Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aduaine strange, unfamiliar
" Chuirfeadh na múnlaí seo plandaí aduaine den chineál a d'fheicfeá sna Trópaicí i gcuimhne duit nó an dóigh a gcuirtear cruthanna as a riocht nuair a amharcann tú orthu faoin uisce.
aduaine unfamiliarity
" Mé ag smaoineamh ar an traein go Hiroshima ar aduaine an chultúir seo, cuid de na daoine cairdiúil go leor, cuid eile acu agus b'fhearr leo gan strainséir a bheith ina measc.
le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, to undertake their strange, weird practices,
" Tá an t-am sin den bhliain anuas arís, a léitheoirí: an uair a thagann muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge - ar bhur n-anam, ná measctar an dá dhream riamh - le chéile i mbaile mór inteacht taobh amuigh den phríomhchathair le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, i bhfad óna muintir is óna ngaolta, i bhfad ó shúil ghlinn na meán cumarsáide, agus i bhfad ó cheamara *Ócáidí Odi*.
aduaine strange
" B’fhearr i bhfad a leithéid a bheith mar théama ag na scoileanna samhraidh líonmhara agus na tionóil acadúla ná cuid de na téamaí aduaine a phléifear i ndorchlaí intleachtúla sna míonna beaga amach romhainn.
aduaine strange
" Geallann na dathanna aduaine seo deireadh ár n-andúile i bhfoinsí fuinnimh allmhairithe, mar is íomhá dath bréige é seo a léiríonn cumhacht na dtonn timpeall chósta na hÉireann.
suíomhanna aduaine strange positions
" Úsáidtear DNA, víris, fíocháin agus cealla mar bhonnábhar cruthaitheach agus déantar scrúdú ar na rudaí a tharlaíonn nuair a chuirtear i suíomhanna aduaine iad.
aduaine strange
" Tá an oiread sin eachtraí aisteacha, aduaine, éagsúlacha i ndiaidh tarlú in Éirinn le mí anuas go bhfuil Balor an Bhéil Bhinn ag dul thart mar a bheadh madadh an dá eireaball ann, é idir dhá chomhairle (nó dhá chomhairle dhéag, b’fhéidir) faoi na scéalta a gcaithfidh sé a shúil nimhe orthu an iarraidh seo.
ag éirí níos aduaine becoming more strange
" Le himeacht aimsire, de réir mar a bhí ag teip go tiubh ar chruthúnais bhunsifíneacha na saineolaithe cás Tholamaeis a chosaint, tugadh faoi deara go raibh cruthúnais an aosa eagna ag éirí níos aduaine agus níos áiféisí sa tslí go mba léir don saineolaí, don sraceolaí agus don aineolaí araon, faoi dheireadh, nárbh fhada go mbuailfí an chreill ar theoiric Tholamaeis.
na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine to the foreigners with the strange language
" Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna, ach mhaslaigh sé dona go leor iad trí mhíniú dóibh os ard i mBéarla nár aithin siad teanga na hÉireann, an Ghaeilg, agus choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh! Choinnigh siad orthu ag gearradh bealaigh go maolchluasach, ach is é an trua nach bhfaca slua ceart iad, mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe lena sonc maslach a thabhairt do na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine.