ag tarraingt ar thríocha
approaching thirty
"Tá an fear liath
ag tarraingt ar thríocha," a d'fhreagair Ali.
aird tarraingthe ar
attention drawn to
Cúpla bliain ó shin is minic a bhíodh daoine le feiceáil ag caitheamh T-léinte leis na focail "puttan-tour", léarscáil den chathair orthu,
aird tarraingthe ar na ceantair is mó striapacha agus na táillí a bhí á ngearradh.
le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin
to gain Sinn Féin a bad name
Tá an tuairim ann leis go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe
le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin nó le spíodóireacht a dhéanamh ar an bpáirtí sin.
ar mhaithe le haird a tharraingt air
for the sake of drawing attention to it
Is teampall deas é a tógadh in 1829, ach tá sé coitianta go leor ó thaobh na hailtireachta de agus ní fiú radharc na réaltaí a scrios
ar mhaithe le haird a tharraingt air san oíche.
ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin
out for his own good
Choinnigh sé na feidhmeannaigh faoi bhrú i gcónaí cé gur minic a bhí sé
ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin.
aird a tharraingt ar
to draw attention to
Ba shuarach an mhaise é
aird a tharraingt ar an scoláire bocht seo nach ndearna a dhath as bealach ach go raibh sé de mhí-ádh air gur mac é le duine de na dúnmharfóirí ba bhrúidiúla i stair na hÉireann.
ag tarraingt ar mheán oíche
approaching midnight
Trí huaire an chloig a ghlac Corn Uí Riada anuraidh ach i gCaisleán an Bharraigh (sa bhliain 2000) bhí sé
ag tarraingt ar mheán oíche nuair a bronnadh an Corn.
ag tarraingt ar theorainn na Stát Aontaithe
flocking to the US border
Le leathchéad bliain tá na milliúin de phobal Mheicsiceo agus na dtíortha deisceartacha eile
ag tarraingt ar theorainn na Stát Aontaithe agus ag trasnú isteach sna Stáit Aontaithe, go dleathach agus go mídhleathach, ar thóir oibre, go háirithe in earnáil na seirbhísí.
ag tarraingt ar mhuinchille na seanmhná.
pulling on the sleeve of the old woman.
Cím í
ag tarraingt ar mhuinchille na seanmhná.
le haird a tharraingt ar chruachás lucht dífhostaíochta na tíre.
to draw attention to the hardship of the unemployed of the country.
I mBaile Átha Cliath a sheinneadar a ngig deireanach, san RDS ag Self Aid, ceolchoirm a eagraíodh
le haird a tharraingt ar chruachás lucht dífhostaíochta na tíre.
ag tarraingt ar an leathchéad
nearing fifty
Tá siad
ag tarraingt ar an leathchéad anois ach 20 bliain ó shin bhí siad ag buachaint gradam uile-Éireann agus mar sin de.
ag tarraingt ar an áit,
approaching the place,
Agus mé
ag tarraingt ar an áit, tháinig mé ar sheaneaglais pharóiste darb ainm Eaglais Chinn-chardain, ar ionad oidhreachta anois í.
ag tarraingt ar Dhún na nGall,
heading to Donegal,
Ag an am sin, bhí mise i gcónaí
ag tarraingt ar Dhún na nGall, ag tarraingt ar Rann na Feirste.
ag tarraingt ar na déaga,
approaching the teens,
”
Nuair a bhí an chlann
ag tarraingt ar na déaga, rinne an t-athair cinneadh iad a chur chuig an choláiste samhraidh i Rann na Feirste.
le haird a tharraingt ar an dea-obair
to draw attention to the good work
”
Tá Kings san iomaíocht d’ainmniúchán do Ghradam Oscar don scannán is fearr i dteanga iasachta – an chéad uair riamh ar tharla sé seo i gcás scannán Gaeilge – agus tá Tom Collins ag súil go gcuideoidh an scannán agus an phoiblíocht ar fad
le haird a tharraingt ar an dea-obair atá á déanamh ag muintir Aisling agus ar an dóchas atá á thabhairt ag an obair sin do na céadta Éireannach a bheadh cráite agus caillte gan é.
na sluaite a bheas ag tarraingt ar an Ghleann
the crowds which will be drawn to the Glen
I nGleann Cholm Cille a bheas sé ag oscailt roimh Nollaig, díreach in am do
na sluaite a bheas ag tarraingt ar an Ghleann fá choinne chóisirí na Nollag.
ag tarraingt ar an tír seo
coming to this country
Is cinnte fosta go mbeidh go leor daoine polaitiúla mór le rá na coigríche – idir lucht tacaíochta, dóibh siúd atá in aghaidh an chonartha agus “*headbangers*”, más fíor d’Enda Kenny –
ag tarraingt ar an tír seo sna míonna beaga amach romhainn lena gcás a leagan os comhair an phobail.
mórán airde a tharraingt ar
to draw much attention to
”
Cé nach raibh fonn rómhór ar Liam
mórán airde a tharraingt ar phósadh ná ar chlann Uí Éanaí, ní raibh drogall air nithe diúltacha a chur i gcló a dúirt daoine éagsúla mar gheall ar an fhonnadóir.
tig leis go fóill aird a tharraingt ar a shaothar,
he can still draw attention to his work
Éiríonn le Warhol fiosracht daoine a mhúscailt agus
tig leis go fóill aird a tharraingt ar a shaothar, fiú agus é féin sínte i dtaisceadán de chineál eile.
le haird a tharraingt ar chás na beirte.
to draw attention to the case of the two people
Chomh maith leis sin, eagraíodh cuid mhór imeachtaí éagsúla sa cheantar
le haird a tharraingt ar chás na beirte.
cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt
where should we draw the line
Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas,
cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
le haird a tharraingt ar an bhfeachtas leanúnach
to draw attention to the continuous campaign
Rinneadh amhlaidh
le haird a tharraingt ar an bhfeachtas leanúnach atá i ndiaidh a bheith ar bun sa tír seo ó bhí 1978 ann chun comhionannas a bhaint amach don phobal seo.
aird a tharraingt ar
to draw attention to
Bua mór na healaíne is ea é gur féidir léi
aird a tharraingt ar an rud atá faoi cheilt i dtuairiscí eile – an tsraith pictiúr Los Desastres de la Guerra
(Uafáis na Cogaíochta) le Francisco Goya agus “Guernica” le Picasso, cuir i gcás.
Bhí na sluaite ag tarraingt ar an áit
crowds were coming to the place
Bhí na sluaite ag tarraingt ar an áit agus ag íoc airgid mhaith le hamharc ar an Tóirse Míorúilteach.
ag tarraingt ar
drawing towards
Tá muid anois
ag tarraingt ar *Greenwich Village* agus *Chelsea* – ceantar na healaíne agus ceantar Boihéamach atá níos mó cosúil le sráidbhaile duilleach le carachtar Eorpach nó ceantar a bheadh i gceannchathair.
ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin
bringing grist to his own mill
Í cáinte go láidir ag a hiarghiolla, John McGuinness, cé gur dócha go raibh seisean
ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin.
tarraingt ar
drawing towards
Tá sé ag
tarraingt ar am lóin i mbaile Ka in oirdheisceart na Nigéire.
tarraingt ar
travelling to
Ná cuirfeadh sé iontas orainn mar sin gur ag
tarraingt ar thíortha eile atá siúlóirí an domhain mura bhfuil rompu anseo ach brú ar an doicheall, in áit cead siúil agus fáilte.
tarraingt ar
close to
Bheadh
tarraingt ar 200 taifead déanta – idir cheol agus amhráin agus shean-nós.
aird a tharraingt ar
to draw attention to
Ba mhaith liom
aird a tharraingt ar an dímheas agus ar an lochtú a dhéantar ar na ceantracha seo agus ar an dóigh a bhfuiltear ag déanamh ceap milleáin díobh cionn is nach bhfuil cumhacht pholaitiúil acu.
le haird a tharraingt ar a n-éileamh
to attract attention to their demand
Gan urlabhraí a d’fhéadfadh cás an UVF a chur chun cinn faoi bhrat na polaitíochta, roghnaigh na paraimílitigh an seanbhealach traidisiúnta
le haird a tharraingt ar a n-éileamh - rinne siad ionsaí ar Chaitlicigh, baiclí de bhuachaillí óga, neamhoilte, dífhostaithe feargacha mar cheithearnaigh acu.
chun aird a tharraingt ar
to draw attention to
Míshásamh
=====
Roimh na ciréibeacha, scríobh altra as an cheantar seo litir chuig an nuachtán áitiuil,
chun aird a tharraingt ar an fhíric gur ghearr sí féin agus a comhoibrí an liosta feithimh san otharlann, is é sin, bhain siad a sprioc amach, ach ní bhfaighidh siad aon ardú tuarastail i mbliana agus tá siad ag cailleadh poist, ach na baincéirí, a rinne meancóga móra agus dochar as cuimse don gheilleagar, le gearradh siar sna seirbhisí poiblí dá bharr, tá siad ag fáil bónas mór, mar is ghnách.
ag tarraingt ar
approaching
Bhí sí
ag tarraingt ar cheithre scór faoin am agus measadh go mbeadh sé ródhian ar an tseanbhean an t-achar fada a thaisteal arís.
ar eagla míchlú a tharraingt orthu féin
lest they attract a bad name
Níl aon saineolaí teanga sásta a rá go poiblí gur sprioc réadúil é an 250,000 cainteoirí laethúla Gaeilge,
ar eagla míchlú a tharraingt orthu féin.
tharraingt le chéile agus a roinnt ar
to draw together and to share
Séard atá ann ná áit gur féidir íomhánna agus físeanna a
tharraingt le chéile agus a roinnt ar “clár” cosúil le clár taghaid a bheadh ag dearthóir éadaí nó seomraí.
ag tarraingt ar
going to
Ceist Chigilteach Abhus
===========
Cén t-iontas mar sin gur
ag tarraingt ar na tíortha eile sin a bhíonn turasóirí a bhfuil suim acu i siúl sléibhe.
ciontach as drochmheas agus fuath a tharraingt ar
guilty of drawing contempt and hatred on
Ghearr an breitheamh dhá bhliain charcrach ar Nadezhda Tolokonnikova (22), Maria Alyokhina (24) agus Yekaterina Samutsevich (30) as a n-agóid, a mhair 40 soicind agus dúradh leo, ‘gur diamhasla míofar a bhí ann a bheith ag mallachtú san eaglais’ agus go raibh siad
ciontach as drochmheas agus fuath a tharraingt ar an Eaglais Cheartchreidmheach.
leimíní airgeadais ag tarraingt ar an aill
financial lemmings approaching the cliff
Ach taobh thiar de na haoibheanna gáire agus daoine ag síneadh cártaí creidmheasa agus nótaí airgid a fhad leis na cailíní freastail - airgead a bhéarfaidh a oiread pléisiúir do scairshealbhóirí Boots, Argos, M&S agus a bhéarfaidh sé do lucht faighte na mbronntanas - beidh imní ar go leor daoine,
leimíní airgeadais ag tarraingt ar an aill.
chun aird a tharraingt ar
to attract attention to
Rinne seisean aithrís ar an amhrán ar *YouTube* le gairid
chun aird a tharraingt ar easpa saoirse tuairimíochta agus cead cainte sa tSín.
tá tarraingt siar mór déanta ar ghraithí tacaíocht
assistance has dropped off big time
Rinne sé sin leas mór dhó chomh maith, ach
tá tarraingt siar mór déanta ar ghraithí tacaíocht’, leis an nGaeilge a choinneáil ag imeacht.
Is minic agus is fada Gaeil ag tarraingt ar
frequently and for a long time the Irish have been going to
Is minic agus is fada Gaeil ag tarraingt ar an Róimh ag déanamh a n-anamacha, mar is léir ón rann seo ó ré luath na Críostaíochta:
Dul don Róimh,
mór saothar, beag tairbhe;
an rí a iarrann tú i bhfus,
mur’ dtug tú leat, ní bhfaighir.
an chumhacht a tharraingt ar ais ón lár
to draw the power from the centre
Murar féidir a rá go raibh an daonlathas mar sprioc acu, ar a laghad bhí siad ag iarraidh
an chumhacht a tharraingt ar ais ón lár, ’sé sin ón Vatacáin, ar ais chuig an chléir agus chuig na daoine.
agus muid ag tarraingt ar bhiaiste na máirseálacha
as we draw towards the marching season
Tá an tOrd Flannbhuí ag rá go bhfuil teannas ag méadú
agus muid ag tarraingt ar bhiaiste na máirseálacha agus iad ag cur an loicht ar Éirinn agus ar a bhean (a fear?) seachas iad féin.
Ag tarraingt ar bharr
approaching the top
Ag tarraingt ar bharr Chnoc Charn Tóchair, chonaic mé Carn na nImirceach, carn ar a fhágadh imircigh cloch agus iad ar a bhealach go Doire le himeacht chun na coigríche ar an bhóthar ársa a bhfuil a iarsmaí le feiceáil go fóill.
Is ar éigean an t-am ag muintir Dhoire a n-anáil a tharraingt
Derry people hardly have the time to draw their breathe
Is ar éigean an t-am ag muintir Dhoire a n-anáil a tharraingt na laethanta seo agus a bhfuil d’imeachtaí cultúir ar siúl sa chathair acu le bliain anuas.
le haird an tsaoil a tharraingt ar
to attract attention globally
Má tá dhá ní ann a thóg na Breatnaigh tar éis bhunú an tSeanaid i 1999
le haird an tsaoil a tharraingt ar an tír, sin iad an Milennium Stadium don rugbaí agus Canolfan y Mileniwm don cheol iad.
chun gnaoi an phobail a tharraingt ar
to attract peoples' affection to
A bhuíochas don Fhleadh Cheoil tá dul chun cinn as cuimse déanta
chun gnaoi an phobail a tharraingt ar cheol traidisiúnta, go háirithe i measc na nÓg.
ag tarraingt náire ar
brings shame on
Ar an láimh eile, tá an ghráin dearg ag go leor air agus smaoiníonn siad air mar ‘leibide’ atá
ag tarraingt náire ar an gceathrú cathair is mó i Meiriceá Thuaidh.
go dtí go raibh mé ag tarraingt ar
till I’m drawing close to
Is éigean gach rud a fheiceáil fríd spéaclaí seicteacha, sinne agus iadsan agus ní fheicimse rud ar bith ag tarlú, is cuma cad é a tharlóidh ar ‘Chnoc an Anfa’ – *Stormont* –
go dtí go raibh mé ag tarraingt ar an chéad seo chugainn.
ar an tarraingt
on the pull
Is rómhaith a thuigeann sé gur biata iad siúd do bhean bhriste atá ‘
ar an tarraingt’.
ag tarraingt ar
getting close to
In *Don't Get Me Wrong* le James Meredith, chonaic muid baintreach as Hong Kong ag iarraidh ar a mhac bratach na Breataine a chrochadh ar an teach mar a dhéanann siad gach bliain
ag tarraingt ar an 12ú Iúil.
ag tarraingt ar
going to
An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan?
Cumas Teanga sa Mheá
==========
Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas
ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach?
Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
Is mó an aird atá tarraingthe ar
has attracted considerable attention
Is mó an aird atá tarraingthe ar Québec le déanaí, go háirithe le toghcháin rialtas mionlaigh ar a bhfuil an Parti Québecois i gceannas, leis an bpolaiteoir conspóideach Pauline Marois mar Thaoiseach.
ag iarraidh aird a tharraingt ar an chinneadh
trying to draw attention to the decision
’Sé Coláiste na nGael, a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil do thuairim is 25 páiste ar fud Shasana, a d’eisigh an bhileog agus tá siad
ag iarraidh aird a tharraingt ar an chinneadh a deineadh anuraidh deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar scrúduithe don GCSE i Sasana.
ag tarraingt droch-chlú ar an rialtas
gaining a bad name for the government
Cháin dreamanna áirithe cinneadh Abbott, ina measc an freasúra, a mhaígh go tarcaisneach nach raibh ann ach cleas bolscaireacht le haird an phobail a bhaint de ghnóthaí éagsúla a bhí
ag tarraingt droch-chlú ar an rialtas.
ionad agus tarraingt ar leith
a special place and appeal
Mar sin féin, is fíor don té a dúirt go bhfuil
ionad agus tarraingt ar leith ag comórtas Chorn Sacair an Domhain i measc ócáidí agus féilte spóirt an domhain.
chun aird a tharraingt ar ealaín
to draw attention to art
An dtógtar raic mar gheall ar na saothair a bhíonn ar an ghearrliosta, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann, díreach
chun aird a tharraingt ar ealaín nach gcuirfeadh daoine aon suim inti murach an chonspóid go léir?