Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
d'aghaidh a thabhairt ar to tackle
" Conas d'aghaidh a thabhairt ar mhairgí móra an tsaoil i bhfilíocht? Caidé mar is féidir é seo a dhéanamh go fírinneach nuair nach bhfuil á chaitheamh agat féin ach saol beag suarach, sábháilte, saor ó bhroid agus ó bhuaireamh? Níl de fhreagra agam air sin ach gur dóigh liom go mbíonn filíocht mhaith ar thaobh an tsolais agus ar thaobh na beatha i gcónaí.
ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair we can't wait to continue with the work
" Tá mé féin agus mo chairde anseo i Milwaukee ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair.
le haghaidh a fhoilsithe ar an láithreán for publication on the site
" ie* gach rud a d'éiligh Aogán, ach tá lúcháir orainn a rá go bhfuil liosta cuimsitheach téarmaí de chuid an Choiste Téarmaíochta curtha ar fáil ag an nGúm le haghaidh a fhoilsithe ar an láithreán.
dhiúltaigh sé leanúint ar aghaidh he refused to continue
" Chuir seo olc ar an amhránaí agus dhiúltaigh sé leanúint ar aghaidh.
leanamar ar aghaidh uaidh sin we continued from there
" Bhaineamar an-taitneamh as an gcúpla cleachtadh a bhí againn agus leanamar ar aghaidh uaidh sin.
ag ropadh ar aghaidh chomh tapa sin moving forward so quickly
" Ach má cheannaíonn tú ríomhaire nua snasta, tá fadhb á cruthú agat duit féin: Cad a dhéanfaidh tú leis an ríomhaire atá agat cheana féin ar do dheasc? Tá cuid mhaith ríomhairí as dáta ag bailiú dusta i dtithe in Éirinn, agus tá an teicneolaíocht ag ropadh ar aghaidh chomh tapa sin gur beag eagraíocht charthanachta atá sásta glacadh le ríomhairí atá níos mó ná cúpla bliain d'aois.
ag leanstan ar aghaidh go tapa continuing quickly
" Tá forbairt eacnamaíoch ár n-eagraíochta ag leanstan ar aghaidh go tapa agus scéimeanna úra agus fiontair ghnó á dtosú.
bogaimis ar aghaidh let's move on
" "Ná bacaigí leis sin - bogaimis ar aghaidh," ar sé.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Tá an foréigean ag leanstan ar aghaidh, tá bagairt an fhoréigin i gcónaí san aer ach ar scála i bhfad níos lú.
leanacht ar aghaidh to carry on
" Bhíodh breabanna beaga aige - úlla, toitíní nó slisní aráin - do bhuachaillí eile i ndiaidh na n-ionsaithe, agus deireadh sé leo ansin leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre amhail is nár tharla tada.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Tá "foréigean Shinn Féin/IRA" ag leanstan ar aghaidh gan stad gan staonadh.
chun leanúint ar aghaidh ag buachaint to continue winning
" Is fear crua é de réir dealraimh a cheannaíonn agus a dhíolann imreoirí de réir mar is gá chun leanúint ar aghaidh ag buachaint bliain i ndiaidh bliana agus is maith leis fir chrua a bheith ar a fhoireann (bhuel, duine nó beirt ar aon nós).
ag leanacht ar aghaidh continuing
" Tá an taighde sin fós ag leanacht ar aghaidh ach níor tugadh aird dá laghad ar a thuairimí.
ag tabhairt aghaidhe ar an Eoraip heading for Europe
" Ainneoin go bhfuil sé féin tar éis a rá go leor uaireanta nach bhfuil spéis aige sa phost, ná cuirfeadh sé iontas ar aon duine más é an Taoiseach, agus ní an tUasal Brady, a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar an Eoraip i Meitheamh 2004.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Ach tá an rialtas ag leanstan ar aghaidh le príobháidiú an iarnróid faoi thalamh i Londain agus tá imní ar phaisinéirí agus an Rail, Maritime and Transport Union go mbeidh tuilleadh tubaistí ann dá thairbhe sin.
a leanfadh ar aghaidh which would continue
" Nuair a thosaigh sé ag fiosrú an scéil, áfach, fuair sé amach gur theastaigh ó a lán grúpaí éagsúla páirt a ghlacadh san fhéile, agus socraíodh gur gcuirfí ócáid ar siúl a leanfadh ar aghaidh ar feadh seachtaine.
go leanfaidís ar aghaidh that they would continue
" Laghdódh sin go mór ar líon na seisiún traenála agus ar líon na gcluichí ag na himreoirí ab fhearr agus bheadh seans níos mó ann go leanfaidís ar aghaidh ag imirt níos faide.
ar tí aghaidh a thabhairt ar an bhaile about to head home
" Ar mhaidin an 11 Meán Fómhair, bhí sé ar tí aghaidh a thabhairt ar an bhaile tar éis an oíche a chaitheamh ar dualgas.
ag tabhairt aghaidhe ar an mbóthar heading for the road
" ’ ‘Go n-éirí leat,’ arsa Sara agus í ag tabhairt aghaidhe ar an mbóthar.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Tugaim faoi deara go bhfuil an comórtas leis an chomhshaol a scrios ag leanstan ar aghaidh, in ainneoin an ailt a scríobh mé do *Beo!* bliain is an taca seo (eagrán 41).
ag tabhairt aghaidhe ar an mbóthar heading for the road
" ’ ‘Go n-éirí leat,’ arsa Sara agus í ag tabhairt aghaidhe ar an mbóthar.
ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh taking in everything that was going on
" Shuífeadh siad ansin i rith na hoíche agus gloiní oráiste as a gcomhair agus gan bogadh astu agus iad ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh.
nach mbeadh Neill ábalta leanstan ar aghaidh that Neill couldn't continue
" Bhain muid Raw Head, an cnoc is airde ar an tslí (227 méadar), amach ag am lóin agus ba léir faoin am sin nach mbeadh Neill ábalta leanstan ar aghaidh.
leanamar ar aghaidh we continued
" Ar dtús ní rabhamar in ann an teanga a labhairt i ndáiríre ach ba chuma linn faoi sin agus leanamar ar aghaidh gan focal Béarla.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Agus is é an rud is measa ná go bhfuil an ciapadh ciníoch ag leanstan ar aghaidh i Huyton agus go bhfuil daoine a bhí ag fulaingt anuraidh fós ag fulaingt.
aghaidh ar aghaidh face to face
" Agus an tArdeaspag Desmond Tutu ina chathaoirleach, tháinig daoine ó thaobhanna difriúla sa choimhlint in Éirinn aghaidh ar aghaidh le chéile den chéad uair.
ó na fichidí ar aghaidh from the Twenties onwards
" Dódh na náisiúntóirí agus na Caitlicigh amach ó na fichidí ar aghaidh, go dtí go bhfuair cuid acu oideachas agus gur dhúirt siad, ‘Níl sé seo ag gabháil a tharlú arís.
thug mise aghaidh ar mo phluais bheag uaigneach I headed for my little lonely cave
" Oíche a shochraide, nuair a bhí lucht glanta glún ag dul siar ar bhóithrín na smaointe agus ag caoineadh isteach ina gcuid piontaí, thug mise aghaidh ar mo phluais bheag uaigneach agus scríobh mé a fheartlaoi.
sonc ar aghaidh forward thrust
" Thug an Cogadh sonc ar aghaidh do dhreamanna éagsúla easaontais, ina measc Ailtirí na hAiséirí de chuid Ghearóid Uí Chuinneagáin.
agus cuma an-mhíshásta ar a haghaidh with a displeased expression
" Tháinig póilín amháin amach as an slua agus gloine Baileys ina lámh aici agus cuma an-mhíshásta ar a haghaidh.
róchontúirteach leanúint ar aghaidh too dangerous to continue
" Roimh i bhfad, ní rabhamar in ann ach an sneachta a fheiscint tríd an bhfuinneog! Seacht gciliméadar ó bhaile Malealea, stop an bus, dúirt an tiománaí go raibh sé róchontúirteach leanúint ar aghaidh, agus amach as an mbus linn ar fad.
bogadh ar aghaidh to move on
" ” Bhí cuid fuinnimh Natasha agus na ndaoine eile a bhí ag bailiú airgid d’Fhianna Fáil dírithe ar olltoghchán na bliana 2002 agus, nuair a bhí an toghchán thart, bhraith Natasha go raibh sé in am bogadh ar aghaidh, nach raibh dúshlán nua ar bith i ndán di ina post.
ag tabhairt aghaidhe ar an Maláiv heading to Malawi
" Bhí mé ag tabhairt aghaidhe ar an Maláiv agus bhí Sophia ag bualadh bóthair abhaile.
nach dtugann aghaidh ar reilig who doesn't head for a cemetery
" Ar an lá seo dírítear lánaird ar Pholannaigh nach maireann agus is beag duine nach dtugann aghaidh ar reilig le coinnle a lasadh nó bláthanna a chur ar uaigh.
tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar they'll head again for the stony wilderness in the west
" Agus fágfaidh muintir Ráth Cairn Glas na Mí talamh méith an chontae sin agus tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar a dtáinig siad siúd as.
ag iarraidh dul ar aghaidh sa saol. trying to get on in life.
" An dara glúin, an t-oideachas a bhí ag déanamh tinnis dóibh agus iad ag iarraidh dul ar aghaidh sa saol.
thug sí aghaidh ar Ghlaschú. she headed to Glasgow.
" ” Sular fhág sí an mheánscoil, rinne sí staidéar ar an Ghaeilge don Ardleibhéal agus nuair bhí na scrúduithe déanta aici thug sí aghaidh ar Ghlaschú.
ag dul ar aghaidh thíos staighre. going on downstairs.
" Bhíodh muidinne thuas sa leaba ag éisteacht leis seo ag dul ar aghaidh thíos staighre.
go leanfainn ar aghaidh le mo chuid oibre, that I'd continue with my work,
" Ghlac mé leis i gcónaí, fiú agus mé san aonad dianchúraim, go leanfainn ar aghaidh le mo chuid oibre, leis na rudaí ar fad a bhí idir lámha agam.
níos faide ar aghaidh further on
" An tseanchathairÓs ag caint ar shoithigh muid, ní mór áit a lua atá dhá mhíle níos faide ar aghaidh ar an Greenway – an South Street Seaport.
leanúint ar aghaidh continue on
" Fáth eile a mbeidh sé deacair do Bertie Ahern leanúint ar aghaidh ná go bhfuil alltacht ar chuid dá chomhghleacaithe comh-aireachta mar gheall ar a iompar.
ar son nó in aghaidh an chonartha leasaithe is deireanaí for or against the latest ammended treaty
" Bíodh sin mar atá, ach tá oiread céanna creidiúnachta ag reifrinn ar chonarthaí an Aontais is atá ag tástálacha drugaí an *Tour de France*! Is í Éire an t-aon bhallstát amháin a mbeidh a saoránaigh ag caitheamh vóta ar son nó in aghaidh an chonartha leasaithe is deireanaí – Conradh Liospóin – agus cheana féin, tá an chosúlacht ar an scéal go ndéanfar gach iarracht aon díospóireacht stuama faoi a chur faoi chois.
ar son nó in aghaidh na cáipéise ríthábhachtaí for or against this really important document
" Óir is comhartha den easpa daonlathais atá san Aontas Eorpaigh nach mbeidh deis ag pobal na mballstát eile vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh na cáipéise ríthábhachtaí seo.
Dá fhaide a leanann an feachtas ar aghaidh, the longer the campaign goes on
" Dá fhaide a leanann an feachtas ar aghaidh, is mó is cúis leis an marbhántacht i leith Thoghchán 2008, is dócha.
Ar aghaidh leis on he went
" Cén chríoch a bhí lena chomhrá le hObama? Caidé eile ach “Breast thú!” Ar aghaidh leis ansin chuig Hilarious Hillary.
cén chaoi ar éirigh leo leanúint ar aghaidh how did they manage to carry on
" ”An dóigh leis, mar sin, go bhfuil an tacaíocht a chuirtear ar fáil do lucht na drámaíochta sa tír seo maith go leor? Agus cén chaoi ar éirigh leo leanúint ar aghaidh sula bhfuair siad an maoiniú leanúnach ón gComhairle Ealaíon? “Fuair muid an-chuid tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge thar na blianta.
Tig cuma neamhghnách ar a n-aghaidh an unusual expression comes over their faces
" Tig cuma neamhghnách ar a n-aghaidh nuair iarraim rud inteacht orthu.
leanúint ar aghaidh leis an nGaeilge continue on with Irish
" Maidir le Des, tá sé ar intinn aige féin leanúint ar aghaidh leis an nGaeilge i ndiaidh dó an tsraith a chur i gcrích.
agus ar aghaidh linn chuig ár gceann scríbe. and off we went to our destination
" Is féidir linn Barry Whyte a thabhairt air, cé nárbh é sin a ainm i ndáiríre! D’oscail sé doras cúil an chairr agus léim mé isteach, agus ar aghaidh linn chuig ár gceann scríbe.
ar aghaidh leat mar sin. go on so
" Ian: An mé? Bhuel, ar aghaidh leat mar sin.
leanúint ar aghaidh. continue on
" Ba é Christy Moore príomhamhránaí Moving Hearts agus nuair a d’fhág seisean tar éis eisiúint an dara halbam, bhí sé deacair ag an ghrúpa leanúint ar aghaidh.
a théadh ar aghaidh which used to take place
" Próiseas ab ea é a théadh ar aghaidh i ngach contae eile, nach mór, ag tús na bliana.
leanúint ar aghaidh to continue
" D’fhéadfaí an Conradh a athphlé agus margadh níos fearr a bhaint amach d’Éirinn agus do thíortha beaga eile nó d’fhéadfaí é a chaitheamh san aer agus leanúint ar aghaidh le reáchtáil an Aontais mar atá sé.
dá mbeidís ag tabhairt faoi dhuine aghaidh ar aghaidh. if they were attacking someone face to face.
" (Paragraf 7)Mar bharr air seo, mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí agus a gcuid maslaí gan tuilleamh a thabhairt gan ainm, is féidir leo a bheith deich n-uaire níos nimhní ná mar a bheadh sé de chrógacht acu a bheith dá mbeidís ag tabhairt faoi dhuine aghaidh ar aghaidh.
Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas daingnithe the ratification process is being continued
" Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas daingnithe i láthair na huaire.
ag bogadh ar aghaidh go róthapa moving forward too quickly
" Is cosúil go raibh imní orthu go raibh an tAontas ag bogadh ar aghaidh go róthapa.
brúfaidh siad ar aghaidh they'll push on
" Ina áit sin, brúfaidh siad ar aghaidh, cuirfidh siad an locht ar an tír seo amháin agus fanfaidh siad caoch ar imní an phobail Eorpaigh.
Tháinig meangadh beag gáire ar a aghaidh. a small smile came on his face
" Tháinig meangadh beag gáire ar a aghaidh.
agus aghaidh a thabhairt ar mhachairí fada an ghailf and to head for the long golf courses
" Sea, i bhfad uainn aithreacha Éireannacha na seanghnásanna, na laethanta sin nuair nach raibh le déanamh ag athair ach an tuarastal a chur ar an tábla gach Aoine agus aghaidh a thabhairt ar mhachairí fada an ghailf ag an deireadh seachtaine.
an ceann ar ar thugamar ár n-aghaidh. the one towards which we headed
" Is é an Borgata an ceann is mó agus is clúití, agus an ceann ar ar thugamar ár n-aghaidh.
thug sí a haghaidh ar aistear nua corraitheach dúshlánach she faced a new dramatic challenging journey
" Ghlac sí le hiomarcaíocht dheonach ansin, agus sa bhliain 1977, thug sí a haghaidh ar aistear nua corraitheach dúshlánach ina saol: an feachtas Éireannach ar son dí-armála núicléiche.
níos faide ar aghaidh further on
" D'éirigh mé bréan de bheith ag míniú do dhaoine go bhfuil Cosán an Aon Fhír i bhfad níos faide ar aghaidh agus gurbh fhearr dóibh filleadh ar ais.
thug aghaidh ar faced up to
" Neartaigh sí gluaiseacht na poblachta, ba í ba chúis le dul chun cinn Shinn Féin sna toghcháin, ba í an chéad Phríomh-Aire í a thug aghaidh ar Aontachtaithe.
tugadh aghaidh ar went/ headed for
" Ach, don chuid eile den daonra, is é tús an tsamhraidh é agus cuireadh cúraimí an tsaoil i leataobh ar feadh scathaimhín agus tugadh aghaidh ar na tránna.
aghaidh a thabhairt ar face up to
" (- Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh) A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.
ar aghaidh on
" Dráma a thug sonc ar aghaidh chomh maith d’fheachtas tithíochta Chiarraíoch óg sagairt i Slough Shasana san am, fear a thuill gean na n-imirceach Éireannach uile, an tAth.
ar aghaidh ahead
" Bhíodar san imithe ar aghaidh go dtí an coláiste.
Ar aghaidh linn let’s toddle along
" An Dá Thrá a Fhreastal ============ Ar aghaidh linn mar sin chuig an chéad rud eile atá ag déanamh buartha do Bhalor bocht ar na saolta seo: bronntanais Nollag.
ár n-aghaidh a thabhairt ar face up to
" B’fhearrde dúinn cruachan agus ár n-aghaidh a thabhairt ar an anachain agus dul i ngleic lenár gcuid fadhbanna go stuama.
sinn bogtha ar aghaidh we have moved on
" Ach 'crannóg' bheo, ghníomhach ár linne féin a bhí anseo - fiú agus sinn bogtha ar aghaidh go dtí an t-aonú haois is fiche.
ar aghaidh ahead
" Lean mé ar aghaidh in aice leis an Ribble cúpla céad slat go dtáinig mé go teach folctha Rómhánach agus chuig gráinseach.
bualadh ar aghaidh head on
" Mar sin, is féidir leat a bheith i d'óstán agus bualadh ar aghaidh go dtí an tsiopalann taobh istigh d'uair an chloig tar éis tuirlingt duit.
Bhuail Faoi Ceann ar Aghaidh went ahead with it unplanned
" Bhuail Faoi Ceann ar Aghaidh =============== Ní dhearna muidne mórán taighde ar na hOileáin Mhic Cùga thar óstán a chur in áirithe sular thug muid aghaidh ar an gceann scríbe seo.
thug muid aghaidh ar we headed for
" Bhuail Faoi Ceann ar Aghaidh =============== Ní dhearna muidne mórán taighde ar na hOileáin Mhic Cùga thar óstán a chur in áirithe sular thug muid aghaidh ar an gceann scríbe seo.
ar aghaidh ahead
" Níor tháinig ann do pháirtí nua ar bith, agus de réir mar a chuaigh an feachtas ar aghaidh, ba iad na seanpháirtithe móra a tharraing aird na ndaoine agus na meán.
aghaidh a thabhairt ar to face
" Fear nárbh é an scian ba ghéire sa chistin é, a raibh eagla a chraicinn air aghaidh a thabhairt ar Vincent Brown ach a bheas ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann in éadan shaoistí airgeadais dhúra na hEorpa, fear a bhí chomh feiceálach le yeti i rith an fheachtais toghchánaíochta ach atá anois - suí síos bomaite - atá anois ina Thaoiseach ar thírín iathghlas s'againn.
bheith ar aghaidh boise acu next to hand
" Bheadh fillteán gramadaí mar seo go feidhmiúil ar fad, ní hamháin do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal mar aon, ach do mhúinteoirí agus do dhaoine atá ag iarraidh an cuidiú chun cruinnis sa chaint agus sa scríobh a bheith ar aghaidh boise acu.
ag dul ar aghaidh continues
" Ainneoin an Nollaig a bheith curtha caillte le ráithe tá an gheamaireacht ag dul ar aghaidh ó thuaidh, go háirithe taobh istigh den UUP.
ar aghaidh on
" Ansin, tagann cá, cú, cí, cé, có agus ar aghaidh is ar aghaidh.
ní mór aghaidh a thabhairt ar has to be faced up to
" Mar fhocal scoir ar an ábhar, rinne sé bagairt mar seo a leanas: ní mór aghaidh a thabhairt ar aon chliseadh ar dhílseacht do rialacha na heagraíochta agus níl ach réiteach amháin ar an gceist agus is é sin tacaíocht airgeadais a choinneáil siar ó chontaetha a sháraíonn rialacha an amaitéarachais.
thug muid aghaidh ar we headed for
" Trá na hÍonghlaine ========== Bhí gloine seaimpéine againn san fharraige sular thug muid aghaidh ar an gcéad cheann scríbe eile, Trá Whitehaven ar Oileán Cincíse, an t-oileán is mó sa ghrúpa sin.
ba léir ar a aghaidh was written on his face
" Fuarthas a chorp ar an talamh tar éis an ionsaithe agus bhí grianghraf de phóilín sa Daily Mirror an lá dár gcionn, ag tarraingt corp Kevin, ar nós cuma liom, ba léir ar a aghaidh.
d’aithin mé ar a aghaidh I realised from looking at him
" Shíleas go raibh sé ag magadh, agus go mbeadh bealach eile dúinne, ach d’aithin mé ar a aghaidh go rabhas mícheart agus gur i ndáiríre a bhí sé.
le haghaidh coimhlintí a chur ar bun in order to initiate conflicts
" Ag cur síos ar an tír mar “drong” a bhaineann leas as cosaint mionlach le haghaidh coimhlintí a chur ar bun, dúirt sé gur chóir gach ambasáid Iosraelach a dhúnadh ar fud na hilchríche.
bhogadh ar aghaidh to move (them) on
" Os rud é nár le Cathair Nua-Eabhraic Páirc Zuccotti, ach le comhlacht príobháideach, ní raibh aon cheart ag na póilíní na léirsitheoirí a bhogadh ar aghaidh.
Thug mé aghaidh ar I headed towards
" Thug mé aghaidh ar an áit agus an leabhar i mo ghleic agam, chun an tír a fheiceáil trína shúile.
bhogadh ar aghaidh moving ahead
" Tá moladh ag dul don Aire as an bhogadh ar aghaidh agus caithfear dlús a chur anois leis an obair agus leis na gníomhaíochtaí.
thug aghaidh ar headed towards
" Lánúin mheasctha de Pholannach mná agus Éireannach fir, móide clann, a thug aghaidh ar an Pholainn i mbliana le casadh le teaghlach na mná.
thug aghaidh ar went to
" Ní hamháin gur féidir linn cuardach a dhéanamh chun eolas oifigiúil a fháil ar cheantar ar leith ach is féidir linn eolas a fháil ónár líonraí sóisialta féin agus ó ghnáthdhaoine a thug aghaidh ar na háiteanna céanna.
Aghaidh ar na Stáit heading for the States
" Aghaidh ar na Stáit ========= Meán Fómhair 1956, Nua-Eabhrac, nocht Fuller a uaillmhianta domhanda nuair a ghlac sé seilbh ar an Manhattan City Centre Ballroom.
thug mé aghaidh ar I went to
" Lá deas le linn an tsamhraidh - bhí a leithéid ann! - thug mé aghaidh ar Coláiste na Tríonóide le beirt bhuachaill i mo theannta don chéad *Mini Maker Faire* i mBaile Átha Cliath.
leanfadh sí ar aghaidh she’d continue
" Uaireanta an chloig tar éis di an bonn óir a ghnóthú, thug Katie Nic an Táilliúra le fios go leanfadh sí ar aghaidh leis an traenáil agus lena cuid iarrachtaí a bheith níos fearr in ainneoin toil a hathar go n-éireodh sí as an dornálaíocht anois.
dreach an uafáis ar a n-aghaidheanna an expression of horror on their faces
" Láimh leis an Bhás ======= Caithfear a thuiscint go raibh na marthanóirí brúite in aice leis na daoine a fuair bás, páistí ina measc - chuala siad iad ag scairteadh amach, chonaic siad dreach an uafáis ar a n-aghaidheanna, mhothaigh siad a gcoirp ag streachailt, bhí siad taobh leo nuair a bhí siad i ndeireadh na feide, ag druidim leis an éag, agus ansin nuair a d’fhill siad abaile chuala siad ó na meáin chumarsáide go raibh an locht orthu féin, d’ainneoin a gcrógacht ar an lá.
thug sé aghaidh caol díreach ar he headed straight for
" ” Ar chloisteáil an scéil seo do Bhalor, thug sé aghaidh caol díreach ar a chreag dhúchais i lár na farraige chun an scéal a fhiosrú agus chun cúpla ceist eile a chur ar Phatsaí Dan.
aghaidh bheo a chur ar an abhatár give a new face to the avatar
" Ó thosaigh borradh an chéad uair faoi na líonraí sóisialta, tá borradh tagtha faoi na seirbhísí dóibh siúd a mbíonn fonn orthu aghaidh bheo a chur ar an abhatár.
dá rachainn ar aghaidh leis an chás if I were to proceed with the case
" "Mar sin, i ndiaidh bliana de bheith ag diúltú an chúirt a aithint, thiontaigh mé suas le dlíodóir agus abhcóide, rud a chuir na bleachtairí fríd a cheile ar fad! Cuireadh an cás ar athló agus tugadh chuig na cillíní mé áit ar dúradh liom go dtabharfadh na póilíní le fios go raibh mé ag sceitheadh scéalta ar mo chomrádaithe agus go raibh mé ag comhoibriú leo dá rachainn ar aghaidh leis an chás.
le cinntiú go rachaidh na leasuithe ar aghaidh to ensure that the reforms proceed
" Measann sé go bhfuil coimhlint inmheánach ag dul ar aghaidh sa PSNI idir an dá aicme agus go bhfuil ról le himirt aige féin agus ag an Bhord le cinntiú go rachaidh na leasuithe ar aghaidh.
agóid shalach ag dul ar aghaidh a dirty protest in progress
" 
 Tá a fhios agam go bhfuil an pictiúr mór ann fosta - dúirt m’athair liom go bhfuil coimhlint sna príosúin le cúpla bliain anuas agus go bhfuil agóid shalach ag dul ar aghaidh.
mbíodh ceachtanna ag dul ar aghaidh lessons were on the go
" “Yeah, bhí an ceol i gcónaí sa teach sa mhéid is go mbíodh ceachtanna ag dul ar aghaidh an t-am ar fad - rinne muid gach rud ó bhailé go dtí an bosca ceoil.
gach mire ag dul ar aghaidh thart orm all the craziness going on around me
" Bhí mé ag iarraidh a bheith cinnte nár cailleadh mé i mionsonraí an tionlacain agus gach mire ag dul ar aghaidh thart orm, mar sin bhí mé cinnte go dtosóinn leis an chanadh le bheith cinnte nach gcaillfí an guth.