Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
impiriúlachas cultúrtha na Rúise Russian cultural imperialism
" An té a labhraíonn le hinimircaigh ó oirthear na hEorpa tabharfaidh sé/sí faoi deara go bhfuil dearcadh báúil agus tuisceanach acu i leith cheist na teanga sa tír seo de bharr a dtaithí ar impiriúlachas cultúrtha na Rúise.
forlámhas na Rúise san Eastóin the domination of Estonia by Russia
" Leabhar faoi phoblachtaí an lucht oibre sa nGearmáin i ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda atá ag fear na Sualainne; baineann saothar Kross le forlámhas na Rúise san Eastóin idir an dá chogadh; cur síos ar éirí amach sa gCréit in aghaidh na dTurcach thart ar 1870 atá i leabhar Galanaki.
i stíl na Rúise in the Russian style
" I lomchodarsnacht le Corn Shanski Jerzy Phatski Danski, ní bheidh an teorannú céanna ar líon na n-iomaitheoirí a bheas in ann cur isteach ar an chomórtas úr damhsa ar an sean-nós – damhsa ar an sean-nós i stíl na Rúise is ea é.
de bharr ionradh na Rúise ar Afganastáin because of the Russian invasion of Afghanistan
" Ní dheachaigh na Meiriceánaigh nó foirne 61 tír eile go Moscó sa bhliain 1980 de bharr ionradh na Rúise ar Afganastáin an bhliain roimhe sin.
Iarthar na Rúise western Russia
" Thit an cleitín truaillithe faoin ngaoth ar thíortha éagsúla ar fud na hEorpa, ach ba iad na ceantair bá mhó a d’fhág sé a rian uafásach orthu ná an Bhealarúis, an Úcráine agus Iarthar na Rúise.
réigiún a n-ionannaíonn thart ar 90 faoin gcéad dá phobal leis an Rúis. a region in which 90 per cent of its population identify themselves with Russia
" Tríd is tríd, tugadh neamhaird ar ghníomhartha uafásacha mar seo, agus cuireadh an tSeoirsia bheag i láthair mar íospartach neamhurchóideach sna meáin le linn d’arm na Rúise a bheith ag díbirt fórsaí de chuid na Seoirsia as an Óiséit Theas, réigiún a n-ionannaíonn thart ar 90 faoin gcéad dá phobal leis an Rúis.
Bhán-Rúis Belarus
" Tá Vitsebsk sa Bhán-Rúis anois.
ilchríche na Rúise of the Russian land mass
" Tá sé ráite ag an bhfear céanna gur “leis an Rúis é an tArtach, agus caithfimid a chruthú nach bhfuil sa Mol Thuaidh ach síneadh scairbh ilchríche na Rúise”.
Chónaidhm na Rúise of the Russian Federation
" Ach mar dhuine a bhfuil an teideal “Laoch an Aontais Shóivéadaigh” bronnta air, chomh maith le “Laoch Chónaidhm na Rúise”, ní dócha go mbeadh focail an pholaiteora ag cur isteach go mór ar Chilingarov.
i dtreo na Rúise towards Russia
" Is léir go raibh faitíos san AE go gcuirfí "Aontas Eoráiseach" – aontas le hiar-Stáit Shóivéadacha – i mbaol dá mbrúfaí an Úcráin ar ais i dtreo na Rúise.
Uachtarán na Rúise ina measc the Russian President among them
" Ní hamháin gur éist le gach glaoch teileafóin a rinneadh ar ghutháin póca na mullach (Uachtarán na Rúise ina measc), ach d'oscail GCHQ caiféanna idirlín bréagacha ag an gcruinniú chun ríomhphoist na rannpháirtithe a léamh.
Eaglais Ceartchreidmheach na Rúise the Russian Orthodox Church
" Mhínigh an díoltóir dom gurb é San Nioclás an Naomh is ansa leo in Eaglais Ceartchreidmheach na Rúise agus gur Rúisigh iad ochtó faoin gcéad de na turasóirí a thagann ar chuairt nó ar pheiliríneacht ansin.
fomhuireáin na Rúise the Russian subs
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
bhí bearta ag an Rúis Russia had policies
" Sa deireadh thiar thall ní raibh ach briathra ag an iarthar fad is a bhí bearta ag an Rúis.
Ruaig Chun na Rúise a trip to Russia
" Ruaig Chun na Rúise ========= **SMM: Ceist faoi Chuaifeach mo Lon Dubh Buí sula scarfaimid: an dtáinig aon scéal ó éinne sa Rúis in imeacht na mblianta fá dtaobh don leabhar áirithe sin?** Séamas Mac Annaidh: Fuair mé an deis dul chuig an Rúis.