Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ardaithe increased
" Ach is é an dea-scéala ná go bhfuil ardú ar na figiúirí i gceantracha faoi leith - deisceart lár chathair Bhaile Átha Cliath mar shampla - ardaithe ó 11% go 20%.
ardaithe go mór greatly increased
" Tá a gcuid praghsanna ardaithe go mór ag Iarnród Éireann ó foilsíodh an tuarascáil.
ardaithe increased
" **Pionós seachas athinniúlú**Is de bharr drugaí atá líon na bpríosúnach i Meiriceá ardaithe ó thús na seachtóidí i leith, ach le fás na bpríosún i Meiriceá tá na dálaí i bhfad níos measa anois ná cheana, agus tá dearcadh na ndaoine i leith na bpríosún athraithe freisin.
ardaithe elevated
" Sin léiriú ar chumhacht an mhiotais – gur féidir le fear a bhí ina chiontóir a bheith ardaithe go stádas an laoich.
Taos fuar-ardaithe cold rise dough
" Taos fuar-ardaithe sáithithe le cáis, uachtar agus uibheacha, mmmm.
éileamh ardaithe increased demand
" D’aithin Rannóg Pleanála Chun Cinn na Roinne Oideachais, de réir taighde mionsonraithe, go raibh Ráth Tó i gContae na Mí, ar cheann de na limistéir sin a bhfuil éileamh ardaithe ann do bhunú bunscoileanna le tosú i mbun feidhmíochta i Meán Fómhair 2010.
cúis ardaithe meanman an encouragement
" Foilsíodh figiúirí le déanaí ó dhaonáireamh 2011 Shasana is na Breataine Bige ar cúis ardaithe meanman iad do dhaoine a cheapann gur rud dearfach é an imirce a dtugann daoine faoi dá ndeoin féin.
an ráta íosphá ardaithe the low rate of pay increased
" Cén fáth mar sin a fuair an rialtas seo an leadradh a fuair siad? Chuir an rialtas seo tús maith leis an obair – faoi cheann céad lá bhí tuarastail na n-airí rialtais gearrtha acu, bhí reifreann fógartha ar thuarastail na mbreithiúna, agus bhí an ráta íosphá ardaithe acu ar ais go dtí an luach ag a mbíodh sé sular ghearr rialtas Cowen é.