Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aitheanta recognised
" Is í an dealbhóireacht bheo (saothar a ghluaiseann le hinneall) a comhartha aitheantais.
aitheanta recognised
" Tá forbairt ar leith déanta ar an phuball Gaeltachta ansin le seacht mbliana anuas agus tá sé anois aitheanta mar an áit a dtagann na céadta le chéile don chomhrá, don cheol, don amhránaíocht agus don chraic i rith an deireadh seachtaine.
a aithint recognise
" Ansin, nuair a bhíonn siad nite acu, bíonn siad in ann na héadaí a aithint agus a thabhairt ar ais don duine ceart! Is miorúilt amach is amach do mo leithéidse é an cumas seo - caithfidh mise gach aon rud a scríobh síos.
aitheanta recognised
" Bhí reachtaíocht roimh an Seanad Ceanadach in 1881 chun aitheantas a thabhairt don Ghaeilge mar an tríú teanga oifigiúil sa tír.
a aithint to recognise
" Tá sé tábhachtach a aithint chomh maith go bhfuil daoine ag plé leis an ngaelscolaíocht ar bhonn deonach den chuid is mó agus go bhfuil dílseacht dhochreidte ag an-chuid daoine don eagraíocht agus don ghluaiseacht, cé nach bhfaigheann siad pingin as.
aitheanta recognised
" Tá an eagraíocht aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar cheann de an comhpháirtithe oideachais agus tugtar deis di tionchar a imirt ar pholasaithe na Roinne.
aitheanta recognised
" Cumann deonach ======= Sin ábhar tábhachtach dúinne i gCumann Gearmánach-Éireannach Rhéin-Máin (DIGRM ón leagan Gearmánach), cumann deonach cultúrtha a bunaíodh anseo cúpla bliain ó shin agus atá aitheanta ag an Stát ó mhí Dheireadh Fómhair 2001 i leith.
aitheanta recognised
" Cumann deonach ======= Sin ábhar tábhachtach dúinne i gCumann Gearmánach-Éireannach Rhéin-Máin (DIGRM ón leagan Gearmánach), cumann deonach cultúrtha a bunaíodh anseo cúpla bliain ó shin agus atá aitheanta ag an Stát ó mhí Dheireadh Fómhair 2001 i leith.
an fhírinne a aithint to recognise the truth
" An rud atá de dhíth anois ná ceannairí aontachtacha a dtig leo an t-athrú seo a stiúradh i dtreo leasa a bpobail féin, agus an fhírinne a aithint.
duine a aithint as a leathchois to recognise someone from one leg of his
" Agus ní bheadh éinne cinnte go barainneach cé leis í, ara ba dheacair duine a aithint as a leathchois dá sainiúla í, mura mbeadh marc nó *tatoo *faoi leith uirthi.
a aithint to realise
" Is beag taisteal idirnáisiúnta a bhí déanta agam roimhe sin agus thóg sé tamall orm a aithint go raibh cúlra láidir agamsa chomh maith.
scolardach aitheanta recognised pundit
" Cad chuige gur roghnaíodh oíche Déardaoin? Chuir mé an cheist ar Leamh Ó Cuinneagáin, fear mór gaoise agus scolardach aitheanta.
aitheanta recognised
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gcomhlacht? Láidreachtaí Táimid aitheanta mar eagras cruthaitheach, fiontraíoch.
an fhadhb a aithint to recognise the problem
" Is gá mar thús an fhadhb a aithint agus ansin tá gá le gníomh.
B'fhuirist aithint it was easy to see
" B'fhuirist aithint gur tigh faoi leith ab ea é - saghas "baile as baile" do mhórán Éireannach agus Meiriceánach a bhíodh ar cuairt i Nua-Eabhrac, nó ag muintir na cathrach sin féin ar uairibh.
scríbhneoir aitheanta ar an cheist a recognised writer on the matter
" Ní féidir a shéanadh go raibh an-fhadhb ag an tír san am a chuaigh thart, ach anois? "Nílim ag rá nach bhfuil fadhb de shaghas éigin ag Albain a bhfuil cruth seicteach uirthi," arsa an Dr Mike Rosie, socheolaí in Ollscoil Dhún Éideann agus scríbhneoir aitheanta ar an cheist, "agus, cinnte, ní féidir aon rud eile ach 'seicteachas' a lua i gcás bhás Mark Scott.
a aithint to recognise
" Is cabhair mhór iad na teicnící geoifisice chun an próiseas seandálaíochta a thapú agus na láithreacha tábhachtacha a aithint.
aitheanta recognised
" Thabharfadh sé an-dóchas do dhaoine as todhchaí na Gaeilge an teanga a bheith i lár an aonaigh, i gcuideachta na Laitvéise, na Máltáise, agus an fiche teanga eile a bheas aitheanta go hoifigiúil.
poblachtánach aitheanta a well-known republican
" An féidir leo? "*No*," a dúirt poblachtánach aitheanta ar an toirt liom nuair a d'fhiafraigh mé dó.
a aithint to recognise
" Mar shampla, nuair a cuireadh plúr agus uisce in aice le chéile ar chuntar na cistine, bhí an léitheoir agus na bogearraí a bhí ceangailte leis in ann a aithint go raibh arán á dhéanamh agus oideas oiriúnach a léamh amach os ard.
a aithint to recognise
" Ansin, nuair a rachaidh daoine go dtí an cuntar chun íoc as gach rud, ní bheidh aon mhoill ann mar go mbeidh léitheoir in ann gach rud sa chiseán a aithint agus an bille a chlóbhualadh go huathoibríoch.
aitheanta well-known
" Cad chuige, mar sin, go raibh siad seo agus Fat Mac Cormaic, fear an Easy Peasy Reader, agus cuid mhór Gaeilgeoirí móra aitheanta eile cruinnithe le chéile i nGleann Beag Lách sin an Cheoil ag deireadh mhí Iúil? Ar mhaithe leis an aimsir? Ar mhaithe lena sláinte? Ní shíleann muid é.
aitheanta recognised
" Is muidne atá aitheanta mar Aonad Fódhla chun Rós Fódhla (Rós na Gaeilge) a roghnú do chomórtas idirnáisiúnta Rós Thrá Lí.
aitheanta recognised
" " Tá an íomhá chráite atá lárnach sa phictiúr chomh haitheanta céanna le carachtar i "mórphictiúr" ar bith eile ar nós *Lus na gréine *le Van Gogh nó *Elizabeth Taylor *le hAndy Warhol.
aitheanta recognised
" Bheith ina ghnó aitheanta iontaofa atá ag síorfhorbairt a chuid seirbhísí agus a chuid oibre ar mhaithe leis an nGaelige Oileán Chléire bheith mar lárionad againn agus cúpla post buan eile bheith cruthaithe againn anseo.
is aitheanta best-known
" " Léargas beag ó Niall O'Dowd, foilsitheoir an *Irish Voice*, ar Eoin Mac Tiarnáin, duine de na Gaeil Mheiriceánacha is tábhachtaí agus is aitheanta le céad bliain anuas.
aitheanta recognised
" Bheith ina ghnó aitheanta iontaofa atá ag síorfhorbairt a chuid seirbhísí agus a chuid oibre ar mhaithe leis an nGaelige Oileán Chléire bheith mar lárionad againn agus cúpla post buan eile bheith cruthaithe againn anseo.
a aithint to recognise
" An bhféadfadh sé na fir a chonaic sé a aithint arís? B’in amháin ba spéis leis an bheirt phóilíní.
aitheanta recognised
" I 1904, is dóigh liom, bhí conspóid ann faoi ar cheart an Corn a aithint mar thír Cheilteach – ní raibh ach cúig thír aitheanta ag an am sin.
aitheanta recognised
" An bhféadfadh a leithéid tarlú arís? Guinness, Naomh Pádraig agus U2 – táid ar fad le fáil ar fud an domhain agus aitheanta le hÉirinn.
deich n-aitheanta ten commandments
" Rianaíonn sé an t-aistear ón mhona-adhradh atá i gceist sna deich n-aitheanta (adhradh an aon dé amháin gan a mhaíomh nach bhfuil ann ach an t-aon dia) ionsar an aondiachas atá i réim níos faide anonn sa Sean-Tiomna, agus a dhaingnítear sa chonradh scríofa san áirc.
i ndúnmharú coirpigh aitheanta in the murder of a known criminal
" Chuir *The Star *tús leis an chéasadh faoin cheannlíne *“Lotto Dolores Family Link to Gang War”* agus d’fhoilsigh siad sonraí faoin bhaint a bhí ag nia léi i ndúnmharú coirpigh aitheanta i Luimneach.
deich n-aitheanta ten commandments
" Rianaíonn sé an t-aistear ón mhona-adhradh atá i gceist sna deich n-aitheanta (adhradh an aon dé amháin gan a mhaíomh nach bhfuil ann ach an t-aon dia) ionsar an aondiachas atá i réim níos faide anonn sa Sean-Tiomna, agus a dhaingnítear sa chonradh scríofa san áirc.
aitheanta well-known
" Níorbh fhiú do Bhalor Bocht aon bhréagriocht a chaitheamh lena aithne a cheilt nó cé eile a bheadh ag caitheamh aghaidh fidil le poll súile amháin istigh i lár chlár a éadain? Ach bhí go leor daoine aitheanta nach raibh chomh so-aitheanta le Balor ar shráideanna na hÉireann an oíche sin.
so-aitheanta easily recognised
" Níorbh fhiú do Bhalor Bocht aon bhréagriocht a chaitheamh lena aithne a cheilt nó cé eile a bheadh ag caitheamh aghaidh fidil le poll súile amháin istigh i lár chlár a éadain? Ach bhí go leor daoine aitheanta nach raibh chomh so-aitheanta le Balor ar shráideanna na hÉireann an oíche sin.
aitheanta recognised
" “I gceann cúig bliana, ba mhaith liom go mbeadh ainm Raidió na Life aitheanta i measc mhuintir Bhaile Átha Cliath, idir óg agus aosta, go mbeadh a fhios ag an tsaol mór faoi agus go mbeadh sé in úsáid sna scoileanna mar áis foghlamtha.
aitheanta well-known
" ” Is é an comhlacht aitheanta Nemeton ó Ghaeltacht na Rinne i bPort Láirge a léiríonn an tsraith agus go leor eile de sholáthar spóirt TG4.
aitheanta recognised
" Cuimhnigh nach raibh Wisconsin aitheanta fiú mar “territory” (sé sin, dúiche faoi choimirce na Stát Aontaithe) go dtí 1836, agus aithníodh é mar stát den chéad uair in 1848.
aitheanta recognised
" Na healaíona ======= Tá aitheantas ag Amstardam le fada mar chathair fháilteach iltíreach a thug tacaíocht do na healaíona.
a aithint to recognise
" Sin ráite, thuig gach ball ar an choiste, áfach, nach raibh an *status quo* sásúil, go raibh sé de dhualgas ar an stát na hathruithe a bhí tagtha ar an tsochaí a aithint agus gníomhú le cearta gach uile shaoránaigh, idir aosta agus óg, a chosaint.
aitheanta recognised
" Tá duaiseanna aitheanta náisiúnta bainte ag Glór Bhréifne mar aitheantas don obair dhearfach agus phraiticiúil ata déanta acu i bhforbairt na Gaeilge – ina measc, duaiseanna ó Ghlór na nGael dhá bhliain i ndiaidh a chéile.
a aithint to recognise
" Tuigeann sé freisin, agus Sinn Féin mar an páirtí náisiúnach is mó sna Sé Chontae, go mbeidh ar a pháirtí fórsa póilíneachta an PSNI a aithint go hoifigiúil sula n-athchruthófar an feidhmeannas.
so-aitheanta easy to recognize
" Tá poblachtánaigh easaontacha mar dhream amháin i measc an oiread sin aicmí ó dheas, ach tá na poblachtánaigh so-aitheanta.
aitheanta leis an stáisiún associated with the station
" Thóg sé misneach do TG4 cead a thabhairt do cheann de na haghaidheanna is mó atá aitheanta leis an stáisiún Béarla a labhairt ar an gclár.
a aithint to recognise
" Tuigeann sé freisin, agus Sinn Féin mar an páirtí náisiúnach is mó sna Sé Chontae, go mbeidh ar a pháirtí fórsa póilíneachta an PSNI a aithint go hoifigiúil sula n-athchruthófar an feidhmeannas.
aitheanta recognised
" De réir suirbhé a rinne an Roinn Airgeadais sa bhliain 2002, níor thug ranna agus oifigí stáit aitheanta mar an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, an Roinn Cosanta, an Roinn Sláinte agus Leanaí, Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste marcanna breise d’iarrthóirí ag an am a raibh Gaeilge acu.
scoileanna aitheanta recognised schools
" Bím féin agus oifigeach eile ag plé le scoileanna aitheanta mar a bhaineann sé le polasaithe, bainistíocht, cúrsaí buiséid, cúrsaí áitribh agus araile.
le haithint to recognise
" Rófhada go fóill le haithint.
chun príomhthréithe na haghaidhe a aithint to recognise the main traits of the face
" Baineadh úsáid as ceamara gréasáin le scrúdú a dhéanamh ar aghaidh duine chun príomhthréithe na haghaidhe a aithint – cruth an bhéil, mar shampla, malaí cruinnithe nó éadan rocach – agus an t-eolas sin a sheachadadh chuig bogearra speisialta a dhéanann anailís air agus a dhéanann íomhá dhigiteach de.
ní raibh aon mhíshásamh le haithint uirthi. she didn't appear at all displeased.
" Anuas ar na hathruithe sin go léir, bhí ar Justine feitheamh liom ar feadh cúpla nóiméad san fhorhalla ach ní raibh aon mhíshásamh le haithint uirthi.
a aithint, to recognise,
" Ainneoin go bhfuil an DUP á moladh féin as an bhrú a chuir siad ar na poblachtánaigh Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann a aithint, ba léir go raibh sé de rún ag Sinn Féin aitheantas a thabhairt don PSNI ar mhaithe leo féin agus ní leis an DUP a shásamh.
ag aithint rud éigin recognising something
" AÓF: An cuimhin leat an chéad uair a chuaigh ceol i bhfeidhm ort? HB: Bhuel bhí spéis agamsa i gceol *punk*, an stuif crua ar dtús, ach thosaigh mé ag aithint rud éigin sna Pogues ansin.
é sin a aithint to recognise that
" Tá claochlú tagtha ar an domhan geilleagrach le blianta beaga anuas agus caithfimid é sin a aithint agus dul i dtaithí air chun gur féidir leis an geilleagar – agus na hoibrithe atá lárnach ann – dul chun cinn a dhéanamh.
ó Thuaisceartach aitheanta from a well-known Notherner
" “Ar lorg tú comhairle ó dhuine ar bith eile agus tú i mbun do roghnaithe?”“Sea, lorg mé comhairle ó Thuaisceartach aitheanta – Tuaisceart Bhéal Feirste atá i gceist agam, dar ndóigh, agus is í Íosa Mhic Giolla Mháire an Tuaisceartach sin.
chun ealaíona agus ealaíontóirí áitiúla a aithint to recognise local arts and artists
" AB: Sea, agus chun ealaíona agus ealaíontóirí áitiúla a aithint agus a chur chun cinn, le haitheantas a thabhairt dóibh.
aithint to recognise
" Is gá aithint go bhfuil daoine faoi mhíbhuntáiste imeallaithe i gcomhthéacs spóirt agus go bhfuil impleachtaí aige sin ó thaobh bochtaineachta, sláinte, oideachais, obair dheonach sa phobal agus spórt sa tír é féin.
duine de na fiontraithe agus pearsana poiblí is aitheanta in Éirinn. of the the best known entrepreneurs and public personalities in Ireland.
" Theastaigh uaim a chuid tuairimí a fháil ar réimse leathan ábhar agus foghlaim faoi na nithe a spreag duine de na fiontraithe agus pearsana poiblí is aitheanta in Éirinn.
níos so-aitheanta. more easily recognised.
" B’fhéidir nach mbeadh an toradh níos ciallmhaire mar fheathal náisiúnta ná an t-éan, ach bheadh sé níos so-aitheanta.
cáilíochtaí aitheanta recognised qualifications
" Bheadh cáilíochtaí aitheanta agus taithí bhainistíochta ag na daoine seo.
Gaeilgeoirí aitheanta, recognized Irish speakers,
" Bullaí fir, a Gharage! “Agus, ós ag caint dúinn ar an Seanad, nach bhfuil sé lán go doras cheana féin le Gaeilgeoirí aitheanta, leithéidí Davina Norris agus Shane Cross agus Ivana Bare Cheek! An cineál teanga a labhraíonn an triúr sin ó Choláiste na Trioblóide níl cuma Bhéarla na hÉireann uirthi, agus mar sin tá sé chomh maith le bheith ag labhairt Gaeilge.
dioplóma aitheanta recognised diploma
" Mairfidh sé ceithre seachtaine is fiche agus bronnfar dioplóma aitheanta ar na rannpháirtithe.
Gael aitheanta mór le rá a well-known Gael
" Deir sé go gcasfar air Gael aitheanta mór le rá agus é ag rith amach an doras ar cosa in airde.
le haithint to be recognised
" Dúthracht Más í an phatuaire a thréithrigh na toghcháin sin, ba í an dúthracht ba mhó a bhí le haithint ar na toghthóirí Polannacha an mhí seo caite.
de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, by the well known writer
" Ní fhéadfadh duine gan dúil a chur sa chnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, Tadhg Mac Dhonnagáin.
an chastacht sin a aithint to recognise that complexity
" An ionann an David Ervine, “sceimhlitheoir” de chuid an UVF a bhí ag bogadh buama ar Bhóthar Ard Mhic Nasca i 1974 – ní fios cá háit – agus an David Ervine a bhí ina lóchrann i saol dorcha na polaitíochta ó thuaidh 30 bliain ina dhiaidh sin? An ionann ceannaire óg an IRA i dTaobh an Bhogaigh ag tús na dTrioblóidí agus LeasChéad-Aire an lae inniu? Caithfidh Coimisiún na nÍospartach agus na híospartaigh iad féin an chastacht sin a aithint ach níl dóigh ar bith ann go maolóidh sé a bpian.
na séasúir a aithint óna chéile, to distingush the seasons from each other
" Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag éirí níos deacra na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir fá choinne doininne ná soininne, ná fiú an doineann a aithint ón soineann, nó an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin.
údair aitheanta well known authors
" Beidh údair aitheanta na Gaeilge mar Gabriel Rosenstock, Ríona Nic Chongáil agus Tadhg Mac Dhonnagáin ag léamh sleachta óna saothar go poiblí in áiteanna éagsúla ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh; ó Aontroim go Ciarraí.
an tsainghné is aitheanta dá stíl the most recognisable aspect of his style
" Is é an tsainghné is aitheanta dá stíl ná go mbíonn sé ag léiriú aghaidheanna agus figiúirí a bhfuil imlínte loma dubha orthu.
an grúpa seo a aithint to recognise this group
" Ní bheadh deacracht ar bith agat an grúpa seo a aithint - ní raibh aon duine ag iarraidh a bheith mar chuid de.
seandálaithe aitheanta recognised archaeologists
" Tagann seandálaithe aitheanta chun na háite le breathnú air – measann siad gur ochtú hiontas an domhain atá ann – ach scriosann Gusaí Gaimbín Cillín *Chait*ríona sular féidir é a chur ar liosta caomhnaithe.
scannánóir aitheanta well known film-maker
" Ba é an scannánóir aitheanta Jim Fahey, ar comhfhreagraí é le RTÉ, a stiúir agus a chuir i láthair.
so-aitheanta recognisable
" Tá cur amach ag beagnach gach duine ar CFD mar gheall ar a lógó so-aitheanta, an panda.
aithint recognize
" Ní scríobhfaidh mé oiread is focal eile faoin mbealach a ligean an bosca beag slim seo dom coinneáil i dteagmháil, mo thascanna a eagrú, ceol a dhéanamh is a aithint, cluichí a imirt srl.
aithint recognize(d)
" Cén chaoi a réiteofar an fhadhb murar féidir, ar ndóigh, a bunchúis a aithint.
aithint recognise
" An rud is tábhachtaí faoi láthair don tír seo, a aithint cá bhfuil an luachmhaireacht, an saibhreas áitiúil, an tsócmhainn is gainne in áiteanna eile i margaí an domhain.
coirpigh aitheanta well-known criminals
" Dála an scéil, an General agus coirpigh aitheanta eile na tíre, is sna hinstiúidí céanna sin a múineadh an mhoráltacht dóibh.
aithint recognize
" ” Airgead, airgead, airgead Ach an bhfuil aon fhianaise ann gur calaois é a rinneadh d’aon ghnó? “*The purpose of a system is what it does*,” a fhreagraíonn Gates, agus é ag tagairt don acrainm, POSIWID, téarma atá ag anailísithe córas le fabhtanna sistéamacha a aithint.
aithint recognizing
" Ach bhí sí chomh suaite sin lena sult féin gur lean sí uirthi dá buaicphoinnte, in ionad an chontúirt don leanbh a aithint.
údar aitheanta well known author
" Ar Muir is ar SliabhISBN 978 1 901176 97 1€12 Úrscéal eachtraíochta nua ag Dermot Somers ó Cois LifeAr Muir is ar Sliabh atá ar an úrscéal nua seo ó pheann Dermot Somers, sléibhteoir agus údar aitheanta.
aitheanta well-known
" Fógraíodh deireadh mí Meán Fómhair blag aitheanta Thaidhg Mhic Dhonnagáin, “Garraí Johnny Mhorgan” http://garraijohnnymhorgan.
aitheanta recognised
" Ná déan dearmad gur ghlac an Coimisiún cinnidh - go háirithe maidir le mórshiúl Ard Eoin - nach raibh náisiúnaigh sásta leis agus is cinnte go mbeidh cearta na n-áitritheoirí aitheanta i cibé eagraíocht nó córas a thiocfaidh mar chomharba ar an Choimisiún.
aitheanta well known
" **Duaiseanna** Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire ó Fios Feasa, mar atá, CD ROM atá an-tráthúil um Nollaig: Amhrán is Fiche don Nollaig Ar Amhrán is Fiche don Nollaig, tá amhráin traidisiúnta na Nollag as Gaeilge, á rá ag triúr amhránaithe aitheanta ó Ghaeltachtaí éagsúla: Méabh Ní Bheaglaoich, Síle Denvir agus Mairéad Ní Mhaonaigh.
is aitheanta most known
" Tá 2009 imithe agus ba bheag a bheadh le scríobh fúithi maidir le cúrsaí polaitíochta ó thuaidh - go dtí an mhí seo agus géarchéimeanna i saol pearsanta bheirt de na polaiteoirí is aitheanta ó thuaidh - Gerry Adams agus Iris Robinson.
aitheanta recognized
" Ní raibh sé i bhfad tar éis dheireadh an chogaidh go dtí go raibh Lá Anzac aitheanta mar lá cuimhneacháin náisiúnta ar son na 61,720 fear Astrálach a cailleadh sa Chéad Chogadh Domhanda.
aitheanta (well) known
" Tá Bourgeois aitheanta mar dhuine den scaifte ealaíontóirí nua-aimseartha is tábhachtaí ar domhan, an dream a spreag agus a chuaigh i bhfeidhm ar go leor ealaíontóirí eile a tháinig ina ndiaidh.
Aitheanta known
" Aitheanta mar phríomhchathair an domhain Chríostaí, tagann na mílte oilithreach ar thuras ann gach bliain le hómós a thabhairt agus iontas a dhéanamh d’ailleacht agus de niamhracht Bhaisleac Naomh Peadar agus de na céadta ardeaglais eile atá scaipithe thart timpeall na cathrach.
aitheanta accepted
" Ina croilár, tá Baisleac Naomh Peadar le feiceáil agus é aitheanta mar an eaglais is mó tábhacht sa domhan Chaitliceach.
aitheanta go forleathan widely known
" Tá an triúr seo aitheanta go forleathan ina gcáilíochtaí féin – is aisteoir cumasach é Ó Tuairisg agus lear mór oibre déanta aige do TG4; tá gradam Grammy bainte ag Kilduff agus obair déanta aige le U2, na Waterboys agus Clannad agus is ar dhearadh láithreáin stáitse is mó atá aithne ar Dhara Mc Gee agus tá obair déanta aige le déanaí d’An Béal Bocht le Myles na gCopaleen agus do Cré na Cille, le Máirtín Ó Cathain.
aithint recognise
" Seo muid arís i gcroílár na géarchéime agus b’fhearrde dúinn a mbunchúiseanna a aithint agus réiteach a fháil orthu.
dánta is so-aitheanta best known poems
" Tá *‘My Country’*, an dán a chum an scríbhneoir Dorothea MacKellar (1885-1968), ar cheann de na dánta is so-aitheanta san Astráil.
aitheanta wellknown
" Mar a dúirt an réiteoir aitheanta liom: “b’fhearr liom féin agus le réiteoirí eile, fearg agus droch-chaint mhailíseach a bheith dírithe orainn féin ná ag imreoirí ar a chéile mar go mbíonn sé níos éasca fearg an imreora a láimhseáil sa chomhthéacs sin ná mar a bhíonn nuair a dhíríonn sé a fhearg ar imreoir eile”.
sách aitheanta known well enough
" Tá trí chineál míol loscanta anseo in Éirinn - - Urodela (Niúit agus Salamandair) - Apoda (an-chosúil le cuiteoga) - Anúrach (a chiallaíonn gan eireaball - loscainn agus buafa) Tá siad sách aitheanta ag daoine, mar atá, An tEarc Sléibhe/Luachra (bíodh nach ionann iad), An Loscann agus An Cnádán.
t-údar aitheanta well known author
" Bua nach beag do na feachtasóirí, ach conas ar éirigh leo nuair a theip ar na céadta feachtais roimhe? An Scéal ina Loscadh Sléibhe ================ Bhí buntáistí áirithe ag an bhfeachtas ón tús – bhí céatadán ollmhór den phobal i gcoinne bheartas an rialtais (84% de réir pobalbhreith amháin), agus fuair siad tacaíocht ó dhaoine mór le rá, cosúil le hArd-Easpag Canterbury Rowan Williams, agus David Bellamy, an craoltóir agus an t-údar aitheanta.
aitheanta known
" I nDánlann Mhic Giolla Bhuí, taobh istigh de bhallaí Chathair Dhoire, a taispeánadh den chéad uair ar an Aoine an 25ú Márta an saothar is déanaí ó Phatsy Dan Mac Ruairí, an t-aon duine a mhaireann agus atá ag saothrú go fóill den bhuíon péintéirí atá aitheanta ar fud saol na healaíne mar Phéintéirí Oileán Thoraí.
aitheanta ag gach duine recognized by all
" 
Tá sé aitheanta ag gach duine taobh amuigh de Chumann na nOifigeach Príosúin go bhfuil an tSeirbhís Príosúin ó thuaidh mífheidhmiúil de réir ceann de na síorfhiosrúcháin, go bhfuil barraíocht daoine ag obair inti ar fhoireann a chumann a cuid rialacha féin (druideadh dhá chumann sóisialta mídhleathacha ar thailte dhá phríosún an mhí seo) agus nach dtig, le teann mhíchumas na foirne céanna, cimí a athshlánú.
aitheanta known
" Tá Séamas Mac Seáin aitheanta mar dhuine de Ghaeilgeoirí dílse Bhéal Feirste agus an t-aitheantas sin tuillte aige.
aitheanta known
aitheanta recognised
" Crógacht agus onóir na bhfear sin aitheanta go grástúil ag Ceann Stáit na Breataine.
aitheanta well known
" Tugtar ‘sárurghaire’ air cionn is go gcuirtear cosc, chan amháin ar fhoilsiú an eolais ach ar aitheantas an té atá i gceist fosta.
aithint to recognise
" Bhí an chuid deiridh den ráiteas doiléir, ach d’éirigh le Balor focail ar nós hoover agus tóin agus sáigh a aithint.