Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
toradh an-difriúil a very different outcome
" Dá seasfadh sé leis an tuairim seo sa chúirt an mhí seo caite, seans go mbeadh toradh an-difriúil ar an chás, ach níor dhein.
an dá mheon dhifriúla the two different mentalities
" Taispeánann an dá chlub seo an dá mheon dhifriúla atá ann i leith infheistíochta i Sraith Eircom faoi láthair.
an dá fhealsúnacht dhifriúla the two different philosophies
" Tionscadail éagsúla Ag faire ar Dev agus Lemass agus ar an dá fhealsúnacht dhifriúla a chuireadar chun cinn, bhí an TD óg Cathal Ó hEochaidh.
an-difriúil lena macasamhail very different to their counterparts
" ” Agus an bhfuil éagsúlachtaí tugtha faoi deara ag an láithreoir féin sa réimse seo? “Tá fir na Polainne an-difriúil lena macasamhail in Éirinn.
go hiomlán difriúil leis an sórt ruda totally different from the sort of thing
" Chuir Páidí ceist orm cad é a bhí go maith nó speisialta faoi na cláracha agus dúirt mé gur sraith a bhí inti faoi dhaoine a raibh Gaeilge líofa acu, a raibh jabanna suimiúla acu, agus a bhí gafa le rud éigin a bhí go hiomlán difriúil leis an sórt ruda a raibh cáil orthu mar gheall air.
nósanna an-difriúla very different habits
" Thug muid faoi deara go bhfuil nósanna an-difriúla ag na Aixois, is é sin, tá siad tugtha do roinnt leitíse a bhrú timpeall ar phláta le forc gan a dhath a ithe.
port an-difriúil a very different tune
" Thug Vladimir Putin aitheasc breá forásach os comhair chomhaltaí an fhóraim, á mholadh aige go n-oibreodh na tíortha éagsúla as lámh a chéile, ach ní foláir a chuimhneamh go raibh port an-difriúil á sheinm bliain ó shin, nuair a bhagair an Chreimil go mbeidís toilteanach an lámh láidir a úsáid chun a gcearta san Artach a chosaint.
múnla geilleagair an-difriúil a very different financial model
" Tá muide ag cur múnla geilleagair an-difriúil chun cinn agus tógfaidh sé tamall ar dhaoine athrú mar gheall ar an gcoimeádachas atá iontub.
a bhfuil tuairimí an-difriúla acu ar fad who have all very different views
" Tá an t-aos óg bréan den lipéad atá orthu, in éineacht leis na mílte daoine eile timpeall na tíre, ó chúlraí éagsúla is le fadhbanna éagsúla, a bhfuil tuairimí an-difriúla acu ar fad, mar Mheiriceánaigh.