Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag brath ar an am depending on the time
" Tá sé ag obair/staidéar i mBaile Átha Cliath agus tar éis na traenála nó an chluiche tugann sé aghaidh ar aistear nach bhfuil an-fhada ó thaobh mílte dhe ach, ag brath ar an am, fada to leor ó thaobh ama dhe.
ag brath ar an am den bhliain depending on the time of year
" Cén obair a dhéantar in Feachtas ó lá go lá? *** Athraíonn sé ó lá go lá agus ag brath ar an am den bhliain atá i gceist.
ag cogaint ar choincheap an ama chewing on the concept of time
" Ba é Naomh Agaistín a chuir an cheist: cad is am ann? D’fhreagair sé a cheist féin – mar is dual d’fhealsúna – agus tá aos eagna ag cogaint ar choincheap an ama agus na síoraíochta ó shin.
ag am nuair atá an t-athrach ag teacht ar an athrach at a time when change is rapid
" Is léir mar sin go bhfuil post dúshlánach romhat amach ag am nuair atá an t-athrach ag teacht ar an athrach.
ar feadh an ama sin during that time
" Thógfaidís bonneagar cumarsáide a mhairfeadh tríocha bliain, agus ar feadh an ama sin bheidís á leasú go mall de réir a chéile.
ar ghéarchéim an ama láithrigh to the present crisis
" Is ríléir, leis, go bhfuil easpa samhlaíochta ag dó na geirbe ag an rialtas seo mar níl sé ar a gcumas aon fhreagra sásúil a sholáthar ar ghéarchéim an ama láithrigh lasmuigh den seanpharaidím tuisceana aimlithe réamhluaite.
fós ar na bacáin ag an am still in the plan at the time
" Bhí athbhreithniú breithiúnach Thomáis Mhic Ruairí fós ar na bacáin ag an am ach bhí an ghaoth bainte dá seolta ag an leasú seo.
Bhí sé thar am luí siar ar an mhaide way beyond time for a rest
" Bhí sé thar am luí siar ar an mhaide ach ní raibh aon éalú ón bháisteach nó ón ghaoth, faraor.
an iomarca ama ar chruth an chairr too much time on the car’s shape
" Deir an-chuid iriseoirí gluaisteán gur chaith Alfa an iomarca ama ar chruth an chairr, seachas ar an gcaighdeán.
Is ar éigean an t-am ag muintir Dhoire a n-anáil a tharraingt Derry people hardly have the time to draw their breathe
" Is ar éigean an t-am ag muintir Dhoire a n-anáil a tharraingt na laethanta seo agus a bhfuil d’imeachtaí cultúir ar siúl sa chathair acu le bliain anuas.
Go mbeire sinn beo ar an am seo arís happy new year