Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bíodh siad ar a n-aire they had better watch out
" Iad siúd sa tír a bhfuil páiste acu nach bhfuil cumas acadúil ard go leor aige/aici, bíodh siad ar a n-aire.
ina seasamh ar aire standing to attention
" Nár dheas é, tráthnóna geimhridh, Páirc an Chrócaigh a bheith feistithe i nglas, foireann rugbaí na hÉireann ina seasamh ar aire agus gach duine acu, cuma ón mBaile Meánach nó ó Thrá Lí é, ag canadh amach go mórtasach focla amhrán náisiúnta na hÉireann.
na hairí ar fad all the ministers
" Litreacha ======= Tá litreacha scríofa ag grúpa s'againne chuig na hairí ar fad atá bainteach leis an scéal, chomh maith le Margot Wallstrom sa gCoimisiún Eorpach.
cinneadh aire ar bith any ministerial decision
" Is mian leo rialacha úra a thabhairt isteach le go dtiocfadh le 30 ball den Tionól "*petition of concern*" a iarraidh, rud a stopfadh cinneadh aire ar bith go dtí go bhfaigheadh an cinneadh sin "tacaíocht trasphobail.
ar d’aire looking out
" ” “Nach raibh tú ag éisteacht liom ar chor ar bith, a Bhaloir? Nár mhínigh mé duit gur i mbréagriocht a bhíonn siad, gur cumann rúnda atá iontu, go bhfuil siad thart orainn i ngan fhios dúinn? B’fhearr duitse bheith ar d’aire ná bheith do mo mhaslú.
bhí an tAire Mary Hanafin féin ar an eolas faoin scéal the Minister Hanafin herself knew about the situation
" Go deimhin, bhí an tAire Mary Hanafin féin ar an eolas faoin scéal ó Mheitheamh na bliana 2006 ann.
ceaptha ina Chéad-Aire ar Albain appointed First Minister of Scotland
" Ní luaithe go raibh Alex Salmond ceaptha ina Chéad-Aire ar Albain ná gur fhógair sé go mbeadh reifreann á ghairm chun an tsreang imleacáin le Sasana a ghearradh.
ar Chomhairle na n-Airí on the Council of Ministers
" Toghfar uachtarán, mar shampla, ar Chomhairle na n-Airí ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith (cé go mbeidh cead é/í a athcheapadh ar feadh tréimhse amháin eile).
ar gheall aire dá chuid of which one of its ministers promised
" Anuas air sin, bhí Bo Hi Pak, giolla gualainne Moon agus iaroifigeach de chuid KCIA, ar na daoine is túisce a rinne comhghairdeas leis an rialtas nua, rialtas ar gheall aire dá chuid go mbáfaidís teorainneacha Mheiriceá le drugaí.
ar chóir a bheith ag airí that ministers should have
" Is maith leis nach bhfuil mórán den bhréagchráifeacht ag baint léi, ná mórán den chur i gcéill, ná mórán den eolas sin ar chóir a bheith ag airí faoi chúrsaí na hEorpa.
ag brath ar fhlaithiúlacht an aire airgeadais depending on the generosity of the minister for finance
" Sa chéad dul síos, bíonn na cláracha éagsúla taighde sna coláistí ag brath ar fhlaithiúlacht an aire airgeadais.
aire ar leith special attention
" ‘Dis donc’, a dúirt an boulangère (bean an bháicéara) linn ar fheiceáil Dara di, ‘il a grandi le fiston pendant les vacances’, agus í ag déanamh iontais den mhéid a bhí sé tar éis fás le linn an tsaoire! Nó i siopa eile, an bealach ina dtugtar aire ar leith dúinn toisc go bhfuil aithne ag an úinéir orainn faoin am seo.
a bhí ar m’aire I was thinking about
" Cúnamh an Ghuta ======= Na leaganacha éagsúla den ainm Gaeilge ar ‘Wicklow’ a bhí ar m’aire.
Pobal ar Aire Community Watch
" Pobal ar Aire ====== Maítear fosta gur tháinig feabhas ar an phóilíneacht.
an aire is cóir ar due attention
" Ar an gcéad dul síos, thug Crépeau faoi deara go samhlaíonn forais is dúnghaoisí an AE ceist na hinimirce neamhdhleathaí le cúrsaí coiriúlachta, póilíneachta agus slándála agus dá réir sin nach dtugtar an aire is cóir ar chearta na n-inimirceach a dhéanann iarracht an tAE a bhaint amach gan chead.
Ar Aire attention
" Ar Aire! === An chéad duine a ritheann le Balor is ea Dinny “*very good! very good!*” na Gaeltachta, nó Dinny na Galltachta mar ba chóir a thabhairt air, nó is léir gur róchuma le Dinny an Ghaeltacht a bheith ann nó as.
thug sé cuairt ar an aire úr he paid a visit to the new minister
" Níor shamhlaigh sé go dtiocfadh le hEnda Aoibhinn Álainn muintir bhocht bhrúite na Gaeilge a mhaslú mar sin – agus, mar is iondúil, bhí an ceart ar fad ag Balor an Bladaire, mar a fuair sé amach nuair a thug sé cuairt ar an aire úr ina oifig i dTithe an Rialtais i mBaile Átha Cliath.
ar a aire had his attention
" Is eol dúinn go raibh níos mó ar a aire ná a shaothar ealaíne.
brú a chur ar an Aire Dlí is Cirt pressurize the Justice Minister
" Caithfidh pobal na Gaeilge seasamh lena chéile agus brú a chur ar an Aire Dlí is Cirt an fhírinne a nochtadh faoi fhiosrúchán na nGardaí ar chás Dhomhnall Uí Lubhlaí dar le Breandán Delap.