Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-suntasach very noticeable
" ) ná an traenáil a dheineadh amaitéaraigh scór bliain ó shin, ach mar sin féin tá an t-athrú ar chruth na n-imreoirí an-suntasach.
an ceann is suntasaí dá shórt the most remarkable of its kind
" Ach is dóigh gurb é scéal Ern Malley an ceann is suntasaí dá shórt.
an rud is suntasaí the most remarkable thing
" (Bí ag caint ar dhá thine Bhealtaine!) Is é an rud is suntasaí ná go raibh Paisley ag rá go bhfuil muid ar an bhealach cheart ar an lá a raibh beirt bhall de Shinn Féin os comhair na cúirte as siocair iad a bheith san IRA.
an-suntasach very noticeable
" Bhí mé i lóistín le ceathrar acu – bhí teach ar cíos acu i Highgate – agus tar éis píosa bhí sé an-suntasach nár iompaigh siad mórán ar an mBéarla, rud atá coitianta anois nuair a bhíonn duine nach bhfuil aige ach Béarla ina measc.
an ceann ba shuntasaí the most noticeable one
" Cuireadh tús le scéim mhór inimirce i 1948 agus tháinig na sluaite as deisceart, lár agus oirthear na hEorpa agus thug siad leo a gcuid nósanna féin maidir le go leor rudaí ach ba é an bia an ceann ba shuntasaí.
an chéad difríocht shuntasach the first noticeable difference
" ” Ba é seo an chéad difríocht shuntasach a thug Balor an Bromaire Bomannach faoi deara, ach níorbh fhada go bhfacthas dó go raibh an tErectus seo ní hamháin ina *cock-up* ach ina *cock-up* aisteach fosta.
An difríocht is suntasaí, the most noticeable difference,
" An difríocht is suntasaí, dar liom, seachas cúrsaí airgid dar ndóigh, ná go bhfuil traenálaithe ag Setanta agus Aisake a bhíonn ar fáil gach lá le cabhrú leo i ngach gné den spórt agus den ullmhúchán ó thaobh nirt, aclaíochta, scileanna éagsúla, bia, síceolaíochta, agus araile.
an dul chun cinn suntasach the impressive progress
" Nuair a thrácht mé ar an snagcheol agus ar an dul chun cinn suntasach a bhí déanta ag snagcheoltóirí maidir le comhcheol, d'aontaigh sé liom.
an-suntasach ar fad very remarkable indeed
" Ach tá na hiarsmaí an-suntasach ar fad agus tá sé furasta a thuigbheáil cé chomh tábhachtach a bhí an áit seo sa seanam.
an ceann is suntasaí the most distinctive one
" Is é an ceann is suntasaí don chuairteoir ná an Manhattan Greenway, a théann timpeall chiumhais oileán Manhattan.
an dá bhua ba shuntasaí the two most prominent victories
" Is dóigh gurb iad bua Shligigh i gCraobh Chonnacht agus bua na Mí ar Thír Eoghain an dá bhua ba shuntasaí i mbliana.
Ag barr an struchtúir shuntasaigh seo at the top of this prominent structure
" Ag barr an struchtúir shuntasaigh seo tá an abairt Pholainnise “Nasz Los Dla Was Przestroga”, “ár gcinniúint mar rabhadh daoibh”.
an t-éacht ba shuntasaí spóirt the most notable sporting achievement
" Fuair bua Phádraig an líon ba mhó vótaí agus an t-éacht ba shuntasaí spóirt ón mbliain seo caite á roghnú ag lucht leanúna an spóirt in Éirinn.
an t-athrú suntasach the remarkable change
" I mbliana, bhí flóta de chuid an fhórsa áitiúil póilíneachta páirteach sa pharáid, rud a léiríonn an t-athrú suntasach atá tagtha ar stádas an phobail seo le tríocha bliain anuas.
an rud is suntasaí the most remarkable thing
" Rinne sé branda na féile a threisiú go mór agus é ag obair uirthi, agus i mo thuairimse, is é an rud is suntasaí a d’éirigh leis a dhéanamh ná albam na féile a thionscain.
Bhí an dara ciall ní ba shuntasaí, the second meaning was more significant
" Bhí an dara ciall ní ba shuntasaí, ámh: tús áite don tuath.
An rud ba shuntasaí faoin bhean seo the most significant thing about this woman
" An rud ba shuntasaí faoin bhean seo ná gur shuigh sí síos um thráthnóna agus labhair sí leis na hoilithrigh.
an-suntasach a very remarkable
" ” Sin agaibh é: an próiseas síochána uilig curtha i mbaol de bharr Bhord na Leabhar Gaeilge! Ach bhí admháil an-suntasach sa litir: “Ní miste dom a rá freisin gurb í an chiall a thógfainn féin as an iarratas a rinne tú faoi na hAchtanna an chéad lá ná go raibh taifid á lorg agat a bhainfeadh leis na heagrais dheonacha Gaeilge, agus ní le heagraíochtaí ‘Stát-urraithe ar nós Bhord na Leabhar Gaeilge.
An rud is suntasaí most remarkably
" An rud is suntasaí faoi Madoff ná an chaoi in ar ghearr sé an cleas ar Ghiúdaigh.
an-suntasach very striking
" Tá an obair thógála atá ar siúl ar an chósta thiar an-suntasach anois i gcomparáid le deich mbliana ó shin.
Is é an rud is suntasaí áfach most remarkably however
" Is é an rud is suntasaí áfach ná an tacaíocht atá curtha ar fáil ag saineolaithe saor in aisce.
an tréith is suntasaí a bhaineann leis his most remarkable trait
" Tá a lán buanna ag Brian Ó Drisceoil mar imreoir rugbaí – tuiscint, scil, diongbháilteacht, luas – ach thar aon ní eile, is í an chrógacht an tréith is suntasaí a bhaineann leis dar liom.
An ghné is suntasaí faoin chogaíocht le blianta anuas the most remarkable aspect of the warfare of recent times
" Sraith Cogaí agus an Mhoráltacht ============== An ghné is suntasaí faoin chogaíocht le blianta anuas is ea gur sraith cogaí atá ann a thionscnaíonn an t-iarthar gan náire amhail is nach bhfuil súile an domhain orthu.
an sliabh is suntasaí sa cúlra the most remarkable mountain in the background
" Is féidir leat neamhiontas a dhéanamh de Benidorm agus amharc ar na sléibhte agus an fharraige! Is é Puig Campana (1410 méadar - 67 méadar níos airde na Beinn Nimheis in Alban) an sliabh is suntasaí sa cúlra agus is féidir leat bus a fháil ansin ó Benidorm chun é a dhreapadh.
tháinig méadú suntasach ar an teannas a bhí le brath the increase in tension which was percievable
" Na háiseanna coiriúla a bhí oiriúnach do na cimí sin a rangaíodh mar chimí “Chatagóir A” , bhíodar thar a beith teoranta agus roimh i bhfad tháinig méadú suntasach ar an teannas a bhí le brath sna carcracha Briotanacha, go háirithe agus an foréigean ag dul i dtreise i dTuaisceart Éireann agus sa saol lasmuigh.
Ardaíonn an líon suntasach seo daoine this remarkable number of people raises
" Ardaíonn an líon suntasach seo daoine ceisteanna tábhachtacha i réimse an gheilleagair, réimse an chomhair idirnáisiúnta agus i réimsí eile nach iad.
suntasach an t-aos óg a fheiceáil ann remarkable to see the youth there
" Thug siad slua breá i láthair as na ceantair éagsúla agus bhí sé suntasach an t-aos óg a fheiceáil ann.
an t-ardú suntasach seo this noticeable rise
" Webber, a fheicfear an t-ardú suntasach seo ó thaobh fadhbanna murtaill ach ag gach aon bhall de na 53 tír.