Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aistrithe transfered
" Chomh maith leis sin, tá baill aistrithe ag Flanagan ón Bhrainse go dtí ranna eile sa PSNI, ag cinntiú go mbeidh amhras ann i gcónaí maidir le modhanna oibre agus eiticí na ndaoine seo.
aistrithe translated
" Tá dánta de chuid Uí Shearcaigh aistrithe go cúig theanga dhéag anois, agus faigheann sé cuireadh go minic a shaothar a léamh ag féilte thar lear.
gcumas aistrithe ability to translate
" Ní mór dom a rá, áfach, gur chuir sé ionadh orm a luaithe is a d'éirigh le cuid mhaith acu dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa Ghaeilge, agus go háirithe lena gcumas aistrithe.
aistrithe translated
" An t-aon cheann nach bhfuil aistrithe againn ná "An tSeanbhean Bhocht" (tá leagan Béarla de seo tugtha agam).
comhlachtaí aistrithe removal companies
" Ach deir roinnt comhlachtaí aistrithe Éireannacha go bhfuil siad gnóthach ceithre huaire is fiche sa lá, seacht lá na seachtaine.
aistrithe ón mBreatnais translated from Welsh
" Is sliocht é seo as úrscéal le hAled Islwyn, atá aistrithe ón mBreatnais ag **Diarmuid Johnson**.
aistrithe ón mBreatnais translated from Welsh
" Is sliocht é seo as úrscéal le hAled Islwyn, atá aistrithe ón mBreatnais ag **Diarmuid Johnson**.
vótaí aistrithe transfers
" Go deimhin, níl líon na suíochán atá acu ag teacht leis an sciar den vóta atá á fháil acu, cé go mbíonn deacrachtaí acu vótaí aistrithe a ghnóthú.
aistrithe ag Tadhg féin translated by Tadhg himself
" Cnuasach de dhánta ón traidisiún, nó a bhfuil dlúthbhaint acu leis an traidisiún, atá ann, aistrithe ag Tadhg féin agus nótaí i dteannta gach ceann díobh.
aistrithe transferred
" Rugadh agus tógadh Colin i Learpholl agus fuair sé bás in ospidéal meabhairghalair Dhún Droma ar an 10 Deireadh Fómhair 1987, tar éis dó bheith aistrithe ansin ó Phríosún Phort Laoise dhá lá roimhe sin.
sa Lárionad Nuála agus Aistrithe Teicneolaíochta in the Innovation and Technology Transfer Centre
" lonnaithe sa Lárionad Nuála agus Aistrithe Teicneolaíochta sa choláiste (féach www.
aistrithe translated
" Agus caithfear glacadh leis go dtagann cuid de seo as an “OC”, agus gur *Chandlerisms* as “Friends” cuid de, ach é aistrithe go Gaeilge.
aistrithe forthéacs translation hypertext
" Bíonn feidhmchláir, de réir a chéile, á gcrúthú a ligeann dúinn gach aon ní a bhíodh á dhéanamh againn trí phrotacóil éagsúla a dhéanamh trí prótacal aistrithe forthéacs ar an ngreasán anois.
aistrithe airgid money transfer
" Ag tús na míosa seo caite rinne *MoneyGram International*, ar comhlacht aistrithe airgid é, comhaontú le gnólachtaí Francacha a mhol Aire Inimirce na Fraince, Eric Besson.
aistrithe translated
" Tá a leabhar ‘Deireadh Seachtaine Craiceáilte’, faoi thriúr as Baile Átha Cliath ar turas go Learpholl , aistrithe ag Cathal Ó Manacháin, le fáil ó (newisland)(http://www.
aistrithe translated
" Tá roinnt de na scéalta a scríobh mé aistrithe, ach ní thabharfainn féin faoi iad a aistriú.
Ba dheasghnáth aistrithe saoil was a rite of passage
" Ba dheasghnáth aistrithe saoil é d’ógra geal na hAstráile le blianta fada an t-achar fada intíre a thaisteal leis an gcarraig a dhreapadh.
scrúdú aistrithe transfer exam
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
aistrithe translated
" Tá Bíobla na Críostaíochta i nGaeilge againn ar bord, aistrithe ag an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta agus bronnta go huathúil orainn le fágáil sa mhainistir ar Oileán Í, taobh leis na Bíoblaí i dteangacha eile atá le fáil ann.
aistrithe translated
" An Duais ==== *LUAITHREACH ANGELA / ANGELA’S ASHES* Cuimhní Óige, Frank McCourt aistrithe ag Pádraic Breathnach ISBN: 0780956281043 Ionad Scríbhneoirí Luimnigh 2011 Aistriúchán go Gaeilge le Pádraic Breathnach den leabhar ardéilimh Angela's Ashes ó Frank McCourt.
aistrithe translated
" Thapaigh an Conchubharach an deis, agus seoladh go hoifigiúil a leabhar Twisted Truths, cnuasach nua-ghearrscéalta as Gaeilge aistrithe go Béarla agus curtha i gcló ag Cló Iar-Chonnacht.
chuir sí in aghaidh an aistrithe she opposed the removal
" I litir 17-leathanach a scríobh an bhean, rinne sí cur síos ar an íde a tugadh di nuair a chuir sí in aghaidh an aistrithe.
moill ar an bpróiseas aistrithe delay the removal process
" An chúis a thug GTRA leis an diúltú ná go gcuirfeadh an cur chuige a mholann an Chigireacht moill ar an bpróiseas aistrithe is go dtreiseodh teaghlaigh a naisc leis an mBreatain de dheasca na moille seo.
le vótaí aistrithe a fháil ón mheánaicme to obtain preference votes from the middle class
" Tá seal i mbun rialtais (agus ceannaire úr b’fhéidir) de dhíth mar sin le cuma na measúlachta a ghnóthnú agus le vótaí aistrithe a fháil ón mheánaicme i dtoghcháin sa todhchaí.
do-aistrithe untranslatable
" “Tá fíordhul chun cinn déanta againn ar cheist na mórshiúlta agus ar an am atá thart,” arsa Haass, Dé hAoine, “ach ‘we shall see where we come out on flags’ - abairt a bhfuil an oiread sin doiléire inti go bhfuil sí do-aistrithe ach is léir gurb í ceist na brataí an ceann is doréitithe.
mí-aistrithe mistranslated
" N’fheadar ar Bhrianach é, mí-aistrithe go ‘Gaolainn’ ag fear inscríofa na lice? Brian O Brien, abair, Éireannach Aontaithe, daortha i Loch Garman agus curtha an cuan amach ar an ‘Atlas II’ i 1800? Nead Éireannach Aontaithe =========== Nó b’fhéidir gurb é Bryan O Brien a luíonn anseo, an té a bhog isteach le Mary Ryan i Parramatta nuair a scar sí lena compánach William Mahoney in 1812.
a bheith aistrithe being translated
" Cén fáth go mbeadh muid ag iarraidh ‘na cáipéisí dlíthiúla ar fad’ a bhaineann leis an AE a bheith aistrithe go Gaeilge? Cé léifeadh na cáipéisí céanna? Státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath, gan ach codán an-íseal acu inniúil ar an nGaeilge? Postanna do na Gaeilgeoirí sa mBruiséil =============== Maíonn an Conradh go mbeadh ar Choimisiún na hEorpa ‘103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaí agus 6 ceann aonaid’ breise a earcú le dul ag obair leis an Aontas Eorpach, dá dtabharfaí an stádas iomlán oifigiúil don Ghaeilge, gan aon mhaolú.
aistrithe translated
" An Ré-Dhamhsa ====== Bhí mé ag coirm cheoil i nDún Laoghaire i mí Dheireadh Fómhair anuraidh, Ré-Dhamhsa: Tionscadal Van Morrison inar cheol Liam Ó Maonlaí, David Blake, Hilary Bow agus an Brad Pitt Light Orchestra amhráin de chuid Van an Fear, aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock agus Cathal Póirtéir.
aistrithe translated
" Tá leabhair a scríobh sí aistrithe go Sínis, go Gàidhlig agus go teanga na Cóiré.