Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sin an tuige go bhfuil siad sásta muid a mhaslú that's why they're willing to insult us
" Is maith atá a fhios sin ag Coiste an Erectus agus sin an tuige go bhfuil siad sásta muid a mhaslú lena gcuid fógraí in Ultais.
an-sásta leis an gcinneadh a rinne siad very happy with the decision they made
" Ar chuma ar bith, is léir go bhfuil Setanta agus Aisake an-sásta leis an gcinneadh a rinne siad dul chun na hAstráile.
sásta an tUachtarán a lochtú os ard. willing to find fault with the President out loud.
" Go dtí seo, níl ach iarrthóir amháin, an Seanadóir John McCain, sásta an tUachtarán a lochtú os ard.
ní mó ná sásta a bhí an pobal the community weren't happy at all
" Bhí conspóid faoi cé aige a bheadh cead vótála agus ní mó ná sásta a bhí an pobal taobh thiar den Daingean nuair a teorannaíodh an daonlathas go muintir an bhaile amháin.
ní bheinn sásta é a phlé ar an teilifís. I wouldn't like to talk about it on TV
" Mar sin, ní bheinn sásta é a phlé ar an teilifís.
an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil the way that we are happy to accept the drinking culture
" Iompar frithshóisialtaDeir Des gurb é an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil ar cheann de na rudaí is mó a mhairfidh ina chuimhne ón tréimhse sin a chaith sé i mbun “Work Experience”.
atá sásta seasamh le fís an nuachtáin laethúil Ghaeilge. we are standing by the vision of an Irish daily newspaper
" Áirímid go leor Gaeilgeoirí aitheanta mar scairshealbhóirí fosta, daoine ar nós Shéamuis Uí Thuathail, Phádraig Uí Shnodaigh agus Shéamuis Mhic Sheáin, atá sásta seasamh le fís an nuachtáin laethúil Ghaeilge.
sásta comhoibriú le húdaráis an stáit satisfied to cooperate with the state authorities
" Ní hamháin sin, ach caithfidh an t-íospartach a bheith sásta comhoibriú le húdaráis an stáit d’fhonn na daoine a rinne gáinneáil air a thabhairt faoi réim an cheartais.
sásta go mbeadh an chuma ar an scéal content that matters would appear
" Ní raibh Moscó ná Béising sásta go mbeadh an chuma ar an scéal go rabhadar ag géilleadh do bhrú ón Iarthair.
sásta seasamh amach agus snámh in aghaidh an easa content to stand up and oppose the general view
" Bíonn daoine gafa le rudaí gearrthéarmacha ag am toghcháin, ach chonaiceamar go raibh polaiteoirí sásta seasamh amach agus snámh in aghaidh an easa ar cheist an ghinmhillte agus ba bhreá liom labhairt leo.
sásta seilbh a ghlacadh ar an tionscal content to take command of the industry
" Cén t-iontas é seo nuair nach bhfuil an stát sásta seilbh a ghlacadh ar an tionscal.
ní mó ná sásta a bhíonn an lucht tacaíochta féin the supporters themselves aren’t too pleased
" Bhí go leor sosanna le linn an chluiche chun fógraí a thaispeáint ar an teilifís rud a chuir fad leis an gcluiche agus ní mó ná sásta a bhíonn an lucht tacaíochta féin leis na stopanna céanna.
bhí sásta an tír a smoladh content to blight the country
" Ón tús d'éirigh leis na Daonlathaigh an scéal a ionramháil chun na Poblachtánaithe a thaispeáint mar pháistí gan smacht a bhí sásta an tír a smoladh chun pointe a dhéanamh.
muna bhfuil an dalta sásta if the learner isn’t happy
" Ceachtanna Gaeilge ar an Idirlíon ============ Tá an uirlis nua seo ó Google pléite agam le cúpla duine a bhaineadh leas as agus an rud a dúirt roinnt díobh ná céard faoi fhadhbanna teicniúla? Más ea, tá rathaíocht ann go bhfaightear táillí ar ais muna bhfuil an dalta sásta.
sásta an leath eile a íoc satisfied to pay the other half
" Thairg siad suíomh don stát, agus 50% den chostas caipitil, nó €3 milliún thar 20 bliain, dá mbeadh an stát sásta an leath eile a íoc.
sásta an turas seo a chur de happy to do this journey
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
sásta an táille chuí a íoc content to pay the proper charge
" Is é ábhar maíte an CLG faoin socrú seo go mbeidh ar chumas mhuintir na hÉireann i gcéin, go háirithe sa Bhreatain agus san Astráil, na cluichí úd a fheiceáil ‘beo’ (má tá siad sásta an táille chuí a íoc le Sky dar ndóigh) agus go mb’fhéidir go bhfeicfidh daoine eile sna tíortha sin cluichí na nGael á n-imirt agus go meallfaí lucht féachana breise i measc mhuintir na dtíortha úd.