Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar nós na dtuarascálacha is fearr like the best reports
" Ach cá bhfuil sé anois? "Ar an tseilf, ag bailiú deannaigh ar nós na dtuarascálacha is fearr!" a dúirt Mícheál go díomách (mar bhí sé féin ina Chathaoirleach ar an gcoiste a chuir le chéile é), agus fanfaidh sé ansin go dtí tar éis na comhdhála speisialta a bheas ar siúl an chéad mhí eile chun an cháipéis eile de chuid Chumann Luthchleas Gael a phlé.
ar nós na cruinne like the universe
" "Ní bhíonn a fhios agat achan rud fá ghné ar bith den cheol agus, dá dhoimhneacht a théann tú isteach ann, is amhlaidh is soiléire gur beag an tuigbheáil atá agat i ndeireadh na dála, ar nós na cruinne sa chomhthéacs sin," ar sé.
ar nós na cláirsí like the harp
" Cé hiad agus cén fáth a bhfuil siad ann? TM: Cumann atá ann do phíobairí uilleann, a bunaíodh i 1968 de bharr go raibh faitíos ar phíobairí na linne sin go raibh an phíb uilleann chun imeacht ar fad de dhroim an domhain, ar nós na cláirsí.
ar nós na n-ainrialaithe féin and like the anarchists themselves
" Ar nós laochra na Féinne fadó, agus ar nós na n-ainrialaithe féin, tagann fonn air an phluais a fhágáil agus dul ar cuairt.
An réitíonn saol na cathrach le bean tuaithe ar nós thú féin? Does city life agree with a country woman like yourself?
" Ní dochar ar bith é do chuile Éireannach “printíseacht” a dhéanamh san ardchathair! AÓF: Agus an dtaitníonn Baile Átha Cliath leat? An réitíonn saol na cathrach le bean tuaithe ar nós thú féin? RNicD: Réitíonn faoi láthair ar aon nós cé nach bhfuil sé chomh héasca céanna aithne a chur ar dhaoine ann is atá sé amuigh faoin tuath.
ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna such as the publishing of the school inspection reports
" Tá céimeanna dalba glactha aici i dtaca le trédhearcacht bíodh is go bhfuil cuid acu conspóideach go leor, ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna agus sraitheanna na dtorthaí scrúduithe.
ar nós na nIndiach Rua. like the Red Indians.
" Ó 1868, nuair a thug an rialtas cead don Seapánach tailte an oileáin, Hokkaido, a phlandáil, tugadh neamhaird orthu, cuireadh brú orthu a bheith “Seapánach”, deineadh iarracht a gcultúr a bhá, bailíodh an-chuid acu le chéile agus seoladh go *reservations* iad ar nós na nIndiach Rua.
ar nós na meánaoiseach. like the medieval people.
" Cinneadh déanta agam, áfach, an bealach ar fad a chur díom de shiúl na gcos agus mo chuid ‘earraí agus airnéise’ a iompar ar mo dhroim go Deireadh an Domhain ar nós na meánaoiseach.
ar nós na hEastóine agus na Polainne, like Estonia and Poland,
" Tá an áit lán *multinationals* anois – ón Áis agus ón Rúis agus ón Afraic, agus fiú ó áiteanna níos faide i gcéin, ar nós na hEastóine agus na Polainne, *so it is*.
ar nós na fuaime a gheofá like the music you'd get
" Ceol ar nós na fuaime a gheofá agus screamh an domhain á sracadh.
ar nós na n-eolaíochtaí. such as the sciences.
" Ní bhíonn gach píosa eolais ar an suíomh 100% cruinn - ach is beag foinse eile atá níos cruinne i réimsí ar nós na n-eolaíochtaí.
ar nós na hEilvéise like Switzerland
" Tá an cineál seo córais i bhfeidhm in áiteanna ar nós na hEilvéise agus Mheiriceá, dhá áit ina socraíonn na húdaráis áitiúla íocaíochtaí leasa shóisialaigh, an pá íosta agus tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí.
ar nós chara na mbunmhúinteoirí like the friend of the primary school teachers
" Cluintear caoineachán ciamhair i dteach gach aon Ghaeil ar son fhear na Gaeilge Gaelaí a bhí ag iarraidh bheith ina sheanadóir ar nós chara na mbunmhúinteoirí Joe Soap Ó Toole agus chara na siopadóirí Fergal Beag Ó Superquinn.
ar nós cheol na sióg. like the music of the fairies
" Tá an ceol a thagann aisti ar nós cheol na sióg.
agus dearcadh ar nós cuma liom aige i leith na n-ócáidí móra. and seemed to be unaffected by big occassions
" Murab ionann agus na himreoirí sin, bhí Mick óg agus bhí treise nádúrtha aige, agus dearcadh ar nós cuma liom aige i leith na n-ócáidí móra.
ar nós na huaine, like the lamb
" “Má thagann an Márta ar nós an leoin, imeoidh sé ar nós na huaine, agus má thagann an Márta ar nós na huaine, imeoidh sé ar nós an leoin,” a deireadh na seandaoine, leithéidí iareagarthóir *Beo Ar Éigean*.
ar nós na coimhlinte gairide such as the short conflict
" Is seoid é an cineál seo daonlathais Shíónaigh atá á scaipeadh ag Bush agus ag a chuid cairde ar fud an Mheánoirthir, nach ea? Cad chuige nach ndéanann na príomhmheáin plé oscailte ar an eolas atá san alt seo? Eolas tábhachtach is ea é a d’fhéadfaí a úsáid le cogaí a sheachaint; cogaí ar nós na coimhlinte gairide a bhí ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh seo, nó cogadh idir cumhachtaí núicléacha a d’fhéadfaí a bheith ar siúl amach anseo agus a bheadh ní ba thubaistí fós, b’fhéidir.
ar nósanna na hÉireann of Irish ways
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
ar nósanna na Síne of Chinese customs
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
ar nós na gaoithe like the wind
" As go brách liom ar mo rothar ar nós na gaoithe agus ar luas lasrach.
as fadhbanna ar nós na coiriúlachta for problems such as crime
" Cuirtear milleán ar inimircigh Fho-Shaháracha as fadhbanna ar nós na coiriúlachta is na dífhostaíochta.
ar nós na gadaíochta such as robbery
" (Garda Recorded Crime Statistics 2007-2011) Tá figiúirí de chuid an Phríomhoifig Staidrimh ag teacht leo seo mar go léiríonn siad laghdú ar na haicmí coireanna céanna seo agus ar chinn eile chomh maith, ar nós na gadaíochta.
ar nós na mbainisteoirí foirne is fearr like the best management staff
" Caithfear cumas agus ceannas a fháil uirthi agus cé gur mór an chabhair iad na haonaid scríbhneoireachta agus na tearmainn chéanna, ní haon chinnteacht iad go mbeadh an duine in ann tosú i mbun scríbhneoireachta ar an bpointe boise díreach tar éis dó an tearmann iargúlta a shroicheadh! Na múinteoirí is fearr, tá siad ar nós na mbainisteoirí foirne is fearr, ní thugann siad aithisc fhada uathu.
ar nós Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa such as the Presidency of the Council of Europe
" Tá Clodagh Garry den bharúil go bhfuil rud áirithe as alt le cur chuige na hÉireann nuair a eagraíonn siad imeacht mór idirnáisiúnta ar nós Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa.
ar an nós agus ar na deacrachtaí the habit and the problems
" Breathnaíonn Niamh Ní Shúilleabháin ar an nós agus ar na deacrachtaí a bhaineann leis an iompar frithshóisialta ar líne.