Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas you really hate everything in the south
" Ní bhíonn sibh sásta dul thar an teorainn agus tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas.
tá an nimh san fheoil agaibh di you really have it in for her
" “Anois, anois, a ghirseachaí,” arsa Fíona, “tá an nimh san fheoil agaibh di agus ní dhearna sí ach beannú daoibh.
Tá moladh mór tuillte agaibh agus guím gach rath oraibh sa todhchaí. You deserve a lot of praise and I wish you every success in future.
" Tá moladh mór tuillte agaibh agus guím gach rath oraibh sa todhchaí.
chomaoin mhór agaibh indebted to you
" Cuireadh ==== Maith sibh! Táimid faoi chomaoin mhór agaibh.
Bíodh siocair agaibh ar fad let everyone have a cause
"Bíodh siocair agaibh ar fad! Bígí feargach faoi chúrsaí,” a deir sé.
nach bhfuil tanc ar bith agaibh don’t you have a tank at all
" “Na daoine!” arsa Jiabao go magúil, “nach bhfuil tanc ar bith agaibh?” Léiríonn géarchéim an euro gur ar éigean a éiríonn le tíortha daonlathacha cos a choinneáil leis na hathruithe móra gasta a thagann ar chúrsaí airgeadais.
an raibh barúil ar bith agaibh did ye have any idea
" Bhí a fhios agaibh go raibh Balor calma curata, a chairde, ach an raibh barúil ar bith agaibh díreach cé chomh cróga is atá laoch na litríochta? Bhuel, ag deireadh na míosa seo caite thug sé cuairt neamhoifigiúil ar Bhanríon na hEorpa, Angela Regina Merkel (ARM mar ghiorrúchán) ceannaire neamhthofa na hEorpa.
mbeirt agaibh cromadh thar scáileáin beag bídeach both of you bend over a wee tiny screen
" Chabhródh sé go mór dá mbeifeá ag iarraidh múineadh do dhuine éigin eile conas guthán a úsáid: ní bheadh ar an mbeirt agaibh cromadh thar scáileáin beag bídeach.
Nach Béarla atá agaibh in Éirinn don’t you have English in Ireland
"Nach Béarla atá agaibh in Éirinn?” a deir sé liom.
tabharfar deis don bheirt agaibh the two of you are given a chance
" Má bhrúnn tú ar an gcroí do dhuine atá tar éis brú ar an gcroí duitse, déanfar ‘cleamhnas’ agus tabharfar deis don bheirt agaibh comhrá a thosnú.
bíodh a fhios agaibh you ought to know
" I measc na gcostas ar chuir sé isteach orthu, agus é fostaithe ag Irish Nationwide, bhí €14,000 ar dhá dhosaen buidéal fíona; €25,000 ar 77 buidéal *Cristal Champagne* (an stuif saor, bíodh a fhios agaibh); agus sé bhuidéal uisce beatha Midleton ar €1,400 an ceann.
tá an domhan mór siúlta agaibh you’ve gone all over the world
" H: Tá tú ag seinm leis an ngrúpa Beoga le blianta fada agus tá an domhan mór siúlta agaibh.