí ceoil Oráisteacha ag dul suas síos ag deireadh shráid s'againne, agus in amanna bíonn *graffiti* mar "Kill All Taigs" ag an timpeallán idir an dá áit.
mórshiúlta Oráisteacha Orange marches
" D'oibir sí sa cheantar ar a tugadh Triantán na nDúnmharuithe, bhí sí chun tosaigh san imreas a bhain leis na mórshiúlta Oráisteacha ar Bhóthar Ghairbh Achaidh agus bhí sí ina hAire Talmhaíochta sa rialtas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil.
lucht leanúna bhuíon cheoil Oráisteach the followers of an Orange band
" Chonacthas sin an mhí seo caite, nuair a ligeadh do lucht leanúna bhuíon cheoil Oráisteach siúl fríd Ard Eoin i mBéal Feirste.
ceannasaíocht an Oird Oráistigh the leadership of the Orange Order
" Bhí ceannasaíocht an Oird Oráistigh ach go háirithe ar buile go sílfeadh an tUachtarán go raibh aon fhrith-Chaitliceachas beo beathach i measc na bhfear buí.
saiseanna Oráisteacha Orange sashes
" Bhí scaifte taobh amuigh, ina measc Alan Clair agus an dream ón *Derry Club*, agus suaitheantais an UVF ar a gcuid saiseanna Oráisteacha.
a lán Oráisteach a lot of Orangemen
" ” Is dócha go raibh mí-ádh ar Geraldine Judge, bean as Baile Átha Cliath a bhí páirteach sa chlár, go raibh a lán Oráisteach ina gcónaí in aice léi.
Oráistigh Orangemen
" Cé gur Chaitlicigh formhór na saighdiúirí sa chathlán, bhí Oráistigh ann fosta.
le cur in éadan na nOráisteach to oppose the Orangemen
" Cad é a thiocfadh le hiarbhaill an IRA a dhéanamh? Má eagraíonn siad a bpobal féin le cur in éadan na nOráisteach, cad é na himpleachtaí a bheas ansin do phróiseas úr na síochána? Tá imní ar chuid mhór daoine atá ina gcónaí gar do “líne na síochána” go mbeidh siad fágtha gan chosaint.
mórshiúlta Oráisteacha Orange marches
" Chothódh sé spiorad breá i measc aicmí áirithe mórshiúlta Oráisteacha a ligint fríd ceantracha nach bhfuil fáilte rompu ach ní dhéanfadh sin maith ar bith don phobal Protastúnach.
mó ná 50 lóiste Oráisteach over 50 Orange lodges
" Tá Bolton faoi chúram Greater Manchester Police (GMP) agus, gan fhios dom, thosaigh siadsan imscrúdú ar na dílseoirí i Learpholl, áit a bhfuil níos mó ná 50 lóiste Oráisteach.
ón traidisiún Oráisteach from the Orange tradition
" Traidisiúin éagsúla Tá amhráin agus ceol ón traidisiún Oráisteach sa Taisce fosta agus cad chuige nach mbeadh? Is cuid de thraidisiúin na hÉireann iad na buíonta máirseála, buíonta bosca ceoil, bannaí píb agus amhráin a bhaineann leis an traidisiún Oráisteach, na Apprentice Boys agus araile.
Oráistigh Dhroim Cria the Drumcree Orangemen
" Bhí Oráistigh Dhroim Cria ag éileamh cainteanna le bunadh Bhóthar Gharbh Achaidh, dream ar dhiúltaigh siad labhairt leo ar feadh 13 bliana nó mar sin.
ball sinsearach den Ord Oráisteach, a senior member of the Orange Order,
" Rún de chuid David McNarry, ball sinsearach den Ord Oráisteach, a bhí ann, agus seachtain i ndiaidh é a bheith curtha ar an chlár aige, chinn an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Edwin Poots, nach gcuirfí dúshraith reachtúil faoi chearta Gaeilgeoirí sna Sé Chontae.
sa pharáid Oráisteach in the Orange Parade
" Cé go mbíonn timpeall 3,000 duine ag glacadh páirte sa pharáid Oráisteach a bhíonn ar siúl sa chathair ar an 12 Iúil gach bliain, ní raibh ionadaí de chuid an phobail sin i láthair ag an chomhdháil.
Ord Oráisteach Orange Order
" Tá ceangal láidir le blianta idir an BNP agus cuid de na fir bhuí i Learpholl, ach bhí cnámh spairne eadarthu i gcónaí mar tá daoine gorma ina mbaill den Ord Oráisteach anseo agus in áiteanna eile.
oráistí a dhíol to sell oranges
" Bhí fadhb óil ag an athair agus bhí ar Lula - agus é in aois a sheacht mbliana - oráistí a dhíol ar an tsráid agus snas a chur ar bhróga le hioncam a sholáthar.
baill den ord Oráisteach a member of the Orange Order
" Mar sin, bhí an dream frith-Mhoslamach *The North West Infidels* i láthair, chomh maith leis an National Front, BNP, baill den ord Oráisteach agus *Combined Ex-Services (CXF)*.
na hOráistigh the Orangemen
" Ag an am seo den bhliain, tagann an ghrian amach (má bhíonn an t-ádh orainn), tagann na hOráistigh amach, agus tagann na páistí amach fosta.
mheon na nOráisteach the mentality of the Orangemen
" D’éirigh le Balor léargas an-mhaith a fháil ar mheon na nOráisteach le gairid.