Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an geilleagar saor the free market
" Nach in é an domhan ina mairimid, an geilleagar saor… Saor sinn! Tugtar an "Creek" nó an góilín ar an ngaoth sáile a shníonn trí Dhúbai agus is ann a chífidh tú an *dhow*, an bád traidisiúnta atá ag trádáil leis an India agus leis an Afraic mar a dhein leis na cianta cairbreacha.
go scaoilfí saor an bheirt fhear that the two men would be released
" Chiallódh sé go scaoilfí saor an bheirt fhear ach go mbeadh an Stát in ann iad a athghabháil agus a athchiontú.
I ndiaidh an tSaortha after Liberation
" I ndiaidh an tSaortha, bhí an bua ag na cumannaithe in olltoghchán na bliana 1946.
saor ó fhadhbanna an tsaoil mhóir free from the problems of the world
" " Is éard atá sa *Yellow Man *ná bailiúchán de shaothair ina bhfuil pearsa atá go hiomlán dearfach; cónaíonn sé san Iodáil agus atá saor ó fhadhbanna an tsaoil mhóir.
go scaoilfí saor an bheirt fhear that the two men would be freed
" Chiallódh sé sin go scaoilfí saor an bheirt fhear ach go mbeadh an Stát in ann iad a athghabháil agus a athchiontú.
ar fhórsaí an mhargaidh shaoir against free market forces
" Ar an taobh eile, níl aon chosaint acu ar fhórsaí an mhargaidh shaoir a thuilleadh.
an Eaglais Shaor the Free Church
" Bunaíodh an Eaglais Shaor agus tógadh eaglais nua i bPort mo-Cholmáig in aice leis an fharraige.
a shaothróidh turais saor in aisce dóibh go dtí an Mhongóil, which will earn them free trips to Mongolia,
" Bhí sé i mo chinniúint go mbeadh orm leanúint ar aghaidh ag obair, mar tá go leor acu nach bhfuil suim acu in aon rud ach amháin bheith ag úsáid na dteangacha chun páipéir léannta a scríobh, a shaothróidh turais saor in aisce dóibh go dtí an Mhongóil, agus áiteacha mar sin.
ísleoidh an t-éileamh ar an tseirbhís níos saoire the demand for the cheaper service will decrease
" Ach má chuirtear cáin €50 nó €80 nó €100 ar thuras cianaistir, ísleoidh an t-éileamh ar an tseirbhís níos saoire in áit an éilimh ar thurais ghrád gnó.
saorfaimid an Tibéid. we will free Tibet
" Cé a bhí ann ach baill den Ionad Buail Isteach ag béiceadh in ard a gcinn: “An Tibéid abú! Saoraigí an Tibéid!” “Maith go leor, saorfaimid an Tibéid.
saoire an tsamhraidh summer holiday
" Bhí scéal amháin ar chuir mé suntas ann, scéal faoin gclann seo a bhí ag dul ar ais go dtí an Ísiltír tar éis saoire an tsamhraidh a chaitheamh in ionad campála i ndeisceart na Fraince.
an domhain saoir of the free world
" Agus nár éirigh thar cinn leis? Nuair a bhínnse ag dul trí Mhuine Gall ar an mbus scoile ar mo bhealach ó Chloch Shiúrdáin go dtí na Bráithre Chríostaí in Aonach Urmhumhan na blianta ó shin, is beag a cheapas go mbeadh “ceannaire an domhain saoir” ag teacht lá éigin go dtí an sráidbhaile beag sin, áit dúchais a shin-sin-sin-seanathair.
an Úcráin a shaoradh to free the Ukraine
" Agus í ag léamh ráitis ar son Tymoshenko os comhair an tslua, dúirt iníon léi, Eugenia Tymoshenko, “Is é ár ndualgas diaga chun an Úcráin a shaoradh ón bhforghabháil chrualách choiriúil seo.
an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil that which runs free in the veins
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
roimh shaoire an tsamhraidh before the summer holiday
" Scríobh feidhmeannach de chuid an Ombudsman ar ais ag impí ar an Roinn iarracht a dhéanamh an obair seo a chríochnú roimh shaoire an tsamhraidh.
saor ó bhrú an Bhéarla free from the pressure of English
" Ach go fiú ar oileán iargúlta scoite, níl an teanga saor ó bhrú an Bhéarla, agus mhothaigh mé an Béarla á labhairt eatarthu féin ag roinnt gasúr óg.
Fordheontas ar shaoire an tsamhraidh a subsidy for a summer holiday
" Fordheontas ar shaoire an tsamhraidh do pháistí ón Ghalltacht atá ann ar bhealach.
an fhoireann a chlárú saor in aisce to register the team free, for nothing
" Is féidir le duine ar bith foireann a chur le chéile de na himreoirí sa bPríomhshraith agus an fhoireann a chlárú saor in aisce le Fantasy Premier League.
an tAcht um Saoradh Faisnéise the freedom of information act
" Tá sé níos deacra fiú agus an tAcht um Saoradh Faisnéise ann.
saor an lá dár gcionn free the following day
" Bhí mé saor an lá dár gcionn (Dé Sathairn) agus nuair a chuaigh mé isteach in Oideas Gael, d’iarr Liam Ó Cuinneagáin orm theacht isteach ina oifig.
tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh to free the underdeveloped countries of the world
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
Is beag tábhacht a bhaineann leis an ábhar a scaoileadh saor the material released is of trifling importance
" Is beag tábhacht a bhaineann leis an ábhar a scaoileadh saor faoin Acht – teachtaireachtaí ríomhphoist faoi amannta cruinnithe srl.
an rachaidís ar saoire iontach would they go on a wonderful holiday
" Fiafraíodh de dhaoine an rachaidís ar saoire iontach dá mbeadh orthu gach físeán agus gach pictiúir a scriosadh ag an deireadh, chomh maith le piolla a ghlacadh a ghlanfadh gach cuimhne de as a n-intinn.
saor ó thionchar an rialtais free from government influence
" Tá na cúirteanna saor ó thionchar an rialtais.