Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aird a thabhairt ar ghuth an phobail to pay attention to the voice of the public
" Bheadh brú fosta ar FF aird a thabhairt ar ghuth an phobail agus glacadh leis gurb é an freasúra atá i ndán dóibh.
gan aird a thabhairt orthu. not to pay attention to them.
" Tagann smaointe isteach i m’intinn ach déanaim iarracht gan aird a thabhairt orthu.
aird a thabhairt to notice
" Idir mhagadh is dáiríre, is ceart aird a thabhairt ar thuairim Bhabs Céitinn, sáriománaí lena linn féin mar imreoir agus mar bhainisteoir a threoraigh Tiobraid Árann as an bhfásach i 1987, ach ceart nó mícheart, faoi dheireadh an chluiche ní raibh idir na foirne fós ach dhá chúilín, Cill Chainnigh chun tosaigh mar a bhí ag leath ama.
gan aird a thabhairt not to notice
" Tráchtairí Tomhaiste? Is doiligh, áfach, gan aird a thabhairt ar na barúlacha atá nochtaithe ag tráchtairí níos tomhaiste ar an ábhar.
aird a thabhairt ar notice taken
" Ba chóir, mar sin, aird a thabhairt ar mholtaí a dhéantar i dtuarascáil a eisíodh le déanaí ar cheist na mionlach Iarácach.
Ba chóir aird a thabhairt mar sin so attention ought to be paid
" Ba chóir aird a thabhairt mar sin ar thuairisc a d’eisigh Teach na dTiarnaí roimh an Nollaig a mhaígh go raibh gníomhartha an rialtais ag tabhairt le tuiscint nach bhfuil fáilte roimh mhic léinn idirnáisiúnta sa Bhreatain.
níor mhiste dóibh aird a thabhairt ar they’d need to consider
" Má tá fíorspéis ag Sinn Féin san athmhuintearas, níor mhiste dóibh aird a thabhairt ar a raibh le rá ag náisiúntóir Protastúnach, Earnán de Blaghd, ina leabhar Briseadh na Teorann.
Caithfear aird a thabhairt ar note must be taken of
"Caithfear aird a thabhairt ar chaint duine ar nós Mhic Sheáin a thuigeann ar tharla agus atá in ann a bheith fadbhreathnaitheach.
aon aird a thabhairt ar to notice in any way
" Theip orthu freisin aon aird a thabhairt ar bhreithiúnas cáiliúil John Paul Stevens, breitheamh a scríobh: *‘Life, particularly human life, is not commonly thought of as a merely physiological condition or function.
gan aon aird a thabhairt ar without paying attention to
" Tá meáin chumarsáide ann a bhfuil claonadh iontub i dtreo toradh amháin seachas toradh eile agus má dhíríonn siad isteach ar an mionlach ar an taobh eile - gan aon aird a thabhairt ar na ceisteanna nach bhfuil freagraithe ag na polaiteoirí - tá éagóir níos measa ansin.
caithfear aird a thabhairt ar attention must be paid
" “Sin gné amháin den Ghaeilge í féin, tá go leor iarrachtaí á ndéanamh taobh amuigh den Ghaeltacht ach caithfear aird a thabhairt ar an nGaeltacht anois.
aird a thabhairt ar to pay attention to
" Bhí frustrachas uafásach ag baint leis an obair sin mar ní raibh dualgas ar aon duine aird a thabhairt ar na treoirlínte.
chun aird a thabhairt ar to draw attention to
" Bhí neart rothaithe de chuid na hÉireann ag caitheamh léinte bándearga agus iad ag rothaíocht chun aird a thabhairt ar an Giro.
gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal they have to pay attention to the people
" Ní raibh an Vatacáin ag éisteacht le cosmhuintir na heaglaise agus tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go gcaithfidh siad aird a thabhairt ar an phobal.