Pota Focal Intergaelic
ang | anó | agó | along | among
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cur ina luí ar an aos óg convince the young people
" Más féidir linn cur ina luí ar an aos óg go bhfuil rud éicint acu ba mhaith leis an gcuid is mó de phobal na tíre a bheith acu, beidh linn.
teanga an aosa óig the language of the young people
" I dtréimhse iontach gairid d'athraigh teanga an aosa óig go Béarla.
ar mian leo an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga who want to attract the young people to the language
" Is fada múinteoirí ag gearán faoi chomh deacair is atá sé déagóirí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de, ach tá "Ros na Rún" ina chuidiú mór anois acu siúd ar mian leo an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga.
chun an óige a mhealladh to attract the young people
" An uair sin ba leor an geansaí chun an óige a mhealladh.
Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu young people today have no time to sit or stand
" Níl faill suí ná seasamh ag daoine óga an lae inniu.
in óige an imreora in the player's youth
" Rud éigin a tharla in óige an imreora, seans.
ar son an aosa óig for the young people
" Ba chóir go mbeadh an rialtas buartha má thagann sé i gceist go mbeadh leisce ar dhaoine maithe obair dheonach a dhéanamh ar son an aosa óig timpeall na tíre toisc go bhfuil eagla orthu roimh líomhaintí agus cásanna cúirte.
an lánúin óg the young couple
" " Phós Bríd fear as a ceantar dúchais féin, Antóin Rodgers, i 1960 ach, ó tharla Antóin a bheith ag obair mar fhiaclóir ar an Lorgain i gContae Ard Mhacha ag an am, b'ansin a bhog an lánúin óg.
ar an óige on the young people
" As seo go ceann cúig bliana eile ba chóir díriú níos mó ar an óige - go deimhin tá pleananna ann faoi láthair chuige seo.
i bhforbairt an duine óig in the development of the young person
" Tá an-suim ag Colmán Ó Flatharta sa spórt ach, níos tábhachtaí ná sin, tá spéis ar leith aige i bhforbairt an duine óig tríd an spórt.
freagrach as leas an imreora óig responsible for the welfare of the young player
" An fhadhb leis seo ná nach bhfuil aon duine amháin freagrach as leas an imreora óig.
an gcleas óg the young crowd
" Nílimid anseo ach seal beag gearr! AÓF: Céard faoin gceol agus faoin amhránaíocht? An gcloiseann tú difríochtaí anois ann seachas mar a bhí sa seanam? MÓS: An ceol céanna i gcroíthe na seandaoine agus is bródúil atáim as an gcleas óg atá á thabhairt leo.
a chothaítear an fhéinmhuinín a theastaíonn ó stát óg le bláthú that the self-confidence is fostered which a new state needs to blossom
" Ach ainneoin a lochtanna, creidim gurb é an t-aon Taoiseach, go dtí seo ar aon nós, a léirigh gur thuig sé gur trí chaighdeán maireachtála an phobail a fheabhsú, in éineacht le mórtas cine an phobail a athmhúscailt, a chothaítear an fhéinmhuinín a theastaíonn ó stát óg le bláthú.
nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh that sports organisations don't consider the interests of young people
" Tá an chuma ar an scéal nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh nuair a théann siad ar thóir an airgid mhóir i bhfoirm urraíochta agus fógraíochta.
an brú óige a roghnaigh mé the youth hostel I chose
" Faraor, bhí an brú óige a roghnaigh mé brocach (bhí blatóga coiteanna mar chomhluadar agam sa chistin), ach seachas sin, is cathair an-deas é Sydney.
gur mhúscail an leaid óg that the young lad woke up
" ” “Bhuel,” arsa Balor, “Tharla, oíche amháin, gur mhúscail an leaid óg i lár na hoíche.
an Polannach óg mná the young Polish woman
" Ach cá raibh daidí? Faoi dheireadh d’oscail an gasúr doras an *au pair* agus b’in iad daidí agus an Polannach óg mná in aon leaba le chéile.
Cé nár fheil an cur chuige sin dom agus mé óg Even though that approach did not suit me when I was young
" Cé nár fheil an cur chuige sin dom agus mé óg, d'fheil sé go maith dom nuair a bhí mé in Newark.
comhoibriú leis an aos óg to co-operate with the young people
"comhoibriú leis an aos ógTá baint ag Mark Ervine leis an traidisiún múrmhaisithe ó bhí sé ina bhuachaill óg ag fás aníos i mBéal Feirste.
an t-iliomad brúnna óige, a great number of youth hostels,
" Le freastal ar riachtanais an ghrúpa seo, tá an t-iliomad brúnna óige, caifí agus clubanna oíche anois ar oscailt sa bhaile.
an duine ab óige acu, the youngest one of them,
" Ach nuair a bhuaileann siad le chéile 30 bliain ina dhiaidh sin, tá Jackie, an duine ab óige acu, marbh.
rannpháirtíocht an ghasúir óig participation of the young boy
" Dúirt Connolly gurbh é an aidhm a bhí aige maidir le rannpháirtíocht an ghasúir óig ná go marófaí é, nó go maródh sé duine éigin eile.
an lánúin óg seo this young couple
" Thug an lánúin óg seo a lán cuairteanna ar Bennelong i gcaitheamh an fheachtais, go minic i gcuideachta Maxine McKew, agus labhair siad le grúpaí Síneacha ina dteangacha dúchais.
dírithe ar an aos óg? aimed at the young?
" Ach cad é má tá an clár dírithe ar an aos óg? (Sula dtéim a dhath níos faide, caithfidh mé a rá, agus béim a chur air seo, nach bhfuil anseo ach dearcadh.
ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig. as regards suicide amongst the young.
" (Paragraf 12) I measc thíortha an Aontais Eorpaigh, tá an cúigiú ráta is airde ag an tír seo ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig.
cuma an-óg very young appearance
aigne an aosa óig the youthful minds
" Mhúnlaigh sé sin, ní nach ionadh, aigne an aosa óig.
an aosa óig the youth
" Tá dhá rud ag tarlú -- tá an Ghaeilge ag fás sa nGalltacht agus, b’fhéidir, ag fáil bháis sa nGaeltacht -- b’fhéidir sách sciobtha anois mar go bhfuil sí ag meath i measc an aosa óig.
an t-aos óg the youth
" Molaim sin ar an tuiscint gurb é dúnghaois an Stáit an t-aos óg a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealach cruthaitheach agus feidhmiúil chomh minic agus is féidir.
an aos óg the youth
" Shamhlaíos nach raibh deis ag an aos óg teacht le chéile mar sin.
an t-aos óg the youth
" Is é mo mheas go dtabharfadh sé sin sprioc dos na déagóirí, an t-aos óg, an teanga a chleachtadh lasmuigh den scoil.
atá i mbéal an aosa óig are ‘all the go’ amongst the youth
" Cuirim i gcás na déithe beaga atá i mbéal an aosa óig, is beag duine acu siúd a bhfuil na tréithe seo aige nó aici.
Aos Óg an Éirí Amach youth and the rebellion
" "* Aos Óg an Éirí Amach ========= Ní hé seo an chéad iarracht ag Hollywood scéal Kerouac a chur ar an scáileán.
an t-aos óg teenagers, the youth
" Sílim go gcuirfí an t-aos óg spéis ann mar go mbeidh sé úrnua arís.
go háirithe i measc an aosa óig particularly among the youth
" Anuas air sin, a deir sé, is léir nach féidir le rialtas Fillon dul i ngleic le fadhb na dífhostaíochta sa tír, go háirithe i measc an aosa óig.
an aos óg the youth
" Agus mé ag maireachtaint i bPrág na Seice bhíodh cara Gailíseach liom ansin ag caint i dtólamh ar theanga na nGailíseach, an Ghailísis, agus ar an tréigean atá ar siúl ag an aos óg maidir lena labhairt is lena cothú.
clann an-óg very young children
" Ar aghaidh le clann an-óg, aos níos sine, tuismitheoirí, daoine a bhí anonn go maith san aois, chun an chéad chúpla chiliméadar timpeall an phoirt a rith.
an t-aos óg a bheith os cionn youth must be more than
" Maítear ar shuímh idirlín na meán sóisialta mór uile, *Facebook* san áireamh, go gcaithfidh an t-aos óg a bheith os cionn 13 mbliana d’aois chun teacht ar a gcuid seirbhísí.
An Tús Óg an Tús Maith an early start is a good start
" An Tús Óg an Tús Maith ========== Bhí sé ar intinn ag Fuller a ghnó féin a thosú chomh luath agus a bheadh deis aige agus bhí a chomhlacht tógála féin aige sula raibh sé fiche bliain d’aois.
tá aghaidh an bhuachalla óig air he has the face of a young boy
" Má tá sé trom, tá aghaidh an bhuachalla óig air, agus go cinnte shíl lucht eagraithe an choinbhinsiúin go ngríosfadh sé an slua lena reacaireacht chroíúil.
an dream óg the young
" Is fíorthábhachtach go mbeadh spórt, ceol, agus gach ní eile a chothaíonn spéis, misneach agus fiúntas i saol an duine, ar fáil go furasta ag an dream óg go háirithe.
mealladh an aosa óig enticing the youth
" Rinne Fiachra Ó Marcaigh ó Amas cur i láthair ar bhorradh na teicneolaíochta agus labhair Mícheál Ó Foighil ó Choláiste Lurgan faoi thábhacht úsáid na teicneolaíochta i mealladh an aosa óig don teanga.
inar buaileadh cloigeann an fhir óig in which the young man’s head was stroke
" B’ionsaí mearchiallach brúidiúil é inar buaileadh cloigeann an fhir óig seacht n-uaire déag le tua.
an t-aos óg agus sheandaoine young and old
" "Bhí an pobal ina iomláine páirteach ann, idir fhir agus mhná, an t-aos óg agus sheandaoine.
sna flaithis a bhí mé ag dream óg an Oireachtais the young crowd sent me to heaven
" Ach, más sa duibheagán a bhí mé ag daoine áirithe oíche Dé Sathairn, is sna flaithis a bhí mé ag dream óg an Oireachtais oíche Dhéardaoin.
Cur ceist ar an aos óg ask the children
" Ar chuma fhimíneach éigin, géillimid go poiblí don idé-eolaíocht toisc go gcreideann daoine eile inti! An paradacsa? Creidimid in idé-eolaíochtaí siúd is nach gcreidimid iontu in aon chor! Sampla neafaiseach den rud atá i gceist agam? Creid é nó ná creid— agus ní mór duit an dá rud a dhéanamh sa chás seo —Daidí na Nollag! Cur ceist ar an aos óg an gcreideann siad i nDaidí na Nollag, arsa Žižek.
fágtha thiar ag an dream óg le coinneáil ag imeacht something left behind for the next generation
" Má chuirfimid le chéilí, tiocfaidh rud éicint as ar deireadh agus go mbeadh rud éicint fágtha thiar ag an dream óg le coinneáil ag imeacht.
le linn óige an tSaorstáit nua againn during our new fledgling Free State
" Seo cúpla ceann desna seoda liteartha a thug sé fé ndeara, seoda a shoilsíonn na cathanna cultúrtha ba thábhachtaí le linn óige an tSaorstáit nua againn.
bhíonn an óige ar fán youth has fled
" Ba é críoch an scéil, go bhfuair an mhífhoighid an ceann is fearr air agus d’imigh an féinsmacht uaidh, rud a tharlaíonn go minic d’imreoirí ag deireadh a ré nuair a bhíonn an óige ar fán agus an neart ar meath.
croitheann an-chuid den ghlúin óg Mheiriceánach a gcinn a lot the American youth shake their heads
" Nuair a chloiseann siad faoi na hionsuithe éagsúla gunna is sceimhlitheoireachta, croitheann an-chuid den ghlúin óg Mheiriceánach a gcinn ag ligean osna astu féin, feargach leis an tslí ina bhfuil a dtír dhúchais sa lá inniu agus bíonn brón orthu faoin íomhá a fhaigheann an domhan mór díobh mar phobal.
Tá an t-aos óg bréan den lipéad atá orthu the youth are sick and tired of the label they have
" Tá an t-aos óg bréan den lipéad atá orthu, in éineacht leis na mílte daoine eile timpeall na tíre, ó chúlraí éagsúla is le fadhbanna éagsúla, a bhfuil tuairimí an-difriúla acu ar fad, mar Mheiriceánaigh.
an t-aos óg óna n-oidhreacht theangeolaíoch the youth have with their linguistic inheritance
" Dí-nascann an Denglisch an t-aos óg óna n-oidhreacht theangeolaíoch agus cuireann a dul chun cinn in iúl go bhfuil an Béarla níos inmhianaithe sa Ghearmáin ná an Ghearmáinis.
Ag Fulaingt ag Aois An-Óg suffering at a very young age
"Ag Fulaingt ag Aois An-Óg ======== Ní raibh Simon ach trí bliain déag d’aois nuair a thosaigh anaireicse ag scriosadh a shaoil.
dhúnmharú an linbh óig the murder of the young child
" Ba leathfhreagairt é (más féidir freagairt cheart a thabhairt riamh ar choir chomh huafásach leis) ar dhúnmharú an linbh óig a raibh dúchas Éireannach ann, an Learphollach Jamie Bolger i Sasana, sa bhliain 1993.
an aosa óig the youth
" Cheapfá gur measa ar fad a bheadh an fhadhb i measc an aosa óig.
Ag splanc na hóige atá an mhúscailt seo youthful spirit had this awakening
" Ag splanc na hóige atá an mhúscailt seo idir ‘*Wake me Up*’, ‘Anois an tAm’ agus a leithéidí, ba é seo teacht i dtír na Gaeilge ar chultúr splanctha nó ‘*viral*’ na linne seo.
is ag béal na hóige atá an chaint youth has its say
" Sa ré nua seo, is ag béal na hóige atá an chaint ar thodhchaí na Gaeilge.
bíonn a shárú ag an óige i gcónaí ann youth always can overcome it
" Go deimhin, ag teorainn ar bith, bíonn a shárú ag an óige i gcónaí ann.
Is cuma leis an óige youth doesn’t mind
" Is cuma leis an óige cé gcuirfidh sí a cos! Tá an Táirge Cruthaithe ========= Tá acmhainn anois againn má tá an cultúr casta ina thráchtáil ag aos óg na hÉireann.
má tá an cultúr casta ina thráchtáil ag aos óg na hÉireann if Irish youth have made culture become commerce
" Is cuma leis an óige cé gcuirfidh sí a cos! Tá an Táirge Cruthaithe ========= Tá acmhainn anois againn má tá an cultúr casta ina thráchtáil ag aos óg na hÉireann.
an gasúr is óige againn our youngest child
" Dá bhfheicfeá an tslí a úsáideann an gasúr is óige againn na huirlisí s’againne, d’aontófá liom.
dréimire an airm óna óige the army ladder from his youth
" Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez dréimire an airm óna óige, agus d'éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh.
do ghlúin óg an lae inniu to the youth of today
" Léaró Dóchais agus Misnigh ============= Creidim gur eiseamláir í Adele, do ghlúin óg an lae inniu.
le hais an teaghlach óg compared to the young household (which ...
" Rinneadh go leor gearán faoin ghearradh ar an liúntas gutháin do phinsinéirí, ach tríd is tríd ó thús na géarchéime, is beag an t-ísliú ioncaim a fuair siad le hais an teaghlach óg a bhfuil cúram leanaí orthu agus, anuas ar chiorraithe an rialtais, a chaill post nó ar gearradh siar ar a dtuarastal.
suntasach an t-aos óg a fheiceáil ann remarkable to see the youth there
" Thug siad slua breá i láthair as na ceantair éagsúla agus bhí sé suntasach an t-aos óg a fheiceáil ann.
ag seinm leis an aos óg playing with the youth
" 'Tá féile ann anois ón mbliain 2010 áit a mbíonn na seancheoltóirí deiridh ag seinm leis an aos óg.
An Óige agus an tÉireannachas Youth and Irishness
" Tá mé sásta go bhfuil toradh maith tagtha ar an gcéad cheann de na tionscnaimh sin – ‘An Óige agus an tÉireannachas’.
chabhraigh an tslí mhaireachtála a bhí acu ina n-óige leo their way of life in their youth helped them
" Cé go raibh sé ina nginealach a bheith mór, láidir, crua, níl amhras faoi ach gur chabhraigh an tslí mhaireachtála a bhí acu ina n-óige leo a bheith níos láidre agus an-aclaí.
i measc an aosa óig among the youth
" " Is léir nach bhfuil fonn air scéal mór a dhéanamh de na físeáin, agus ní thugann sé aon cheann don tuairim go bhfuil níos mó déanta acu chun íomhá dhearfach a chothú don teanga i measc an aosa óig ná mar atá déanta ag aon tionscnamh eile le blianta fada.
scríobh an peileadóir óg the young footballer wrote
" Tá a lán ábhar pearsanta ar iasacht óna dheirfiúr Barbara Mc Narry agus bhí sé corraitheach na litreacha a scríobh an peileadóir óg chuig a theaghlach i mBéal Feirste a léamh.
Féach an chuma óg observe the young appearance
" Féach an chuma óg atá air! Féach na fáinní móra órga ar a mhéara is a Rolex órga… Go mbeirimid beo ar an am seo arís! <http://youtu.
Ar an aos óg at youngsters
" Ar an aos óg atá an saothar dírithe ach bainfidh idir óg agus aosta sásamh as go cinnte.
i measc an aosa óig fhaiseanta amongst the young and fashionable
" Is stíl Airgintíneach é an alpagarta atá an-choitianta i measc an aosa óig fhaiseanta le tamall anuas.
ag cruthú an dearcadh san aos óg creating a youthful view
" An Rud a tChí an Leanbh, Ghní an Leanbh ================= Ní hamháin go mbeidh úsáid an ríomhaí chéime iontach ó thaobh na sláinte de ach beidh tú ag cruthú an dearcadh san aos óg go bhfuil atmaisféar dóchasach dearfach i gceist le cúrsaí spóirt atá sultmhar agus taitneamhach.
is ar leas an aosa óig it’s to the benefit of the children
" Ba cheart dúinn níos mó aird suntasach a thabhairt ar an fhadhb seo mar shaoránaigh na tíre, mar is ar leas an aosa óig atá muid agus an chéad ghlúin eile aníos inár ndiaidh.
an dream óg ag glacadh le youth accepting
" Tá trolláil tugtha faoi ndeara ag beagnach gach aon duine faoin am seo agus tá an dream óg ag glacadh le nósanna mar fho-ghiolcaireacht nó 'subtweeting' ina gcáintear duine ar Twitter gan ainm úsáideora an duine a lua; mar an gcéanna, tarlaíonn a leithéid ar Facebook le '*vaguebooking*' ina ndéantar nuashonrú ar an sruth nuachta trí cháineadh doiléir a dhéanamh ar úsáideoir eile.
an duine is óige a toghadh ar an gcomhairle riamh the youngest person ever elected to the council
" Ba í an duine is óige a toghadh ar an gcomhairle riamh.
an aosa óig the young people
" Tá an mhí-úsáid alcóil ag dul in olcas in Éirinn le deich mbliana anuas, go háirithe i measc an aosa óig.
an t-iománaí óg the young hurler
"an t-iománaí óg Setanta Ó hAilpín as Corcaigh chun an tír seo a fhágáil agus peil a imirt go profisiúnta san Astráil.
aithris a dhéanamh ar chaint an aosa óig copy the speech of young people
" Ar cheart don dream a bhíonn ag scríobh scripteanna trí Ghaeilge do chláracha daoine óga ar an teilifís aithris a dhéanamh ar chaint an aosa óig nó arbh fhearr leaganacha “cearta” den teanga a úsáid, a fhiafraíonn Breandán de Gallaí.
an t-aos óg the youth
" Níl an t-aos óg chomh cloíte is a shamhlófaí, d'ainneoin an ciseach a rinneadh den tír.
thóg an dream óg a chroí lena gcuid spleodair the young crowd enjoying themselves lifted his spirits
" Chonaic Ray Mac Mánais fiúntas agus saibhreas in imeacht na mblianta ag Oireachtas na Gaeilge agus má dhruid an duibheagán leis go bagrach ar an láimh eile, thóg an dream óg a chroí lena gcuid spleodair.
chuideodh a saothar leis an dream óg aníos their work would help the up and coming
" Tá Colm Mac Séalaigh den bharúil gur mithid foireann tráchtairí a chur chun oibre ar dhea-urlabhraíocht na tráchtaireachta, mar chuideodh a saothar leis an dream óg aníos.
céadta den dream an-óg meallta hundreds of youngsters entice
" Chuaigh Edwina Nig Eochaidhean faoi pholl cnaipe de bheith ina Rós Thrá Lí anuraidh agus tá na céadta den dream an-óg meallta léi i mbun damhsa ar an sean-nós ar fud an iarthuaiscirt.