Pota Focal Intergaelic
anam | anma | panama | ama | ana | ana-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a n-eagla anama their deadly fears
" Déanann daoine a ndícheall míniú éigin réasúnach a fháil agus bíonn sé mar aidhm acu leis an síorphlé a n-eagla anama a roinnt le daoine eile agus bac a thógáil i gcoinne rud éigin nach bhfuil daonna, dar leo.
ag bleán a n-anama as na Gaeltachtaí eile milking the soul from other Gaeltachtaí
" Mar thoradh air seo, tá an chontúirt ann go bhfuilimid ag cruthú “Super-Gaeltacht” i gConamara agus ag bleán a n-anama as na Gaeltachtaí eile.
Cothú anama nourishment of the soul
" Cothú anama domsa a bheith ag breathnú orthu.
imní anama worry of the soul
" Seans gur cuid de *malaise* meánaicmeach iarthar na hEorpa é sin, bheith rafar ach imní anama de chineál éigin bheith ort go fóill.
turas anama, a journey of the soul,
" Oileán draíochta, turas anama, tírdhreach Gaelach.
eagla a n-anama terrified, in fear of life
" Bíonn eagla a n-anama ar na póilíní chomh maith agus, mar sin, b’fhearr leo dul i muinín an ghunna ná dul sa tseans.
go bhfuil dúil a anama sa cheol aige. that he is totally passionate about music
" Labhair sé go bríomhar paiseanta, a chuid cainte breac le tagairtí don litríocht, agus is léir go bhfuil dúil a anama sa cheol aige.
dúichí anama soul lands
" Agus is tomhas eile fiúntais é, má shleamhníonn an carachtar i ngan fhios dúinn isteach fá bhun an chraicinn orainn chun imeacht ar fanaíocht ionainn sna dúichí anama istigh.
anama soul
" An Éigse ==== Deir Aurobindo nach é gnó na filíochta é go mbeadh mothú éigin againn nó smaoineamh éigin againn le linn dúinn nó tar éis dúinn dán a léamh ach go mbeadh domhan éigin feicthe againn, ní lenár súile cinn, ar ndóigh, ach le súile an anama istigh.
slánú anama salvation
" Is scannán ar ardchaighdeán cineamatagrafaíochta é Na Cloigne a dhéanann scagadh ar théamaí uilíocha; éad, achrann teaghlaigh, slánú anama, agus tugann sé dá réir spléachadh dúinn ar an taobh dorcha den chine daonna.
dúichí anama regions of the soul
" Sna dúichí anama atáimid an dul seo.
anama soul
" Agus gí gur scannánóir intleachtúil é Kiarostami, físeoir foclach, má bhí riamh a leithéid ann, tá dóthain den ngreann searbh, tarcaisniúil ann chun móimintí beaga aithintis, seoda beaga tuisceana, bronntanaisí beaga anama - ainmnigh mar is mian leat iad - a thabhairt dúinn.
reo anama coldness of heart
" Ach in ainneoin an reo anama sin agus gach uafás seaca eile, is éacht scríofa agus aisteorachta é go gcoiméadann an bhean ghránna seo ribe beag dár gcomhbhá suas chomh fada leis na teidil chreidiúna deiridh.
Troid go hImirt Anama a deadly struggle
" Troid go hImirt Anama ========== Ach, mar is eol dúinn, tá olltoghchán ag drannadh linn agus tuigeann iarrthóirí Fhianna Fáil gur Troid go hImirt Anama atá rompu i ngach aon dáilcheantar.
chréacht anama aching soul
" Le ciall cheannaithe, agus é fásta ina ailtire, tuigeann sé ansan nach dtugann bealach an Nádúir/na Caoithiúlachta aon fhaoiseamh don chréacht anama istigh.
fód a anama where his heart lay
" Rugadh i nDoire Cholm Cille i 1939 é agus in ainneoin gur chaith sé tréimhse shuntasach dá shaol i mBaile Átha Cliath agus i Loch Garman, ba é Inis Eoghain fód a anama i dtólamh agus chaith sé cuid mhór ama ansin.
mhinicíocht na ndúichí anama soul territory frequency
" Is daoine iad siúd, braithim, nach bhfuil an aeróg dírithe isteach acu ar mhinicíocht na ndúichí anama.
is as críocha aineoil anama it’s from the unknown regions of the soul
" Cibé bealach a rachaidh na hÉireannaigh chun cinn, is as críocha aineoil anama slua beag daoine ina measc a eascróidh gach fuinneamh le hiad a iompar chun tosaigh i réimsí bitheolaíochta, ríomhaireachta, fuinnimh, nó cibéard a bhéarfas rath.
Nochtú fíochmhar anama atá ann it’s a rending exposition of the human soul
" Nochtú fíochmhar anama atá ann.
lón anama soul food
" Táid na DVD-anna seo uile ar na seilfeanna ar láimh liom - lón anama fá choinne na n-íos-sealanna, sciath in éadan an truflais, gairleog cosanta ar Filistíneachas *Hollywood*.
anama soul
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
iniúchadh anama ar siúl soul searching going on
" Bhí an t-uafás díospóireachta, mionscrúdú agus iniúchadh anama ar siúl le blianta beaga anuas maidir leis na tuairiscí éagsúla ar mhí-úsáid páistí (agus daoine fásta) sna forais éagsúla a bhí in Éirinn san am atá thart, tithe “na ngealt”agus na scoileanna ceartúcháin ina measc.
mo sháigh bia anama is intinne plenty of food for thought consideration
" D’ainneoin m’anó seachláide i mbliana, fuair mé mo sháigh bia anama is intinne ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 16 Bealtaine 2014.
trí chuislí m’anama through my heart
" Creidim gur bhog oidhreacht na háite trí chuislí m’anama i n-éis an dá chomhrá le cainteoirí chomh breá leo in achar chomh gairid.