Cúpla lá sular labhair mé leis, fuair sé litir ó fhile agus foilsitheoir sa tSlóivéin a bhfuil spéis aige cuid dá shaothar a aistriú go Slóivínis agus tá sé tar éis a bheith ag plé le Rómánach agus le hOstarach a bhfuil Gaeilge acu atá ag aistriú cuid dá dhánta isteach ina dteangacha dúchais féin.
Táimid in iomaíocht anois le tíortha in oirthear na hEorpa agus tuairiscítear go bhfuil bealaí eagraithe siúlóide den chéad scoth i dtíortha mar an tSlóivéin, an Rómáin, an Pholainn, an Bhulgáir agus an tSlóvaic.