Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níor cúisíodh aon duine no one was convicted
" Go dtí seo, níor cúisíodh aon duine as marú an Uasail Phelan agus tuigtear do *Beo! *go bhfuil an comhad fós oscailte ag na Gardaí.
Ná cuireadh sé iontas ar aon duine let it not surprise anyone
" Ná cuireadh sé iontas ar aon duine más comhlachtaí Francacha agus Gearmánacha seachas cinn Bhriotanacha agus Éireannacha is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua a osclóidh Próiseas Barcelona.
ná cuireadh sé iontas ar aon duine let it surprise no-one
" Cibé bealach a tharlóidh sé, ná cuireadh sé iontas ar aon duine má bhíonn an seachtú ceannaire ag Fianna Fáil faoin am seo an bhliain seo chugainn.
ní shéanfadh aon duine no-one would deny
" Ach ní shéanfadh aon duine go ndearna an páirtí íobairtí ar son na síochana, go háirithe le 15 bliana anuas nuair a chuir siad a bhfuinneamh isteach i bpróiseas a bhéarfadh poblachtánaigh "isteach ón fhuacht".
ná cuirfeadh sé iontas ar aon duine let no-one be surprised
" Ainneoin go bhfuil sé féin tar éis a rá go leor uaireanta nach bhfuil spéis aige sa phost, ná cuirfeadh sé iontas ar aon duine más é an Taoiseach, agus ní an tUasal Brady, a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar an Eoraip i Meitheamh 2004.
Ná cuireadh sé iontas ar aon duine let it not surprise anyone
" Ná cuireadh sé iontas ar aon duine má bhaineann foireann Stephens úsáid as an mBinse Fiosraithe is déanaí in Éirinn leis an salachar go léir atá nochtaithe acu ar Arm na Breataine a thaispeáint don saol mór, agus tá go leor fós le theacht.
níor ciontaíodh riamh aon duine nobody was ever convicted
" I gcás go leor de na robálacha seo, níor ciontaíodh riamh aon duine.
má bhíonn aon duine acu seo ag fóirstean if any of these are suitable
" “B’fhéidir go mbeadh cúpla pingin bhreise againn an mhí seo chugainn, má bhíonn aon duine acu seo ag fóirstean.
ghlaodh sé as a ainm ar gach aon duine he would name every single person
" Agus thagadh sé isteach an dara lá agus ghlaodh sé as a ainm ar gach aon duine des na trí fichid sin.
thar aon duine eile above anyone else
" Rud eile, tá Seán Óg Ó hAilpín ar fhoireann Chorcaí agus, dar liom, ba é siúd thar aon duine eile a chinntigh a mbua ar Phort Láirge.
go n-aontódh aon duine réasúnach that any reasonable person would agree
" ” “Sílim go n-aontódh aon duine réasúnach go bhfuil an soláthar nuachta a chuireann RTÉ ar fáil dúinn, go bhfuil sé éagsúil ón rud a bhíonn ar a gcuid cainéal eile, go bhfuil an fhoireann lonnaithe sa gceannáras againne i mBaile na hAbhann, go bhfuil an smacht eagarthóireachta atá ansin, go bhfuil sé go háitiúil ann agus go bhfuil blas na Gaeltachta agus na Gaeilge go láidir ar an soláthar sin.
an t-aon duine gorm the only black person
" Ach diaidh ar ndiaidh, a dúirt Henry, tháinig sé ar an tuiscint go raibh daoine ag stánadh air, ní mar gheall ar gur aithin siad a aghaidh ón teilifís, ach mar gheall ar gurbh é an t-aon duine gorm sa chathair.
gach aon duine fá scread asail dínn everyone within a stone's throw of us
" Bhí sé ag cleachtadh a chuid poirtíní béil agus é dom’ shíorcheistiú: ‘An bhfuil a fhios agat an ríl seo, a Bhaloir?’ nó ‘An bhfuil a fhios agat an port seo, a Bhaloir?’ agus é ag portaireacht isteach i mo chluas sa dóigh go raibh gach aon duine fá scread asail dínn ag amharc go hamhrasach orainn.
gan aon duine a thachtadh. without strangling anyone.
" D’fhear nach bhfuil ábalta an teach a fhágáil gan ar a laghad trí chupa tae sa ghrágán aige, bhí iontas orm go bhfuair mé chomh fada sin i mo thuras gan tae, agus gan aon duine a thachtadh.
An mbeadh aon duine ag rá would anyone be saying
" An mbeadh aon duine ag rá leis an údar nach raibh an lámhscríbhinn réidh fós? An mbeadh aon duine ann le snas a chur ar an lámhscríbhinn sin? An mbeadh aon duine ag rá nach raibh an leabhar go maith ar chor ar bith?! Bheadh díle leabhar míshlachtmhar ann, lán botún agus cuma neamhghairmiúil orthu.
nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi who nobody has ever heard of
" Ach cá bhfios nach ndéanfaidh leithéidí Derval O'Rourke nó David Gillick nó buachaill nó cailín éigin nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi go fóill gaisce mór agus bonn a bhreith abhaile leis nó léi ón tSín? Ach fiú amháin mura dtarlaíonn sé sin, tá ag éirí linn mar náisiún, dar liom féin, fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha a chothú.
amhail is nach bhfuil aon duine ag amharc air. as if no one is watching him.
" Bíonn sé de nós ag an ealaíontóir a leithéid a dhéanamh: chomh luath agus a fhoghlaimíonn sé gach rud atá le foghlaim faoina ghairm nó faoina ealaín, tagann sé ar an tuiscint gur mhaith leis an ealaín sin a chur i láthair amhail is gur páiste é – gan ualach an domhain, nó dearcadh daoine eile nó tionchar múinteora a bheith ag dul i bhfeidhm air a shaothar, ach a bheith i mbun a ealaíne amhail is nach bhfuil aon duine ag amharc air.
duine amháin as gach aon dalta dhéag one in eleven pupils
" (Paragraf 8) I measc na dtorthaí eile a foilsíodh sa staidéar, fuarthas amach gur admhaigh buachaill amháin as gach ochtar go raibh sé thíos le cibirbhulaíocht le míonna beaga roimhe sin agus gur admhaigh duine amháin as gach aon dalta dhéag go ndearna sé cibirbhulaíocht é féin ar dhalta éigin eile le déanaí.
Ní thugann aon duine aon cheann de no one notices
" Ní thugann aon duine aon cheann de.
na haon diabhal duine every damn person
" D’imíos go dtí na haon diabhal duine timpeall a bhí ag obair ar adhmad is ag siúinéireacht, ach ní raibh aon tigh á thógaint ón gCom anall.
thar aon duine more than anyone
" Is féidir le matamaiticeoirí dul i ngleic leis an saghas áilleachta seo de bharr shaothar fear amháin thar aon duine, fear a chuaigh ar shlí na fírinne i lár na míosa seo caite.
Níl aon ghaoth nach séidfidh cóir do dhuine éigin there’s a good side to every story
" Níl aon ghaoth nach séidfidh cóir do dhuine éigin, mar a deir an seanfhocal.
Níor shamhlaigh aon duine no one imagined
" Níor shamhlaigh aon duine roimh an gcomórtas go bhféadfadh siad a bheith chomh lag lúbach agus a chailleadh chomh héasca.
léifeas aon duine an t-alt seo anyone who reads this article
" Beidh leath de na cluichí thart, b’fhéidir, faoin am a léifeas aon duine an t-alt seo ach ina ainneoin sin, ba dheacair neamhaird a dhéanamh ar an bhféile spóirt is mó ar domhan in 2012.
Níl aon fhoras dár bhunaigh an duine there is no institute created by man
" Níl aon fhoras dár bhunaigh an duine – ón teaghlach go dtí an stát féin – gan locht.
ní mise an t-aon duine a raibh I wasn’t the only one
" Mar ní mise an t-aon duine a raibh an fógra feicthe aige sa *Radio Times*.
níl aon duine istigh there’s no one at home
" "* “Tá na soilse lasta ach níl aon duine istigh,” an abairt sa ghnáthchaint agus tháinig sé isteach i mo chloigeann i ndiaidh mé Peter Robinson agus Nigel Dodds a fheiceáil ar dhá chlár teilifíse Dé Domhnaigh.
ba mise an t-aon duine den chine geal I was the only white person
" I measc 60 duine ar an mbus, ba mise an t-aon duine den chine geal.
nach n-amharcann aon duine ó thuaidh ar does no one in the north look at
" Ceisteanna i Réimsí Eile Saoil ========== Na *Northern Irish*, na hiománaithe ar an chlaí seo, an ansa leo *The Late, Late Show* nó Jonathan Ross? U2 nó Guns and Roses? Laethanta saoire i dTír Chonaill nó i bPort Rois? An abrann siad ‘TG Ceathair’ nó ‘TG Four’? (Maidir leis an teilifís de, cén fáth nach n-amharcann aon duine ó thuaidh ar *Fair City*? Ó thosaigh sé i 1989, cad chuige nár chuala oiread is duine amháin éinne ag fiafraí "Bhfaca tú Fair City aréir?") An dtugann siad douze points d'Éirinn agus null points don Ríocht Aontaithe sa chomórtas Eoraifíse? An dtugann siad Arm na Breataine nó An tArm ar, em, Arm na Breataine? An bhfuil naoi nó sé chontae in Ultaibh? Tá na mílte ceist againn ó thuaidh a léiríonn a bhfreagraí cén dearcadh polaitíochta atá ag duine, agus miondifríochtaí saíochta.
gur féidir le haon duine casadh i dtreo eile that anyone can turn another way
" Thuig siadsan gur féidir le haon duine casadh i dtreo eile agus ionsaí dá leithéid a dhéanamh, ní gá gur duine de chuid an Al Qaeda a bheas iontu.
Daoine nár leo an t-airgead in aon chor people who didn’t own the money at all
" Daoine nár leo an t-airgead in aon chor a fuair an biseach as tríd an chóras bainc.
dáiríre, ní chóir iontas a bheith ar aon duine no one should really be amazed
" Ach dáiríre, ní chóir iontas a bheith ar aon duine gur éirigh le Luimneach, an uair ba mhó nach raibh súil ag aon duine leis, an lámh in uachtar a fháil ar Thiobraid Árann: go rialta sna blianta siar rinne foirne Luimnigh an gaisce céanna.
le haon fhoinse atá maslach le haicme daoine on any source which insults a class of people
" Brúigh ‘Ní Maith Liom É Seo’ ar an Smutleabhar le haon fhoinse atá maslach le haicme daoine nó le daoine astu féin.
roinnt daoine áitiúla mar aon le some locals along with
" Bhronn Comhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála ar an togra ach rinne roinnt daoine áitiúla mar aon le An Taisce achomharc ina éadan.
Bhí brú ar n’a' haon duine everyone was under pressure
" Bhí brú ar n’a' haon duine a bhí sáite i gcúrsaí caide i gCiarraí rud éigint fónta a dhéanamh.
in aon duine seachas iontu féin in anyone other than themselves
" Chun teacht chomh fada le comhrá fiúntach beidh ort treabhadh tríd na daoine gáifeacha ar fad nach bhfuil suim acu in aon duine seachas iontu féin, ach a mbíonn a méaracha greamaithe do chnaip an chroí ionas go mbeidh a fhios acu cé a bhronn croí orthusan.
ní raibh dualgas ar aon duine no one was obliged
" Bhí frustrachas uafásach ag baint leis an obair sin mar ní raibh dualgas ar aon duine aird a thabhairt ar na treoirlínte.
ní chreideann aon duine acu none of them believes
" “Dlíodóir ar bith ar labhair mé leo i ndiaidh gabhadh Ivor Bell, ní chreideann aon duine acu gur féidir an duine atá ar an téip a chiontú agus creideann an chuid is mó acu nach mbainfidh sé teach na cúirte féin amach.
an t-aon duine a thugann Francie air the only person who calls him F.
" Deir sé liom gur mé an t-aon duine a thugann Francie air, ach ní chreidim é sin.
nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo no one alive shall be obliged to work
" Tá mé ag súil leis an lá nuair nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo agus an t-aon sprioc a bheas againn ná spriocanna bunaithe ar spéis in ionad a bheith bunaithe ar bhrabús corporáideach.
Is beag a shíl aon duine few (people) thought
" Is beag a shíl aon duine ag an am go dtiocfadh oidhreacht chomh saibhir fairsing sin amach as an cheardlann bheag shuarach seo agus mar chuid den oidhreacht sin go mbeadh L'Homme Qui Marche I , a díoladh ag Sotheby's i Londain ar $104.
i dtreo ná cuirfid siad aon duine macánta as a mheabhair so they won’t drive any decent person out of their mind
" Tar anso amárach, a Niocláis,” ar seisean leis an mbearbóir, “agus déanfaimid tine chnámh de na leabhraibh mallaithe seo, i dtreo ná cuirfid siad aon duine macánta as a mheabhair go deo arís.
nár maraíodh aon duine that no one was killed
" Is cúis iontais é, dar le Dáithí Ó Colchúin, nár maraíodh aon duine nuair a bhuail an Cuaranfa Larry an Astráil an mhí seo caite.