Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ainmnithe as called after
" Tá sé ar oileán atá ainmnithe as Mochaoi agus tá cabhsa ann anois go dtí an mórthír.
ainmnithe named
" Is é seanadóir Fhianna Fáil, Don Lydon, an duine is deireanaí atá ainmnithe ag Frank Dunlop.
ainmnithe nominated
" Tá Mundy ainmnithe le haghaidh dhá cheann de na gradaim seo: an tAmhránaí Fir Éireannach is Fearr agus an tAlbam Éireannach is Fearr (*24 Star Hotel*).
ainmnithe named
" Tá foireann sacair, Mac Dara, a bunaíodh i 1981, ainmnithe i ndiaidh phátrún an bhaile.
ainmnithe as named after him
" Cad é an dóigh a raibh a fhios agam seo? Mar go raibh sráid ainmnithe as cúpla bloc ón áit ar mheas mé a raibh sé ina chónaí.
ainmnithe as lus named after a plant
" Tá teaghlach s'aici uilig ainmnithe as lus.
ainmnithe nominated
" Rinneadh athsheoladh air i 1991 agus cuireadh teorainn aoise (50 bliain) i bhfeidhm i gcás na n-ainmnitheach.
ainmnithe as named after
" Mar thoradh air sin, chuas i dteagmháil le hOndrej Pilný, stiúrthóir ar Ionad Léann na hÉireann i Karlova Univerzita (atá ainmnithe as Cathal IV, a bhí mar Impire Naofa na Róimhe sa cheathrú haois déag).
ainmnithe as named after
" Tá an teach pobail seo ainmnithe as Elizabeth Ann Seton, an chéad naomh a rugadh i Meiriceá.
na saothair ainmnithe the nominated works
" “Seolann an tAcadamh breis is 30 scannán chugam sa bhliain ar eagla nach bhfuil na saothair ainmnithe feicthe agam,” a deir sé.
ainmnithe as named after him
" Tierney Place, ainmnithe as chomh maith.
ainmnithe as an úinéir named after the owner
" Tá an teach tábhairne teaghlaigh, atá ainmnithe as an úinéir a tháinig chun na Stát Aontaithe lena bhean agus ceathrar páistí i 1957, suite díreach trasna ó acadamh míleata an *West Point*.
ainmnithe as named after
" É féin a chuir amach é – Seven Towers Press (ainmnithe as Baile Munna).
ainmnithe as named after
" Tagann buíonta eile atá ainmnithe as James Connolly agus ceannairí Éirí Amach 1916 anall le bheith ag seinm i bparáidí poblachtánacha agus tá Gaeil na hÉireann agus na hAlban ag teacht le chéile mar thoradh ar dhea-obair Cholmcille (nó Iomairt Cholmcille, mar a tugadh air).
ainmnithe nominated
" D’fhéadfaí, cuir i gcás, na himreoirí a bheadh ainmnithe ina n-ábhair Réalta a roghnú le himirt ar na foirne cúige agus go roghnófaí na Réalta díreach i ndiaidh na gcluichí idirchúige, a d’imreofaí thar dhá dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, coicís nó mí, abair, i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann.
ainmnithe named
" Is cosúil go bhfuil a fhios go maith aige go mbreathnódh daoine air seo mar ghéilleadh, go háirithe agus an Iaráin ainmnithe aige san “axis of evil”.
ainmnithe as an gcathair san Ísiltír named after the city in the Netherlands
" Harlem, ainmnithe as an gcathair san Ísiltír ar ndóigh, is ea an chéad cheantar eile.
ainmnithe named
" Tá an t-ionad ainmnithe i gcuimhne Sheáin Uí Chanáin, fear a chaith saol fada ag obair ar son na Gaeilge i nDoire agus a bhí ina chathaoirleach ar an choiste fhorbartha a d’oibir leis an Chultúrlann a thabhairt ar an saol.
ainmnithe nominated
" Don chéad uair riamh tá spéis ar leith agam ann: tá mo phodchraoladh, The Rosie View, ainmnithe agus curtha ar aghaidh chuig an mbabhta deireanach moltóireachta.
ainmnithe named
" Bhí mé féin ar an mórshiúl a bhí ann i 1977 ó lár Walton go dtí an reilig chun an leacht a nochtadh agus i 2003 scríobh mé faoin dúiche nua tithíochta a bhí ainmnithe i gcuimhne ar Robert Noonan.
seisear ainmnithe six nominated
" Trí chomhalta dhéag a bhí ar an chéad bhord, seachtar tofa agus seisear ainmnithe.
sular ceapadh na baill ainmnithe before the nominated members were appointed
" I meamram a scríobh Rúnaí Príobháideach Aire na Gaeltachta, Seán Aylward, faoin stocaireacht seo, dúradh go raibh an Roinn 'vehemently opposed to the appointment' agus go ndeachaigh Aire na Gaeltachta, Máire Geoghegan Quinn, i gcomhairle leis an Taoiseach sular ceapadh na baill ainmnithe.
ainmnithe go díreach directly nominated
" ) - Aon duine dhéag atá ainmnithe go díreach ag an Taoiseach.
shaothar ainmnithe nominated work
" Ar an 6 Iúil, 1994 nocht Uinsionn sa cholún Tuarascáil go raibh an leathchos eile san uaigh ag Peig Sayers bhocht mar go raibh a dírbheathaisnéis le baint mar shaothar ainmnithe de shiollabas na hArdteiste.
ainmnithe ag named by
" Tar éis Eilean a’ Chalmain a fhágaint ar dheasbhord, stiúradh an bád idir Bogha nam Ramfhear agus Ruadh Sgeir: is mar sin atá an dá charraig ainmnithe ag an British Admiralty ar an gcairt mhara.
ainmnithe do na gradaim ailtireachta nominated for the architectural awards
" Tá Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire ar na foirgnimh is suntasaí sa chathair, é ainmnithe do na gradaim ailtireachta *The Stirling Prize* agus *The Venice Biennale*.
ainmnithe de bharr nominated as a result
" Tá an scannánadóir Laure Prouvost ainmnithe de bharr na suiteálacha atmaisféaracha atá cruthaithe aici agus Tino Sehgal de bharr an tsaothair atá seiftithe aige bunaithe ar dhaoine ag bualadh le chéile i suíomhanna institiúideacha.
ainmnithe i gcuimhne an ealaíontóra named in memory of the artist
" Thosaigh an comórtas, ainmnithe i gcuimhne an ealaíontóra J.
ainmnithe in ómós do name in honour
" com/watch?v=gHZvbluadIQ> Chuaigh muid síos Swirral Edge ansin agus ar ais go Patterdale, atá ainmnithe in ómós do Naomh Pádraig.
ainmnithe i ndiaidh mo mhuintire féin named after my own people
" Droichead na Dothra agus Bóthar Shíol Bhroin, ainmnithe i ndiaidh mo mhuintire féin.
ainmnithe nominated
" Bhí Roseanne Smith i láthair nuair a bronnadh Gradaim Ghréasáin na hÉireann an mhí seo caite agus chonaic sí fiúntas mór sna suíomhanna a bhí ainmnithe ann.
in-ainmnithe a possible nomination
" An-inmholta agus in-ainmnithe d’Oscar a bheadh scannán seo Malik, ach ní saothar gan locht é dar le Pat Butler.