Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tránna an-fhada very long beaches
" An lá dár gcionn, chuaigh muid ó dheas go Bun Cranncha, a bhfuil tránna an-fhada ann os comhair chnoic ghorma Fhánada.
níl sárú an chuntais fhada ann there's nothing better than the long count
" Bíonn spórt ag baint leis an stocaireacht a dhéanann na hiarrthóirí agus a lucht tacaíochta, le dó phóstaeirí na bpáirtithe eile, le ciceáil mhuintir na bpáirtithe eile, le scrios oifigí na bpáirtithe eile; leis na mionnaí móra agus na mionnaí beaga, leis an bhualadh bos agus an buaileam sciath, leis na bréaga agus na gealltaí, leis an gheáitseáil agus leis na gothaí, ach fós níl sárú an chuntais fhada ann.
níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias it wasn't long until everything was a mess
" Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.
cúpla siúlóid an-fhada a few very long walks
" Le mo chois féin, bhí beirt fhoghlaimeoirí eile ann – Henny ón Ollainn, oibrí sóisialta a rinne cúpla siúlóid an-fhada san Afraic ar son na carthanachta, agus Chuck ó na Stáit Aontaithe, a oibríonn le staitisticí agus a chónaigh i bPeiriú agus é níb óige.
níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias it wasn't long until everything was a mess
" Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.
ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada putting this delicate question on the long finger
" Cad chuige a ngearrfaí pionós ar sheanfhear i mBearna a labhraíonn teanga a mhuintire, mar go bhfuil scaifte *yuppies* i ndiaidh bogadh isteach sa cheantar? Ar cheart an milleán a chur ar chainteoirí dúchais den scoth as a laige is atá an Ghaeilge ina gceantar? Is cinnte, áfach, nach féidir leanstan ag cur na ceiste cigiltí seo ar an mhéar fhada.
tréimhse an-fhada a very long period
" Dúirt sé liom go raibh sé ráite i dtuarascáil a scríobh socheolaí, an Dochtúir Eileen Kane, tráth go bhfanann duine ina strainséir in áit nua go ceann seachtó bliain! “Tógann sé tréimhse an-fhada ar dhaoine sula stopann siad ag smaoineamh ar an gcúlra agus ar an áit óna dtáinig tú.
de dheasca a ceangail fhada stairiúil leis an mBreatain, as a result of the long historic tie with Britain,
" ” **Idir dhá chultúr** Uaireanta, meastar go bhfuil an Nua-Shéalainn ró-spleách ar chultúir ón taobh amuigh, de dheasca a ceangail fhada stairiúil leis an mBreatain, agus a giorracht don Astráil.
Tar éis tamall an-fhada After a very long time
" Tar éis tamall an-fhada dar liom, cé go bhféadfaí nach raibh ann ach tríocha soicind nó mar sin, d’éirigh siad díom agus tháinig mé chugam féin.
ar an méar fhada. on the long finger
" Stair Nuair a tháinig na sé choilíneacht Astrálacha le chéile sa bhliain 1901 le tír neamhspleách a bhunú, cuireadh ceist na príomhchathrach ar an méar fhada.
an taithí fhada rialtais the long experience of government
" ***Buntáistí:* **A chúlra dlí agus an taithí fhada rialtais atá aige.
ar an méar fhada on the back boiler
" Tá an chraic seo ar bun aige le 10 mbliana anois, é ag cosaint go leor airgid ar mhaithe le cinneacha crua a chur ar an méar fhada.
ar an méar fhada kept in abeyance
" Chuir sé athbhreithniú na dteorannacha Gaeltachta ar an méar fhada, arís is arís, cheal misnigh.
curtha ar an mhéar fhada delayed
" Chiallódh sé sin nach mbeadh leasú stádas na Gaeilge ar an churaclam díbeartha den chlár oibre ach go mbeadh sé curtha ar an mhéar fhada.
achar an-fhada a very long distance
" Creid é nó ná creid é, téann feithidí ar imirce chomh maith! Eitlíonn féileacáin agus leamhain, nó ‘leamain’ mar a deir muintir Thír Chonaill, achar an-fhada.
ar an méar fhada in the slow lane
" Ní raibh an rún thuas ag déanamh iarrachta an dlí a athrú, de réir dealraimh, ach chuir sé brú ar na páirtithe móra an cheist a chíoradh go hoscailte, ábhar ab fhearr go mór leo a fhágáil ar an méar fhada.
ar an méar fhada being delayed
" Is mór an baol anois go gcuirfear an saghas reachtaíocht radacach sin atá riachtanach ar an méar fhada, ar eagla go gcuirfeadh sí isteach ar dhreamanna a bhfuil bun mór acu sa chóras mar a bhfuil sé.
cuireadh an tionscadal ar an méar fhada the project was put the back burner
" Nuair a cailleadh Kerouac sa bhlian 1969, cheannaigh Coppola na cearta scannáin ach cuireadh an tionscadal ar an méar fhada arís.
conas an stair a chur ar an méar fhada how to delay the (feeling of) historical atmosphere
" Thug an drámadóir frith-Naitsíoch Bertholt Brecht Verfremdung (*‘making strange’*) ar an tseift seo, agus ní foláir nó gur fhoghlaim Milch óna chuid múinteoirí i Yale conas an stair a chur ar an méar fhada.
an chaint fhada aonair the monologue
" Ní mise amháin a cheapann gurbh é an chaint fhada aonair, *“Tears in the Rain”* an scannáin seo, ceann de na radhairc is áille agus is foirfe i stair na scannánaíochta.
ar an méar fhada on the long finger
" Cuireadh, dá ainneoin sin, cainteanna i dtaobh tuilleadh comhcheangal polaitiúil agus comhtháthú geilleagrach na hÚcráine leis an AE ar an méar fhada.
ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada to put problematic matters on the long finger
" Tá an baol ann fosta go mbainfear feidhm as le ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada.
nárbh fhada go mbuailfí an chreill ar it wouldn’t be long till the death knell was sounded
" Le himeacht aimsire, de réir mar a bhí ag teip go tiubh ar chruthúnais bhunsifíneacha na saineolaithe cás Tholamaeis a chosaint, tugadh faoi deara go raibh cruthúnais an aosa eagna ag éirí níos aduaine agus níos áiféisí sa tslí go mba léir don saineolaí, don sraceolaí agus don aineolaí araon, faoi dheireadh, nárbh fhada go mbuailfí an chreill ar theoiric Tholamaeis.