Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an oiread leis an mbroc the same as the badger
" Is ainmhí neamhurchóideach é go hiondúil ach, ach an oiread leis an mbroc, má bhíonn sé sáinnithe bíonn sé contúirteach agus is féidir leis an-dochar a dhéanamh lena chuid crúb.
an oiread is siolla amháin dá shaothar not even a syllable of his work
" * Gluais • Glossary sprioctarget ní túisce anseo thúno sooner are you here iontach slachtmharvery tidy beathalife mórphearsa ficsingreat fictional character dílleachtaorphan sa tsraithin the series uaighgrave an oiread is siolla amháin dá shaotharnot even a syllable of his work oilithreachtpilgrimage clúiteachrenowned a mhaíomhto boast iarsmalannmuseum tairgtear camchuairteannatours are offered bantreoraífemale guide díomhaoinidle ag blaiseadh den saolgetting a taste of the life troscánfurniture sprúillí mionsonraíochaminor fragments col ceathrachacousins ní chónaíodh Montgomery féin ann riamhMontgomery himself never used to live in it adhlacthaburied i do chomhchuairteoiríin your fellow-visitors iad a rangúto categorise them SeapánaighJapanese díograiseachenthusiastic searmanasceremony a fhiafraí deto ask dúilliking luachannavalues chomh patuar intias apathetic towards her smidword, syllable carrchlóscarpark mionsamhailminiature éalúescape proinntitherestaurants camchuairt oidhreachtaheritage tour baiste asnamed after a cuid pearsanher characters bunchlochfoundation-stone straitéis mhargaíochtamarketing strategy uimhirphlátaínumber plates gléastadressed príomhsheómain show Oileánaighisland-people mórtasach asproud of dúchasachnative mangairísellers ollúna mórluachachaself-important professors tionscalindustry débhríochambiguous bréan den ealaín ar fadsick of the whole carry-on tuairiscítearit is reported frith-Anneanti-Anne Is stáitsíodh an t-ilsiamsa AnnekensteinAnd the variety show Annekenstein was staged fonóidmockery d'íomhá fholláin Anneof Anne's clean image casadhtwist is barrúlafunniest cúiseamhaccusation leispiachaslesbianism (chuir sí(she nuair a d'áitighwhen she argued comhdháilconference leispiachas folaithehidden lesbianism cairdeasfriendship cumann leispiach nár cuireadh i gcríchunfulfilled lesbian love oirirceminent flúirse tagairtílots of references homa-anghráchhomo-erotic traidisiúnaithetraditionalists ábhar a stoitheadhto take material comhthéacscontext náireachshameful scannalachscandalous nach bhfuil bun nó barr leiswhich has no basis i dtólamhalways treoraí ar leitha separate guide na sluaite leispiachathe crowds of lesbians díoltas DéGod's revenge mallaithedamned go mear ocrachquickly and hungrily páirc mhór siamsaíochtaa big amusement park tithe itheacháineating houses tuirlingtto alight ar an drochuairunfortunately níl tásc nó tuairisc arthere is no sign of ag foghlúplundering ag creachlooting fáilteachwelcoming go gealgháireachcheerfully le teann diabhlaíochtaout of devilment sé glúinesix generations dubh le turasóirípacked with tourists cárgrimace níos féile ó thaobh síntiúis láimhe demore generous when it comes to tips oineachhonour freastalaíwaitress babhla seabhdairbowl of chowder ciseán bonnóg is craicéira basket of scones and crackers féachaint an bhfuil aiste ar an iasc sa linn bhainneto see if the fish are taking the bait in the pool of milk diúilicínímussels breallachclam portáncrab gliomachlobster trosccod róshrónachtoo nosey meascthamixed glasraívegetables diúgann tú an t-anraithyou drain the soup an braonán blasta deiridhthe last tasty droplet
an oiread poiblíochta domhanda so much world publicity
" Ach níor ghin briseadh ar bith acu an oiread poiblíochta domhanda agus a ghin briseadh na míosa seo caite … Cé nó cad é a bhí taobh thiar de bhá long cháiliúil na teilifíse réadúla "Cabin Fever" amach ó chósta Thoraí, oileán dúchais Bhalor, áit a raibh dún agus mún a mhuintire ó thús ama? Sin ceist chrua na míosa seo, ceist nach furasta freagra a fháil uirthi nó ní lia cloch ar dhuirlingí Thoraí ná barúil i dtaca leis an cheist chasta chiapach chéanna.
an oiread céanna dochair the same amount of harm
" Beidh le feiceáil cad é an tionchar a bheas ag toradh an chruinnithe seo ar dhul chun cinn an UUP, ach is léir go bhfuil tús á chur anois le sraith eile coimhlintí a dhéanfas an oiread céanna dochair don dream a n-éireoidh leo is a dhéanfar don dream nach mbeidh an bua acu.
Tá an oiread sin de chloigeann mhór orm I'm so forgetful
" Tá an oiread sin de chloigeann mhór orm nár smaointigh mé ar throllaí a bheith liom," arsa Seán.
snasta an oiread sin so polished
" Tá na boscaí méadaithe agus dromchla an chopair snasta an oiread sin gur féidir leat d'íomhá féin a fheiceáil ann go soiléir.
an oiread sin that much
" AÓF: An gciallaíonn sé seo ar fad nach bhfuil Altan ar an mbóthar an oiread sin faoi láthair? MNM: Ó, ní chiallaíonn.
trí oiread an ghnáthrata three times the usual rate
" Tugadh trí oiread an ghnáthrata do na dochtúirí chun cóir leighis a chur ar na daoine seo a mbeadh cárta leighis nua acu, nó cárta leighis órga, mar atá daoine ag glaoch air anois.
an oiread fuadair faoi teitheadh trying to flee so quickly
" leac oighirice liomóidlemon ag diúlsucking bodhairedeafness béasamanners gránnahorrible cumhachtpower mo leithéidsethe likes of me docharharm múrshower caiteover fás maithgood growth ag feadaílwhistling sáite amachstuck out stróeffort leidclue bodhraithedeafened gleonoise oibleagáideachtobligingness cothrom na Féinnefair play dúnárasachreticent cantalpetulance aisteachasqueerness, strangeness ar fheabhasexcellently a chur as a riochtto distort sádh amach an cloigeann údthat head was stuck out an iarraidh seothis time coiscéimstep filltefolded muinchillesleeve plaitbald patch burlaí bána gruaigewhite trusses of hair malaíbrows ag sméideadh a chloiginnnodding his head gach re soicindevery second second in ard a chinnas loud as he could ríforearm clúmhachdown (on face) smigchin dallamullóg a chur ormto hoodwink me nár thug mé neamhaird airthat I didn't ignore him ar feadh na síoraíochtafor an eternity bearnagap tuillteearned meangadhsmile clamhsáncomplaint luaigh séhe mentioned bréanfoul tá fíorbhrón ormI'm really sorry múiscnausea slisínslice chinn mé arI decided a chur díomto give up tioncharinfluence á tochasbeing scratched go gontaconcisely eachtra gadaíochtatheft incident trealamh lofarotten equipment ag geonaílwhimpering croitheadh uafásachterrible shaking samhlaighimagine a scáthhis shadow leata chomh móropen so wide macallaecho boinnsoles ag coisíochtpacing ag comhaireamh na gcoiscéimeannacounting the steps óltachdrunk dheasaighadjusted mo bhaithisthe top of my head luasc siarrocked backwards sálaheels glanbhearrthaclean-shaven olldoirdbasses bhreac mé na sonraí cuíI wrote down the appropriate details ceann dúbáiltea double bhain searradh asam féinI stretched myself shéid séhe blew á spreagadhencouraging him á thionlacanaccompanying him clingireachttinkling cantaireachtchanting grágaílcroaking, braying dalltavery drunk ag éalúescaping go séimhgently a chonúisyou useless person an oiread fuadair faoi teitheadhtrying to flee so quickly bailigh leat mar singet lost then mallachtaícurses líomhaintíallegations mhaslaigh éI insulted him barántas gabhálaarrest warrant ionchúiseamh poiblípublic prosecution cillíncell luaithreadáinashtrays stóltastools go ngéillfeadh sé gach rud domuntil he would surrender everything to me pleotafool sciotaíl searbhasachsarcastic tittering uirlisíinstruments píopaí lonrachashining pipes tiubhthick tanaíthin boghabow sreangáinstrings béicílyelling búireachroaring leis an imeacht thar fóir seofor this going overboard bródpride uabhararrogance i mbarr mo réimeat my peak a admháilto admit ní raibh neart agam airI couldn't help it iomrascálaíwrestler togha a
ina scriostar an oiread sin postanna in which so many jobs are destroyed
" Níl aon tír eile san Eoraip ina scriostar an oiread sin postanna in aghaidh na bliana is a scriostar sa nGearmáin.
ní ag rá an ruda a bhí ar a gcroí a bhí siadsan ach an oiread they weren't saying what they really felt either
" "Dheamhan ar miste," arsa na mná d'aon ghuth agus ní ag rá an ruda a bhí ar a gcroí a bhí siadsan ach an oiread.
beidh an oiread sin de thallann uirthi she'll have such a fit
" "Caithfidh sí í féin síos ar an urlár, agus beidh an oiread sin de thallann uirthi go dtabharfá mionna go raibh sí sna smeachanna deireanacha.
an oiread sin spéise léirithe so much interest shown
" Bhí a céad taispeántas ealaíne aici i mí Lúnasa na bliana seo agus d'éirigh léi a cuid canbhás a dhíol ar $1,500; ó shin i leith, áfach, tá an oiread sin spéise léirithe ina pictiúir gur féidir léi anois suas le $15,000 a shaothrú orthu.
an oiread sin dá lucht labhartha so many of its speakers
" (Is mór an trua nach mbíonn úsáid na Gaeilge mar chuid lárnach den ócáid phoiblí náisiúnta seo, ócáid a d'fheilfeadh go mór d'úsáid na teanga agus an oiread sin dá lucht labhartha gafa leis na cluichí Gaelacha.
an oiread clampair fúthu as much commotion about them
" Táim ag trácht dar ndóigh ar na rialacha atá i bhfeidhm ó thús na bliana sna cluichí idirchontae sinsear, ach nach bhfuil in úsáid ag aon leibhéal eile! Nuair a scríobhas faoin ábhar seo cheana, sular thosaigh comórtais na hathbhliana, ba dheacair a shamhlú go mbeadh an oiread clampair fúthu is a bhí chomh luath sa tréimhse thrialach.
bhí an oiread sin de chleachtadh ag Gráinne uirthi Gráinne was so used to her
" B’fhéidir go sílfeadh strainséir gur droch-chomhartha sin ach bhí an oiread sin de chleachtadh ag Gráinne uirthi agus gur thuig sí an difear idir gnúsachtach amháin agus an ceann eile agus ba seo ceann a dúirt: “Rachaidh mé ach ná bí ag dúil liom sult a bhaint as”.
agus a bhfuil oiread tóra ar an chlár and that the programme is so popular
" Ach an chúis go bhfuil *The Simpsons *chomh greannmhar sin – agus a bhfuil oiread tóra ar an chlár sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn – ná nach gcloíonn siad le greann éadrom amháin.
trí oiread an méid three times the number
" Newheartlands an t-ainm atá ar an scéim úr atáthar ag brath a thógáil agus leagfar 20,000 seanteach ar Merseyside mar chuid den fhorbairt, trí oiread an méid a scrios an Luftwaffe sa cheantar sa *Blitz.
an oiread sin foirgneamh so many buildings
" Ach nuair a bhíonn tú sa chathair, toisc go bhfuil an oiread sin foirgneamh timpeall ort, ní fheiceann tú an spéir ghruama sin.
an oiread forbartha the extent of the development
" Is ábhar iontais é an oiread forbartha atá i ndiaidh theacht ar an ghrianghrafadóireacht thar na blianta.
an oiread forbartha the extent of the development
" Is ábhar iontais é an oiread forbartha atá i ndiaidh theacht ar an ghrianghrafadóireacht thar na blianta.
Bhí an oiread sin de dhriopás air he was in such a hurry/nervous state
" Bhí an oiread sin de dhriopás air agus é ag déanamh ar an doras go ndeachaigh sé thar a chois agus leonadh an murnán aige.
a ndearnadh an oiread sin dochair that so much damage was done
" Bhí 43,000 duine ina gcónaí i Darwin, ceann de na cúiseanna a ndearnadh an oiread sin dochair.
an oiread sin mothúchán so many emotions
" Níl éacht ar bith eile a chothaíonn an oiread sin mothúchán leis an stailc ocrais.
an oiread céanna tairbhe the same amount of benefit
" Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga ar ócáid sheolta a thuarascála, bhainfeadh na daoine seo an oiread céanna tairbhe as lá sa gharraí mar nach bhfuair siad a dhath ar a shon riamh.
an oiread sin muiníne so much confidence
" Ní dóigh liom go bhfuilimse ag déanamh aon dochar don traidisiún, sin é an príomhrud, agus fhad is nach bhfuil aon dochar á dhéanamh agam, táim ana-shásta!” Tá sí breá sásta leis na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar an albam go dtí seo ach an raibh sí neirbhíseach agus imníoch faoin mhéid a déarfadh na criticeoirí? “Ní rabhas riamh neirbhíseach ag léamh léirmheasanna agus mé le Danú, mar tá an oiread sin muiníne agam as an ngrúpa.
an oiread sin measa so much respect
" Agus bhí an oiread sin measa ar an saothar sin san Ostair féin ag an am gur beag nach raibh sé ina léiriú ar an dóigh ar mhian leis na hOstaraigh go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad – sofaisticiúil, maisiúil, nua-aoiseach.
an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú so many buttons to turn and to bush
" Sa seomra suí chrom sé go staidéarach os comhair an chórais cheoil, an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú, focail greanta os a gcionn, fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga—bhain sé scil as tamall sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as agus log ciorclach ann, áit ar leag sé an dlúthdhiosca go cúramach.
an oiread mórbhailiúchán príobháideach the quantity of large private collections
" DdeB: Ba dhíol spéise dom féin i gcónaí an oiread mórbhailiúchán príobháideach de cheol agus de bhéaloideas atá sa gceantar seo cheana féin agus bhí imní riamh orm go scaipfí iad seo ar bhás a n-úinéirí d’easpa ionad ceart áitiúil dóibh.
an oiread sin aitheantais that much recognition
" Is daoine iad an dream a luaigh sé atá ag saothrú leo ar son na teanga le fada agus nach bhfuil an oiread sin aitheantais faighte acu agus is dócha go bhféadfaí an rud céanna a rá faoi Risteard féin.
an oiread sin draíochta so much magic
" Dar liomsa nach gá an charraig a dhreapadh – tá an oiread sin draíochta ag baint leis an áit agus an méid sin le tuiscint fúithi gur leor sin.
an oiread sin seod so many jewels
"an oiread sin seod istigh ann gur doiligh do dhuine ar bith an áit a fhágáil i ndiaidh dó dul fríd na doirse Seoirseacha mar is ann atá croí an cheoil dhúchais ag preabadh, ó Horslips go Bridie Gallagher, ó Tony MacMahon go hEnya, ó na ceoltóirí taistil go dtí na cheolfhoirne móra.
Cén fáth a bhfuil an oiread sin ráchairte ar an chlár, why is the programme so popular,
" Cén fáth a bhfuil an oiread sin ráchairte ar an chlár, a d’fhiafraigh mé de Nicholas.
an oiread talún is atá in Éirinn. the same amount of land as there is in Ireland.
" Is ionann é sin agus 7 milliún heicteár nó an oiread talún is atá in Éirinn.
ní léirítear an oiread sin dá shaothar in Éirinn. not much of his work is staged in Ireland.
" Is scríbhneoir thar a bheith tábhachtach é Schiller i litríocht na Gearmáine ach ní léirítear an oiread sin dá shaothar in Éirinn.
oiread airde ar chruachás theangacha an domhain. so much attention of the predicament of the languages of the world.
" “Bhainfinn pléisiúr as an turas agus tá go leor daoine anseo (san ionad) a bheadh an-sásta mé a fheiceáil ag imeacht ón áit!” Is léir gur duine righin é Michael Krauss, a deir an méid atá ar a intinn agus nach bhfuil scileanna taidhleoireachta rómhaith aige, ach murach an righne sin bheadh go leor de shaibhreas theangacha mionlaigh Alasca caillte faoin am seo agus ní bheadh oiread airde ar chruachás theangacha an domhain.
an oiread sin béime so much emphasis
" AÓF: Cén fáth go leagann ceoltóirí áirithe an oiread sin béime ar bhogha maith a bheith acu? Nach é an veidhlín féin is tábhachtaí? NB: Tá an bogha ar a laghad chomh tábhachtach céanna leis an veidhlín.
níor chaill an rothar oiread is uair amháin. the bicycle hasn't lost even once.
" Ó thosaigh an rás deich mbliana ó shin, níor chaill an rothar oiread is uair amháin.
an oiread sin clampair so much commotion
" Nárbh é sin an t-imreoir céanna a raibh an oiread sin clampair faoin gcaoi ar caitheadh chun talaimh é go dleathach le linn cluiche a imríodh i gcoinne na hAstráile faoi rialacha idirnáisiúnta an fómhar seo caite? Fadhbanna leis an gcóras Ach is í an fhadhb is mó atá ag CLG ná seasamh na n-imreoirí, na mbainisteoirí agus na n-oifigeach i leith na rialacha agus an chórais smachta.
oirníodh an oiread sin sagart ina chuideachta some many priests were ordained along with him
" Tháinig sé ar an saol sa bhliain 1897 agus oirníodh an oiread sin sagart ina chuideachta i Má Nuad sa bhliain 1925 nach raibh go leor oibre le fáil acu i bparóistí na hÉireann.
ach an oiread, either,
" Ach dúradh nach raibh na liricí Béarla ar eolas ag formhór na tíre ach an oiread, agus níor chan na himreoirí ar chor ar bith! I ndeireadh na dála, cheap daoine go mba cheart dóibh leagan dátheangach a chanadh.
an oiread sin anainn that much pineapple
" Is deoch mhilis dhonn é L&P, atá cosúil le Lilt ach gan an oiread sin anainn inti.
an oiread sin airgid so much money
" Ach ag an am céanna, mar gheall ar go raibh an oiread sin airgid le caitheamh ag an gciste in aon iarracht amháin, thiomáin sé rátaí na saoroibrithe in airde ar fad ar fad – ceamaradóirí, eagarthóirí, stiúrthóirí srl.
an oiread sin brú orthu. so much pressure on them.
" ”Ó thaobh TG4 é féin de, bíonn sé deacair a bheith cáinteach faoi chomh híseal is atá a mbuiséid, a deir Irial, ach tá léiritheoirí ag éirí cáinteach anois toisc go bhfuil an oiread sin brú orthu.
Agus ach an oiread le daoine eile mór le rá Like other famous figures
" Agus ach an oiread le daoine eile mór le rá a bhí íocónach agus tragóideach, leithéidí Elvis Presley, Marilyn Monroe agus Jim Morrison, tá daoine ag léiriú spéis ollmhór inti go fóill – ina saothar agus sa saol pearsanta a chaith sí leis an fhile Ted Hughes sular chuir sí lámh ina bás féin.
an oiread sin gearán so many complaints
" Coláiste Odious Gael a bheas mar láthair ag an halla damhsa nó ní bheidh an Coláiste in úsáid níos mó de thairbhe an oiread sin gearán a rinneadh faoi dtaobh den mhí-iompar a bhíonn ag dul ar aghaidh ann.
an oiread sin daoine so many people
" In áiteanna áirithe sa Pholainn, bhí fonn vótála ar an oiread sin daoine go raibh easpa páipéar ballóide ar fáil agus ba ghá na hionaid vótála a choimeád ar oscailt níos déanaí ná an t-am a bhí socraithe.
an oiread céanna flosctha the same amount of zeal
" D’fhéadfaí fiafraí di, ar ndóigh, cad chuige nach bhfuil an oiread céanna flosctha uirthi chun tabhairt faoi ábhar eile nach bhfuil á theagasc go forleathan i mbunscoileanna na tíre – is é sin, an Ghaeilge.
Ach an oiread le blianta beaga anuas, The same as in most recent years,
" Ach an oiread le blianta beaga anuas, bhí Cill Chainnigh an-láidir san am sin agus bhí imreoirí den scoth acu ar nós Eddie Kehir, Ger Henderson, Frank Cummins agus araile.
ach an oiread. either
" Samhlaigh é – duine bocht ag rothaíocht go sona sásta agus go tobann, páirceálann tiománaí éigin a ghluaisteán i lár an raoin! Agus is iomaí rothaí nach leanann rialacha an bhóthair ach an oiread.
dhá oiread an mhéid twice the amount
" Is ionann sin agus dhá oiread an mhéid a rothaíonn chuig an obair in Éirinn, a bhféadfaí Tír na nGluaisteán a bhaisteadh uirthi mar leasainm! Tá tionscal nua ag teacht chun cinn in Portland – gnóthaí beaga a dhéanann agus a dheisíonn rothair agus comhlachtaí comhairleachta arb é a ngnó ná cuidiú agus comhairle a chur ar fáil do chathracha eile ar mian leo eiseamláir inbhuanaithe na cathrach seo a leanúint.
nach bhfuil an oiread sin cur amach agam I am not that familiar with, knowledgeable about
" ” Caithfidh mé a admháil nach raibh sé i gceist agam ar dtús léirmheas a scríobh ar an saothar seo – níor shíl mé go mbeinn cáilithe lena haghaidh mar gheall ar nach bhfuil an oiread sin cur amach agam ar chúrsaí filíochta.
Ach an oiread le téip ar bith eile i dtoghchán, like any other election loss
" Ach an oiread le téip ar bith eile i dtoghchán, ní hé go raibh cúis amháin léi.
an oiread sin brú so much pressure
" Ceacht tábhachtach atá san eachtra seo do chomhlachtaí idirlín go ginearálta, ach bíonn an oiread sin brú ar sheirbhísí áirithe idirlín airgead a shaothrú dá scairshealbhóirí go bhfuil gach seans ann go ndéanfaidh comhlachtaí eile na botúin chéanna arís amach anseo.
an oiread sin tionscadal eile so many other projects
" “Iarradh orm an jab a dhéanamh den chéad uair anuraidh agus bhí leisce orm glacadh leis mar go raibh an oiread sin tionscadal eile idir lámha agam,” ar sé.
an oiread suime how much interest
" Agus cionn is go dtéann an clár amach beo ar TG4, caithfear réamhchomórtas a reáchtáil sa dóigh is nach maireann an comórtas níos faide ná fad an chláir féin!Léiríonn seo ar fad an oiread suime is atá ag daoine sa cheird anois – rud atá go hiontach nó níl sé i bhfad ó shin ó bhí an t-iomrá ag dul thart go gcuirfí deireadh leis an chomórtas mar go raibh laghdú chomh mór sin tagtha i líon na rannpháirtithe.
nach raibh an oiread sin leabhar neamhfhicsin that there weren't that many Irish language non-fiction books
" Ní luaithe mé ag gearán nach raibh an oiread sin leabhar neamhfhicsin ar fáil i nGaeilge agus seo chugam anois ceann eile – *Dúirt Bean Liom* (Coiscéim, €7.
Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, because there is so much interest being shown in it
" Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, ní haon ionadh é go bhfuil comhlachtaí agus eagraíochtaí móra gnó san fhíorshaol – Reuters, Nike agus Sony, cuir i gcás – ag teacht i dtír ar an fheiniméan, agus tá leithéidí úinéirí dánlann ealaíne agus ealaíontóirí i measc iad siúd ar mian leo a gcuid féin den ghnó a bheith acu.
dhá oiread an méid sin. twice that amount
" " Measann siad go gcailleann na híobartaigh £850 an duine ar an meán, ach go minic, cailleann daoine aosta dhá oiread an méid sin.
agus an oiread sin léitheoirí and that many readers
" Ní féidir "dul chun cinn" a thabhairt air sin, agus an oiread sin léitheoirí fós ag léamh nuachtán ar an mbealach traidisiúnta.
an oiread sin béime that much emphasis
" Polasaithe eagarthóireachtaNí dóigh liom gur féidir le nuachtán a thugann "nuachtán náisiúnta" air féin an oiread sin béime a chur ar scéalta Tuaisceartacha i gcónaí.
In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán despite the fact that not that much interest was shown in the film
" Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood! In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
thug sé an oiread sin inspioráide dom it gave me that much inspiration
" Dúirt an chéad fhear a luadh: “Chonaic mé scannán beag dar teideal *Once* le gairid agus thug sé an oiread sin inspioráide dom nach gcuirfeadh sé isteach orm mura mbeinn in ann scannán eile a fheiceáil ar feadh an chuid eile den bhliain.
an oiread sin spéise that much interest
" Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood! In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
ag tnúth an oiread sin looking forward that much
" Agus mar sin ní rabhas ag tnúth an oiread sin leis an dlúthdhiosca seo.
an oiread sin teagmhála very much contact
" Thiocfaí a rá nach mbíodh an oiread sin teagmhála idir na heagraíochtaí Gaeilge in Éirinn agus gluaiseacht na teanga sna Stáit Aontaithe, i gCeanada nó i dtíortha eile roimhe seo.
ní féidir le soláthraithe seirbhíse idirlín neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb ach oiread internet service providers can't ignore the problem either
" Dar ndóigh, ní féidir le soláthraithe seirbhíse idirlín neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb ach oiread agus ní mór dóibh a bheith ar a n-airdeall le stop a chur leis na cibirbhulaithe.
idir tríocha agus daichead oiread an méid radachuir between thirty and forty times the nuclear fallout
" Scaoileadh idir tríocha agus daichead oiread an méid radachuir sa phléascadh sin ná mar a scaipeadh i ndiaidh gur phléasc na buamaí adamhacha in Hiroshima agus Nagasaki sa bhliain 1945.
an oiread sin machnaimh agus oibre so much thought and work
" “Tá an oiread sin machnaimh agus oibre i ndiaidh a bheith déanta ar an gclár seo gur ait liom go mbeidh sé le feiceáil, faoi dheireadh thiar thall, i gceann cúpla lá.
ach an oiread either
" Ní raibh mórán ar siúl ag na húdaráis in Éirinn le cúrsaí a fhiosrú ach an oiread.
bhí an oiread sin eagla air he was so frightened
" Seoladh bagairtí báis chuige féin, bagraíodh ar a bhean chéile agus ar a pháistí agus sa deireadh, bhí an oiread sin eagla air gurbh éigean dó Léim a Mhadaidh a fhágáil.
ach an oiread either
" Tá faitíos ar leith orainn in Éirinn, áfach, mar feictear dúinn nach bhfuil an t-éalú céanna againn agus a bhíodh sna caogaidí agus sna hochtóidí le dul ar eisimirce; níl postanna ar fáil, ach an oiread, sna tíortha a mbíodh muid ag tarraingt orthu mar Shasana, Meiriceá nó Ceanada.
ach an oiread either
" Níorbh aon eisceacht í earnáil na Gaeilge ach an oiread.
seasca oiread an mhéid 60 times the amount
" Is ionann sin agus seasca oiread an mhéid a bhí á lorg aige.
ach an oiread either
" Ní hiad na baincéirí ach an oiread a ba chúis leis.
ach an oiread either, at the same time
" Leas an Cheachta Chrua An uile ní meáite, níor chóir an ghruaim as féin amháin a nochtú i gcuntas mar seo ach an oiread.
Ach an oiread no more than
" Ach an oiread le scéal ar bith sna meáin faoin Meánoirthear, áfach, ní mar a shíltear a bhítear.
an oiread so many
" Chuir an oiread de mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilgeoirí ar fud na tíre, - chuir an oiread acu scéalta agam, ag cur scéala le mo mháthair, le mo dheartháir, le mo deirfiúracha.
ach an oiread either
" Tá líne ann chomh maith, gan amhras, gan a shá síos scornach aon duine ach an oiread, agus ansain, déarfaidís, “*oh your man’s sort of cool*”, labhraíonn sé Gaeilge, labhraíonn sé Béarla.
Ní beag an chomaoin ach oiread atá curtha orainn we really have to thank
" Ag Caomhnú agus ag Roinnt an tSaibhris Ní beag an chomaoin ach oiread atá curtha orainn ag Róise san aiste scolártha de réamhrá a scríobh sí le hábhar an leabhair a chur ar ná súile dúinn.
an oiread so much
" Thit an oiread sneachta ar na Sé Chontae (agus glacaim leis nach n-aithníonn an aimsir an chríochdheighilt) go raibh an stát ina chiolar chiot.
an oiread sin rialacha not too many rules
" Níl an oiread sin rialacha ag baint leis an chóras, ach tá gach uile cheann de na moltaí thíos iontach tábhachtach: - Bíodh na dea-rúin féin iomlán míréasúnta.
an oiread as much
" Cén tír eile a déarfadh go raibh oideachas curtha ar dhaoine agus gan na teangacha oifigiúla a bheith múinte do scoláirí na tíre sin! Agus deireadh ag teacht le tréimhse an rialtais seo, tá súil agam, pé ar bith rialtas a thiocfaidh i gcumhacht ina ndiaidh, go mbeidh sé le rá acu siúd faoi cheann cúig bliana, go bhfuil an oiread déanta acu siúd don Ghaeilge agus atá déanta ag na rialtais a bhí ann ó 1997 i leith.
scartha an oiread sin so split
" Bí ag caint ar bhailchríoch a chur ar scéal - *unfinished business!* Sracadh na Dála ========= Beidh coimhlintí sa chéad Dáil eile idir Sinn Féin agus Fine Gael mar tá an dá pháirtí scartha an oiread sin ó thaobh idé-eolaíochta de, ach beidh sé suimiúil a fhail amach cad é mar a throidfidh Fianna Fáil in éadan Shinn Féin agus iad ag roinnt na hidé-eolaíochta céanna.
an oiread gá such need
" Shábháilfí airgead don stát mar nach mbeadh an oiread gá le seirbhísí aistriúcháin a cheannacht dá mbeadh a dhóthain daoine ag obair sa státchóras in ann déileáil le comhfhreagras i nGaeilge.
an oiread sin focal iasachta so many foreign words
" ) Bhi ionadh orm an oiread sin focal iasachta a fheiceáil sa tSeapáinis.
an oiread sin so much
" Ní hiontas é go bhfuil an oiread sin páipéarachais cruinnithe ag an Uigeannach a bhí ina léachtóir ollscoile ar feadh i bhfad go dtí gur roghnaigh sé bealach na polaitíochta.
ach an oiread either
" Chan amháin nach bhfuil a fhios ag an phobal faoina raibh ar siúl ag na daoine anaithnide seo ach go minic ní bhíonn a fhios acu ach an oiread cad é go díreach nach bhfuil ar eolas acu! Rud amháin atá ar eolas againn ná go bhfuil a leithéid d’ordú bainte amach ag daoine iomráiteacha ar nós an peileadóir John Terry, an t-iriseoir Andrew Marr, an galfaire Colin Montgomerie, an ceoltóir Howard Donald ó *Take That* agus an bancaire Fred ‘the Shred’ Goodwin.
an oiread sin sonais such happiness
" 
Mar atá a fhios againn, ba iad Tuatha Dé Danann a bhunaigh an Phoblacht i 1921 nuair a spréigh siad púdar draíochta ar chuid mhór d'Éirinn, éacht a chruthaigh an oiread sin sonais agus só go raibh na Sasanaigh deasa in ann filleadh chun an bhaile! Ach níor bhain an smúit draíochta cuid de thuaisceart na tíre amach agus d'éirigh na daoine ansin feargach agus thosaigh ag bualadh a gcomharsana, daoine macánta a shíl gur leo an áit.
nach mbeidh an oiread sin there won’t be as many
" **SÓC: An mbíonn drámaí Gaeilge ar siúl agaibh ar bhonn bliantúil?** JG: Bíonn de ghnáth ach ar nós gach eagraíocht, bíonn blianta ann agus bíonn a lán ar siúl agus blianta eile nach mbeidh an oiread sin.
an oiread tráchtála so much commerce
" Cén fáth a bhfuil neach truacánta an phictiúir seo chomh mealltach sin ag daoine agus a spreagann daoine, glúin i ndiaidh glúíne, dáimh a bheith acu leis? Is díol spéise é an oiread tráchtála a bhaineann leis an íomhá seo agus go bhfuil atáirgeadh déanta air in achan dóigh a thiocfadh leat a shamhlú idir thuáillí tae, mhaighnéid cuisneora, phóstaeirí, chupáin agus bhréagáin – pé rud atá uait.
an oiread sin as much as that
" Bhí duine de na daoine is sinsirí sa pháirtí, Alban Maginness, páirteach sna cainteanna a tháinig ar an tsocrú agus ainneoin gur chinn a comhghleacaí SDLP, Alex Atwood a raibh cúram fhorbairt Girdwood air agus é ina Aire sa Roinn Forbartha Sóisialta, gur cheart go mbeadh 220 teach tógtha ar an suiomh - do Chaitlicigh amháin, is cosúil - ní thógfar an oiread sin tithe ach níl a fhios ag aon duine cá mhéid go fóill.
ach an oiread either
" Ní thaitníonn an nós sin le mórán foilsitheoirí Gaeilge ach an oiread, cé gur nós seanbhunaithe i measc Ghaeil na hAlban é.
an oiread sin eachtraí aisteacha so many strange incidents
"an oiread sin eachtraí aisteacha, aduaine, éagsúlacha i ndiaidh tarlú in Éirinn le mí anuas go bhfuil Balor an Bhéil Bhinn ag dul thart mar a bheadh madadh an dá eireaball ann, é idir dhá chomhairle (nó dhá chomhairle dhéag, b’fhéidir) faoi na scéalta a gcaithfidh sé a shúil nimhe orthu an iarraidh seo.
an oiread sin so much
" Meabhraím ar na chéad daoine a leag cos sa taobh seo agus ar chuir a áilleacht faoi dhraíocht iad an oiread sin gur fhan siad ann agus thóg clann ann.
ach an oiread either
" Níor fágadh an cumann baile ar an trá fholamh ach an oiread, mar gur éirigh leis na Fillos a gcéad chluiche ceannais riamh a bhaint amach, éacht ann féin.
27 oiread an mhéid 27 times as much
" Mar aon leis na baincéirí, ar ndóigh, tá príomhfheidhmeannaigh na gcomhlachtaí móra a shaothraigh 27 oiread an mhéid a bhíodh ag an ghnáthoibrí sa bhliain 1973 ach a shaothraigh 262 oiread an ghnáthphá sa bhliain 2005.
cuireadh an oiread agus ab fhéidir de san áireamh as much as was possible was included
" Bailíodh agus cíoradh é agus cuireadh an oiread agus ab fhéidir de san áireamh sa cháipéis deiridh.
ach an oiread either
" Níl aon chall leis an bhéal bhocht ach an oiread mar go bhfuil infheistíocht leanúnach déanta ag rialtais éagsúla ó bhunú an stáit a leith i gcomhlachtaí teangalárnaithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht – leithéidí an tÚdarás, TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Muintearas, Oideas Gael agus go leor eile nach iad.
Ach an oiread leis an chuid eile no more than any other part
" Ach an oiread leis an chuid eile den tír, áfach, níl aon chosaint ag pobal na Gaeltachta ón doineann geilleagair agus tá a sciar féin de chiorruithe á n-iompar acu.