Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cheist na bPalaistíneach the Palestinian question
" De bharr pholasaí neodrachta an stáit seo, agus go háirithe an seasamh a ghlacamar ar cheist na bPalaistíneach thar na blianta, bhí tíortha Moslamacha an Mheánoirthir agus thuaisceart na hAifrice ní ba thoilteanaí earraí Éireannacha a cheannach seachas earraí ó thíortha eile.
chearta daonna na bPalaistíneach the human rights of the Palestinians
" Sin tír nach dtugann aird ar bith ar rúin na Náisiún Aontaithe, nó ar chearta daonna na bPalaistíneach.
campaí teifeach Palaistíneacha Palestinian refugee camps
" Díolann Raytheon díuracáin TOW le hIosrael, agus scaoiltear cuid mhaith acu le campaí teifeach Palaistíneacha.
dídeanaí Palaistíneach Palestinian asylum-seeker
" Duine de na ceannairí, ba Chaitliceach í a bhí pósta le dídeanaí Palaistíneach; ansin bhí glantóir ann a bhí pósta le hoifigeach príosúin.
bratach ollmhór Phalaistíneach, a massive Palestinian flag,
" Taobh amuigh den Ghailearaí Náisiúnta bhí bratach ollmhór Phalaistíneach, ar foluain trasna an bhóthair.
ag éisteacht le hóráidí faoi chruachás na bPalaistíneach. listening to speeches about the plight of the Palestinians.
" Bhí scata mór daoine ann, ag éisteacht le hóráidí faoi chruachás na bPalaistíneach.
ceannairí na bPalaistíneach the Palestinian leaders
" Más cuimhin leat blianta deireanacha an Uachtaráin Clinton, caitheadh iad i mbun diantaidhleoireachta a thug síocháin do Thuaisceart Éireann agus a chuir Iosrael agus ceannairí na bPalaistíneach ag caint lena chéile.
antoiscigh Phalaistíneacha Palestinian extremists
" D’fhuadaigh agus dhúnmharaigh antoiscigh Phalaistíneacha aon duine déag ó fhoireann Iosrael le linn na gcluichí a bhí ar siúl in München sa bhliain 1972.
ag tagairt don chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil referring to the Palestinian territory under occupation
" ” In alt eile a foilsíodh in *Haaretz*, mhínigh Gideon Levy cúram an aire seo: “*Yakobashvili, the Jewish minister of ‘reintegration,’ another white-washed term for occupation*,” agus é ag tagairt don chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil mar phatrún i gcomhair na hÓiséite Theas.
i seilbh na bPalaistíneach in the possession of the Palestinians
" Dar leis an “daonlathaí” seo, is le cine tofa Dé amháin talamh iomlán Iosrael, na limistéir bheaga bhídeacha atá fágtha i seilbh na bPalaistíneach san áireamh.
ceantar eile Palaistíneach le haghaidh plandála another P. area to be planted
" Lom láithreach, cheadaigh Iosrael ceantar eile Palaistíneach le haghaidh plandála.
Móramh Palaistíneach na linne seo the majority of Palestinians at present
" Móramh Palaistíneach na linne seo, maítear, de chogar leochaileach, ina leith gur iar-Iúdaithe agus iar-Chríostaithe iad agus gur iarsma dá mbealach ón Iúdachas is ea Clann Nasrani - Críostaithe na Palaistíne.
scéal agus sléachtadh na bPalaistíneach le the story and the slaughter of the Palestinians from
" Tá gnéithe suntais a dhealaíonn scéal agus sléachtadh na bPalaistíneach le ‘trioblóidí’ in áiteanna eile mórthimpeall an domhain.