Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
m'ionad oibrese ag an am my place of work at the time
" Is é an ceoltóir agus an scríbhneoir Maidhc Dainín Ó Sé a chuir Barra in aithne dhomsa ar dtús, lá a thug Maidhc ar cuairt é go Raidió na Gaeltachta, m'ionad oibrese ag an am, i dtús na nóchaidí den gcéad seo caite.
ag méadú an t-am go léir increasing all the time
" Ní hamháin go bhfuil cleachtadh ag daoine thíos fán tuath ar tháillí bruscair agus eile a íoc le blianta anuas, ach tá na táillí sin ag méadú an t-am go léir.
ag druidim leis an am approaching the time
" Sa chéad dul síos, nuair a bhí sé ag druidim leis an am a raibh mé le dul ar scor agus mé ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach, chonaic mé fógra do scoil samhraidh, seachtain Ghaeilge bhliantúil ar fheirm amuigh faoin tuath sa Bhreatain Bheag Theas Nua.
ag brath ar an am depending on the time
" Tá sé ag obair/staidéar i mBaile Átha Cliath agus tar éis na traenála nó an chluiche tugann sé aghaidh ar aistear nach bhfuil an-fhada ó thaobh mílte dhe ach, ag brath ar an am, fada to leor ó thaobh ama dhe.
san áit chiotach ag an am chiotach in the wrong place at the wrong time
" Seans go raibh muid débhríoch go maith faoin fhoiréigean ach ba é an tuairim choitianta i measc náisiúnaithe na tíre ná nach raibh i gcimí na Ceise Fada ach íospartaigh a bhí san áit chiotach ag an am chiotach.
ag brath ar an am den bhliain depending on the time of year
" Cén obair a dhéantar in Feachtas ó lá go lá? *** Athraíonn sé ó lá go lá agus ag brath ar an am den bhliain atá i gceist.
ag míniú shaol shaighdiúir an ama explaining the life of a soldier of the time
" Campaí beaga ======= I ngach áit ar an mblár bhí campaí beaga de chuid na n-athachtóirí, iad, den chuid is mó, ag míniú shaol shaighdiúir an ama do thurasóirí fiosracha.
a thaithímis ag an am that we used to frequent at the time
" Thugamar cuairt ar gach pub (dhá cheann) a thaithímis ag an am i Sráid Camden agus bhí na tábhairneoirí lánsásta an fuisce a chur ar fáil (nó arbh í an líomanáid a bhronnadar orainn?).
ag an am chéanna. at the same time.
" Is rud é atá iontach simplí, ach iontach casta ag an am chéanna.
ag dul trí am an-chrua going through a very difficult time
" Tá na comhlachtaí go léir ag dul trí am an-chrua ar fad faoi láthair.
Ach ag an am céanna, But at the same time,
" Ach ag an am céanna, mar gheall ar go raibh an oiread sin airgid le caitheamh ag an gciste in aon iarracht amháin, thiomáin sé rátaí na saoroibrithe in airde ar fad ar fad – ceamaradóirí, eagarthóirí, stiúrthóirí srl.
mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, as is usual at this time of year
" Oíche Shamhna bhí Balor ina phluais bhrocach cháidheach shalach, ag meabhrú os cionn na tine agus ag cogaint cnámh mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, nuair a tharla dó fís.
ag tógáil i bhfad an iomarca ama taking much too much time
" Labhair mé leis, agus uair éigin in 2002 thosaíomar ar an obair go hiomlán as an nua! Caithfidh mé a admháil gur tharla sé cúpla uair go rabhas ar tí éirí as toisc go raibh sé ag tógáil i bhfad an iomarca ama aon dul chun cinn a dhéanamh.
Bhí mise thar a bheith glas ag an am I was very green
" Bhí mise thar a bheith glas ag an am sin agus braithim gur fágadh ar mo chonlán féin mé – níor tugadh treoir ar bith dom.
nár chaith RTÉ i gceart léi ag an am, that RTÉ didn't treat her properly at the time,
" Nuair a bhuail mé léi i mbruachbhaile na Carraige Duibhe i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath le gairid d’fhiafraigh mé di ar cheap sí nár chaith RTÉ i gceart léi ag an am, gur bhrúigh siad chun cinn barraíocht í.
aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin. he was transferred to Dublin at that time
" Bhí Christy ag obair sa bhanc agus aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin.
Bhí drogall orm ag an am, I was reluctant at the time
" Cad é mar a tharla sé sin? “Tá a fhios agat an t-amhrán sin de chuid Bob Dylan, ‘Stuck Inside of Mobile With the Memphis Blues Again’? Bhuel, tá línte san amhrán sin atá an-oiriúnach sa chás seo: ‘And here I sit so patiently, Waiting to find out what price, You have to pay to get out of, Going through all these things twice’! Bhí drogall orm ag an am, bhí amhras orm faoi dhul síos an bóthar céanna.
ag cogaint ar choincheap an ama chewing on the concept of time
" Ba é Naomh Agaistín a chuir an cheist: cad is am ann? D’fhreagair sé a cheist féin – mar is dual d’fhealsúna – agus tá aos eagna ag cogaint ar choincheap an ama agus na síoraíochta ó shin.
Mar is iondúil ag an am seo bliana, as usual at this time of year
" Ach céard faoi gcóisir leictreach seo a luaigh mé cheana? Picnic LeictreachMar is iondúil ag an am seo bliana, bhí an Picnic Leictreach, ar féile cheoil mhórthaibhseach í, ar siúl sa tSráidbhaile i gContae Laoise.
ag am scríofa an ailt seo at the time of writing
" Tá roinnt grianghraf is fiseanna ó mo shuíomhanna féin curtha le Pinterest agam féin go bhfeicfidh mé an mbeidh Pinterest mar fhoinse tráchta domsa ach ag am scríofa an ailt seo, ní raibh.
ag am nuair atá an t-athrach ag teacht ar an athrach at a time when change is rapid
" Is léir mar sin go bhfuil post dúshlánach romhat amach ag am nuair atá an t-athrach ag teacht ar an athrach.
Ag am lóin, i scuaine an buffet at lunch time in the buffet queue
" Ag am lóin, i scuaine an buffet, bhí póilín an-sinsearach a raibh aithne agam air ó bhí sé ina sháirsint i nDoire, díreach romham.
ag an am ceaptha at the appointed time
" “Teach cineál acadúil a bhí ann - bhíodh obair bhaile le déanamh, rinneadh gach rud ag an am ceaptha.
fós ar na bacáin ag an am still in the plan at the time
" Bhí athbhreithniú breithiúnach Thomáis Mhic Ruairí fós ar na bacáin ag an am ach bhí an ghaoth bainte dá seolta ag an leasú seo.
ag am nuair atá an tír buailte go holc when the country is badly hit
" Tá sé seo tarraingteach go maith ag am nuair atá an tír buailte go holc ag an dífhostaíocht.
Is ar éigean an t-am ag muintir Dhoire a n-anáil a tharraingt Derry people hardly have the time to draw their breathe
" Is ar éigean an t-am ag muintir Dhoire a n-anáil a tharraingt na laethanta seo agus a bhfuil d’imeachtaí cultúir ar siúl sa chathair acu le bliain anuas.
céim amháin a ghlacadh ag an am to take one step at the time
" Dul san Iomáint ======= **Colm: Cén uair a cuireadh tús leis an iománaíocht?** Aodán: “Nuair a bunaíodh Na Gaeil Óga ceapadh go raibh sé níos feidhmiúla céim amháin a ghlacadh ag an am agus beartaíodh tosú le foireann peile ach bhí sé i gceist go gcuirfí foireann iomána ar bun ina dhiaidh sin.
ag méadú i rith an ama increasing all the time
" Isteach le Peter Robinson, ní leis na gnáth-Mhoslamaigh atá ag saothrú a gcodach anseo le fada an lá a chosaint, tráth a bhfuil ionsaithe ar mhionlaigh eithneacha ag méadú i rith an ama i gceantair dhílseacha - dúiche Robinson in oirthear Bhéal Feirste ach go háirithe - ach le tacaíocht a thabhairt don tréadaí aineolach nach raibh a fhios aige an dóigh leis an fhocal Sharia a fhuaimniú mar ba cheart.
in am ag an stát time for the state
" Tá sé in am ag an stát rialú níos fearr a dhéanamh ar thionscal na bhfeirmeacha gaoithe, dar le Breandán Delap.
an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama the continual changing circumstances
" Is spéis le Tony Birtill an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama i dtuairimí aos seandálaíochta na Breataine agus na hÉireann.