Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rachainn ar seachrán I'd go astray
" Ní miste liomsa é sin mar rachainn ar seachrán agus ar fálróid ar fud na háite, mar sin é an dóigh a scríobhaim.
chun dul ar seachrán to go straying
" Táim ag súil le taithí den scoth, le cuimhní iontacha, agus le neart ceachtanna agus cairdis, ach tá drogall orm bheith ag súil leis an iomarca! Caithfidh tú muinín bheith agat ionat féin, i ndaoine eile agus i rotha mór an tsaoil! Is iomaí rud atá ag cur imní orm anois, agus trí seachtaine fágtha agam sula n-imím: An mbeidh dóthain airgid agam? An mbeidh aon deacrachtaí sláinte agam féin nó ag Sophia? An mbeidh deacrachtaí sa bhaile agus mé ar an taobh eile den domhan? An ndéanfaidh gach duine sa bhaile dearmad orm?! Tar éis gach rud, beidh an cheist a bhíonn de shíor i m’intinn fós ansin i mí na Nollag: “Céard a dhéanfaidh mé anois?!” Den dara huair le hocht mí dhéag, táim ag fágáil poist chun dul ar seachrán timpeall na cruinne.
ar seachrán san áit iontas seo, astray in this place of wonders,
" Níl a dhath níos deise lá fuar geimhridh agus sneachta ar an talamh ná a bheith ar seachrán san áit iontas seo, a bhíonn maisithe go galánta agus lasta ag soilse beaga Nollag.
ar seachrán lost, astray
" Caithfidh mé a admháil go dtéann cuairteoirí ar seachrán go rialta agus iad ag tiomáint thart timpeall orthu.
dá n-imeodh sé ar seachrán if it strayed
" Thairis sin, deir sé go dtiocfadh leis an eolas sin a bheith fíorthábhachtach – dá gcaillfí Phoenix nó dá n-imeodh sé ar seachrán, cuir i gcás.
ar seachrán awry
" Ní hé an easpa rialúcháin nó an domhandachas, áfach, a chuir an t-airgeadas poiblí ar seachrán.
ar seachrán wandering
" Ceist Arastatail Agus chuir an fealsamh Arastatail an cheist cad chuige a raibh na fílí, na healaíontóirí agus na fealsúna is fearr ar fad luaite leis an lionn dubh? Ná déanaimis dearmad, ach oiread, dár bhfile buile féin, Suibhne Gealt, a d’imigh, i ndiaidh dó uafáis na cogaíochta a fheiceáil i gCath Mhaigh Rátha, ar seachrán mire ar fud sléibhte agus coillte na hÉireann an 7ú Céad, ag déanamh cónaí sna crainn agus ag fógairt áilleacht agus diamhracht an dúlra ó bharr na gcrann i bhfilíocht shnoite cheolmhar.
théann ar seachrán wanders
" Is ábhar magaidh i measc go leor de mhuintir na Brasaíle go dtí an lá inniu, caint thútach a n-uachtaráin, caint a théann ar seachrán ón ngramadach go minic.
Ar Seachrán astray
" Tá seisear fear faoi láthair ar an luamh “Ar Seachrán” agus é ceangailte de chéibh Ailt an Chorráin le seachtain anuas, de dheasca na drochaimsire geimhriúla.
ar seachrán astray
" Thóg sé tamall orthu – ar seachrán ar feadh tamaill fhada a bhí sé – ach is cosúil go bhfuil úrscéal cáiliúil Jack Kerouac On the Road le bheith ar an scáileán mór go luath.
a fhéachann le daoine atá ar seachrán óna chéile a chur a dteagmháil arís which tries to put people in contact who have be estranged from each other
" Searc nach Searcfar ======= I ndiaidh blianta fada agus Luigi anois ina bhaintreach, shocraigh sé scríobh chuig an chlár teilifise Rúiseach, ‘Zhdi Menya’ (‘Fan Liom’), a fhéachann le daoine atá ar seachrán óna chéile a chur a dteagmháil arís.
ar seachrán wandering
" Agus é ar seachrán san India, d’fhreastail sé ar seó taistil agus taispeántas le lóchrainn draíochta lárnach ann.