Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stró agus anró exertion and hardship
" Bhíodh stró agus anró agus éiginnteacht ag baint leis an mbealach seo taistil.
anró hardship
" Bhí snaidhm ann a chothaigh an fharraige agus, déarfainn, an t-anró, beag beann ar a gcúlra agus iad i dtír.
nár thréig a intleacht in ainneoin anró. who didn't abandon his intellect despite hardship.
" Tá urraim sa líne sin d’intleacht a athar agus urraim don duine beo nár thréig a intleacht in ainneoin anró.
anró hardship
" Tá na mílte páiste i ndiaidh seal a chaitheamh in Éirinn – iad ag glacadh sosa ón anró atá i gceist ina gceantair féin, nó ag fáil cóireála leighis sa tír seo – agus úsáidtear sciar ollmhór den airgead le cúnamh agus cóireáil leighis a chur ar fáil do na daoine sna réigiúin atá thíos leis an tubaiste chomh maith.
an iomarca anró too much hardship
" Ní shábháiltear mórán féir a thuilleadh mar go bhfuil an iomarca anró ag baint lena bhaint, lena shábháilt, lena stóráil.
anró hardship
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
anró hardship
" Toradh amháin atá ar an anró seo go léir ná bochtaineacht agus gannchothú ainsealach i measc na Rohingya atá ag dul i méid an t-am ar fad.
anró hardship
" Ba bheag an tuiscint a bhí acu ar an anró a bhí á fhulaingt ag lucht an tsaibhris teanga a bhí scaipthe i measc na gcnoc lom sna háiteanna is iargúlta in iarthar na tíre.
anachana is anró hardship and suffering
" Tá an sórt céanna anachana is anró mar sciúirse ag mionlaigh éagsúla eile ar fud na Colóime gan dabht, agus is cinnte gur fada go staonfaidh na hEmberá de bheith ag éileamh a gceart, ach is deacair aon léaró dóchais a aithint i dtír nach bhfuil urraim don bheatha, gan trácht ar phrionsabal an smachta reachta.
hanró hardship
" Is é an BSP atá i gcumhacht in Uttar Pradesh ó 2007 agus é mar aidhm ag an bpáirtí, dar leis an gceannaire conspóideach Mayawati, dul i ngleic le hanró is anás na nDalit.
anró hardship
" In ainneoin an anró a thréithrigh dé deiridh an chórais chumannaigh a thit as a chéile i 1989, ní go hiomlán diúltach an chuimhne atá ag Anna ar na blianta sin.
anró hardship
" Níl in anró Rita ach ceann amháin de na scéalta léin atá le léamh i dtuairisc thábhachtach an MRCI, *Private Homes – A Public Concern*.
t-anró hardship
" Níor léirigh sé gur thuig sé an t-anró agus an eagla atá ar an tír.
Anró Sráide thar Lear hardship abroad
"Anró Sráide thar Lear agus sa mBaile ================== Chas mé beagán ceoil don chuideachta, ach ba bheagán é.
fríd an anró agus an streachailt through struggle and hardship
" Is minic roimhe seo a mhair muintir Thoraí fríd an anró agus an streachailt agus táim cinnte gur pobal iad a bhfuil teacht aniar iontu agus a thiocfaidh slán.
anró an tsaoil greanta ar cheannaghaidh hardship carved on the (facial) features
" Tá caighdeán ardghléine le feiceáil in achan phortráid agus anró an tsaoil greanta ar cheannaghaidh agus i súile achan duine iontu.
is mó a chuirfeadh anró ar dhaoine which shall mostly hurt people
" Anuas air sin rinneadh athruithe suntasacha ar ghnéithe áirithe den tsochar leasa shóisialaigh a bhíonn ar fáil do phinsinéirí, ach is iad na ciorraithe is mó a chuirfeadh anró ar dhaoine.
a thug an oiread sin anró orainn which gave us so much hardship
" Cuideoidh sé seo, tá súil agam, leis an tsochaí agus leis an ngeilleagar seo ’gainne a bhogadh ar aghaidh ón leagan amach a thug an oiread sin anró orainn agus a bhrúigh an oiread sin íobartha orainn.
anró hardship
" Is dream daoine iad a chuaigh faoi chuing an anró go minic le bunáite 200 bliain anuas.
anró hardship
" Ríomhann Alan Desmond scéal anróiteach mionlaigh eile san alt seo, an Rohingya.